Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1977::29 November, 1979::Report

AN TUARASCÁIL DEIRIDH

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA

14 MEITHEAMH 1979

TUARASCÁIL DAR DÁTA 28 MEITHEAMH 1973

Íocaíochtaí leis an gCiste Speisialta um Fhorbairt Réigiúnach (Deontas-i-gCabhair)

1. Tugann an Coiste dá aire nach ndearnadh aon mholadh maidir le hoibriú an Chiste Speisialta um Fhorbairt Réigiúnach sa tuarascáil a tháinig ón gCoiste Idir-Rannach um Eagrú na bhFeidhmeanna Rialtais ar Leibhéil Fo-Náisiúnta i dtaobh na socruithe institiúideacha ba chuí le haghaidh comhordú ar phleanáil agus forbairt réigiúnach ag an Roinn Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta agus go bhfuil sé beartaithe dá bhrí sin go leanfadh an Ciste i bhfeidhm go dtí go gcinnfeadh an Rialtas cad iad na socruithe a dhéanfaí chun pleanáil agus forbairt réigiúnach a chomhordú. Tugann an Coiste dá aire freisin, má chinntear athruithe a dhéanamh ar an gCiste, go gcuirfear scéala faoi i bhfios dó agus go leanfaidh na deiseanna cosanta éagsúla i bhfeidhm atá ann lena chinntiú go mbeidh comhordú á choimeád idir an gCiste Speisialta um Fhorbairt Réigiúnach agus na gníomh- aireachtaí eile óna bhfaightear deontais.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 30 DEIREADH FÓMHAIR 1975

Talmhaíocht—Gnóthú Iasachtaí

2. Is maith leis an gCoiste eolas a fháil go bhfuil an tAire Airgeadais á mheabhrú d’Oifigigh Cuntasaíochta go bhfuil freag- rachtaí orthu maidir le hairgead a ghnóthú atá ag dul don Státchiste agus tá súil aige go gcabhróidh an beart sin le haon chásanna mar é a chosc feasta.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 24 MEITHEAMH 1976

Moill ag cruinniú Suimeanna Cúiteacha Airgid

3. Tugann an Coiste dá aire an dul chun atá déanta chun laghdú a thabhairt ar an méid atá amuigh faoin gceannteideal seo agus go bhfuiltear ag leanúint d’imeachtaí dlíthiúla i roinnt cásanna. Tugann sé dá aire freisin nach bhfuil deireadh fós leis na fiosruithe atá á ndéanamh ag údaráis na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe faoin trádáil ‘carousel’ i muca agus i ngránaigh.


Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil i dtráth cuí ar thoradh na n-imeachtaí dlíthiúla agus na bhfiosruithe faoin trádáil ‘carousel’.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 21 AIBREÁN 1977

Bunoideachas—Scéim Oiriúnúcháin agus Leathnúcháin do Choláiste Oiliúna Oidi Náisiúnta

4. Tugann an Coiste dá aire gur tharla, d’fhonn caingean dlíthiúil a sheachaint, go ndearnadh comhaontú, i gcomhairle leis an Roinn Oideachais, idir údaráis an Choláiste Oiliúna Oidí Náisiúnta agus an conraitheoir foirgníochta maidir le héileamh uaidh go n-áisíocfaí leis costais a d’éirigh as an sosadh sealadach oibre agus go raibh éilimh gan íoc ón gconraitheoir maidir le hobair a rinneadh iarbhír cumh- daithe ag téarmaí an tsocraithe chomhaontaithe, comhaontú ina raibh £38,000 ar fad i gceist, ar íoc an Roinn Oideachais £25,500 de agus ar íoc an tOrd Creidimh atá i mbun an Choláiste £12,500 de as a n-airgead cuallachta féin.


Ba mhaith leis an gCoiste dearbhú a fháil gur thug an tAire Airgeadais a thoiliú roimh ré don socrú comhaontaithe.


Tugann an Coiste dá aire freisin gur £397,167 a thit mar chostas deiridh ar an Stát as conradh, i leith cistin/bialann ar leithligh, a rinneadh gan tairiscintí iomaíochta a lorg. Is cuimhin leis gur réitíodh praghas conartha £201,000 don obair sin agus ba mhaith leis a fháil amach cén chúis a bhí le geall le 100% de mhéadú ar an gcostas. Tugann an Coiste dá aire go ndeirtear gurb é costas iomlán an chonartha sin, agus táillí a áireamh, £1,097,631 agus ba mhaith leis a fháil amach an bhfuil costas an chonartha a bhain leis an gcistin/bialann ar áireamh sa tsuim sin.


Feiceann an Coiste freisin an dul ar aghaidh atá déanta chun comhaontú a dhéanamh le hÚdaráis an Choláiste á ráthú nach n-úsáidfear an coláiste ach amháin chun múinteoirí náisiúnta a oiliúint nó chun críocha ceadaithe eile oideachais agus ba mhaith leis tathant go dtabharfaí an gnó sin chun críche gan a thuilleadh moille.


Meánoideachas—Ranníocaí áitiúla i leith costais chaipitiúla Scoileanna Pobail

5. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil roinnt pointí nár réitíodh fós á bplé maidir leis an ngníomhas iontaobhais atá á bheartú do Scoileanna Pobail agus go bhfuil gach dícheall á dhéanamh chun teacht ar chomhaontú a luaithe is féidir idir na páirtithe go léir lena mbaineann. Ba mhaith leis eolas a fháil faoi thoradh na bpléití ar iad a bheith críochnaithe.


Costais Idirghabhála ar an Margadh a Mhuirearú

6. Tugann an Coiste dá aire an dul ar aghaidh atá déanta chun imréiteach sonrasc do chostais idirghabhála margaidh a thabhairt cothrom le dáta. Is díomá leis a chloisteáil, áfach, ó thaobh íoc le fuarstórais, go bhfuil cuid mhaith riaráistí le glanadh fós. Nuair a bhí Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Talmhaíochta os comhair an Choiste i ndáil le Cuntas Leithreasa 1977 dúirt sé, maidir leis an mhoill ag imréiteach sonrasc do chostais idirghabhála, gur tharla na fadhbanna toisc nár coinníodh tuairisceáin ná taifid iomlána in ord ama ó thus na hidirghabhála i 1973 suas go 1977. D’aontaigh sé leis an mbarúil a luaigh an Coiste sa Tuarascáil uaidh faoi dháta 26 Aibreán 1979 go dtaispeánann an cor ina bhfuil an Roinn anois cad d’fhéadfadh tarlú nuair nach ndéantar ullmhúchán leormhaith le haghaidh oibríochta mór nua mar atá táirgí talmhaíochta a cheannach chun idirghabhála. Shílfeadh an Coiste go dtuigfeadh ní hamháin an Roinn Talmhaíochta ach gach uile Roinn an gá le hullmhúchán agus pleanáil ceart d’oibríochtaí mar é.


Tugann an Coiste dá aire freisin go mbeidh stocthaifid ríomhairithe suas go dtí 1976 ar fáil roimh dheireadh 1979 agus tá súil aige go dtiocfaidh deimhniú an dóchais sin. Teastaíonn uaidh go gcoinneofaí ar an eolas é faoin ábhar sin.


Cuntais FEOGA

7. Tugann an Coiste dá aire gur le hidirghabháil mhairteola amháin a bhaineann na fadhbanna maidir le cuntais FEOGA a ullmhú agus go bhfuil na cuntais FEOGA eile go léir tugtha suas go dtí deireadh 1977. Tugann sé dá aire freisin gur bhain deacrachtaí teicniúla áirithe do Lársheirbhísí Próiseála Sonraí Roinn na Seirbhíse Poiblí i ndáil leis na cláir ríomhaire do phróiseáil na dtaifead maidir le mairteoil idirghabhála agus go bhfacthas do na Seirbhísí sin gur ghá na cláir sin a athbhreithniú d’fhonn seirbhís níos éifeachtúla agus níos luaithe a thabhairt don Roinn Talmhaíochta. Tugann sé dá aire fós, ar a shon go bhfuil súil leis an athbhreithniú sin a bheith críochnaithe sul i bhfad, gur deacair tuar cruinn a thabhairt ar cén bhail a bheidh ar chríochnú na gcuntas idirghabhála mairteola do 1976 agus 1977 go dtí go mbeifear tar éis an toradh ó na cláir ríomhaireachta athbhreithnithe a mheas.


Ábhar cúraim don Choiste go bhfuil moill i gcónaí ag baint leis na cuntais sin a chur ar fáil agus tá súil aige go ndéanfar gach dícheall chun an feabhas a gealladh a bhaint amach. Teastaíonn uaidh go dtabharfaí eolas dó ar gach a dtarlóidh.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 15 MEITHEAMH 1978

(i) Imréiteach ag an bPámháistir Ginearálta ar orduithe iníoctha a sóinseáladh


Mír 23


(ii) Bunoideachas—Tuarastail Múinteoirí a Ró-Íoc


8. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil £1,927 den £3,983 a bhí amuigh faighte ar ais ó cheann den dá bhanc a bhí bainteach i sóinseáil orduithe iníoctha a fuarthas ina dhiaidh sin a bheith calaoiseach, agus go bhfuiltear ag plé go fóill leis an mbanc eile. Ba mhaith leis go gcoinneofaí ar an eolas é i dtaobh gnóthú na coda atá amuigh.


Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuil moill suas go roinnt seachtaine ag baint faoi láthair le córas ríomhaireachta an Phámháistir Ghinearálta chun orduithe iníoctha a imréiteach agus go bhfuil feidhm ag an mhoill sin ar phróiseáil orduithe cealaithe.


Cúis ró-mhór imní ag an gComhchoiste go ligfí teacht ann do mhoill mar sin i bpróiseáil orduithe iníoctha ag córas ríomhaireachta a bhí ceaptha, mar a thuigtear dó, chun an phróiseáil sin a luathú. Ní dóigh leis go mbeadh glacadh le moill chomh fada sin faoin sean-chóras nuair a bhí orduithe iníoctha á bpróiseáil de láimh.


Tugann an Coiste dá aire fós go bhfuil tosaithe ar chóras ríomh- aireachta nua a chur isteach chun orduithe iníoctha a imréiteach agus nuair a bheidh an córas sin faoi lán-tseol go mbeidh feidhm leis an imréiteach dhá lá i gcás orduithe iníoctha arna dtarraingt ar an bPámháistir Ginearálta mar atá feidhm leis sa bhaincéireacht phríobháideach.


Ceapann an Comhchoiste go bhfuil géar-phráinn le córas imréitigh an Phámháistir Ghinearálta a fheabhsú chun go mbeidh sé cothrom le caighdeáin na baincéireachta tráchtála i gcoitinne san earnáil phríobháideach. Is cuimhin leis go ndúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina thuarascáil i mí Iúil 1976 gur cuireadh in iúl dó gur iarradh ar Lársheirbhísí Próiseála Sonraí Roinn na Seirbhíse Poiblí an córas ríomhaireachta láithreach a athbhreithniú d’fhonn is go bhféadfadh Oifig an Phámháistir Ghinearálta an gnáth-riachtanas imréitigh baincéireachta a chomhlíonadh. Tá sé ag dul de a thuiscint cén chúis atá leis an moill mhór ag déanamh an athbhreithniú is gá agus ba mhaith leis go n-inseofaí dó cad is cúis leis an moill sin.


Meánoideachas—Nósanna Imeachta Cuntasaíochta maidir le Tuarastail Múinteoirí Meánscoile, Scoileanna Cuimsitheacha agus Scoileanna Pobail

9. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil sé curtha in iúl don Aire Airgeadais go bhfuil ríomhairiú déanta ar phárollaí do mhúinteoirí meánscoile, scoileanna cuimsitheacha agus scoileanna pobail agus go bhfuil sé ag obair go sásúil agus go bhfuil na comhréitigh is gá agus íoc anonn cánach ioncaim agus asbhaintí eile á ndéanamh anois go rialta agus ar an bpointe.


Meánoideachas—Asbhaintí ó Thuarastail i leith Sochair Leasa Shóisialaigh

10. Ní maith leis an gCoiste tabhairt dá aire nach raibh ag éirí leis an Roinn Oideachais airgead a ghnóthú i gcásanna inar íocadh tuarastal iomlán le múinteoirí le linn dóibh bheith ag fáil sochair leasa shóisialaigh i leith asláithreachta ar shaoire mháithreachais sa tréimhse 1 Eanáir 1975 go dtí 31 Iúil 1976. Tá súil ag an gCoiste go leanfaidh an Roinn Oideachais chun an gnó sin a chur chun críche, go háirithe anois ó tá deireadh leis an stailc poist, agus nach mbeidh aon ró-mhoill ag baint leis na suimeanna atá dlite a ghnóthú. Ba mhaith leis go gcoinneofaí ar an eolas é faoi aon rud a tharlóidh.


Iascach

11. Tugann an Coiste dá aire nach bhfuil aon réiteach déanta fós ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo i dtaobh cé mhéid de ranníoc a thabharfaidh sé i leith costas na scéime feabhsúcháin i gCuan Chill Ala agus go bhfuil an scéal á phlé idir na páirtithe go léir lena mbaineann féachaint an bhféadfaí an fhadhb a réiteach ar shlí a shásódh gach éinne. Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil ar cad a tharlóidh.


Roinn na Gaeltachta—Freagrachtaí Pearsanta Oifigeach Cuntas- aíochta

12. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an tAire Airgeadais á chur i gcuimhne d’Oifigigh Cuntasaíochta cen nós imeachta nach foláir a leanúint má bhíonn ar an Oifigeach Cuntasaíochta, mar gheall ar bheartas nó aon chúis eile, íocaíochtaí a dhéanamh nach bhfuil, dar leis, aon údarás aige chuige.


Maidir le méaduithe ar dheontais atá faoi réir theorainneacha reachtúla, glacann an Coiste leis, ag féachaint do na socruithe speisialta a comhaontaíodh chun aon chás a thabhairt faoi bhráid Dháil Éireann ina dtagann dó a bheith riachtanach na méaduithe sin a íoc in oirchill na reachtaíochta is gá, glacann sé leis nach gá na socruithe sin a chur in iúl go speisialta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


Rialtas Áitiúil—Cuntais a Iniúchadh

13. Tugann an Coiste dá aire gur méadaíodh foireann Bhrainse Iniúchóireachta na Roinne Comhshaoil le blianta beaga anuas, cé nach raibh an méadú comh mór agus ba mhaith leis an Roinn sin, ach go bhfuil deacrachtaí agus moill earcaíochta tar éis an scéal a dhéanamh níos measa. Tugann an Coiste dá aire freisin go ndearnadh moltaí le déanaí do Roinn na Seirbhíse Poiblí i dtaobh foireann bhreise a earcú chun teacht suas le riaráistí oibre agus chun déileáil leis an bhfairsingiú atá tagtha ar shaotharlód na hiniúchóireachta.


Measann an Coiste go bhfuil práinn ag baint le hiniúchadh cuntas na n-údarás áitiúil go léir a thabhairt cothrom le dáta, ag féachaint go speisialta ar an mbreis airgid atá caite ag an Státchiste ar údaráis áitiúla le blianta beaga anuas. Tá súil aige go mbainfear amach an staid sin a luaithe is féidir.


