Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1977::10 May, 1979::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 10 Bealtaine, 1979

Thursday, 10th May, 1979

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí N. Mac Aindriú, Béalatún, C. Ó Murchú, Ó Tuathail agus Ó hUadhaigh.


3. Cathaoirleach a Thoghadh


Rinneadh tairiscint (An Teachta C. Ó Murchú):


“That Deputy O’Toole be Chairman of the Committee”.


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Ó Tuathail i gCeannas da réir sin.


4. Rinne an Coiste breithniú.


5. Ordaíodh: Go suífidh an Coiste go príobháideach.


6. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1977


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1977 go 31 Nollaig 1977. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Tithe an Oireachtais, Roinn an Taoisigh, An Chomhairle Ealaíon, Oifig an Ard-Aighne, Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Roinn na Gaeltachta, Cosaint, Arm-Phinsin.


7. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh M. Ó hÉalaithe (Cléireach na Dála), D. Ó Súilleabháin (Rúnaí, Roinn an Taoisigh), D. Ó Coigligh (Príomh-Chúntóir Dlí, Oifig an Ard-Aighne), S. Ó Laoghaire (Cúntóir Dlí Sinsearach, Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí), D. Ó Riain (Coimisinéir Luachála), T. Ó Luineacháin, (An Phríomh-Oifig Staidrimh), L. Tóibín (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), M. Ó hÉalaithe (Rúnaí, An Roinn Cosanta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


8. Tuarascáil Eatramhach an Choiste


Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil Eatramhach faoi bhráid an Choiste chun a bhreithnithe.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil Eatramhach.


Ordaíodh: Tuairisc dá réir sin a thabhairt don Dáil.


9. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.55 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.