Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1978 - 1979::17 November, 1983::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 12 Márta, 1981

Thursday, 12th March, 1981

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tíomáin (i gCeannas), na Teachtaí N. Mac Aindriú, Ó Fuilgheata, Ó Loideáin agus Ó hAnnluain.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1979.


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don bhliain 1979. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Airgeadas, Teaghlachas an Uachtaráin. An tSaotharlann Stáit, An tSeirbhís Shicrédeach, Deontais Talmhaíochta, An Ciste Ráthaíochta Fostaíochta, Cosaint, Arm-Phinsin, Oifig an tSoláthair, An Phríomh-Oifig Staidrimh.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Ó Cofaigh (Runaí, An Roinn Airgeadais), M. Ó hÉillí (Rúnaí, An Roinn Cosanta), S. Ó hEarmain (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), T. Ó Luinneacháin (Stiúrthóir, An Phríomh-Oifig Staidrimh) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló go dtí 11.15 a.m. Déardaoin, 19 Márta, 1981.