Rialtas Áitiúil—Ró-Eisiúintí ar Fhóirdheontais Tithíochta

14. Tugann an Coiste dá aire go ndearnadh, le héifeacht ó 1 Eanáir 1977, foras an fhóirdheontais tithíochta a athrú go dtí aisíoc 100% de tháillí iasachta a bhí dlite do Oifig na nOibreacha Poiblí, agus go ndearnadh an íocaíocht ar cuntas go dtí go bhfíorófaí éilimh údarás áitiúil, agus go ndearnadh íocaíochtaí a rinneadh i 1977 a choigeartú chun aon ró-éisiúintí bunaithe a tharla i mblianta roimhe sin a chur i gcuntas. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuil gnóthú iomlán déanta ar na ró-eisiúintí uile roimh 1977 a bunaíodh suas go dtí Nollaig 1978. Ba mhaith leis a fháil amach, áfach, cé mhéid cás a tharla ina bhfuil an scéal maidir le híocaíochtaí fóir- dheontais roimh 1977 gan bunú fós agus cathain a cheapfar go mbeidh sé sin déanta.


Sa tuarascáil uaidh faoi dháta 26 Aibreán 1979 chuir an Coiste um Chuntais Phoiblí in iúl nár mhaith an nós imeachta a ghlac an Roinn Comhshaoil cheana chun fóirdheontas tithíochta a íoc agus mhol sé gan glacadh leis in aon dálaí dá shórt a tharlódh san am le teacht. Ba mhaith leis an gCoiste tuairimí an Aire Airgeadais ar an ábhar sin a fháil.


Ranníocaí Slánte

15. Tugann an Coiste dá aire na bearta atá déanta chun feabhas a thabhairt ar ráta bailiúcháin na ranníocaí sláinte agus tá súil aige go n-éireoidh leo.


Tá an Coiste buíoch i dtaobh an mheabhráin a fuarthas i ndiaidh Mheamram an Aire Airgeadais, ina bhfuil mioneolas i dtaobh leibhéal bailiúcháin agus riaráistí ranníocaí sláinte. Feiceann sé ón meabhrán sin go bhfuil measúnacht feirmeoirí maidir le dliteanas chun ranníocaí sláinte a íoc faoi na hAchtanna um Ranníocaí Sláinte, 1971 go 1978 agus an deacracht a bhaineann le clár cuimsitheach de na feirmeoirí sin a thiomsú agus a choinneáil cothrom le dáta tar éis go leor fadhbanna a chur sa tslí ar na Boird Sláinte ar nós bonn- leibhéal luachála oiriúnach a cheapadh a fhágann as an áireamh sealbhóirí cártaí liachta agus daoine eile atá i dteideal díolúine a éileamh ón dliteanas chun ranníocaí a íoc, ach nár fhág as an áireamh san am céanna daoine eile ar a bhfuil dliteanas ranníocaí a íoc.


Dá dhroim sin, cuireadh éilimh amach go dtí daoine a bhfuarthas amach ina dhiaidh sin go raibh cártaí liachta acu agus go dtí daoine eile a bhí i dteideal díolúine a éileamh agus ar an scéal a fhiosrú fuarthas amach go raibh go leor feirmeoirí ann nach raibh faoi dhliteanas nó a bhí cheana féin ag íoc ranníocaí sláinte mar chuid den stampa árachais shóisialaigh. Cé go n-aontaíonn an Coiste gur cheart, mar gheall ar na cúinsí sin, go mbeadh cuma níos fearr ar an scéal dáiríre maidir le leibhéil bhailiúcháin ná mar a thaispeántar sna táblaí atá ag gabháil leis an meabhrán ní féidir leis glacadh leis gur míniú iomlán iad ar leibhéil fíor-ísle bailiúcháin Bhord Sláinte an Oir-Dheiscirt i 1973 (42.45%) ná Bhord Sláinte an Iarthair i 1977 (48.64%). Ní ghlacann sé leis ach oiread gur míniú iomlán iad ar na mór-dhifríochtaí idir na leibhéil bailiúcháin a shaothraigh na Boird Sláinte éagsúla i mblianta áirithe ná fiú ar na difríochtaí idir na leibhéil a shaothraigh Boird Sláinte ar leithligh sna blianta éagsúla. Ina theannta sin tá sé ag dul ó thuiscint ar an gCoiste cén chúis nach bhfuil eolas ar fáil go fóill i dtaobh éifeacht na gceartuithe ar a gcuid clár a rinne na Boird Sláinte, rud a dtagann de nach féidir meas a thabhairt ar an bhfeabhas sa ráta bailiúcháin a thaispeánfaí dá ndéanfaí luach iomlán na n-éileamh a eisíodh a bhunú ar na cláir mar a athbhreithníodh iad i leith gach bliana. Tá an Coiste á iarraidh go lorgófaí an t-eolas sin gan mhoill agus go n-inseofaí dó díreach conas mar atá i dtaobh na leibhéal bailiúcháin.


Tugann an Coiste dá aire go bhfuil Meitheal Oibre bunaithe chun na córais go huile a scrúdú a bhaineann le cruinniú ranníocaí sláinte ag Boird Sláinte agus go bhfuiltear ag súil leis, nuair a bheidh an scrúdú sin críochnaithe agus córais athbhreithnithe bunaithe, gur cheart go mbeadh de thoradh air na córais láithreacha a neartú agus an ráta bailiúcháin a fheabhsú. Tá súil ag an gCoiste go inbainfear amach go luath na cuspóirí rí-fhiúntacha sin agus ba mhaith leis go gcoinneofaí ar an eolas é i dtaobh conas mar a bheidh an Meitheal Oibre ag dul ar aghaidh.


TUARASCÁIL DÁR DÁTA 26 AIBREÁN 1979

Aoisliúntais agus Liúntais Scoir

16. Beidh an Coiste ag feitheamh le heolas i dtaobh na nAirí lena mbaineann do shíniú na scéimeanna reachtúla i dtaobh pinsin ranníocacha agus pinsin ex-gratia do chleithiúnaithe seirbhíseach poiblí áirithe (seachas Státseirbhísigh).


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim—Cáin Ioncaim gan Íoc

17. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil sé curtha in iúl don Aire Airgeadais gur le measúnachtaí críochnaitheacha a bhaineann cuid is 1ú ná 10 faoin gcéad den cháin a thaispeántar a bheith gan íoc mar gheall ar bheith faoi achomharc nó faoi fhiosrú eile. Tugann sé dá aire freisin gurb é an phríomhchúis atá leis an mbreis sa mhéid cánach a thaispeántar a bheith “dlite le bailiú” an 31 Bealtaine 1977 thar na méideanna a bhí dlite an 31 Bealtaine 1976 ná an méadú a tháinig ar iomlán na cánach muirir agus cé gur mhéadaigh an cháin a bhí dlite le bailiú ar na dátaí sin, arna sloinneadh i dtéarmaí airgid, de bhreis agus 75% arna sloinneadh mar chéatadán den cháin mhuirir, níor mhéadaigh sé ach ó 1.8 faoin gcéad go dtí 2.4 faoin gcéad. Tugann an Coiste dá aire freisin nach bhfuil an cháin go léir a thaispeántar a bheith “dlite le bailiú” inbhailithe láithreach bonn. Is maith leis a chloisteáil go bhfuil an tAire sásta nach mbíonn aon ró-mhoill ag féachaint le cáin a chruinniú atá réidh lena cruinniú agus go gcoinnítear faoi athbhreithniú conas mar éiríonn leis na gníomhaireachtaí forghníomhúcháin ag glanadh na riaráistí a thuairis- cítear dóibh, agus go ndéantar a luaithe is féidir bearta a cheaptar a bheith riachtanach chun ráta sásúil do ghlanadh riaráistí a chothabháil.


Tuigtear don Choiste go bhfuil na Coimisinéirí Ioncaim, tár éis dóibh dul i gcomhairle leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, tar éis foirm nua a cheapadh do thaifeach na cánach a bheidh gan íoc agus do dtabharfaidh an fhoirm sin léargas níos cruinne agus níos eolasaí. Breithneoidh an Coiste an t-ábhar sin a thuilleadh nuair a chuirfear na Cuntais Leithreasa do 1978 mar aon le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste orthu faoina bhráid lena scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu.


Cáin Rachmais—Moill ag Cur Tuairisceáin Isteach

18. Tugann an Coiste dá aire gur cuireadh in iúl don Aire gur fiosach do na Coimisinéirí Ioncaim nach raibh cáin rachmais measúnaithe go foirmiúil an 30 Aibreán 1979 i dtuairim 2,370 cás, ar a raibh 170 cás ina raibh tuairisceáin líonta faighte agus á n-ionramháil ar an dáta sin agus 2,200 cás ina raibh na tuairisceáin fós gan cur isteach ach a raibh íocaíochtaí ar cuntas cánach déanta dar suim £3,260,000. Ba mhaith leis an gCoiste go ndéanfaí gach dícheall chun na cásanna sin atá amuigh a phróiseáil agus teastaíonn uaidh go gcoinneofaí ar an eolas é i dtaobh cén dul ar aghaidh a bheidh á dhéanamh san ábhar sin.


Poist agus Telegrafa—Táillí Theilifís Chábla agus Mainnitheoirí Ceadúnas Teilifíse

19. Tugann an Coiste dá aire gur cuireadh in iúl don Aire Airgeadais go bhfuil gach beart is féidir á dhéanamh ag an Roinn Poist agus Telegrafa lena chinntiú go gcomhlíonfaidh gach ceadúnaí cábla teilifíse forálacha na rialachán iomchuí agus ó Bhealtaine 1978 go bhfuil feabhas mór ar an scéal i gcoitinne.


Tugann sé dá aire freisin a mhéid a bhí na híocaíochtaí ráithe reachtúla agus na tuairisceáin bhliantúla amuigh an 31 Nollaig 1978 agus tá sé á thathant gur cheart don Roinn Poist agus Telegrafa oiread brú agus is féidir a chur i bhfeidhm, ar a n-áirítear imeachtaí dlí a bhunú más gá, lena chinntiú go n-íocfaidh ceadúnaithe a gcuid táillí agus go gcuirfidh siad a gcuid tuairisceán bliantúil isteach gan mhoill.


Maidir le breith ar mhainnitheoirí i ndáil le táillí ceadúnais do theilifíseáin a íoc is maith leis an gCoiste an dearbhú go bhfuiltear á cheangal ar oibritheoirí theilifís chábla, mar choinníoll a ghabhann lena gceadúnas, ainm agus seoladh na ndaoine le teilifíseáin a bheidh á gceangal lena gcóras cábla a thabhairt agus go mbaintear úsáid as an eolas a thugann na ceadúnaithe chun cabhrú le teilifíseáin neamhcheadúnaithe a aimsiú. Ach nuair a fhéachtar air go bhfuil oibritheoirí cábla teilifíse ann nach gcomhlíonann a n-oibleagáidí reachtúla maidir le híoc táillí ráithe agus tuairisceáin bhliantúla ar a n-ioncam comhlán a chur isteach ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil i dtaobh cé mhéid eolais a chuireann oibritheoirí cábla teilifíse isteach i dtaobh úsáidirí a seirbhíse mar a cheanglaítear orthu le coinníollacha a gceadúnas.


Rialtas Áitiúil

20. Is maith leis an gCoiste a shonrú go bhfuiltear ag leanúint d’iarrachtaí chun nósanna imeachta rialaithe airgeadais a fheabhsú agus go bhfuil post amháin líonta de na hocht gcinn d’Oifigeach Airgeadais atá ceadaithe cheana féin agus go bhfuil comórtais curtha ar siúl do chúig cinn eile. Tugann sé dá aire freisin go bhfuil sé beartaithe poist a cheapadh d’Oifigeach Airgeadais in údaráis áitiúla eile de réir mar a tharlóidh deiseanna oiriúnacha.


Rialtas Áitiúil—Fóirdheontais Tithíochta; Riaráistí Cíosa

21. Tugann an Coiste dá aire, ar leithligh ó údarás áitiúil amháin, go bhfuil cíosanna tithe údaráis áitiúla cruinnithe ach amháin mionsuimeanna mar iad sin a ndéantaí riamh cheana iad a dhíscríobh agus a bhfuil dá bhrí sin fóirdheontais le tabhairt ina leith go cuí sa tréimhse 1973 go 1976. Tugann an Coiste dá aire freisin i gcás an údaráis áitiúil nár bailíodh a chuid riaráistí go fóill go bhfuil moltaí áirithe chun an tsuim a ghnóthú curtha faoi bhráid na Roinne Airgeadais agus go bhfuiltear á mbreithniú.


Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil ar conas mar a d’éirigh leis na tograí sin.


Oifig an Aire Oideachais—Deontais Ardoideachais

22. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil sé curtha in iúl don Aire Airgeadais ag an Roinn Oideachais gurb é seasamh an Oifigigh Cuntasaíochta san ábhar sin, mar a cuireadh in iúl ina chuid fianaise don Choiste, go ndearnadh cinneadh an Aire Oideachais ar bheart an údaráis áitiúil lenar bhain i bhfeidhmiú a údaráis mar Aire. Tugann sé dá aire freisin go measann an tAire Airgeadais, ag féachaint do na ciallachais i leith rialú caiteachais phoiblí a ndearna an Coiste tagairt dóibh, gur cheart tuilleadh fiosrú a dhéanamh faoin ábhar. Tugann an Coiste dá aire freisin gur thug an Roinn Oideachais don Roinn Airgeadais, ar an Roinn sin dá iarraidh, liosta d’ainmneacha agus seoltaí na ndeonaithe a cheadaigh an t-údarás áitiúil áirithe i ngnáthbhliain idir 1970 agus 1976 agus gur moladh freisin don Roinn Oideachais gur chóir feasta a iarraidh ar gach údarás áitiúil idirdhealú a dhéanamh idir dheonaithe a bhí “cóngarach” agus “neamhchóngarach” nuair a bheadh liostaí bliantúla de dhámhach- taintí nua á gcur isteach.


Nuair a bhí Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Airgeadais os comhair an Choiste i ndáil le Cuntais Leithreasa 1977 ghlac an Coiste leis an deis sin chun an míniú a phlé leis a bhí tugtha ag an Roinn Oideachais ar an mbeart a rinne sí sa chás sin, beart a bhféadfaí de bhrí a bhaint as gur baineadh cuntasacht den Oifigeach Cuntasaíochta a bhí i gceist. D’aontaigh Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Airgeadais go bhféadfadh ceist an-íogair prionsabail a bheith san ábhar agus nuair a bheadh fiosrú iomlán déanta air ag a Roinn go gcuirfeadh sé scéala ar ais chuig an gCoiste dá mbunófaí go raibh ceist phrionsabail bainteach leis dáiríre. Ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil i dtaobh toradh an fhiosraithe sin agus tá súil aige go gcríochnófar é gan a thuilleadh moille.


