Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1977::10 May, 1979::Report

TUARASCÁIL EATRAMHACH

Tá dul chun cinn déanta ag an gCoiste sna hábhair a cuireadh faoina bhráid agus chomhaontaigh sé ar an Tuarascáil Eatramhach seo a leanas:—


Tuairiscíonn an Coiste gur tharla, i gcaitheamh na bliana dar chríoch 31 Nollaig 1977, gur tabhaíodh caiteachas de bhreis ar an méid a vótáil an tOireachtas faoin Vóta a luaitear anseo ina dhiaidh seo.


RÁITEAS AR AN mBREIS

Ráiteas ar an tsuim is gá a vótáil d’fhonn breis ar an vóta a luaitear a shlánú.


Leathanach sa Chuntas Leithreasa

Uimhir an Vóta

Teideal

Breis ag an gCaiteachas ar an Meastachán Comhlán

Farasbarr na Leithreasaí i gCabhair

An Méid atá le vótáil

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

162

46

Arm-Phinsin

£22,589

£154

£22,435

Beidh ceadú an Oireachtais ag teastáil i leith na suime atá leagtha amach i gcolún (6). Tharla an bhreis de thoradh ró-chaiteachas £55,342 ar phinsin, aiscí etc. d’iarchomhaltaí de na Buan-Óglaigh agus ba é ba chúis leis gur dheacair oibleagáidí a thuar i leith pearsanra a éiríonn as oifig dá ndeoin féin sula sroicheann siad na teorainneacha aoise nó a éagann le linn seirbhíse.


Ní léir don Choiste aon chúis le nach soláthrófaí an tsuim sin le vóta breise.


(Sínithe) PÁDRAIG Ó TUATHAIL


Cathaoirleach


10 Bealtaine 1979