|
TUARASCÁILCUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTAMEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA18 DEIREADH FÓMHAIR 1978TUARASCÁIL DAR DÁTA 28 MEITHEAMH 1973Íocaíochtaí leis an gCiste Speisialta um Fhorbairt Réigiúnach (Deontas-i-gCabhair)Mír 17 1. Tugann an Coiste dá aire go bhfuiltear ag leanúint den fhiosrúchán ag Coiste Idirpharlaiminteach faoin eagraíocht agus faoi na struchtúir is cuí chun feidhmeanna Rialtais ar leibhéil fo-náisiúnta a chomhlíonadh agus, tar éis an Roinn Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta a bhunú, gur iarradh ar an gCoiste sin breithniú a dhéanamh go speisialta agus tuarascáil a thabhairt ar na socruithe eagraíochtúla ba chuí le haghaidh comhordú ar phleanáil agus forbairt réigiúnach ag an Roinn sin. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuiltear ag coinne anois leis an tuarascáil a theacht ón gcoiste idir-rialtasach roimh i bhfad agus go gcuirfear in iúl don Choiste toradh a fhiosrúcháin sa mhéid go mbainfidh sé le hoibriú an Chiste Speisialta um Fhorbairt Réigiúnach. TUARASCÁIL DAR DÁTA 30 DEIREADH FÓMHAIR 1975Talmhaíocht—Gnóthú IasachtaíMír 30 2. Tugann an Coiste dá aire gur luaigh an tArd-Aighne freisin, nuair a bhí sé á chur i bhfios go raibh bonn dlíthiúil fónta ag an Aire Talmhaíochta chun dul ar aghaidh le gnóthú na n-éileamh sin, go raibh a lán deacrachtaí ann gan trácht ar na cúrsaí beartais a d’fhéadfadh dul i gcion ar an Aire. Tugann an Coiste dá aire freisin gurbh é tuairim an Aire go raibh deacrachtaí praiticiúla ann ó ba rud é, tar éis breis is cúig bliana a bheith caite agus na monarchana á ghlacadh chucu féin leis an linn sin gurbh ionann na suimeanna airgid agus cineál fóirdheontais oibriúcháin a bhí saor ó ús, go mbeadh sé dodhéanta, geall leis, comhaontú a fháil ó na monarchana le haon scéim shaorálach aisíoctha. Tugann an Coiste dá aire fairis sin gur chinn an tAire Airgeadais ar mholadh ón Aire Talmhaíochta, ó thaobh beartais, oibleagáid aisíoctha na n-iasachtaí a tharscaoileadh go foirmiúil agus gur cinneadh amhlaidh ní hamháin i bhfianaise na ndeacrachtaí dlíthiúla ach fairis sin i bhfianaise na dtosca go léir a ghabh le heisiúint an airgid, e.g. na himthosca inar cinneadh i dtosach báire ar chúnamh a thabhairt do na monarchana feola, an cuspóir a bhí beartaithe don chúnamh agus na sriantachtaí a bhí ag an am sin ag baint le fóirdheontas díreach a eisiúint. Nuair a bhí Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Talmhaíochta os comhair an Choiste maidir le cuntais 1976 tapaíodh an deis sin chun an t-ábhar seo a plé leis athuair. Chuir sé in iúl don Choiste go raibh cáil éigin intinne ann i gcónaí an t-airgead a thabhairt dóibh go buan a bheag nó a mhór. Bhí dóchas ag an Roinn go bhfaighfí caoi ag pointe éigin an t-airgead a fháil ar ais, agus bhí dóchas ag na monarchana go bhfaighidís an t-airgead mar dheontas, ach bhí deacrachtaí áirithe ann ar an taobh idirnáisiúnta a chuir cosc ar dheontais a thabhairt ag an gcéim sin. Cúig nó sé bliana ina dhiaidh sin, gan aon rud a tharlú idir an dá linn ach amháin go raibh na híocaíochtaí easnaimh i leith an tionscail, a raibh na hiasachtaí le haisíoc astu, tar éis stopadh i ndiaidh aontachas na hÉireann le CEE, bhí sé réasúnach glacadh leis gur chreid na monarchana feola nach mbeadh orthu an t-airgead a íoc ar ais. Cé gur éirigh go rímhaith ó thaobh airgeadais leis na monarchana feola i ndiaidh 1973, dúirt sé gurb é ba chúis bhunaidh leis na hiasachtaí a thabhairt fostaíocht a choimeád ar fáil agus dá n-aisíocfaí an t-airgead níos déanaí nach ar na monarchana a thitfeadh