Meánoideachas

23. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil sé curtha in iúl don Aire Airgeadais ag an Roinn Oideachais go ndearnadh na lochtaí i riarachán airgeadais roinnt scoileanna cuimsitheacha agus scoileanna pobail a cheartú agus go bhfuil socruithe déanta faoi chomhair rialú níos fearr ag an Roinn feasta. Is maith leis an gCoiste go bhfuil an tAire Airgeadais páirteach leis sa chúram atá air i dtaobh na socruithe le haghaidh faireachas a dhéanamh ar an gcaiteachas a thabhaíonn na scoileanna sin agus aontaíonn sé gur chóir iad sin a neartú. Tugann an Coiste dá aire freisin go ndéanfar bunú aonaid iniúchóir- eachta inmheánaigh sa Roinn Oideachais a scrúdú i bhfianaise Thuarascáil ó choiste idir-rannach ag a bhfuil breithniú ginearálta á dhéanamh ar aonaid den sórt sin a bhunú i Ranna. Ba mhaith leis an gCoiste go gcoinneofaí ar an eolas é san ábhar sin.


Teaghlaigh Chónaitheacha agus Scoileanna Speisialta

24. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil breithniú á dhéanamh ar mholadh ón Roinn Oideachais ag lorg cead cumhdaitheaoh an Aire Airgeadais chun caiteachas neamhohruthúnaithe £647 a chur mar mhuirear i gcoinne an Vóta do Theaghlaigh Chónaitheacha agus Scoileanna Speisialta. Tugann an Coiste dá aire freisin go gcuirfear in iúl do gach Oifigeach Cuntasaíochta gurb é a bharúil gur cheart réim agus críoch na seiceálacha atá le déanamh acu a chur in iúl go lánchinnte do gach oifigeach a bhíonn freagrach i dtaifid agus cuntais airgeadais a scrúdú agus gur ceart a ndualgais agus a bhfreagrachtaí i gcoitinne a chur i bhfios dóibh go hiomlán.


Ardoideachas

25. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil sé curtha in iúl ag an Roinn Oideachais, maidir le lochtaí a bheith ar chríochnúlacht na mballaí lasmuigh ar an gColáiste Náisiúnta Corpoiliúna Luimneach, go bhfuiltear ag leanúint de réir na comhairle dlí a bhí faighte agus go bhfuil súil leis an gceist sin a thabhairt chun críche roimh dheireadh 1979.


Tugann sé dá aire freisin go bhfuil breithniú á dhéanamh ar an gceist i dtaobh leanúint d’éileamh maidir leis na scuais-chúirteanna.


Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil ar thoradh an dá éileamh sin agus tá súil aige go bhfaighidh sé a luaithe is féidir an t-eolas a d’iarr sé i dtaobh costas na n-athruithe ar an gconradh tógála.


Roinn na Gaeltachta

26. Is maith leis an gCoiste fios a fháil go bhfuiltear á chur in iúl do gach Oifigeach Cuntasaíochta gur cheart cloí oiread agus is féidir leis an bprionsabal ginearálta gur ar fhoras tairiscintí iomaíochta a dhámhfar conarthaí oibreacha poiblí, ní amháin do thionscadail arb as an Státohiste a thugtar iomlán an airgid ina leith, ach freisin do thionscadail nach bhfaightear as an Státchiste ach cuid den airgead lena n-aghaidh. Tharla go mb’éigean don Choiste trácht roinnt amanna le blianta beaga anuas ar an ngá a bhí le tairiscintí iomaíochta a lorg agus tá súil aige nach gcaithfidh sé tagairt don ní sin arís.


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí

27. Cúis áthais don Choiste an tAire Airgeadais a bheith ar aon aigne leis go mbraitheann réiteach na bhfadhbanna stoc-rialúcháin i mBrainse Troscáin Oifig na nOibreacha Poiblí go príomha ar dóthain spáis stórála a sholáthar agus leor-líon foirne a fháil. Tugann sé dá áire freisin na bearta atá á ndéanamh chun an chóiríocht agus an fhoireann is gá a fháil. Cé go dtuigeann an Coiste go mb’fhéidir dó bheith deacair an fhadhb a réiteach sa ghearrthéarma mar gheall ar riachtanais chóiríochta phráinneacha eile tá súil ag an gCoiste nach mbeidh moill ro-mhór ag réiteach na bhfadhbanna.


28. Ós rud é go bhfuil cúrsaí mar a bhfuil gearrthuairisc orthu i Meamram an Aire Airgeadais aontaíonn an Coiste go n-éireofaí as cuntais ar leithligh a chur ar fáil i ndáil le páirc Chuimhneacháin Bourne Vincent, Cill Airne. Tá súil aige gan dabht go leanfar de na gnáth-thaifid a choinneáil chun críocha rialaithe agus iniúchta, mar atá cláir bheodhíle, liostaí trealaimh agus innealra, stoc-thaifid agus taifid ar thoradh feirme a táirgeadh, a díoladh agus a caitheadh.


Cosaint

29. Glacann an Coiste leis gur léir, mar atá ráite i Meamram an Aire Airgeadais, go mbaineann buntáistí leis an gcinneadh chun iompróirí pearsanra armúrtha a cheannach ó bhunadh soláthair baile agus go deimhin bhí sé ráite cheana féin ag an gCoiste go raibh sé ar thaobh tionscadail arb é a gcuspóir táirgí a fhorbairt, go háirithe táirgí caipitiúla, a ghlacfadh ionad táirgí allmhairithe. Cé go nglacann an Coiste leis, dar ndóigh, gur faoi réim an Vóta Cosanta a thiteann costas iompróirí pearsanra armúrtha tá cuntair aige fós in aghaidh airgead as an Vóta sin a úsáid do chabhrú le tionscadal taighde agus forbartha. Tá treise á chur leis na cuntair sin mar gheall ar na hinsintí a áirítear san fhomhírcheann iomchuí i.e. fomhírcheann H—Trealamh Cosanta a dhéanann soláthar sonrach do “threalamh ar ordú” agus “trealamh le hordú”. Ní heol don Choiste gur úsáideadh airgead as an bhfomhírcheann cheana do chabhrú le tionscadail thaighde agus forbartha ná, go deimhin, an ndearnadh soláthar sonrach do thionscadal den sórt sin san fhomhírcheann sin nuair a bhí an meastachán á cheadú. Ba mhaith leis eolas a fháil faoin ábhar sin.


Más rud é, mar ghníomh beartais, gur measadh gur chóir soláthar do thionscadal taighde agus forbartha a dhéanamh sa Vóta Cosanta, measann an Coiste gur cheart an soláthar sin a dhéanamh i bhfomhír- cheann ar leithligh, ar mhodh meastacháin fhorlíontaigh dá mba ghá. Sa tslí sin thabharfaí an cheist go sonrach faoi bhráid Dháil Éireann agus bheadh an Dáil sa chor ansin go bhféadfadh sí breithniú ar chuí do sholáthar den sórt sin teacht faoi réim an Vóta Cosanta.


Tugann an Coiste dá aire ó Mheamram an Aire Airgeadais go raibh an tOifigeach Cuntasaíochta sásta go raibh an t-ábhar faoi réim an Vóta Cosanta. Ach ba mhaith leis barúil an Aire Airgeadais faoin scéal a fháil amach go háirithe i bhfianaise na dtuairimí breise ón gCoiste.


Cúis áthais don Choiste a shonrú go bhfuil an tAire Airgeadais ar aon aigne leis i gcoitinne sa bharúil gur chóir i gcásanna mar seo go ndéanfaí soláthar iomchuí do gach rud a bhaineann leis an Státchiste trí shocruithe conartha foirmiúla agus go dtabharfar aird chuí ar thuairimí an Choiste, tuairimí atá á gcur i bhfáir go sonrach ar gach uile Oifigeach Cuntasaíochta. Glacann an Coiste leis go bhfuil an cheist i dtaobh sochar airgeadais don Státchiste ina rud a bheadh le breithniú de réir chúrsaí uile gach cáis áirithe agus freisin de réir bheartas chomhchoiteann an Stáit maidir le taighde agus forbairt. Ní foláir dó afach a chur in iúl go bhfuil sé míshásta toisc go ndealraíonn nár smaoiníodh air sin in aon chor sa chás seo.


Tailte

30. Tugann an Coiste dá aire gur dhearbhaigh an Roinn Talmh- aíochta don Aire Airgeadais nach bhfuil aon cheist go mbainfear mí-úsáid as Scéim Scoir na bhFeirmeoirí mar áis chun praghas níos airde a fháil ar thalamh ná mar a bheadh le fáil dá dtógfaí na gabháltais faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh. Ní thuigeann sé an rud atá ráite i Meamram an Aire, is é sin, má thógtar talamh go héigeantach in ionad é a fháil faoin Scéim Scoir nach shin le rá go mbeadh an praghas a gheofaí níos ísle. I gcás talamh a thógtar go héigeantach ní bhíonn ar Choimisiún na Talún ach amháin an praghas margaidh iomlán a íoc ach más faoi Scéim Scoir na bhFeir- meoirí a thógtar é, i dteannta an phraghais mhargaidh sin ní foláir do Choimisiún na Talún préimh airgid 10 faoin gcéad agus blianacht saoil a íoc, agus ní féidir ach cuid de sin a ghnóthú ón gCiste Eorpach um Threoireacht agus Ráthaíocht Talmhaíochta, agus ansin féin níl ach cásanna áirithe inar féidir.


Glacann an Coiste leis gurb é an fhadhb is mó a thig de Scéim Scoir na bhFeirmeoirí gabháltais a athdháileadh ar fheirmeoirí forbraíochta agus go mbíonn sé deacair tógáil agus athdhíol a chur ag freagairt dá chéile. Is léir nach mbíonn feirmeoirí forbraíochta a bhféadfaí tailte faoi Scéim Scoir na bhFeirmeoirí a dháileadh orthu ar fáil go háitiúil i gcónaí. An deacracht sin a bhaineann le hath- dháileadh talún sin é díreach a thug ar an gCoiste a mholadh gur cheart smaoineamh go grinn ar thairiscintí a dhiúltú ar thalamh faoi Scéim Scoir na bhFeirmeoirí dá mba rud é nach raibh an talamh a bhí á díol ag teastáil le haghaidh feirmeoirí forbraíochta. Chuir an Coiste in iúl gur mhaith leis tuairimí breise ón Oifigeach Cuntas- aíochta i dtaobh an bhféadfaí an moladh sin a chur i ngníomh agus ba mhaith leis go gcuirfí in iúl dó an bhféadfaidh sé a bheith ag súil leis na tuairimí breise sin.


Ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl nárbh é a bhí á rá aige nach bhfuil aon urlámhas roinne ar chaiteachas ag Coimisiún na Talún i gcás cheannach talún. Glacann sé leis nach foláir do na Coimisinéirí Tuatha, agus is cuid dílis den Roinn iad sin, gníomhú laistigh de ghnáth-theorainneacha buiséid, sa mhéid a bhaineann lena gclár go hiomlán. Glacann sé leis freisin go mbraitheann an méid a bhíonn ar fáil le haghaidh ceannach airgid ar an méid measta bliantúil a dháiltear chuige sin sa Vóta do Thailte agus má dhéantar íocaíocht i mBannaí Talún go mbunaítear na Bannaí le hOrdú an Aire Airgeadais. Is é is cúram don Chomhchoiste cor an Oifigigh Cuntasaíochta mar, cé go bhfuil sé cuntasach do Dháil Éireann i leith an airgid a vótáiltear do cheannach talún, níl urlámhas aige ar chaitheamh an airgid sin i limistéir áirithe atá laistigh de raon feidhme na gCoimisinéirí. Ba mhaith leis an gCoiste tuairimí a fháil ón Roinn Airgeadais faoin ngné sin de chuntasacht an Oifigigh Cuntasaíochta.


Sláinte

31. Tugann an Coiste dá aire, cé gurb é tuairim na Roinne Sláinte nach bhféadfaí réiteach ann féin mar cheist aonair a dhéanamh ar cheist choigeartaithe na haisíocaíochta ar oidis faoin tSeirbhís Liachta Ghinearálta agus go mba bhuntáiste ó thaobh airgid don Státchiste, tríd is tríd, na socruithe atá ann faoi láthair a choimeád ar bun, mar sin féin, ag féachaint do na barúlacha a luaigh an Coiste, go bhfuil socrú á dhéanamh aici chun treoir a fháil ó chomhairleoirí lasmuigh sa scéal i gcoitinne ach le haird shonrach ar leibhéal na n-aisíoc- aíochtaí agus na lascainí dá bhforáiltear faoi na socruithe láithreacha chun drugaí agus earraí leighis a sholáthar do na Seirbhísí Sláinte.


Ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl gur ábhar sásaimh dó an cinneadh sin agus tá dóchas aige go bhfaighidh sé eolas, i dtráth cuí, ar a thoradh nuair a bheidh a gcúram críochnaithe ag na comhair- leoirí.


32. Is maith leis an gCoiste scéala a fháil go bhfuil an tAire Airgeadais ar aon aigne leis i dtaobh an easpa faireachais ar na socruithe faoina bhfuil dochtúirí, i gcúinsí áirithe, i dteideal drugaí agus earraí leighis a urghnamh faoi Scéim na Seirbhísí Liachta Ginearálta agus go nglacann an Roinn Sláinte leis go bhfuil géarghá le cógaiseoirí lánaimsire a bheith ar an bhfoirinn ag gach uile bhord sláinte chun na socruithe sin a mhaoirsiú. Tuigeann an Coiste na deacrachtaí a bhaineann do na Boird Sláinte ag fáil cógaiseoirí lánaimsire, ach tá súil aige go ceapfar iad do na Boird Sláinte go léir a thúisce riamh is féidir. Ba mhaith leis go n-inseofaí dó conas mar atáthar ag dul ar aghaidh sa scéal sin.


Leas Sóisialach

33. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil na socruithe slándála a tugadh isteach tar éis goid na seiceanna sochar leasa shóisialaigh i 1976 i bhfeidhm go hiomlán seasamhach ó shin. Tá súil aige go mbeidh siad éifeachtúil.


34. Is maith leis an gCoiste a chloisteáil go bhfuil feidhm á thabhairt arís do na nósanna imeachta cros-sheiceála a bhí ligthe i léig agus go n-aonta-íonn an tAire Airgeadais gur ceart na nósanna imeachta rialacháin ordaithe a leanúint ar fud na Roinne go léir. Beidh an Coiste ag feitheamh le heolas ar thorthaí an tsuirbhé iomláin ar nósanna imeachta rialúcháin na Roinne atá á dhéanamh ar mholadh uaidh féin.


35. Is maith leis an gCoiste fios a fháil go bhfuil an Roinn Leasa Shóisialaigh tar éis roinnt feabhsuithe tábhachtacha slándála a thabhairt isteach le dhá bhliain anuas maidir le leabhair liúntais leanaí a ionramháil agus gur cuid de na feabhsuithe sin seiceáil agus taifeadadh níos rialta a dhéanamh ar leabhair ag gach uile chéim oibre idir a dtógáil as stoc agus a n-eisiúint do lucht a dtairbhe. Tugann sé dá aire freisin gur glacadh cúram breise maidir le horduithe iarmhair a dhíothú.


Tugann an Coiste dá aire freisin, maidir leis an iarratas uaidh gur cheart na rialúcháin ar phróiseáil na n-orduithe liúntais a bheith chomh daingean agus a bhíonn siad ar láimhseáil airgid, go dtuigtear don Aire ón Roinn Leasa Shóisialaigh nach bhfuil ach £6,000 sna caillteanais de dheasca sóinseáil chalaoiseach orduithe liúntais leanaí ach dá gcuirfí iarratas an Choiste i bhfeidhm go hiomlán d’fhéadfadh go dtiocfadh de go leor foireann bhreise a fháil agus costais lena chois.


