Committee Reports::Report No. 01 - Extension of the use of Irish in the proceedings of the Dáil and Seanad and in the environs of the Houses::17 July, 1985::Report

TUARASCÁIL

1. Reamhrá

1.1 Sa tuarascáil deiridh den Choimisiún um Athbheochan na Gaeilge a leagadh faoi bhráid na Dála i mí Eanáir 1964 bhí go leor le rá maidir le húsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Measann an Comhchoiste gur fiú an sliocht seo a leanas as an tuarascáil sin a mheabhrú ó tharla go bhfuil an tábhacht chéanna leis sa lá atá inniu ann agus a bhí nuair a scríobhadh i dtosach é:


“Ba mhór mar a chuideodh sé leis an teanga náisiúnta a leathadh mar ghnáth-theanga na ndaoine dá mb’eol dóibhsean go raibh an gradam is dual di ag an Ghaeilge i dTithe an Oireachtais agus go raibh sí á húsáid go rialta ina gcuid imeachtaí. Ar an dtaobh eile de, is mór mar a bhaineann sé de thábhacht na teanga i súile an phobail, agus is mór a lagaíonn sé a ndúthracht di, nuair is eol dóibh nach mbíonn sí le cloisteáil ach an uair fhánach i dtionóil dhá Theach an Oireachtais.”


2. Nós Imeachta an Chomhchoiste

2.1 Faoi réir Alt 2 (a) dá théarmaí tagartha tá cumhacht ag an gComhchoiste athbhreithniú agus moltaí a dhéanamh ó am go ham i dtaobh:


“úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach”.


Ó tharla go raibh dualgas leagtha ar an gComhchoiste faoi réir na dtéarmaí tagartha tuarascáil a réiteach faoin téarma sin a luaithe ab fhéidir cinneadh ag an gcéad chruinniú (a tionóladh an 29 Bealtaine 1985) go gcaithfí díriú air i dtosach d’fhonn dul chun cinn suntasach a dhéanamh gan mhoill.


Tar éis an cheist a scrúdú tá an Comhchoiste den tuairim gur gá na fadhbanna atá le sárú a ionsaí ar bhonn pleanáilte agus dul chun cinn a dhéanamh diaidh ar ndiaidh.


3. Réamh-Mholtaí an Chomhchoiste

3.1 I dtuairim an Chomhchoiste tá sé den riachtanas go ndéanfaí moltaí praiticiúla agus go leagfaí amach spriocanna réasúnta atá insroichte laistigh de thréimhse ghairid. Meastar gur mithid na moltaí seo a leanas a dhéanamh anois.


3.2 Labhairt na Gaeilge


Is teanga bheo í an Ghaeilge agus caithfear í a labhairt i dtreo is go mairfidh sí. Tuigtear go bhfuil go leor Comhaltaí den dá Theach a bhfuil cumas maith Gaeilge orthu. D’fhéadfadh na Comhaltaí sin agus foireann na dTithe, ar ndóigh, i bhfad níos mó Gaeilge a labhairt sna Tithe agus lasmuigh díobh. Is gá daoine a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu a mhealladh chun í a labhairt agus d’fhéadfaí é sin a dhéanamh trí atmaisféar níos Gaelaí a chothú sa dá Theach. Dá gcruthófaí atmaisféar ar an dóigh sin ní bheadh leisce ar a lán daoine — faoi mar atá faoi láthair is cosúil, an méid Gaeilge atá acu a úsáid. Tá sé rí-thábhachtach go dtuigfí ón tús go bhféadfadh gach Comhalta a bhfuil Gaeilge ar bith aige/aici cur leis an iarracht chun an t-atmaisféar sin a chruthú tríd an méid atá acu a úsáid oiread agus is féidir.


3.3 Aitheantas Feiceálach don Ghaeilge sna Tithe


Mar is eol do na Comhaltaí eisítear Riar na hOibre, Cín Lae Imeachtaí agus roinnt doiciméad iomchuí eile i nGaeilge agus i mBéarla faoi réir na mBuan-Orduithe agus ar ndóigh, cuirtear tús le Riar na hOibre sa dá Theach le paidir as Gaeilge. Dá bhrí sin, ní fheictear don Chomhchoiste go mbeadh an iomarca deacrachtaí le sárú chun breis céimeanna bunúsacha a ghlacadh d’fhonn cur le húsáid na Gaeilge. Is mian leis an gComhchoiste a mholadh mar sin go gcuirfí na moltaí sonracha seo a leanas — ar chóir díriú orthu a luaithe is féidir, i gcríoch, eadhon:


3.3.1Suaitheantais


Tá na suaitheantais a úsáidtear sna Tithe i láthair na huaire — ar nós na gceann d’Oifigigh ó Ranna Stáit, agus do chuairteoirí, as Béarla amháin. Moltar athscrúdú a dhéanamh ar na suaitheantais sin agus cinn as Gaeilge a chur ina n-áit.