muirear an chostais ach go gcuirfí anonn é ar na feirmeoirí a sholáthraigh an t-eallach. D’ainneoin na n-argóintí a cuireadh chun tosaigh sa chás seo is deacair leis an gCoiste glacadh leis gur ionramháladh an cúrsa chomh maith agus ab fhéidir sin. Cé go n-aontódh sé go bhféadfadh imeacht bhreis is cúig bliana deacrachtaí praiticiúla a tharraingt maidir le gnóthú an airgid ní feasach don Choiste aon chúis chun tréimhse chomh fada sin a ligean ar failléan. Rud eile, ag féachaint do na coinníollacha ar ar soláthraíodh an t-airgead sin tá ag dul den Choiste a thuiscint cén fáth a ndéanfadh na monarchana feola talamh slán de gur cineál fóirdheontas oibriúcháin a bhí ann in ionad iasachtaí inaisíoctha. Má bhí na monarchana á ghlacadh sin ina áirithe, bhí sé ceart ag an Roinn Talmhaíochta féachaint chuige láithreach go gcuirfí fírinne an scéil ina luí orthu. Tá an t-airgead sin, beagnach £1m. ar fad, caillte go deo ag an Státchiste, ach measann an Coiste nár ghá go dtarlódh sin dá mbeadh a dícheall déanta ag an Roinn Talmhaíochta sa chúrsa. An fhaillí sin maidir le gnóthú an airgid a tugadh i modh cúnaimh shealadaigh do thionscal na feola, caithfear féachaint air mar rud is tromchúisí fós i bhfianaise na breithe a thug an Comhlacht Athbhreithnithe a chuir an tAire Talmhaíochta ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar oibriú na Scéimeanna Idirghabhála Mairteola agus Préimheanna i leith Marú Bólachta (Prl. 5769), is é sin, gur ghnóthaigh na monarchana feola brabúis iomarcacha tar éis Éire a dhul isteach sa CEE, rud a tharla tamall an-ghairid tar éis na hiasachtaí a sholáthar. Is ábhar imní é don Choiste ar eagla go bhfágfadh an cinneadh sa chás seo go ngabhfadh ranna rialtais le dearcadh neamhchúiseach i leith gnóthú airgid a bheadh ag dul don Státchiste, agus uime sin measann sé gur chóir a bhfreagrachtaí sa chúrsa seo a mheabhrú d’Oifigigh Cuntasaíochta. TUARASCÁIL DAR DÁTA 24 MEITHEAMH 1976Oibreacha agus Foirgnimh Phóiblí3. Tugann an Coiste dá aire na bearta a glacadh chun an líon cuntasóirí in Oifig na nOibreacha Poiblí a mhéadú agus tá súil aige go mbeidh na bearta sin éifeachtach. Moill ag cruinniú Suimeanna Cúiteacha Airgid4. Tugann an Coiste dá aire gur £0.89 milliún méid na SCA a bhí gan íoc in earnáil na bólachta agus na mairteola um dheireadh Lúnasa 1978 agus gur áiríodh sa mhéid sin suim £0.29 milliún a bhfuarthas breithiúnais chúirte ina leith ach nach ndearnadh freastal dóibh. Tugann sé dá aire freisin gur tionscnaíodh imeachtaí dlí i gcoinne 71 féichiúnaí ar fad ach nár críochnaíodh iad in 32 chás díobh. Nuair a bhí an tOifigeach Cuntasaíochta os comhair an Choiste i ndáil le cuntais 1976 dúirt sé gur le honnmhaireoirí ar an mórroinn a bhaineann formhór an airgid atá gan íoc agus go raibh dlús curtha leo sin de bharr moltaí a rinneadh tar éis cúrsaí a phlé le Coimisiún CEE sa Bhruiséil. Dúirt sé freisin nár dhócha go dtiocfadh a thuilleadh riaráistí ach i gcás de chineál amháin ina ndearnadh muca agus gránaigh a onnmhairiú go dleathach go Tuaisceart Éireann, iad a thabhairt ar ais go neamh-dhleathach agus iad a athonnmhairiú chun tuilleadh sraitheanna doiciméad a chomhlanú go cuí. I gcás den chineál sin, ar tugadh an trádáil charbhasach air, ní bheadh aon chaillteanas ann don Státchiste ná do FEOGA. Bhí na hidirbhearta faoi imscrúdú ag na húdaráis chustam agus cé go bhféadfadh muirir go feadh £1.8 milliún teacht astu choinnigh an Roinn siar breis is £3 mhilliún a bhí dlite d’onnmhaireoirí. Ba mhaith leis an gCoiste eolas a fháil ar an toradh a bheidh ar an gcás seo. Fáiltíonn an Coiste roimh an leathnú, le héifeacht