Is deacair don Choiste a admháil go bhfuil bonn leis an argóint sin ós cosúil go dtugann sé le tuiscint gur chóir don leibhéal rialúcháin in aon chás a bheith coibhneasach leis na caillteanais a bhfaightear eolas orthu in ionad breathnú go bhféadfaí na caillteanais sin a thabhú ag féachaint do mhéid agus do luach na n-idirbhearta agus don deis ar chalaois a dhéanamh faoi na nósanna imeachta láith- reacha. Cé go mba leasc leis an gCuideachta a chur in iúl go bhféadfadh gur tharla tuilleadh caillteanais i dteannta an £6,000 de chaillteanas a bhfuarthas fios air ach nach bhfuarthas amach faoin tuilleadh sin mar gheall ar easpaí i nósanna imeachta rialúcháin measann sé go bhféadfadh sin a bheith i gceist dáiríre, agus go dtaispeánfadh a leithéid sin go raibh laige bhunúsach ar argóint na Roinne. Tá an Coiste ag tathant gur cheart an dóigh atá le hairgead poiblí a chailliúint sa limistéar sin, agus i ngach limistéar eile, a laghdú go dtí an bun is isle, mura féidir deireadh a chur leis ar fad, agus ní foláir dó a chúram ina thaobh sin a lua go dtí go mbeidh sé sásta go bhfuil an cor sin sroichte.


Is maith leis an gCoiste fios a fháil go bhfuiltear chun scrúdú iomlán a dhéanamh ar na ciallachais a bhaineann leis an iarratas uaidh agus beidh sé ag feitheamh le torthaí an scrúdaithe.


Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuil dearbhú faighte ag an Aire Airgeadais ón Roinn Leasa Shóisialaigh go bhfuil dianbhearta slándála á gcur i gcrích i mBrainsí eile den Roinn sin a bhíonn ag gabháil d’orduithe pinsin nó liúntais a eisiúint agus go nglactar le gach uile dheis chun slándáil a fheabhsú.


Breisam

36. Molann an Coiste na hiarrachtaí atá ar bun i gconaí ag Roinn na Seirbhíse Poiblí, agus a bhfuil gearrthuairisc orthu i Meamram an Aire Airgeadais, chun laghdú a thabhairt ar ró-chaiteachas ag Ranna ar bhreisam sa Státseirbhís neamhthionsclaíoch agus, nuair is féidir sin, chun postanna nua a chur ar bun in ionad breisama. Is maith leis an gCoiste a chlos go leanfaidh Roinn na Seirbhíse Poiblí ag cur dlús leis na hiarrachtaí sin. Glacann an Coiste leis go mbíonn na cúiseanna le breisam casta go minic agus nach féidir i gcónaí réiteach simplí a fháil ar fhadhb an ard-chaiteachais ar bhreis-am.


Ginearálta

37. Tugann an Coiste dá aire mar atá an scéal maidir leis na deacrachtaí a tharla ag líonadh folúntas in oifig an Phríomh-Aturnae Stáit agus san Oifig Luachála. Tugann sé dá aire freisin go bhfuil cead tugtha do na postanna breise is gá chun freastal ar obair sa Roinn Leasa Shoisialaigh agus in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Is maith leis an t-eolas a fháil, maidir le cúrsaí foirne, i gcoitinne ó lár 1977, go bhfuil fiosrú déanta i ngach Roinn agus Oifig ar an ngá atá le poist nua agus go bhfuil Roinn na Seirbhíse Poiblí sásta go bhfuil soláthar déanta anois don fhoireann bhreise a theastaíonn ó Ranna, lena n-áirítear foireann chun a gcórais airgeadais a oibriú. Is maith leis a chluinstin freisin go gcuirfidh an Roinn sin in áirithe go soláthrófar aon fhoireann a bheidh ag teastáil faoi chomhair forbairtí i riarachán airgid san am le teacht.


Beidh an Coiste ag fanacht le tuilleadh scéala mar a gealladh i dtaobh ceartú an chórais ríomhaireachta chun deacrachtaí a shárú ag tuairisciú agus ag taifeadadh ró-íocaíochtaí sa Roinn Leasa Shóisialaigh agus freisin i dtaobh an scrúdú ag Oifig na nOibreacha Poiblí ar na fadhbanna cóiríochta dar thagair an Coiste.


Forluí gníomhaíochtaí áirithe idir Ranna agus gníomhaireachtaí Stáit eile

38. Tugann an Coiste dá aire tuairimí na Roinne Gnóthaí Each- tracha, Roinn na Gaeltachta agus na Roinne Talmhaíochta maidir lena lua go bhféadfadh sé tarlú go raibh airgead á chur amú mar gheall ar fhorluí gníomhaíochtaí idir na Ranna sin agus gníomh- aireachtaí Stáit áirithe nó go bhféadfadh baol a bheith ann go bhfaigheadh eagraíocht airgead Státchiste ó ghníomhaíochtaí éagsúla don obair chéanna. Glacann sé leis an dearbhú go bhfeidhmítear caidreamh an-dlúth i gcásanna den sórt sin agus nach bhfuil ann ach an baol is lú riamh go dtarlódh forluí. Ar a shon sin, chítear don Choiste gurb sheo ábhar inar gá bheith ag faire de shíor ar fud na hearnála poiblí agus dá bhrí sin is maith leis fios a fháil go bhfuil socrú á dhéanamh ag an Aire chun a thuairimí a chur in iúl do gach uile Oifigeach Cuntasaíochta d’fhonn beart iomchuí a dhéanamh nuair is gá.


CUID II—CUNTAIS SHONRACHA

COSAINT

Stóir agus Trealamh Iomarcach

39. Cuirtear de láimh stóir agus trealamh a mheastar a bheith iomarcach do riachtanais Airm ar mholtaí ó Bhoird Suirbhé i.e. boird a bhunaigh an tArdcheathrúnach agus arb iad a bhíonn air oifigigh ó aonaid agus ó chóir seachas iad sin inar charnaigh na stóir. Sula moltar go gcuirfí stóir nó trealamh de láimh ní foláir do Bhord Suirbhé a bheith lán-chinnte de nach bhfuil aon áit eile sna Fórsaí Cosanta chun arbh fhiú iad a aistriú. Nuair a chuir an tArd- Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir go raibh roinnt earraí trealaimh agus stóir i dtaisce fós i mí Meán Fómhair 1977 i Stór an Chór Innealtóirí, Ceannasaíocht an Churraigh, tar éis do Bhoird Suirbhé a mholadh go ndíolfaí iad sna blianta 1970 go 1973, chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl dó gurb é chúis gur tharla an mhoill ag cur na n-earraí sin de láimh gan aon nós imeachta cinnte a bheith ann chun bearta a dhéanamh i dtaobh na dtuarascálacha ó na Boird Suirbhé ach go raibh beart oiriúnach déanta lena chinntiú nach dtarlódh moill mar sin feasta. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise os comhair an Choiste nach ndearnadh aon rud eile agus gur ligeadh do na stóir carnadh cé go rabhthas tar éis cinntí na mBord Suirbhé a fháil sna cásanna sin.


Glacann an Coiste leis go bhfuiltear leis na blianta ag cur stóir agus trealaimh de láimh nach mbíonn ag teastáil a thuilleadh. Is deacair leis a thuiscint, dá bhrí sin, cén chúis nach raibh, i 1977, nós imeachta ceart-chinnte ann chun beart a dhéanamh tar éis tuaras- cálacha a fháil ó na Boird Suirbhé. Is maith leis a aireachtáil go bhfuil an t-easpa sin curtha ina cheart ó shin agus tá súil aige nach mbeidh aon mhoill feasta ag déanamh beart den sórt sin.


Táillí fruilithe héileacaptar

40. Áirítear sna táillí fruilithe héileacaptar Airm táille uileghabh- álach as am eitilte agus am neamheitilte i leith na foirne. Nuair a tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar an moill ag athbhreithniú na dtáillí sin a socraíodh go deireanach i 1969 agus 1971, faoi seach, d’ainneoin an méadú ar phá agus liúntais agus ar chostas breosla a tharla idir an dá linn chuir an tOifigeach Cuntas- aíochta in iúl dó go raibh an scéal á scrúdú ag cuntasóir gairmiúil na Roinne. Cuireadh i bhfios dó ina dhiaidh sin i Márta 1979 go raibh na táillí ardaithe. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise leis an gCoiste gur £80 san uair an táille i 1971 agus go raibh sé méadaithe anois go dtí £165 san uair. Chuir sé i bhfios go n-úsáidtear héileacaptair Airm chun dhá chrích, mar atá ar chúram otharchóiste aeir, a mbíonn a leithéidí i gceist tuairim 100 uair sa bhliain ar an meán, agus ar fruiliú gnó, nach mbíonn a leithéid i gceist ach uair sa bhliain ar an meán. Ón uair go n-íocann an t-údarás sláinte áitiúil an táille fruilithe don tseirbhís otharchóiste aeir agus go bhfaightear aisíoc iomlán geall leis ón Vóta Sláinte is gnó idir- Roinne é go bunúsach agus bhí sé molta ag an Roinn Cosanta go gcumhdófaí é le nótaí sna Cuntais Leithreasa iomchuí gan aon aisíoc táille.


Ní bheadh aon rud ina aghaidh sin ag an gCoiste dá bhféadfaí glacadh leis agus dá laghdódh sé an obair riaracháin a bhaineann leis. Tugann sé dá aire go bhfuil an scéal á bhreithniú ag na Ranna Cosanta. Airgeadais agus Sláinte agus ba mhaith leis go n-inseofaí dó toradh an bhreithnithe sin. Is dóigh leis an gCoiste áfach gur cheart go mbainfí amach táille réadúil ar an tseirbhís don Roinn Sláinte agus don fhruiliú ócáideach gnó agus molann sé dá bhrí sin gur chóir don Roinn Cosanta na táillí fruilithe a athbhreithniú níos minicí agus go féiltiúil feasta.


SAOTHAR

Scéim Greasachtaí Fostaíochta

41. Is é atá ceaptha leis an Scéim Greasachtaí Fostaíochta fostóirí a spreagadh chun oibrithe breise a ghlacadh ar fostú de bhreis ar an líon a bhí fostaithe acu ar bhonn-dáta. D’fhonn cáiliú do na deontais is iníoctha faoin Scéim ní foláir do fhostóir a bhunú gur oibrithe de bhreis dáiríre ar líon saothair na hoibrithe a bhfuil sé ag iarraidh ina leith. Chuir nóta leis an gCuntas Leithreasa in iúl go mba lú ná an soláthar ina chóir a raibh de ghlacadh air agus dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste nach raibh éileamh na bhfostóirí chomh mór agus a ndearnadh de shaothar ina choinne cé gur tugadh leathantas fairsing don scéim. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta freisin nach raibh an scéim nuair a tugadh isteach í ach á cur i mbaint leis an tionscal monaraíochta toisc gur measadh ag an am go mba leor, sa mhéid a bhain le caitheamh airgid phoiblí, tabhairt faoi mhéadú sa tionscal monaraíochta a spreagadh agus go leanfadh fostaíochtaí eile ar nós seirbhísí uathu féin. Meastar anois go bhféadfaí fostaíocht a shaothrú i slite beatha eile neamhspleách de thionscal, mar atá seirbhísí, agus bhí cuid mhaith gnólachtaí beaga ag fáil tairbhe na Scéime.


Tá an Coiste ag smaoineamh, áfach, i gcás gnólachtaí beaga a bheadh i dteideal tairbhe a bhaint as an Scéim, nach bhfuil na hacmhainní riaracháin acu chun teicniciúlachtaí na Scéime a ionramháil go hinniúil agus éilimh a phróiseáil i gceart. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go bhfuil cabhair á thabhairt cheana féin ag oifigigh na Roinne nuair a bhíonn sin ag teastáil ó éilitheoirí agus iad ag ullmhú a gcuid éileamh. Mar sin féin gheall sé go bhfaigheadh sé amach an raibh gnólachtaí beaga in easpa comhairle sa scéal. Beidh an Coiste ag feitheamh le heolas ar thoradh an fhiosraithe sin.


Deontais-i-gcabhair do AnCO

42. Sa mheastachán don Roinn Saothair do 1977 bhí soláthar darbh iomlán £11.65 milliún le haghaidh deontais-i-gcabhair do AnCO. Eisíodh i rith na bliana an tsuim iomlán a soláthraíodh agus bhreithnigh an Coiste féachaint an raibh aon tslí ina bhféadfadh sé a thuilleadh eolais a fháil i dtaobh caitheamh an airgid a soláthraíodh. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta i bhfianaise go mbíonn an Roinn Saothair i gcónaí ag lorg deiseanna chun maoirseacht a fheabhsú ar chaitheamh airgid vótáilte den sórt sin agus chuir sé in iúl go ndéanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar chuntais AnCO. Ní foláir smaoineamh air, áfach, maidir le comhlacht de leithéid AnCO, a bunaíodh faoi reacht agus a bhfuil comhairle reachtúil aige, go bhfuil sé an-íogair i dtaobh a neamhspleáchais agus ar uaire nach nglacfadh sé leis an gcur isteach ba lú air agus go bhfuil difríocht an-chaol idir a chinntiú gur mar a cheap an tOireachtas a caitheadh airgead agus aon bhaint leis an gComhairle i mbun a cuid oibre di a sheachaint.


Cé go dtuigeann an Coiste nach foláir cuid mhaith neamh- spleáchais a bheith ag comhlachtaí reachtúla de shórt AnCO má tá siad lena bhfeidhmeanna a oibriú go héifeachtúil, tá an Coiste suite de go láidir go bhfuil sé de fhreagracht air a chinntiú dó féin gur de réir intinn na Parlaiminte a caitheadh airgead a vótáil an Pharlaimint. Is eol don Choiste go bhfuil scrúdú á dhéanamh anois ag Comhchoiste Oireachtais ar chuntais chomhlachtaí Stát-tionscanta áirithe a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí trádála nó gnó, agus ní fheadair sé an ndearnadh aon smaoineamh i dtaobh ar cheart cuntais chomhlachtaí Stát-tionscanta neamhthrádála ar nós AnCO a chur faoi scrúdú den sórt ceanna.


OIFIG NA gCOIMISINÉIRÍ IONCAIM

Comhad-taifid ríomhaire

43. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir nár cuireadh eolas cothrom-le-dáta ar stádas bailithe cánach roinnt cáiníocóirí sa chomhad-taifead ríomhaire a bhíonn á choinneáil ag na Coimisinéirí Ioncaim. Mura gcoinnítear comhad-taifead ríomhaire cháiníocóra cothrom-le-dáta d’fhéadfadh nach bhféadfaí dul ar thóir cánach is iníoctha. Ní mór do chigire an doiciméadacht a ullmhú is gá chun comhad-taifead cháiníocóra a leasú nó a choinneáil cothrom- le-dáta agus é a chur go dtí Oifig an Ard-Bhailitheora ach dhealraigh sé, sna cásanna a chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir, nach raibh taifead ar bith ar dhoiciméadacht den sórt sin a bheith faighte san Oifig sin. De thoradh an fhiafraithe ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste bhíothas á iarraidh ar an gcigire na cásanna lenar bhain a athbhreithniú. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise don Choiste gur tharla an fhadhb mar gheall ar athrú nós imeachta a rinneadh ar mhaithe le tíos, ach gur nós imeachta é nach raibh na cigirí go léir cleachtach air. Bhí sé sin curtha ina cheart anois, áfach, agus bhí an tOifigeach Cuntasaíochta sásta nach dtiocfadh ann arís don fhadhb a bhí curtha i bhfáir ag an Ard- Reachtaire Cuntas agus Ciste.