3.3.2Comharthaí


Tá neart comharthaí le feiceáil ar fud an tí ar dhoirse agus ar bhallaí ach is go hannamh a fheictear ceann i nGaeilge. Ní thuigtear an chúis atá leis seo mar is rudaí bunúsacha a bhíonn ar fhurmhór na gcomharthaí sin agus meastar go mbeadh siad chomh-intuigthe as Gaeilge agus atáid as Béarla. Moltar go mbeadh na comharthaí uile ar fud na dTithe i nGaeilge oiread agus is féidir.


3.3.3Riaradh na hOibre sa dá Theach


(a)Nuair a bhíonn an dá Theach ina suí bíonn go leor treoracha, orduithe etc. in úsáid go rialta ar nós “Order of Business”. D’fhéadfadh na treoracha sin bheith as Gaeilge agus moltar céimeanna a ghlacadh gan mhoill d’fhonn na socruithe cuí a dhéanamh chun na gcríoch sin.


(b)D’fhéadfadh na Coistí éagsúla atá i mbun oibre faoi láthair roinnt frásaí a úsáid i nGaeilge chomh maith — cur i gcás “Molaim glacadh leis na miontuairiscí”. Moltar do na comhaltaí de na Coistí éagsúla machnamh a dhéanamh ar an gceist seo agus gníomhú dá réir.


3.4 Moltar go láidir go gcuirfí na moltaí sna hailt roimhe seo i bhfeidhm le linn shos an tSamhraidh i dtreo is go mbeidh siad i bhfeidhm ar fhilleadh na gComhaltaí san Fhómhar.


4. Beartais don Todhchaí

4.1 Mar chabhair don Chomhchoiste chun moltaí a leagan os comhair an dá Theach d’fhonn an téarma tagartha a luadh thuas a chomhlíonadh tá na céimeanna seo a leanas glactha anois, eadhon:


(a)eisíodh ciorclán chuig na Comhaltaí den dá Theach ag iarraidh aon tuairimí praiticiúla a bheadh acu i ndáil le (a) de théarmaí tagartha an Chomhchoiste;


(b)cuireadh litreacha chuig na hAoirí ar na Páirtithe Parlaiminte ag iarraidh orthu aird na bPáirtithe a dhíriú go foirmiúil ar ábhar an chiorcláin a luaitear ag (a) roimhe seo;


(c)cuireadh litreacha chuig an gCeann Comhairle agus chuig Cathaoirleach an tSeanaid ag iarraidh a dtuairimí faoi conas a d’fhéadfaí atmaisféar cuí i ndáil le húsáid na Gaeilge a chothú ó thaobh riaradh na hoibre agus nós imeachta de;


(d)cuireadh litir chuig Cathaoirleach an Choiste Comhsheirbhísí maidir le Leabharlann an Oireachtais d’fhonn breis leabhar, irisí etc. as Gaeilge a chur ar fáil do na Comhaltaí; agus


(e)cuireadh litreacha chuig na hÚdaráis i roinnt Parlaimintí thar lear chun tairbhe a gcomhairle agus a dtaithí maidir lena gcúrsaí a bheith á riaradh trí dhá theanga nó níos mó a fháil.


4.2 D’fhonn moltaí fiúntacha, praiticiúla a dhéanamh a mbeidh mórthionchar ag baint leo is gá réimse leathan eolais a bhailiú roimh ré. Tá an Comhchoiste dóchasach go gcuirfear an t-eolas sin ar fáil a luaithe is caothúil agus fáilteofar roimh na moltaí a bheidh le déanamh acu siúd a luaitear ag (a)—(e) thuas.


(Sínithe)


DONNCHA Ó GALLCHOBHAIR TD


Cathaoirleach


An Comhchoiste don Ghaeilge


17 Iúil 1985