ón 2 Deireadh Fómhair 1978, chuig na honnmhairí talmhaíochta go léir ar an gcomhshocrú faoina bhfuil muirir SCA á mbailiú ag Brainse na gCustam d’Oifig na gCoimisinéirí Ioncam trí urrús iomchuí a fháil roimh ré ó na honnmhaireoirí nó tríd an muirear a íoc tráth an onnmhairithe. Tá súil aige go n-éireoidh leis an gcomhshocrú sin, atá ceaptha chun a dheimhniú nach dtarlóidh riaráistí muirear in aon earnáil feasta. TUARASCÁIL DAR DÁTA 21 AIBREÁN 1977Oifig an Aire Oideachais—Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais5. Tugann an Coiste dá aire gur tarraingíodh aird gach Oifigigh Cuntasaíochta ar an moladh uaidh nach foláir, nuair a bheifear á bhreithniú cén modh ar a maoineofar comhlachtaí nuabhunaithe, cúram a ghlacadh chun an modh is praiticiúla a roghnú agus go nglacann an tAire Airgeadais leis go bhfuil cion freagracht ar a Roinnsean ina leith sin. Bunoideachas—Scéim Oiriúnúcháin agus leathnúcháin do Choláiste Oiliúna Oidí Náisiúnta6. Tugann an Coiste dá aire gur chuir an tAire Oideachais i bhfios don Aire Airgeadais go bhfuil idirbheartaíocht ar siúl leis an gconraitheoir foirgníochta maidir le héileamh uaidh go n-aisíocfaí leis costais a d’éirigh as an sosadh sealadach oibre agus, go dtí gur feasach cad é an toradh a bheidh ar an idirbheartaíocht sin, nach féidir costas críochnaitheach an tionscadail sin a chinntiú. Tá súil ag an gCoiste go dtabharfar an idirbheartaíocht sin chun críche go gasta agus nach mbainfidh aon mhoill mhíchuí leis an bhfaisnéis a d’iarr sé a chur ar fáil. Tugann an Coiste dá aire freisin, maidir leis an gceist faoi ranníoc a fháil ó údaráis an choláiste i leith an chostais a thabhófar, gur aontaigh an tAire Airgeadais, ar an gcoinníoll go gcloífidh an coláiste le tairiscintí iomaíocha in oibreacha caipitiúla feasta, le togra ón Roinn Oideachais nach rachfaí chun cinn le héileamh ar ranníoc dá leithéid sin. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuil dréacht á ullmhú ag an bPríomh-Aturnae Stáit de chomhaontú chun a fhorghníomhaithe le húdaráis an choláiste ag ráthú úsáid eisiatach an choláiste chun oidí náisiúnta a oiliúint nó chun críche oideachais. Tá súil ag an gCoiste nach mbainfidh aon mhoill mhíchuí le comhlanú an chomhaontaithe agus ba mhian leis go gcoimeádfaí san eolas é ar conas atá cúrsaí á gcur chun cinn ina thaobh sin. Fáiltíonn an Coiste roimh ghníomh an Aire á chur i bhfios do gach Oifigeach Cuntasaíochta nach fólair an beartas ginearálta i dtaobh tairiscintí iomaíocha do chonarthaí oibreacha poiblí a chomhlíonadh go beacht. Meánoideachas—Ranníocaí áitiúla i leith costais chaipitiúla scoileanna pobail7. Tugann an Coiste dá aire gur tharla tuilleadh deacrachtaí maidir le socrú an ghníomhais iontaobhais shamplaigh ag rialú oibriú scoileanna pobail agus uime sin go mb’fhéidir nach bhféadfaí ranníocaí áitiúla i leith a gcostas caipitiúil a bhailiú go ceann tamaill mhaith. Aithníonn an Coiste go bhfuil ar an Roinn Oideachais, mar gheall ar na saincheisteanna a thig i dtreis sa chás seo, deacrachtaí móra a réiteach chun comhaontú a fháil ó na páirtithe go léir lena mbaineann an scéal ach ní foláir leis a chur in iúl gurb ábhar imní dó an mhoill a tharla óir is eol dó, ó thaithí, gurb é is dóichí gurb é an Stát an páirtí a chaillfidh nuair a tharlaíonn moill den sórt sin. Tá cruthúnas air sin sa chás idir an Roinn Talmhaíochta agus na monarchana feola a ndearnadh tagairt dó roimhe seo sa tuarascáil seo. Is cúis imní leis an gCoiste freisin an mhoill fhadálach a bhaineann le forghníomhú na ngníomhas iontaobhais do na scoileanna sin. Ní hé amháin go gcoisceann sé cruinniú