Cé go bhfáiltíonn an Coiste roimh dhearbhú an Oifigigh Cuntas- aíochta san ábhar seo tá sé á chur in iúl aige gur comhartha an cás seo ar a thábhachtaí atá sé a chinntiú, nuair a bhíonn nósanna imeachta á n-athrú, go mbeidh tuisoint iomlán ar oibriú na nósanna imeachta nua ag na hoifigigh a bheidh freagrach ina gcur i ngníomh. Is ní é sin nár mhiste a chur i bhfáir ar gach Oifigeach Cuntasaíochta.


Cáin ÍMAT gan íoc

44. Cáin a asbhaintear faoin gcóras ÍMAT as luach saothair fostaithe ní foláir do fhostóirí í a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim an mhí i ndiaidh a asbhainte agus tá ús reachtúil dlite i gcás cánach a fágtar gan íoc tar éis an dáta dlite. Dé réir staidrimh a tugadh don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste bhí neart cánach agus úis den sórt sin gan íoc. Bhí sé curtha in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ag an Oifigeach Cuntasaíochta gurb é a bhí sna hiarmhéideanna cánach agus úis a bhí gan íoc ganníocaíochtaí iarbhír agus measta, gur tharla na ganníocaíochtaí iarbhír nuair a thaispeáin an doici- méadacht chinn bhliana go mba lú an cháin a chuir an fostóir isteach ná an tsuim cheart agus gur tharla na ganníocaíochtaí measta nuair nach raibh an doiciméadacht chinn bhliana faighte nó nuair a mheas an cigire nach raibh ÍMAT oibrithe mar ba cheart ag fostóir. Bhí sé curtha in iúl ag an Oifigeach Cuntasaíochta, cé go raibh ardú na meastachán ina mhodh riachtanach fíor-éifeachtúil chun tabhairt ar fhostóirí cláraithe na tuairisceáin fhorordaithe a chur isteach, nár ghá gur chiallaigh sé go raibh dliteanas ann agus go minic nuair a fuarthas na tuairisceáin ar deireadh thiar thaispeáin siad nach raibh aon dliteanas ann dáiríre.


Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl don Choiste gur thaispeáin táblaí a fuarthas ón Oifigeach Cuntasaíochta gurbh í an tsuim iomlán cánach ioncaim ÍMAT a bhí gan íoc an 7 Meitheamh 1980 i leith na mblianta 1960/61 go 1977/80 ná £51.4 milliún i dtuairim 55,000 cás agus gurbh í an t-ús a bhí gan íoc i leith na mblianta sin an dáta céanna ná £6.5 milliún i dtuairim 33,000 cás. Meastacháin ab ea £40.6 milliún den £51.4 milliún cánach ÍMAT a taispeánadh a bheith gan íoc, rud a d’fhág £10.8 milliún ganníocaíochtaí iarbhír a bhain le tuairim 8.600 cás. Níl rogha ag an gCoiste ach glacadh leis, i dteannta an £10.8 milliún iarbhír de ghanníocaíochtaí a bunaíodh, go mbunófar suim maith mór den £40.6 milliún measta ganníocaíochtaí a bheith dlite freisin i ndeireadh na dála. Imní rómhór leis a mhéid atá sé ag tarlú go bhfuil fostóirí ag baint chánach ÍMAT as luach saothair a bhfostaithe ach nach bhfuil na suimeanna asbhainte sin á n-íoc láithreach leis na Coimisinéirí Ioncaim. Tá sé á thathant acu dá bhrí sin gur chóir gach dícheall a dhéanamh chun a chinntiú go ndéanfaidh fostóirí mainneachtnacha a n-oibleagáidí reachtúla a comhlíonadh sa ní sin.


Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste freisin leis an gCoiste nach mbíonn na riaráistí ÍMAT ar áireamh sna figiúirí cánach ioncaim gan íoc a thugann sé in aghaidh na bliana do na Coimisinéirí Ioncaim agus a chuireann sé isteach ina Thuarascáil mar eolas don Choiste. Fágtar ar lár iad de réir dealraimh toisc go measann na Coimisinéirí Ioncaim nach bhfuil baint le hábhar ag riaráistí ÍMAT sa scéal seo mar nach mbíonn iontu go formhór ach meastacháin agus, ní hionann agus meastacháin chánach ioncaim agus chánach corparáide, ní dhéantar iad sin ach nuair a bhíonn mainniú sna híocaíochtaí agus/nó sna tuairisceáin i ndeireadh na bliana. D’aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise os comhair an Choiste gur cheart eolas i dtaobh ganníocaíochtaí iarbhír cánach ÍMAT a thabhairt don Choiste agus go bhféadfaí é a réiteach leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste cén fhoirm inar chóir é sin a dhéanamh. Tá súil ag an gCoiste dá bhrí sin go bhfaighidh sé an t-eolas breise sin gach bliain feasta.


Ús ar mhall-íocaíocht Cánach Ioncaim ÍMAT

45. Thagair Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste d’ús reachtúil nár bailíodh ó fhostóirí a d’íoc cáin ioncaim ÍMAT a bhí bailithe acu leis na Coimisinéirí Ioncaim, ach nach raibh sé sin déanta acu faoi na dátaí reachtúla a bhí ordaithe. Bhain an t-ús nach raibh bailithe leis na blianta ó 1969/70 suas agus chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach ndéantar de ghnáth beart chun ús amháin a ghnóthú, gurb é príomhchúis a bhí leis sin go gcuirfeadh sé ualach ró-throm ar ghníomhaireachtaí arb é a gcúram gnóthú a chur i ngníomh agus go mbacfadh sé a gcumas chun déileáil le cásanna níos tábhachtaí a bhain le riaráistí cánach agus úis. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl áfach, go dtarlaíonn cásanna áirithe, mar shampla, cásanna ina bhfuil suim thábhachtach cánach i gceist, go gceanglaítear ús neamhíoctha le bailiú cánach a bheadh ag druidim chun riaráiste agus bíonn an bhagairt go n-áireofaí an t-ús neamhíoctha uile in imeachtaí dlíthiúla ina bhac rímhaith ar aon mhainniú in íoc na cánach reatha.


Maidir leis na forálacha reachtúla a fhorchuireann ús ar íocaíochtaí déanacha cánach, dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta i bhfianaise os comhair an Choiste nach bhfuil aon rogha reachtúil go baileach ag na Coimisinéirí Ioncaim ús den sórt sin a mhaitheamh ach go nglacann siad leis go bhfuil rogha ghinearálta acu faoi na forálacha “Cúram agus Bainistí” agus is dóigh leo nar mhaith leis an Oireachtas iad a bheith ar thóir íocaíochtaí nuair ba mhó an costas a bhainfeadh lena ngnóthú ná an tsuim a ghnóthófaí.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin ina chuid fianaise gurbh í tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, sa mhéid a bhain le Gníomh- aireachtaí Rialtais atá ag brath ó thaobh ioncaim ar dheontais ó Ranna Rialtais eile, nach mbeadh sa bhailiú úis ar íocaíochtaí déanacha ÍMAT ach airgead poiblí a chur sa timpeall arís. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste leis an gCoiste, áfach, go raibh comhlachtaí áirithe ar áireamh sna comhlachtaí Stát-tionscanta nach bhfaigheann deontais bhliantúla ó chistí poiblí faoi chomhair a gcuid costas ach a raibh sé ceaptha dóibh a n-ioncam féin a shaothrú agus nach raibh ag íoc a gcuid asbhaintí ÍMAT anonn láithreach. Aon loghaíocht dá bhrí sin a thabharfadh na Coimisinéirí Ioncaim maidir le hús ÍMAT d’fhéadfaí féachaint air mar chineál fóirdheontais faoi cheilt do na comhlachtaí sin. Ba ábhar imní dó go raibh ÍMAT a bhí ag dul do na Coimisinéirí Ioncaim á thaispeáint ar chuntais bhliantúla chomhlachtaí Stát-tionscanta i measc sochair a gcreidiúnaithe, rud a chuir i bhfios go rabhadar ag baint úsáid as asbhaintí ÍMAT chun a sruth airgid a mhéadú. Tá an Coiste i bpáirt leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste san imní sin agus tá sé á iarraidh go meabhrófaí do gach uile chomhlacht Stát-tionscanta go bhfuil sé d’oibleagáid orthu asbhaintí cánach ioncaim ÍMAT a íoc anonn láithreach leis na Coimisinéirí Ioncaim.


Is deacair leis an gCoiste glacadh glan amach le tuairim an Oifigigh Cuntasaíochta go bhfágann na forálacha “Cúram agus Bainistí” de rogha ag na Coimisinéirí Ioncaim gan dul ag tóraíocht ar an ús reachtúil ar ÍMAT nár íocadh in am. Chítear dó go gcaithfidh teorainneacha áirithe a bheith le brí ná bhforálacha sin agus tá sé in amhras dá bhrí sin an mbeadh sé de chead ag na Coimisinéirí Ioncaim faoin rogha ghinearálta a éilíonn siad faoi na forálacha sin neamhaird a thabhairt ar cheanglais aon reachtaíochta cánach más dóigh leo gur ceart é sin a dhéanamh ar fhorais riaracháin cé nach dtugann reachtaíocht den sórt sin, mar shampla an reachtaíocht a bhaineann le cáin ioncaim ÍMAT, aon rogha ghinearálta dóibh.


Ba mhaith leis an gCoiste dá bhrí sin go n-inseofaí dóibh ar bhealach éigin soiléir cad iad na cumhachtaí atá ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi na forálacha “Cúram agus Bainistí”.


Ús ar CBL déanach

46. Forálann an tAcht Cánach Breisluacha 1972 go ndlitear ús a bhaint amach ar cháin a bhailíonn daoine cuntasacha ach nach n-íoctar anonn leis an Ard-Bhailitheoir Ioncaim laistigh den tréimhse fhorordaithe. Le linn iniúchta thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi deara nach raibh cruinniú an úis sin á thóraíocht i ngach cás agus d’iarr sé tuairimí an Oifigigh Cuntasaíochta. Dúirt sé leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go ndéantar na nósanna imeachta caighdeánacha a chuirtear chun feidhme maidir le gan tóraíocht a dhéanamh ar ús ar íocaíochtaí déanacha cánach ioncaim agus cánach ÍMAT a chur chun feidhme freisin ar ús ar íocaíochtaí déanacha CBL. Dúirt sé go bhféadfadh deacrachtaí móra tarlú dá gcuirtí na forálacha úis i bhfeidhm go dian i ngach cás agus dá ndéantaí sin go mba bhaol go gcaillfí dea-thoil fostóirí, agus go bhfuil cruinniú na gcánacha sin ag brath go mór ar a ndea-thoil. Dúirt sé freisin gur measadh gur cheart féachaint ar na forálacha úis mar dheis chun íocaíocht láithreach a fháil ar an gcáin féin d’fhonn a chinntiú nach dtagann na fostóirí móra chun bheith míthráthach ag íoc cánach dóibh agus trí ghlacadh le bealach chun féachaint ó thaobh a bhfiúntas ar iarratais chun muirir úis a ligean ar ceal. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin gurbh é barúil na gCoimisinéirí Ioncaim, dá bhrí sin, go raibh an ceart á dhéanamh acu i bhfeidhmiú a gcumhachtaí faoi na forálacha “Cúram agus Bainistí” agus gan dul ag toraíocht muirear úis i gcásanna lenar bhain na cúrsaí atá luaite.


An trácht a rinne an Coiste ar an díscréid a d’éiligh na Coimisi- néirí faoina bhforálacha “Cúram agus Bainistí” i ndáil le neamh- thóraíocht úis ar cháin ioncaim ÍMAT atá thar a bheith dlite (féach mír 45) tá feidhm acu mar an gcéanna i ndáil leis an discréid a éilionn siad maidir le neamhthóraíocht ar CBL atá thar a bheith dlite agus, dá bhrí sin, tá sé ag feitheamh le soiléiriú a fháil ar chumhachtaí na gCoimisinéirí Ioncaim faoi na forálacha “Cúram agus Bainistí”.


Ranníocaí Árachais Shóisialaigh Pá-Choibhneasa

47. Is é an tArd-Bhailitheoir Ioncaim atá freagrach i gcruinniú na ranníocaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa agus an úis reachtúil is intobhaigh ar ranníocaí a bhíonn thar a bheith dlite. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh ranníocaí gan íoc an 18 Eanáir 1978 darbh iomlán £6.6 milliún agus ús darbh iomlán £0.67 milliún. Dúirt sé go raibh meastacháin iarbhír agus measta ar áireamh sna figiúirí sin agus ó bhí suimeanna measta £5 mhilliún ar áireamh i bhfigiúr na ranníocaí a bhí gan íoc, gur dóigh go raibh na riaráistí ranníoca iarbhír go maith faoi bhun £6.6 mhilliún.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste ina chuid fianaise gurbh é an cuspóir ar mhaithe le tíos riaracháin cruinniú an árachais leasa shóisialaigh pá-choibhneasa a chomhghabháil go hiomlán le cruinniú na cánach ioncaim ÍMAT agus go mbainfeadh a raibh ráite i dtaobh measúnachtaí measta maidir le cáin ÍMAT (féach mír 44) chomh maith céanna le ranníocaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin go dtioc- fadh méadú tábhachtach amach anseo ar na suimeanna i leith ranníocaí agus úis.


Ábhar cúraim don Choiste mórmhéid na ranníocaí árachais shóisialiagh pá-choibhneasa atá amuigh cheana féin agus an chosúlacht go dtiocfaidh méadú maith mór ar an méid sin sul i bhfad. Cé go nglacann sé leis gur figiúr measta cuid mhaith den suim sin ní foláir dó gabháil lena ais go bhfuil ar a shon sin iarmhéid measartha mór fágtha, arb é atá iontu ranníocaí árachais shóisialaigh iarbhír a asbhaineadh ó íocóirí cánach ioncaim ÍMAT ach nár íocadh anonn leis an Ard-Bhailitheoir Ioncaim lena gcur ar aghaidh go dtí an Roinn Leasa Shóisialaigh. Níl a mhalairt le rá ag an gCoiste ach go bhfuil locht agus géarmhilleán le leagan ar na fostóirí úd a bhaineann ranníocaí árachais shóisialaigh as pá a bhfostaithe agus ansin nach n-íocann na ranníocaí sin lena gcreidiúnú don Chiste Árachais Shóisialaigh. Ní hamháin gur cúram dó go mbaineann breis easnaimh don Chiste mar gheall ar mhainneachtain sin na bhfostóirí agus go gcaitear an t-easnamh sin a ghlanadh le hairgead vótáilte, ach is ábhar ró-throm imní dó freisin go bhfuil baol ann mar gheall ar an mainniú sin nach bhfaigheadh fostaithe a bhfuil ag dul dóibh faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh. Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach cad é seasamh dlíthiúil na bhfostaithe sin.


