Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1978 - 1979::17 November, 1983::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 26 Márta, 1981.

Thursday, 26th March, 1981.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tíomáin (i gCeannas), na Teachtaí Béalatún, Ó Cionnfhaolaidh agus Ó hAnnluain.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1979.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don bhliain 1979. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, Oifig an Ard-Aighne, Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta, Coimisiún na Státseirbhíse, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh S. Ó Laoghaire (Cúntóir Dlí Sinsearach, Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí), D. Ó Coigligh (Príomh-Chúntóir Dlí, Oifig an Ard-Aighne), A. Ó Ruairc (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), D. Ó Briain (Coimisiún na Státseirbhíse), D. Ó Riain (Coimisinéir Luachála) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló go dtí 11 a.m. Déardaoin, 2 Aibreán, 1981.