na ranníocaí áitiúla, ach i dtuairim an Choiste ní foláir nó go gcuireann sé as cuid mhaith d’oibriú agus do bhainistíocht na scoileanna sin a tógadh ar chostas mór don Státchiste. Beidh an Coiste ag feitheamh go cíocrach leis an bhfaisnéis bhreise a gealladh ina thaobh seo. Oifig na nOibreacha Poiblí—Oifigí Rialtais in Áth Luain agus i gCaisleán an Bharraigh8. Tugann an Coiste dá Aire go bhfuil comhshocruithe déanta le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí chun cásanna eisceachtúla caiteachais a tabhaíodh in ullmhú pleananna nach dtéitear ar aghaidh leo a shonrú sna Cuntais Leithreasa. Costais Idirghabhála ar an Margadh a Mhuirearú9. Cuireann meamram an Aire Airgeadais in iúl go mbaineann costais idirghabhála ar an margadh le trí phríomh-limistéireacht:— (a) Íocaíochtaí le monarchana feola as iompar, (b) íocaíochtaí le monarchana feola as mairteoil a reo, agus (c) íocaíochtaí le fuarstorais. Maidir le (a) agus (b) tugann an Coiste dá aire go bhfuil glanadh na riaráiste i ndáil le bheith críochnaithe. Maidir le (c), an limistéireacht is mó ar fad ar gá déileáil léi, is ábhar imní don Choiste é a thabhairt faoi deara go bhfuil deacrachtaí le sárú fós i nglanadh sonrasc. Tig leis an gCoiste glacadh leis go bhféadfadh na córais éagsúla sonrasctha, agus iad an-aimpléiseach go minic, atá á n-úsáid ag fuarstórais in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus ar an Mórroinn ar coimeádadh mairteoil iontu sa tréimhse 1974-1976, deacrachtaí a tharraingt nach mbeadh baint ar bith ag an Roinn Talmhaíochta leo, ach ní léir dó go bhfuil cosaint ar bith ar fhaillí na Roinne maidir le stocthaifid shásúla a bhunú don tréimhse sin. Thabharfadh easpa na dtaifead fíor-riachtanach sin le tuiscint nach ndearnadh leorphleanáil roimh ré chun freastal d’oibríochtaí idirghabhála agus measann an Coiste go léiríonn an staid atá anois ann cad ab fhéidir a tharlú nuair nach mbeadh ullmhúchán leormhaith déanta ag Roinn le haghaidh oibríochta de chineál nua, go mór mór oibríocht ar an scála atá faoi thrácht againn anseo. Nuair a bhí Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Talmhaíochta os comhair an Choiste i ndáil le cuntais Leithreasa 1976, thapaigh an Coiste an deis sin chun an t-ábhar seo a phlé leis athuair. Chuir sé i bhfios don Choiste go raibh siad fós ag obair ar chuntais FEOGA do 1975. In 1976 cinneadh ar na taifid a ríomhairiú ach ní raibh aon teorainn leis na deacrachtaí a tháinig de sin i 1977 agus cuid de 1978. Tharla fadhbanna móra ar thaobh na foirne de bhrí go raibh luach saothair níos fearr le fáil i bhfostaíocht san earnáil phríobháideach. Bhí na cláir bhunaidh don ríomhaire lochtach ar bhealaí áirithe ach rinne Roinn na Seirbhíse Poiblí gach dícheall chun na taifid a chur i gceart agus bhí feabhas mór ar an scéal. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil barr díchill á dhéanamh chun glanadh na gcuntas fuarstórais a chríochnú agus is mian leis go gcoimeádfaí san eolas é ar an gcuma a bhfuil cúrsaí san ábhar seo. Cuntais FEOGA10. Bhreithnigh an Coiste athuair an mhoill a bhain le cuntais FEOGA a ullmhú. Glacann sé leis go ndearnadh, mar atá luaite i meamram an Aire Airgeadais, dul chun cinn áirithe ach tá sé imníoch mar gheall ar chomh mall is atá an obair ag dul ar aghaidh. Tugann sé dá aire na réamhaisnéisí atá á dtabhairt anois maidir leis na cuntais nach bhfuil réitithe fós a chur ar fáil agus cuireann sé teannadh leis go ndéanfaí gach beart is gá chun a dheimhniú go gcloífear go docht leis an tráthscála a leagadh amach sa mheamram sin. Is mian leis go gcoimeádfaí eolas iomlán leis i