Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1978 - 1979::17 November, 1983::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 2 Aibreán, 1981

Thursday, 2nd April, 1981

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tíomáin (i gCeannas), na Teachtaí Ó Fuilgheata, Ó Cionnfhaolaidh agus Ó Loideáin.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1979.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don bhliain 1979. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Leas Sóisialaigh, Sláinte, Oifig Aire na Seirbhíse Poiblí, Aoisliúntas agus Liúntais Scoir, Luach Saothair, Saothar.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh C. Ó Coileáin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh), An Dochtúir B. Ó hAonghusa (Rúnaí, An Roinn Sláinte), S. Mac Gamhna (Rúnaí, Roinn na Seirbhíse Poiblí), T. Ó Cearbhaill (Rúnaí, an Roinn Saothair) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló go dtí 11 a.m. Déardaoin, 9 Aibreán, 1981.