Tuigeann an Coiste an fhadhb atá le hionramháil ag na Coimisinéirí Ioncaim ag iarraidh an neart mór riaráistí a luaigh an tOifigeach Cuntasaíochta de ranníocaí árachais shóisialaigh pá-choibhneasa a chruinniú agus fadhb atá ag teacht deacair go speisialta ar a gcuid gníomhaireachtaí forfheidhmiúcháin atá cheana féin go fairsing broidiúil ag gabháil do riaráistí cánach a chruinniú. Caithfidh sé tathant, áfach, go ndéanfar gach dícheall chun na riaráistí ranníocaí sin a ghnóthú agus ba mhaith leis fios a fháil ar cad tá ar intinn ag na Coimisinéirí san ábhar sin.


COMHSHAOL

Deontais Tithíochta £1,000

48. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir nach raibh, ar dháta a thuarascála, aon reachtaíocht rite chun bailíocht a thabhairt do íoc deontas £1,000 le húinéirí-áititheoirí céaduaire ar thithe áirithe. Tá a fhios ag an gCoiste go dtugann Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1979, a achtaíodh mí Lúnasa 1979, cumhacht don Aire Comhshaoil deontais den sórt sin a íoc, faoi réir cibé rialacháin a dhéanfaidh sé. Ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil maidir le déanamh na rialachán is gá.


Ar na coinníollacha a ghabhann leis na deontais sin tá ceann á fhoráil nach foláir gan teach a bheith ar úinéireacht roimhe sin ag iarratasóir sa tír seo ná aon áit eile. D’aontaigh an tOifigeach Cuntas- aíochta ina fhianaise os comhair an Choiste go raibh sé deacair fíorú a fháil go raibh an coinníoll sin á chomhlíonadh ag iarratasóirí ar dheontais. Chun críche an fhíoraithe sin tá treoirliosta daoine á choinneáil ag an Roinn ar íocadh deontais leo chun tithe a cheannach nó a athfhoirgniú agus caithfidh iarratasóir dearbhú reachtúil a dhéanamh nach raibh teach dá chuid féin aige cheana féin. I gcás duine ó lasmuigh den tír tá an Roinn ag brath go hiomlán ar an dearbhú reachtúil agus, i ndeireadh na dála, ar ionracas an iarrata- sóra. Dá dtéadh an Roinn thairis sin chuirfeadh sé costais i bhfad níba mhó ar an Roinn ná mar ab fhiú ag féachaint don bhuntáiste a bheadh le breith. Tá sé costasach fiú amháin an treoirliosta láir a choimeád ar bun agus thairis sin is deis moilliúcháin é agus b’fhéidir go gcaithfí é a chur de leataoibh toisc go mbacann sé gluaiseacht na hoibre.


Sa Tuarascáil uaidh faoi dháta an 21 Aibreán 1977 thagair an Coiste um Chuntais Phoiblí don ghá atá ann, nuair a bhíonn reacht- aíocht á ullmhú, chun na ciallachais riaracháin a bhaineann leis a bhreithniú agus deimhníodh dó go raibh a chuid tuairimí á chur i bhfáir ar na Ranna uile. Measann an Coiste go bhfuil sé le tuiscint ón deacracht atá ar an Roinn Comhshaoil agus í ag iarraidh cruthú a fháil di féin gur úinéirí-áititheoirí céaduaire na daoine a bhíonn ag lorg na ndeontas £1,000 nach ndearnadh ciallachais riaracháin an scéim deontas sin a mheas sách grinn sular tugadh isteach í. Mura bhféadfaí na húinéirí-áititheoirí céaduaire fíora a aithint i measc na n-iarratasóirí thiocfadh de sin go n-íocfaí deontais le daoine nach raibh ina dteideal. Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach an bhfuil aon rud eile a d’fhéadfadh an Roinn déanamh chun a leithéid sin a chosc agus, mura bhfuil, ar smaoiníodh ar na coinníollacha sa scéim deontas a leasú.


LEAS SÓISIALACH

Íocaíochtaí sochar mhíchumais

49. Íocann an Roinn Leasa Shóisialaigh sochar míchumais trí chóras íocaíochtaí ríomhairithe agus dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh roinnt easnamh aimsithe ag a fhoireann ar na nósanna imeachta rialaithe faoina n-oibríonn sé. Mar gheall ar na heasnaimh sin dhealraigh sé go bhféadfaí taifid bhréagacha a chumadh trí eolas neamhúdaraithe a thabhairt isteach sa chóras agus, dá gcumfaí taifid den sórt sin, go mb’fhéidir go bhfanfadh siad gan tabhairt faoi deara. Dúirt sé freisin nach ndearnadh bailíocht a chruthú i gceart i gcónaí i gcásanna ar glacadh leo chun íocaíochta agus gur ligeadh i léig an tseiceáil ar thuairiscí earráide a tháinig ón ríomhaire. Dúirt an tArd Reachtaire Cuntas agus Ciste leis an gCoiste gur chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl dó go raibh beart déanta ó shin chun rialúcháin a thabhairt isteach arís i limistéir áirithe inar ligeadh dóibh dul as agus rialúchán breise a thabhairt isteach trí gach uile íocaíocht mhíchumais a thaifeadadh ar chomhaid ríomhaire. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh sé sásta, de thoradh na bhfeabhsuithe sin, go raibh leorshocruithe eagraíochta agus maoirsithe ar bun chun an méid rialúcháin ba ghá a chinntiú. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl don Choiste, áfach, go raibh tuilleadh soiléiriú iarrtha aige ar an Oifigeach Cuntasaíochta faoi roinnt rudaí agus go raibh an t-eolas a tugadh á bhreithniú aige.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise os comhair an Choiste go raibh fadhb slándála ann i gcónaí fiú roimh theacht ann do ríomhairí. Maidir leis an gcuid amharc-críochnáin ba chuid dá ndeacracht go gcaithfidh rochtain gan bhac a bheith ag an bhfoirinn sa rannóg sochar ar na hamharcáin chun eolas a ligean isteach iontu. Glactar gach uile chúram, áfach, ar a n-áirítear deighilt dualgas, foireann a roinnt de réir róta agus a chinntiú nach raibh an duine a bhí ag ligean an eolais isteach ag déanamh seiceáil ar an eolas sin. Bhreithnigh siad a bhféadfaí rochtain ar na críochnáin riomhaire a shrianadh ach fuair siad amach nach raibh sin indéanta mar gheall ar an mbrú chun sprioclínte íocaíochta a fhreastal. Dúirt sé nach bhfuil aon bhealach anois ina bhféadfaí íocaíochtaí breágacha a dhéanamh mar gheall ar lochtaí rialúcháin.


Is cúram don Choiste gur tharla sé sa chás seo, agus dealraíonn go deimhin gur tharla amhlaidh i Ranna eile, go ndealraíonn go raibh ríomhairiú ina chúis le fadhbanna tromaí sa limistéar rialaithe airgid agus ní fheadair sé an bhfuil aon rud le rá ag Roinn na Seirbhíse Poiblí, atá mar a thuigtear dó freagrach sa ríomhaireacht ar fud na seirbhíse poiblí. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil roinnt rudaí a bhaineann leis na nósanna imeachta rialaithe atá i ngníomh sa chóras íoca sochar míchumais á mbreithniú tuilleadh ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Gan amhras nuair a bheidh an scrúdú sin críoch- naithe aige tabharfaidh sé tuairsic ar aon ábhair eile a thiocfaidh de agus a mheasfaidh sé is ceart a chur faoi bhráid Dháil Éireann.


AN GARDA SÍOCHÁNA

Fógraí faoi Chionta Tráchta

50. Fógra do ghluaisteánaí faoi alt 103 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961 i leith cion tráchta líomhnaithe tugann sé de rogha dó suim fhorordaithe a íoc, agus má íocann ní dhéanfar é a ionchúiseamh sa chion líomhnaithe, nó, mura n-íocfaidh sé an tsuim, go bhféadfar é a ionchúiseamh. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur tharla, i roinnt cásanna nuair nár íocadh na suimeanna forordaithe, nach ndearnadh na fógraí iomchuí a phróiseáil go cuí roimh an teorainn ama chun toghairm a eisiúint agus, dá dhroim sin, nach bhféadfaí aon bheart eile a dhéanamh. De réir eolais a thug an tOifigeach Cuntasaíochta dó is é an méid measta fógraí faoi Alt 103 nach ndearnadh a thuilleadh fúthu sna trí bliana roimhe sin ná 1974—3,000, 1975—11,250, 1976—79,750. Dúirt an tOifigeach Cuntas- aíochta gurb é a tharla, i gcuid de na cásanna sin, nach bhféadfadh an Garda Síochána agus/nó an fhoireann údaráis áitiúil a bhí i gceist, mar gheall ar an iomad oibre eile, teacht chomh fada le hiarratais a chur go dtí an t-údarás cláraitheachta ag lorg ainmneacha úinéirí cláraithe na bhfeithiclí sula raibh an teorainn ama sé mhí le haghaidh eisiúint toghairmeacha caite. I gcásanna eile chuir siad na hiarratais sin ar aghaidh ach níor thug na húdaráis áitiúla lenar bhain an t-eolas a bhí ag teastáil tapaidh go leor chun dul ar aghaidh leis an scéal a thuilleadh. Tharla moill i gcásanna eile mar gheall ar úinéirí gluaisteán d’athrú. I gcás na nGardaí is é ba chúis leis an mhoill go mb’éigean tosaíocht a thabhairt d’obair a bhain le slándáil phoiblí agus le droch-choirpeacht a chosc agus a fhionnadh. Ba é ba chúis le moill lucht údaráis áitiúil gur dhiúltaigh cuid d’fhoireann Bhardas Bhaile Átha Cliath oibriú sa chóiríocht a cuireadh ar fáil i Stáisiún Garda Shráid na Stór. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh gach uile rud ab fhéidir déanta chun an scéal a fheabhsú agus go rabhthas ag breathnú ar mholtaí i dtaobh ríomhaireachta don am le teacht.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste ina chuid fianaise go raibh beart á dhéanamh i dtaobh gach uile chás den sórt sin anois. Tharla athrú sa scéal le déanaí nuair a chinn Bardas Bhaile Átha Cliath agus Bardas Chorcaí gan a thuilleadh baint a bheith acu leis an obair sin. D’aontaigh sé, mura gcuirfí faoi Alt 103 i bhfeidhm i ndáil le cuid mhór de na cásanna a tharla agus gur lean sé sin ar feadh tréimhse go mbeadh baol ann go dtabharfaí na rialacháin faoi dhroch-mheas. Dá mbeadh an mainniú sin chomh fairsing go raibh lucht gluaisteán ag tabhairt neamhaird ar fhógraí, agus fios acu go raibh dóigh dearbh ann nach leanfaí ar aghaidh leo, bheadh cor míshásúil ar an scéal ach, mar atá, tá an fhadhb faoi réir anois.


Ní foláir don Choiste a chur in iúl gur tromaí leis mar a ligeadh don scéal i dtaobh fógraí faoi Alt 103 dul in olcas ar an gcuma sin. Aontaíonn sé le barúil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur airgead amú airgead poiblí a chaitheamh ag eisiúint fógraí nach bpróiseáltar go cuí ina dhiaidh sin. Maidir le barúil an Oifigigh Chuntasaíochta go bhféadfaí na rialacháin a thabhairt faoi dhroch- mheas dá bheadh cuid mhaith fógraí fágtha gan próiseáil agus gur lean rudaí mar sin feadh tréimhse ní foláir don Choiste a chur in iúl gur eagal leis a leithéid sin de chor a bheith sroichte cheana féin, ag féachaint don líon an-mhór fógraí a fágadh gan próiseáil sna blianta 1974. 1975 agus 1976. Tugann an Coiste dá aire go ndeir an tOifigeach Cuntasaíochta go bhfuil an fhadhb tugtha faoi réir. Ba mhaith leis eolas a fháil ar an méid measta fógraí faoi Alt 103 nár leanadh ar aghaidh leo i 1977 agus 1978.


CÚIRTEANNA

Oifigí Cúirte Dúiche

51. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar an mhoill fhada a tharla in Oifigí Cúirte Dúiche ag eisiúint barántas i leith fíneálacha neamhíochta. Dúirt sé gur chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl dó gur measadh ó thuairisceáin a fuarthas ó na cléirigh Cúirte Dúiche go raibh 57,000 barántas fíneála ar fad dlite le heisiúint an 31 Nollaig 1977 agus, ar fhoras na meán-fhíneálacha a gearradh, gurbh ionann sin agus suim tuairim £530,000 d’fhíneálacha neamhíochta. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard- Reachtaire Cuntas agus Ciste gurbh é ba chúis leis an mhoill ag eisiúint barántas, fara le riaráistí eile oibre sna hOifigí Cúirte Dúiche, nach raibh foireann go leor ann chun freastal ar an méadú an-mhór a tháinig ar an obair le blianta beaga anuas. Dúirt sé, áfach, go raibh ceadú le haghaidh poist bhreise faighte idir Bhealtaine 1977 agus Feabhra 1978 agus go rabhthas ag súil leis go mbeadh na poist sin go léir líonta faoi dheireadh 1978, sa tslí go bhféadfaí fadhb na moille a réiteach laistigh d’am réasúnach.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise os comhair an Choiste go raibh feabhas mór tar éis teacht ar an scéal ach nach raibh sé réitithe amach is amach. Faoi dheireadh 1978 bhí laghdú anuas go leath tugtha ar an 57,000 barántas neamheisithe agus laghdú mór eile fós i 1979, ach ní raibh cor sásúil fós ar an scéal.


Is imníoch an Coiste mar gheall ar an moill a tharla in Oifigí Cúirte Dúiche ag eisiúint barántas maidir le fíneálacha neamhíoctha. Tugann sé dá aire na hiarrachtaí atá déanta chun na riaráistí sin a ghlanadh agus ba mhaith leis go n-inseofaí dó conas mar a bheifear ag dul ar aghaidh san ábhar sin.


OIBREACHA POIBLÍ AGUS FOIRGNIMH PHOIBLÍ

Cáin Ioncaim a asbhaintear as Íocaíochtaí Cíosa

52. Baineann Oifig na nOibreacha Poiblí cáin ioncaim as íocaíochtaí cíosa a thugtar do dhaoine a mbíonn gnáthchónaí orthu lasmuigh den Stát. Ní foláir cáin ioncaim a asbhaintear mar sin a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim agus tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar mhoill a bhain le híoc asbhaintí darbh iomlán £71,494 a rinneadh idir 1973 agus 1977. D’aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur mhíshásúil mar chor é, agus bhí curtha in iúl aige don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur obair an-chasta, a gcaitear a lán ama léi an t-ábhar is gá a chruinniú i ndáil leis na hasbhaintí sin agus ina dhiaidh sin na cuntais amhail idir Bord na nOibreacha Poiblí agus na Coimisinéirí Ioncaim a chur ag comh- fhreagairt dá chéile. Mar gheall ar dheacrachtaí foirne le blianta beaga anuas thit an obair sin i ndiaidh láimhe agus ar a shon gur cuireadh isteach an-chuid breis-ama níorbh fhéidir teacht suas leis an obair. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste gur íocadh anonn an cháin i leith na mblianta 1976-77 amach agus go rabhtahas ag teacht suas leis na riaráistí diaidh ar ndiaidh.


