Committee Reports::Report No. 01 - Extension of the use of Irish in the proceedings of the Dáil and Seanad and in the environs of the Houses::17 July, 1985::Orders of Reference

SEANAD ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

(Mar a glacadh leo an 28 Samhain 1984)


(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 4 chomhalta de Sheanad Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheapfaidh Dáil Éireann as a gcruthófar an Comhchoiste don Ghaeilge.


(2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh:


(a)úsáid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus


(b)cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne,


agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b).


(3) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Sheanad Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Sheanad Éireann, le húdarás ón gcomhalta a bheidh as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.


(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin.


(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist.


(6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fianaise a ghlacadh go poiblí agus miontuairiscí finanaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.


(7) Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.


(8) Gur 4 chomhalta den Chomhchoiste is Córam dó agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.


DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

(Mar a glacadh leo an 12 Nollaig 1984)


(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 7 gcomhalta de Dháil Éireann a chuirfear i gceangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann as a gcruthófar an Comhchoiste don Ghaeilge.


(2) Go ndéanfaidh an Comhchoiste athbhreithniú agus moltaí ó am go ham i dtaobh


(a)úsaid na Gaeilge a leathadh in imeachtaí na Dála agus an tSeanaid agus i dtimpeallacht an dá Theach, agus


(b)cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne,


agus go dtabharfaidh sé tuarascáil do Thithe an Oireachtais — ar mhír (a) a luaithe is féidir agus ina dhiaidh sin uair amháin ar a laghad in aghaidh na bliana ar ghnéithe de mhíreanna (a) agus (b).


(3) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann, a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta atá as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad.


(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach agus gan aige ach vóta amháin.


(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a thabharfar ar an gceist.


(6) Go mbeidh cumhacht ag an gComhchoiste fianaise a ghlacadh go poiblí agus miontuairiscí fianaise a ghlacfar os a chomhair mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis a chlóbhualadh agus a fhoilsiú ó am go ham.


(7) Go ndéanfar gach tuarascáil ón gComhchoiste, arna glacadh ag an gComhchoiste, a leagan faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais láithreach agus as a aithle sin go mbeidh ar chumas an Chomhchoiste an tuarascáil sin, mar aon le cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis, a chlóbhualadh agus a fhoilsiú.


(8) Gur 4 chomhalta den Chomhchoiste is Córam dó agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Dháil Éireann agus duine amháin ar a laghad díobh ina chomhalta de Sheanad Éireann.


COMHALTAÍ AN CHOMHCHOISTE


25 Aibreán, 1985: Na Teachtaí a toghadh mar chomhaltaí den Chomhchoiste:


Bell, Michael


Geoghegan-Quinn, Máire


Kelly, John


Mac Fhionnlaoich, Donncha


Ó Coinnigh, Éanna


Ó Gallchobhair, Donncha


Ó Tonnaí, Séamus


2 Bealtaine, 1985: Na Seanadóirí a toghadh mar chomhaltaí den Chomhchoiste:


de Brún, Séamus


de Brún, Seán


Ó Loingsigh, Mícheál


Ó Mathúna, Flor


Ag an gcruinniú den Chomhchoiste a tionóladh an 29 Bealtaine 1985 toghadh an Teachta Donncha Ó Gallchobhair mar Chathaoirleach agus an Teachta Éanna Ó Coinnigh mar Leas-Chathaoirleach.