Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1978 - 1979::17 November, 1983::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 19 Márta, 1981

Thursday, 19th March, 1981

1. Chruinnigh an Coiste ar 11.15 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tiomáin (i gCeannas), na Teachtaí N. Mac Aindriú, Béalatún, Ó Fuilgheata agus Ó hArgáin.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1979.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don bhliain 1979. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Roinn an Taoisigh, An Chomhairle Ealaíon, Pleanáil agus Forbairt Eacnamaíochta, Turasóireacht agus Iompar, Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Tionscal, Trachtáil agus Fuinneamh, An Dánlann Náisiúnta.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh An Dochtúir N. Ó Faoláin (Rúnaí, An Roinn Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta), N. Mac Mathúna (Rúnaí, An Roinn Turasóireachta agus Iompair), A. Bean Dháibhis (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), S. de hAlbhuidhe (Rúnaí, An Roinn Tionscail, Trachtála agus Fuinnimh) H. Potterton (Stiúrthóir, Dánlann Náisiúnta na hÉireann) agus An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló go dtí 11 a.m. Déardaoin, 26 Márta, 1981.