Chítear don Choiste gur cheart asbhaint agus íoc cánach ioncaim a bheith ina rud simplí díreach agus obair í ba chóir a dhéanamh sa ghnáthchúrsa. Tá sé ag dul de a thuiscint conas a bheadh sé chomh casta fádálach sin dá ndéantaí ar an bpointe é. Ba mhaith leis go gcuirfí i bhfios dó nuair a bheidh na riaráistí glanta.


DEACRACHTAÍ SOLÁTHAIR FOIRNE I RANNA AGUS OIFIGÍ

53. Sa tuarascáil uaidh dar dáta 26 Aibreán 1979 thagair an Coiste um Chuntais Phoiblí do na deacrachtaí soláthair foirne a bhí ar roinnt Ranna agus Oifigí a dhealraigh a bheith ina gcúis le deac- rachtaí riaracháin agus le heaspaí i riarachán airgeadais. Tá sé curtha in iúl don Choiste ó shin go bhfuil Roinn na Seirbhíse Poiblí sásta go bhfuil soláthar déanta anois do riachtanais foirne Ranna (Féach mír 37 den Tuarascáil seo). Nuair a bhí cuntais 1977 á scrúdú ag an gCoiste thagair roinnt Oifigeach Cuntasaíochta arís don easpa foirne agus cuireadh i bhfios don Choiste freisin mar gheall ar na deac- rachtaí agus an mhoill a tharla nuair a bhí folúntais á líonadh i roinnt Ranna. D’áirigh Oifigeach Cuntasaíochta Vóta Choimisiún na Státseirbhíse ina chuid fianaise roinnt deacrachtaí is cúis le moill ag fáil foirne e.g., iarratasóir a bhí roghnaithe do phost do tharraingt siar go déanach sa tslí go mb’éigean gabháil tríd an bpróis roghnóir- eachta arís, gan aon iarratasóir oiriúnach a bheith ann nó a dheacra a bhí sé boird agallaimh a bhunú. Dúirt sé leis an gCoiste go ndearnadh fiosruithe arís agus arís, go ndearna Coimisiún na Státseirbhíse féin iad agus go ndearna oifigigh de chuid Roinn na Seirbhíse Poiblí iad, féachaint an bhféadfaí nósanna imeachta a fheabhsú, ach dhealraigh sé gur beag eile a d’fhéadfaí a dhéanamh.


Ní foláir don Choiste a mhíshocaireacht a chur in iúl i dtaobh na moille a tharlaíonn do go leor Ranna nuair a bhíonn foireann á lorg acu, go speisialta i bhfianaise na bhfadhbanna tromaí a leanann an mhoill sin i gcásanna áinithe. Mar shampla de sin is cuimhin leis an gCoiste nuair a bhí an tOifigeach Cuntasaíochta do Vóta na nOibreacha Poiblí agus na bhFoirgneamh Poiblí á cheistiú aige go mb’eagal leis go mór nach raibh go leor foirne le scil theicniúil aige chun na scéimeanna móra siltin a ullmhú a raibh na milliúin d’airgead CEE ar fáil ina leith agus go raibh baol ann, mar gheall ar theirce foirne, nach bhféadfaí na sochair a fháil a raibh an tír ina dteideal mar bhall den Chomhphobal.


Chuir sé in iúl d’ainneoin go raibh na hinnealltóirí ar an bhfoirinn á dtabhairt ar ais ó obair shuirbhéireachta agus obair eile chun na scéimeanna sin a ullmhú, go raibh imní ró-mhór air go mbeadh bearna in ullmhú na scéimeanna i mblianta 1980 mura bhféadfadh siad breis foirne a fháil.


Cás é seo a bhféadfadh an Stát suim mhór d’airgead CEE a chailliúint mar gheall air agus is sampla díobhálach é de na fadhbanna a tharlódh mar gheall ar dheacrachtaí ag earcú foirne.


Tuigeann an Coiste nach furasta na deacrachtaí sin a chloí ach ba ró-leasc leis a chreidiúint nach féidir a thuilleadh a dhéanamh agus go bhfuil triail bainte as gach uile bhealach. Ba mhaith leis tathant dá bhrí sin go ndéanfaí tuilleadh breithniú ar an ábhar sin agus ba mhaith leis go n-inseofaí a thoradh dó.


POIST AGUS TELEGRAFA

Cuntas Bainc

54. De réir Alt 49 d’Acht an Bhainc Ceannais, 1971, aistríodh cuntas an Státchiste chun an Bhainc Ceannais an 1 Eanáir 1972. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir, cé gur aistríodh cuntais Ranna Rialtais éagsúla chun an Bhainc Ceannais i ndiaidh an dáta sin, go bhfuil cuntas an Aire Poist agus Telegrafa á choin- neáil i mbanc tráchtála fós mar chuntas reatha agus go raibh iarmhéideanna laethúla an chuntais sin feadh 1977 ag dul ó £3 mhilliún go £20 milliún. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nár measadh na hiarmhéideanna bainc a bheith iomarcach ag féachaint do láimhdeachas na Roinne agus go ndearnadh breithniú i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais agus an Banc i 1972 agus 1973 i dtaobh an cuntas a aistriú chun an Bhainc Ceannais. Fuaireadh ag an am sin, álach, go dtarlódh deacrachtaí don Bhanc Ceannais maidir le gach uile Phost-Oifig a sheirbhísiú ach bhí an cheist á bhreithniú arís i gcomhthéacs staidéir níos fairsinge ar sheirbhísí baincéireachta. Dúirt an tOifigeach Cuntasaochta freisin go mbeadh an cheist i dtaobh ús a lorg ar an mbanc tráchtála áirithe le tógáil dá mba rud é nach n-aistreofaí an cuntas chun an Bhainc Ceannais de thoradh an staidéir sin.


Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise go dtarlaíonn na hiarmhéideanna go formhór i ndáil le híocaíochtaí Leasa Shóisialaigh a dhéanann an Roinn Poist agus Telegrafa mar ghníomhaire don Roinn Leasa Shóisialaigh. Tarlaíonn siad go háinithe i ndeireadh na seachtaine nuair a fhaightear suimeanna móra airgid, suas le £5 milliún, le haghaidh pinsin seanaoise, etc. Ina theannta sin, faightear tuairim £4 mhilliún chun liúntais leanaí a íoc ar an gcéad Mháirt de gach mí. Taisceann an Roinn Poist agus Telegrafa an t-airgead sin go léir leis an mbanc tráchtála agus ansin seolann sé sin an t-airgead go dtí na Post-Oifigí áitiúla éagsúla.


Sa tslí sin cuireann an banc áirithe seirbhís úsáideach ar fáil don Roinn i limistéir éagsúla inar fadhb an-mhór airgead a sholáthar do Phost-Oifigí Áitiúla le haghaidh íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh de chineálacha éagsúla. Le tamall beag anuas a tharla na hiarmhéideanna móra sin toisc go bhfuil íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh tar éis éirí an-ard le blianta beaga anuas agus tá ardú dá réir tagtha ar na héilimh a bhíonn á ndéanamh ag an Roinn ar an mbanc tráchtála. Dá dhroim sin, dá n-iarradh an Roinn ús ar an mbanc bheadh, dar leis an Oifigeach Cuntasaíochta, éileamh éigin ina choinne sin le déanamh ag an mbanc i leith na seirbhísí atá á dtabhairt aige saor ó tháille. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl freisin don Choiste go ndearnadh caibidlí leis an Roinn Airgeadais féachaint an bhféadfaí an t-airgead a aistriú chun an Bhainc Ceannais ach gur tuigeadh uathu nach raibh an Banc sin sa chor go bhféadfadh sé freastal ar oifigí poist áitiúla ar fud na tíre, ach go raibh staidéar idir-rannach ar an scéal curtha ar bun agus go raibh an Roinn Dlí agus Cirt ag feitheamh le toradh an staidéir sin agus go raibh súil go mbeadh sé ar fáil sul i bhfad.


Tuigeann an Coiste a riachtanaí atá sé go mbeadh an Roinn Poist agus Telegrafa in ann na seirbhísí airgid is gá a chur ar fáil do na Post-Oifigí éagsúla atá faoina riar. Ar an leith eile tá a fhios aige go bhféadfaí cuid mhaith úis a chailleadh ar an Státchiste ar na hiarmhéideanna laethúla cuíosach móra a bhíonn á sealbhú ag an Roinn. Bheadh súil aige, áfach, go bhféadfaí freastal ar leas an Státchiste gan cur isteach ró-mhór ar niachtanais áitiúla na Roinne agus beidh sé ag feitheamh le toradh an staidéir idir-rannaigh ar an scéal.


MEÁNOIDEACHAS

Scoileanna cuimsitheacha agus pobail—teideal an Aire a chlárú

55. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar an moill a bhain le clárú a dhéanamh ar theideal an Aire Oideachais chun na láithreán a fuarthas do roinnt scoileanna cuimsitheacha agus pobail.


Dhealraigh sé, as sé láithreán agus daichead ar fad a fuarthas, nach bhféadfaí clárú ar theideal an Aire a fhíorú i dtrí chás fhichead acu. I gcúig chás acu sin bhí an díol críochnaithe ar feadh breis agus dhá bhliain agus i naoi gcás eile ní fhéadfadh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chinntiú ar críochnaíodh nó nár críochnaíodh an díol. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir freisin nach raibh buan-taifead ann ar mhaoin de chuid scoileanna cuimsith- eacha agus pobail ina bhfuil leas ag an Aire Oideachais agus dheimhnigh an tOifigeach Cuntasaíochta dó go raibh socruithe á ndéanamh chun clár de mhaoin roinne a bhunú agus a choimeád.


Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste leis an gCoiste go raibh dul chun cinn éigin déanta ó dháta a thuarascála ag clárú teideal an Aire chun na láithreán sin ach go raibh trí chás déag fós ina raibh an teideal gan clárú agus dhá chás nach raibh an díol críochnaithe. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise gur foirmiúlachtaí dlí ba chúis leis an mhoill agus gur chaith an Roinn Oideachais bheith ag brath ar Oifigí an Ard-Aighne agus an Phríomh-Aturnae Stáit chun na foirmiúlachtaí sin a chríochnú.


Glacann an Coiste leis an méid a dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta, go bhféachann an Roinn Oideachais ar thógáil na scoileanna sin mar rud a gcaithfear tosaíocht a thabhairt dó agus a gcaithfear dul ar aghaidh leis cé nach mbeadh na foirmiúlachtaí dlí go léir críochnaithe. Mar sin féin, caithfidh sé a rá gur imníoch é i dtaobh na moille a tharla agus ba mhaith leis go ndéanfaí gach uile bheart chun dlús a chur leis an gclárú teidil sna cásanna ina bhfuil sé gan déanamh. Ba mhaith leis go gcoinneofaí ar an eolas é san ábhar sin.


CAITEACHAIS ILGHNÉITHEACHA

Irish Trust Bank Limited

56. Phléigh an Coiste leis an Oifigeach Cuntasaíochta don Vóta seo an t-aisíoc a rinneadh le Banc Ceannais na hÉireann de na suimeanna a d’íoc an Banc le Leachtaitheoir an Irish Trust Bank Limited ionas go bhféadfadh seisean aisíoc a thabhairt do thaisceoirí áirithe in aghaidh na suimeanna a bhí taiscthe acu leis an Irish Trust Bank Limited an 19 Feabhra 1976. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste go ndearna an Banc Ceannais na híocaíochtaí go léir leis an leachtaitheoir thar ceann an Aire. Bhí sé i bhfís go n-íocfadh an Banc féin £996,000 den mhuirear i ndeireadh na dála agus bhíothas ag súil go mbeadh an £1.8 milliún d’iarmhéid ina mhuirear críochnaitheach ar airgead vótáilte. Tuigtear don Choiste nach ndearnadh go fóill reachtaíocht a achtú chun bailíocht a thabhairt do na híocaíochtaí a rinne an Banc Ceannais leis an leachtaitheoir. Ní fheadair sé dá bhrí sin, agus na cúrsaí sin mar atá, an bhféadfaí aisíoc a dhéanamh go bailí as airgead vótáilte de íocaíochtaí a bhí íoctha iad féin gan údarás reachtúil cuí agus ba mhaith leis tuairimí an Aire Airgeadais a fháil faoin ngné sin den scéal.


COMHOIBRIÚ IDIRNÁISIÚNTA

Cúnamh do Thíortha Forbraíochta

57. Áirítear ar an gCuntas sin caiteachas faoi dhá fho-mhírcheann a bhaineann le cúnamh do thíortha forbraíochta eadhon Fo- mhírcheann E—Íocaíocht le Ciste Deontas-i-gCabhair le haghaidh Ranníocaí Déthaobhacha agus Cúnaimh Eile do Thíortha Forbraí- ochta agus Fo-mhírcheann F—Íocaíochtaí chun Sochair do Thíortha Forbraíochta a thagann de bheith i gComhaltas CEE, agus mhol an Coiste don Oifigeach Cuntasaíochta nuair a tháinig sé os a chomhair chun ceistithe nár mhiste eolas éigin a thabhairt i dtaobh conas a chaitear an t-airgead sin.


Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise go dtagann an caiteachas faoi Fho-mhírcheann F ó éilimh ar a gcaitheann Éire freastal faoina cuid oibleagáidí CEE, ach faoi Fho-mhírcheann E go bhféadfaimid a chinneadh dúinn féin conas ba cheart an t-airgead a chaitheamh. Tá iarracht déthaobhach cúnaimh náisiúnta á fhorbairt ag an Roinn le blianta beaga anuas agus tá Rannán ag gabháil don obair sin aige agus fós oifigeach thar lear i limistéar tosaíochta d’fhonn na tograí a cuireadh faoi bhráid na Roinne a scrúdú agus tionscadail a bhunú a bhféadfaí a bheith cinnte de go n-ionramhálfadh an Roinn iad i gceart. Bhí sé beartaithe go mbeadh oifigigh feasta i roinnt bheag limistéar sonrach ionas go mbeadh fios bunaidh ar fáil i dtaobh cad iad na tionscadail a bheadh fóinteach agus i dtaobh tionscadail a gcur i gcrích. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste freisin go raibh clár 1977 do chúnamh déthaobhach dírithe ar cheithre thír thosaíochta eadhon Leosóta, An tSúdáin, An Tansáin agus Zambia, agus bhí an Roinn ag díriú ar na limistéir sin i gcónaí. Ar iarratas ón gCoiste, áfach, gheall an tOifigeach Cuntasaíochta go gcuirfeadh sé liosta ar fáil in aghaidh na bliana ag tabhairt eolais i dtaobh na dtionscadal ar caitheadh airgead orthu ó na fo-mhírchinn sin agus á rá cá bhfuil siad. Tá an Coiste sásta leis an socrú sin.


TIONSCAL, TRÁCHTÁIL AGUS FUINNEAMH

Stiúideonna Scannán Náisiúnta na hÉireann Teoranta

58. Sna blianta 1975 go 1977 íocadh £613,000 ar fad ó airgead vótáilte faoi chomhair chostais riaracháin agus chostais ghinearálta Stiúideonna Scannán Náisiúnta na hÉireann Teoranta, cuideachta phríobháideach a bunaíodh i 1975 chun ceannas a ghlacadh ar bhainistíocht Ardmore Studios agus ar lean deacrachtaí airgeadais de bheith ina bhac air i gcaitheamh na mblianta sin. Dúirt an tArd- Reachtaire Cuntas agus Ciste leis an gCoiste gur thaispeáin cuntais na cuideachta do 1977 glanchailliúint £343,000. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise gur tharla na caillteanais mar go mbíonn an Chuideachta ag brath go han-mhór ar an méid gnó a fhéadann sí a fháil do na stiúideonna trí lucht déanta scannán a tharraingt chun áis a bhaint astu. Bíonn toradh a hiarrachtaí chuige sin ag dul ón tairbhe go dtí an donas. Cé gur éirigh leis an gcuid- eachta beagán a bhreith ar dtús is ag méadú a bhí na deacrachtaí uirthi dóthain gnó a fháil sna stiúideonna, go háirithe toise í a bheith san iomaíocht le tíortha eile a bhí ábalta ar a chomh-mhaith de shaoráidí a thairisoint linne, mura raibh siad níos fearr. De dhroim staidéir a rinne comhairleach bhí a thuilleadh pleananna á mbreithniú go hidir-rannach le hionchas go bhféadfaí a thuilleadh gnó a sholáthar do na stiúideonna, ach cé nár bhain mórán dua leis na stiúideonna a chur i bhfearas agus trealamh is feistis a sholáthar, ba dheacair déantóirí scannán a tharraingt ó thíortha lasmuigh chun na saoráidí sin a úsáid, mar gnó dian-iomaíochta is ea an scannánaíocht agus ní miste le formhór na dtíortha, ar mhaithe le cáil, suimeanna móra airgid a chailleadh ag soláthar saoráidí do lucht déanta scannán. Cé gur tabhaíodh caillteanais gach uile bhliain geall leis go dtí seo agus gur dhóigh iad do thabhú go minic san am le teacht, bhí dóchas ag an Oifigeach Cuntasaíochta go mb’fhéidir go mbeadh blianta a dhéanfadh siad brabúis. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl freisin, dá n-achtaítí an reachtaíocht bheartaithe a luaithe a bunaíodh an chuideachta go bhféadfaí airgead a sholáthar ar mhodh scair- chaipitil ach gur tharla deacrachtaí i ndáil leis an reachtaíocht go formhór mar gheall ar na páirtithe leasmhara a bheith ar easaontas lena chéile i dtaobh cad ba cheart a bheith sa reachtaíocht. Mhínigh sé don Choiste go mbíonn an líon daoine a bhí fostaithe ag na stiúideonna ag méadú nó ag laghdú go mór de réir an méid gnó a bheadh á dhéanamh. B’olc leis an Roinn na caillteanais a bhain leis an bhfiontar seo, agus ba mhór an t-ábhar díospóireachta agus míshuaimhnis é idir na ranna.


Tuigeann an Coiste gur gnó guagach déanamh scannán ach ní foláir dó a rá gur ró-thromaí leis na caillteanais atá á dtabhú i gcónaí ag Stiúideonna Scannán Náisiúnta na hÉireann Teoranta. Chítear don Choiste go bhfuil airgead poiblí á chaitheamh ag coinneáil gnó ar bun nach mairfeadh beo sa réimse tráchtála príobháideach. Ina theannta sin, ós fios don saol go bhfuil stiúideonna den sórt seo ag dúnadh ar fud an domhain, is é atá á dhéanamh sa chás seo rud is cosúla le beart caidrimh phoiblí ná le tionscal a bhunú a bhfuil cumas marthana ann. Dá bhrí sin is í an cheist is cúram don Choiste sa chás seo cá mhéid ba cheart leanúint d’airgead poiblí a chaitheamh ar cháil agus stádas agus is dóigh leis, dá bhrí sin, mar gheall ar an amhras ró-mhór i dtaobh cumas marthana Stiúideonna Scannán Náisiúnta na hÉireann Teoranta, go gcaithfear cinneadh a dhéanamh gan mhoill i dtaobh bainteachas an Stáit leis an bhfiontar seo feasta. Ba mhaith leis an gCoiste go gcoinneofaí ar an eolas é i dtaobh na ceiste seo.


Ceadúnais Taiscealaíochta Urchósta d’Ola agus do Ghás

59. Tugann Alt 8 den Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960, cumhacht don Aire Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh ceadúnais taiscealaíochta peitriliaim a dheonú agus forálann sé, ar cheadúnas a dheonú, go n-íocfaidh an ceadúnaí leis an Aire cibé comaoin ina leith a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais. Forálann Alt 58 den Acht go ndéanfar an t-airgead uile a gheobhaidh an tAire i gcomaoin aon cheadúnais a dheonóidh sé, an uair a gheofar agus de réir mar a gheofar é, a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.


I 1975 cheadaigh an Rialtas agus d’fhoilsigh an tAire téarmaí agus coinníollacha a bhainfeadh le deonú ceadúnas taiscealaíochta urchósta d’ola agus do ghás. Tá foráil iontu sin i dtaobh táille iarratais a íoc i leith gach ceadúnas a iarrfar agus i dtaobh cíos bliantúil a íoc feadh ré gach ceadúnais a dheonófar. Forálann na téarmaí agus na coinníollacha go bhféadfaidh an t-iarratasóir, ina theannta sin, na nithe seo a leanas, inter alia, a thairiscint freisin,


(a)gealltanas go mbunóidh sé gníomhachais forbartha tionscail,


(b)comhaontú do pháirteachas Stáit de bhreis ar an leibhéal uasta atá leagtha amach sna téarmaí ceadúnúcháin, agus


(c)bónas síniúcháin.


Ar thairiscintí a rinne ceadúnaithe agus lenar ghlac an tAire faoi chomhaontuithe ceadúnúcháin a rinneadh i 1976 áirítear,


(a)dhá cheann chun gnóthais tionscail a bhunú laistigh de thréimhsí sonraithe,


(b)ceann chun staidéar a ghabháil de láimh, gan chostas don Stát, maidir le gléasra monaraithe ocsaíd iarainn a bhunú, agus


(c)ceann chun iasacht neamhurraithe glan ó ús a thabhairt do chuideachta mianadóireachta láithreach.


I ndáil le hAlt 8 den Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960, a chomhlíonadh maidir leis na tairisointí sin bhí sé curtha in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ag an Oifigeach Cuntasaíochta nach raibh siad ina gcomaoin i leith deonú na gceadúnas iomchuí agus go raibh siad dá réir sin lasmuigh de réim fhorálacha an Ailt sin. Fuarthas comhairle dlí neamhfhoirmiúil sa chéill sin ó oifigeach in Oifig an Ard-Aighne a bhí ag comhairliú na Roinne i dtaobh gnéithe dlí na gcomhaontuithe ceadúnúcháin agus bhí an tOifigeach Cuntasaíochta sásta dá bhrí sin nach raibh na tairiscintí breise sin le cur i gcuntas de réir Alt 8 den Acht.


Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste ina chuid fianaise go raibh na gealltanais go léir faoina ndeachaigh na ceadú- naithe comhlíonta sa mhéid go raibh an t-am chun na hoibleagáidí sin a chur i ngníomh caite agus go raibh na socruithe cuntasaíochta go léir a ghlac siad don airgead a d’íoc na ceadúnaithe ina n-ábhar caibidlíochta idir an Roinn Airgeadais agus Roinn na Seirbhíse Poiblí. Maidir leis an gciall a bhí le “comaoin” atá le cinneadh faoi Alt 8 d’Acht 1960, ba é tuairim an Oifigigh Chuntasaíochta go bhféachfaidís mar chomaoin i leith deonú ceadúnas ar na rudaí a leagadh amach sna téarmaí ceadúnúcháin, go bunúsach ábhair ar nós táillí cíosa agus táillí limistéir. Bhí na táillí sin socair roimh ré agus iad ceadaithe ní amháin ag an Roinn Airgeadais ach ag an Rialtas agus, sa mhéid a bhain leis an Roinn, chomhlíon sé sin ceanglais Alt 8 den Acht. Bhí foráil sna téarmaí ceadúnúcháin freisin go bhféadfadh iarratasóirí ar cheadúnais tairiscintí a dhéanamh de bhreis orthu sin a bhí sonraithe agus cé go ndearna an Roinn cinnteidil áirithe a leagan amach mar threoir faoina bhféadfaí na tairiscintí breise sin a dhéanamh, ba léir nár ghá gur faoi na cinnteidil sin amháin a fhéadfaí tairiscintí a dhéanamh. Bheadh an Roinn sásta aon tairiscint a dhéanfaí a bhreithniú agus mheas an tOifigeach Cuntasaíochta go mba olc ar fad an rud é dá gcinnfí anois go ndiúltófaí dóibh mar gheall ar dheacrachtaí cuntasaíochta éigin i ndáil le tairiscintí den sórt sin. Bíonn cuid mhaith caibidlíochta ag baint le deonú ceadúnas agus nuair a bhíonn an chaibidlíocht á dhéanamh caitear a chinneadh ar cheart glacadh le tainiscintí nó nár cheart. Bhí an Roinn ag iarraidh an margadh ab fhearr d’fhéadfaí a fháil ar shon an Stáit ach dá mbeadh uirthi dul i gcomhairle leis an Roinn Airgeadais i dtaobh gach uile ní le linn na gcaibidlí níorbh fhéidir, dar leis an Oifigeach Cuntasaíochta, gnó a dhéanamh. Ba é léiriú na Roinne go ndearna an tOireachtas, nuair a rith sé Acht 1960, an gnó sin a thabhairt don Aire Tionscail agus Tráchtála agus ní hamháin gur thug sé feidhm na gceadúnas a dheonú dó ach dhílsigh sé dó úinéireacht an pheitriliaim féin. D’fhoráil sé freisin gurb é an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais a chinnfeadh an chomaoin i leith deonú ceadúnas. Níor dheacair dá Roinn dul i gcomhairle le Roinn eile agus comhaontú a fháil nuair ab fhéidir é sin a dhéanamh roimh ré ach tharlódh deacracht leis an nós imeachta sin dá mba rud é, le linn na gcaibidlí, go raibh tairiscintí níos airde á ndéanamh ag iarratasóirí ná an chomaoin ar ar cinneadh roimh ré. Bhí an tOifigeach Cuntasaíochta go han-láidir ar an tuairim, dá mhéid srian riaracháin a chuirfí ar a Roinn chun ceadú idir-rannach a fháil gur lú a héifeacht ag déanamh na hoibre seo toisc gur réimse í seo ina gcaithfí na caibidlí a phlé le fuaimint gnó. Mar sin féin leag sé béim air go mbeadh a Roinn toilteanach déanamh de réir aon cheanglais cuntasaíochta a shonródh an Coiste.


Mhínigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste don Choiste, má bhíothas le féachaint ar na tairiscintí sin mar rud éigin seachas comaoin i leith ceadúnais a dheonú, gurbh é an modh a rabhthas le cuntas a thabhairt ina leith, agus é sin amháin, ba chúram dósan. Dá mbeadh saoirse ag Ranna, agus níor ghá gurbh í an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh a bheadh i gceist, socruithe a dhéanamh trína n-aistreofaí airgead nó luach airgid taobh amuigh de na gnáthais a bhaineann le urlámhas airgid Rialtas d’fhéadfadh sé deacrachtaí a shamhlú ó taobh na cuntasachta poiblí.


Tuigeann an Coiste go gcaithfear na caibidlí le hiarratasóirí ar cheadúnais taiscealaíochta urchósta eisiatacha a sheoladh ar chóir ghnó agus ní theastaíonn uaidh in aon chor laincis a chur ar an Roinn Tionscail, Tráchtála agus Fuinnimh, atá freagrach i seoladh na gcaibidlí sin, tríd an iomarca srianta a chur ar lucht caibidle na Roinne. Ná níl sé á chur in iúl i slí ar bith nár cheart breithniú ar thairiscintí breise os cionn na dtáillí iarratais, na dtáillí cíosa agus na dtáillí limistéir agus glacadh leo dá mba iad sin an margadh is fearr a d’fhéadfadh an Stát déanamh. Ar ndóigh, bheadh an Coiste daingean air gur cheart an margadh ab fhearr ab fhéidir a dhéanamh agus tá muinín aige go réiteoidh seirbhísigh phoiblí margaí a bheidh buntáisteach agus ina sochar don tír i gcoitinne. Ar a shon sin, ní foláir dó a chur in iúl, nuair a bhíonn maoin nó cearta an Stáit á gcur de láimh ar airgead nó luach airgid, go dtarlaíonn ceisteanna i dtaobh cuntasacht phoiblí agus ní féidir neamhaird a thabhairt orthu sin. Maidir le hidirbhearta airgid a éiríonn trí íoc na dtáillí iarratais, na gcíosanna bliantúla nó na mbónas sínithe dealraíonn sé go bhfuil ceanglais na cuntasachta poiblí á gcomhlíonadh go hiomlán trí chuntas a thabhairt sna suimeanna sin go léir mar leithreasaí-i- gcabhair don Vóta. Tarlaíonn an cheist maidir leis na tairiscintí eile nach é a bhíonn iontu airgead a íoc leis an Roinn agus nach bhfuil aon fhoirmle ceaptha ina leith go fóill chun iad a thabhairt faoi aird na Parlaiminte. D’fhéadfadh ar ndóigh go bhfuil easnamh ar Acht 1960 sa mhéid nach ndealraíonn go raibh aon rud eile i bhfís ann ach airgead a bheith á fháil ó iarratasóirí ar cheadúnais. Ach ní mheasann an Coiste gur chóir go mbeadh aon deacracht do-sháraithe ann ag ceapadh foirmle dá leithéid. Dúirt ionadaí na Roinne Airgeadais leis an gCoiste go raibh ceist na cuntasachta maidir leis na tairiscintí sin á bhreithniú ag a Roinn ach nach bhfuil scrúdú na ceiste críochnaithe aici fós. Dúirt sé go n-inseofaí an toradh don Choiste i dtráth cuí.


Beidh an Coiste ag feitheamh le spéis lena thuilleadh eolais ar an ábhar sin mar is dóigh leis go bhfuil an tábhacht is airde ag baint leis. Measann an Coiste, ós i 1976 a rinneadh na tairiscintí sin agus a glacadh leo, go raibh neart ama ann chun na ceisteanna go léir a bhain leis an scéal a scrúdú agus teacht ar chinneadh ina dtaobh. Tá sé ag tathant, dá bhrí sin, gan aon mhoill eile a dhéanamh san ábhar sin.


Molann an Coiste freisin gur chóir breithniú féachaint an gá an reachtaíocht láithreach a leasú d’fhonn an cleachtas a ionramháil atá ann faoi láthair trína nglactar le tairiscintí nach ngabhann airgead leo ó cheadúnaithe.


PÁDRAIG Ó TUATHAIL,


Cathaoirleach


29 Samhain, 1979