dtaobh a mbeidh ag tarlú maidir leis na cuntais sin a thabhairt cothrom le dáta. TUARASCÁIL DAR DÁTA 15 MEITHEAMH 1978Imréiteach ag an bPámháistir Ginearálta ar orduithe iníoctha a sóinseáladh11. Tugann an Coiste dá aire go raibh an tAire Airgeadais fós ag feitheamh, ar dháta a Mheamraim, le freagra ar an gceist i dtaobh cor dlíthiúil Oifig an Phámháistir Ghinearálta maidir leis an éileamh chun na suimeanna a ghnóthú a íocadh amach le bainc áirithe de bhun orduithe iníoctha a bhfuarthas amach ina dhiaidh sin iad a bheith calaoiseach. Tugann sé dá aire freisin go raibh scrúdú á dhéanamh ar réamhthuarascáil a d’ullmhaigh Lársheirbhísí Próiseála Sonraí Roinn na Seirbhíse Poiblí ar an gcóras ríomhaireachta chun déileáil le himréiteach orduithe iníoctha. I bhfianaise a thug sé os comhair an Choiste dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go bhfuarthas le déanaí comhairle dhlíthiúil a thaobhaigh leis an tuairim go raibh cás ag an Roinn Airgeadais chun an t-airgead a ghnóthú ó na bainc a bhí i gceist. Sna himthosca sin tá súil ag an gCoiste go gcuirfear a ghnóthú i bhfeidhm gan a thuilleadh moille. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin, maidir le cumas an Phámháistir Ghinearálta chun orduithe a imréiteach go pras, go raibh socrú déanta chun an ríomhairiú a bhrostú go mór. Is maith leis an gCoiste an t-eolas sin a fháil agus tá súil aige go gcuirfidh an beart a dhéanfar amhlaidh deireadh le fadhb dá leithéid seo a bheith ann feasta. Oifig an Aire Oideachais—An Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha12. Tugann an Coiste dá aire gur chuir an Roinn Oideachais in iúl go bhfuil feabhas tagtha ar an gcor maidir le hiniúchadh chuntais an Choláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha agus, ionas go mbeadh eolas iomlán ag Bord an Choláiste ar a fhreagrachtaí i gcás cuntasaíochta, cuireadh cóip de bharúlacha an Choiste chuig Cathaoirleach an Bhoird. Tugann an Coiste dá aire freisin gur iarradh ar an Roinn Oideachais na forálacha reachtúla ina thaobh sin a scrúdú féachaint an gá iad a leasú chun a dheimhniú go gcomhlíonfaidh údaráis an Choláiste a ndualgas reachtúil maidir lena gcuntais a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Nuair a tháinig an tOifigeach Cuntasaíochta os comhair an Choiste maidir le Cuntas Leithreasa 1976 chuir sé in iúl nár cheap an Coiste, ós rud é go raibh staid na cuntasaíochta ag an gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha i riocht cuíosach normalach anois, go mbeadh sé de cheart acu reachtaíocht leasúcháin a thabhairt isteach. Is maith leis an gCoiste siúráil a bheith acu ón Oifigeach Cuntasaíochta go bhfuil cor sásúil ann anois maidir le cuntais bhliantúla an Choláiste a chur ar fáil agus tá súil acu nach ndéanfar a thuilleadh moilleadóireacht ina leith sin feasta. Oifig an Aire Oideachais—Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais13. Tugann an Coiste dá aire maidir leis an deacracht a tharla i dtaobh cistiú Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais nach dtarlóidh a leithéid arís mar tá an Chomhairle anois ina hinstitiúid ainmnithe de chuid an Údaráis Ardoideachais agus tá sí á cistiú trí Leithreasaí-i-gCabhair an Údaráis. Bun-Oideachais—Tuarastail Múinteoirí a Ró-íoc14. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an Roinn Oideachais tar éis a chur in iúl don Aire Airgeadais go ndéantar na horduithe íoca bunaidh le haghaidh íoc tuarastal múinteoirí a chealú an tráth céanna a éisítear dúblaigh. Dhealródh go bhfuil sé sin i gcodarsnacht leis an eolas a thug an tOifigeach Cuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus leis an bhfianaise a thug sé i láthair an Choiste nuair a bhí na Cuntais Leithreasa do 1975 á mbreithniú. Ag féachaint, áfach, don chor atá luaite i Miontuairisc an Aire Airgeadais glacann an Coiste leis go bhfuil an nós imeachta ceart á leanúint ag an Roinn Oideachais maidir le horduithe íoca a chealú ar dhúblaigh a eisiúint. San fhianaise a thug sé os comhair an Choiste le linn Cuntais Leithreasa 1976 a bheith á mbreithniú dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur mar gheall ar dheacrachtaí in Oifig an Phámháistir Ghinearálta a tharla an fhadhb i dtaobh na horduithe bunaidh agus na dúblaigh a shóinseáil in go leor cásanna. Ar iarratas ón gCoiste lorg ionadaí na Roinne Airgeadais tuairimí Oifig an Phámháistir Ghinearálta i dtaobh an bhféadfaí íoc a dhiúltú ar orduithe cealaithe a tíolacadh do bhainc agus a d’íoc bainc nó an bhféadfadh Oifig an Phámháistir Ghinearálta scéala a chur go dtí na bainc á rá gur cealaíodh na horduithe agus á iarraidh orthu a n-íoc a stopadh. Chuir an Roinn Airgeadais in iúl i meabhrán a chuir sí isteach ina dhiaidh sin nár bheart praiticiúil ceachtar acu sin. Sa chéad dul síos níorbh indéanta na horduithe cealaithe go léir a chur ar ais go dtí na bainc mar gheall ar líon na n-orduithe sin a thagann chun solais agus a bhfaigheann an roinn eisiúna amach ina dtaobh, ar an scéal a scrúdú, gur féidir glacadh leo. Fairis sin dá gcuirtí scéala i dtaobh orduithe cealaithe go dtí na bainc go léir ní bheadh sé sin ag luí le cleachtas in earnáil na baincéireachta príobháidí. Ar a shon go n-aontódh an Coiste i gcoitinne leis an mbarúil sin tá tuairim aige, nuair a dhéantar orduithe cealaithe a bhíonn sóinseáilte ag bainc a thíolacadh d’Oifig an Phámháistir Ghinearálta nach n-aithnítear iad chomh tapaidh agus a aithneofaí seiceanna cealaithe in earnáil na baincéireachta príobháidí. Ba mhaith leis dá bhrí sin eolas a fháil faoin méid ama a chaitheann sé orduithe cealaithe a aithint in Oifig an Phámháistir Ghinearálta i gcomórtas leis an méid ama a thógann sé seiceanna cealaithe a aithint in earnáil na baincéireachta príobháidí. Bun-Oideachas15. Is maith leis an gCoiste fios a bheith aige go bhfuil Oifig na nOibreacha Poiblí tar éis cóiríocht nua a ligean ar léas ina mbeartaítear slí a bheith ag rannóga cuntasaíochta uile na Roinne Oideachais agus, i dteannta seomra daingin a sholáthar ina gcoimeádfar na horduithe iníoctha go léir, go bhfeidhmeoidh an léasóir dian-socruithe slándála do chosaint an áitribh. Meán-Oideachas16. Is maith leis an gCoiste dearbhú a fháil go bhfuil socruithe déanta do leigheas na n-easnamh ba bhun le briseadh a tharlú i 1974 agus 1975 do na nósanna imeachta cuntasaíochta i gcás tuarastail múinteoirí meánscoile, scoileanna cuimsitheacha agus scoileanna pobail. Tugann sé dá aire go bhfuil cáin ioncaim agus asbhaintí eile á n-íoc go rialta leis na Ranna nó leis na gníomhaireachtaí iomchuí ó 1976. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuil ríomhairiú á dhéanamh ar na pá-rollaí sin agus go raibh súil lena bheith críochnaithe i 1978, agus go bhfuil ar áireamh sa ríomhairiú sin na rialuithe is gá lena chinntiú go n-íocfar asbhaintí anonn go tráthúil agus go mbeadh na figiúirí ag teacht le chéile mar ba cheart. Tá súil ag an gCoiste go n-oibreoidh na socruithe nua sin go sásúil agus nach dtarlóidh fadhb dá leithéid arís. Meán-Oideachas17. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil asbhaintí iomchuí á ndéanamh anois ag an Roinn Oideachais ó thuarastail múinteoirí i meánscoileanna, scoileanna cuimsitheacha agus scoileanna pobail atá i dteideal, agus a fhaigheann, sochair leasa shóisialaigh maidir le hasláithreacht ar saoire mháithreachais nó ar ghnáth-shaoire bhreoiteachta agus go bhfuiltear ag gabháil fós do chásanna múinteoirí ar leithligh mar sin ar íocadh lán-tuarastal leo le linn iad a bheith ar saoire mháithreachais sa tréimhse 1 Eanáir 1975 go dtí 31 Iúil 1976. Tar éis é a scrúdú i ndáil le Cuntais Leithreasa 1976 dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste nach raibh críoch curtha fós le beart maidir le gnóthú na n-íocaíochtaí sin mar gheall ar an bhfoireann a bheith ag plé an t-am go léir le ríomhairiú tuarastal na meánmhúinteoirí ach ar an ríomhairiú sin a bheith críochnaithe go dtabharfaí tús seachas gach rud eile don bheart gnóthúcháin. Is fios cé hiad na múinteoirí agus na tréimhsí asláithreachta a bhí i gceist agus chuathas i gcomhairle leis an bPríomh-Aturnae Stáit i dtaobh cén bealach gnóthúcháin a leanfaí. Mhol sé, mar chéad bheart, go n-iarrfaí ar na múinteoirí suimeanna a aisíoc leis an Roinn Oideachais comhionann leis na suimeanna sochair leasa shóisialaigh a íocadh leo. Mura bhfaighfí ar ais an t-airgead ar an mbealach sin bhreithneofaí cad iad na bearta eile ba chóir a ghlacadh. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin go raibh cuid de na daoine a bhí i dtrácht tar éis an mhúinteoireacht a fhágáil agus go raibh duine acu tar éis bháis. Ba mhaith leis an gCoiste eolas a choinneáil leis ar an dul ar aghaidh a bhí á dhéanamh ag gnóthú an airgid. Tugann an Coiste dá aire freisin gur mhol Roinn na Seirbhíse Poiblí don Aire go bhféadfaí, faoi réir choinníollacha áirithe, lán-phá lúide sochair leasa shóisialaigh a lamháil, i gcás asláithreachtaí breoiteachta, do státseirbhísigh neamhbhunaithe, d’fhostaithe tionscail Stát agus d’fhoireann shibhialta a ghabhann leis na Fórsaí Cosanta agus don Gharda Síochána; dreamanna iadsan atá lán-árachaithe faoin gcód Leasa Shóisialaigh agus tríd sin atá i dteideal sochair mhíchumais. Tuigeann an Coiste do chúram an Aire féachaint chuige go ndéanfar gach dícheall dá dhéine le go seachnófaí íocaíochtaí dúbailte agus is maith leis gur mheabhraigh sé d’Oifigigh Cuntasaíochta a bhfreagrachtaí san ábhar sin. Gairmoideachas18. Maidir leis an mhoill a ghabhann le hiniúchadh cuntas Coistí Gairmoideachais agus Coláistí Ceardoideachais Réigiúin tugann an Coiste dá aire go bhfuil an cor ginearálta maidir le foireann iniúchóireachta Rialtais Áitiúil á choinneáil faoi athbhreithniú. Mar a chuir an Coiste in iúl i mír 30 dá thuarascáil roimhe seo tá fadhb roinnt cosúil leis seo ann maidir le hIniúchóirí Rialtais Áitiúil do chríochnú a n-iniúchadh ar chuntais eile. Tá tuilleadh trácht ag an gCoiste i mír 21 den Tuarascáil seo ar an mhoill a tharlaíonn ag críochnú na n-iniúchadh sin. Iascach19. Is cúram leis an gCoiste nach ndearnadh aon réiteach fós le Comhairle Chontae Mhaigh Eo i dtaobh cé mhéid de ranníoc ba cheart di a thabhairt i leith costas na scéime feabhsúcháin i gCuan Chill Ala, scéim a tosaíodh i 1969. Tugann sé dá aire go bhfuil iarrachtaí chun teacht ar réiteach ar bun i gcónaí agus de thoradh an tadhaill is déanaí idir na páirtithe lena mbaineann go ndearnadh tuarascáil chuimsitheach a d’ullmhaigh Bord na nOibreacha Poiblí ar chor láithreach an chalaidh agus ar na hoibreacha eile a mheastar is gá a chur chun na Comhairle Contae agus gheall an Chomhairle a seasamh féin a athbhreithniú nuair a bheadh an tuarascáil sin scrúdaithe. Tugann an Coiste dá aire freisin nach dtagann meath ar na leatháin phíleachais a ceannaíodh don scéim agus gur féidir iad a úsáid ar obair éigin eile dá dtarlaíodh nach mbeadh siad ag teastáil do scéim Chill Ala. Nuair a bhí an tOifigeach Cuntasaíochta don Vóta Iascaigh os comhair an Choiste i ndáil le Cuntas 1976 ghlac an Coiste leis an deis chun tuilleadh eolais a fháil i dtaobh an ábhair sin. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta nach bhféadfadh an Chomhairle Chontae glacadh leis na moltaí a bhí déanta sa tuarascáil ag Bord na nOibreacha Poiblí agus go raibh cruinniú á réiteach leis an Aire Iascaigh agus Foraoiseachta chun an t-ábhar a phlé. Beidh an Coiste ag feitheamh le tuilleadh eolais faoi ábhar seo. Roinn na Gaeltachta—Freagracht phearsanta Oifigeach Cuntasaíochta20. Tugann an Coiste dá aire gur bheartaigh Roinn na Gaeltachta gach uile bheart ab fhéidir a ghlacadh chun a dheimhniú go mbeadh an Bille do dhéanamh na leasuithe uile ba ghá ar Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ullamh don chéad seisiún Dála eile. Nuair a bhí an tOifigeach Cuntasaíochta don vóta sin os comhair an Choiste i ndáil le Cuntas 1976 mheabhraigh sé go raibh Bille do dhéanamh socrú le haghaidh deontais mhéadaithe le feidhm ó 1972-73 ullamh agus ceadaithe ag an Rialtas roinnt blianta roimhe sin ach nach ndearnadh é a thíolacadh don Dáil. Dúirt sé go raibh tuilleadh méadaithe ar leibhéal na ndeontas údaraithe ag an Rialtas agus gur iarradh ar an Ard-Aighne na forálacha ba ghá a dhréachtadh lena gcur i mBille cuimsitheach a raibh súil lena thíolacadh do Dháil Éireann go luath. Maidir leis na méaduithe ar dheontais, a fógraíodh i 1978, dúirt sé nach n-íocfaí iad go dtí go rithfí Meastachán Forlíontach a chuirfeadh in iúl do Dháil Éireann go dtabharfaí isteach reachtaíocht a luaithe ab fhéidir cun leibhéal na ndeontas a ardú. Is feasach don Choiste go bhfuil tograí i mBille na dTithe (Gaeltacht) (Leasú) atá os comhair Dháil Éireann faoi láthair chun bailíocht a thabhairt do mhéaduithe ar dheontais a íocadh cheana féin agus chun údaraíocht a thabhairt do mhéaduithe san am le teacht trí rialachán Aire. I mír 29 dá Thuarascáil ar na Cuntais Leithreasa do 1975 thagair an Coiste do fhreagrachtaí pearsanta Oifigeach Cuntasaíochta maidir le hairgead vótáilte a cuireadh ar a n-iontaobh agus go háirithe maidir leis an nós imeachta is ceart a leanúint má bhíonn ar Oifigeach Cuntasaíochta, mar bheartas nó ar chúis éigin eile, airgead a íoc nach bhfuil, dar leis, an t-údarás sin aige chuige. Dhealródh sé go n-áirítear san earnáil sin íocaíochtaí deontais os cionn na dteorainneacha reachtúla a cheadaítear agus is ábhar imni ag an gCoiste go ndealraíonn sé nár leanadh an nós imeachta atá leagtha síos maidir le híocaíochtaí ar ghá bailíocht a thabhairt dóibh, rud a chuir sé i bhfáir sna Tuarascálacha is déanaí uaidh. Ba mhaith leis an gCoiste athdhearbhú a fáil go bhfuil fios lánchinnte ag Oifigigh Cuntasaíochta ar an nós imeachta ba chóir a leanúint i gcásanna mar sin agus ar a thábhachtaí atá sé déanamh dá réir. Rialtas Áitiúil21. Is maith leis an gCoiste a chloisteáil go bhfuil breis mhaith nirt soláthairte do Bhrainse Iniúchóireachta na Roinne Comhshaoil ó Bhealtaine 1977. Cé go dtugann sé dá aire go bhfuil dul chun cinn éigin déanta ag iniúchadh na gcuntas mótarchánach measann sé gur míshásúil fós mar atá maidir le hiniúchadh na gcuntas sin agus maidir le hiniúchadh cuntas na gCoistí Gairmoideachais agus na gColáistí Ceardoideachais Réigiúnacha a ndearnadh tagairt dóibh i mír 18 den Tuarascáil seo. I ndáil leis sin bhí díomá ar an gCoiste a fháil amach ón Oifigeach Cuntasaíochta gur dhóigh go mbeadh dhá chuntas mótarchánach do 1975 agus seacht gcuntas do 1976 gan iniúchadh fós ag 31 Nollaig 1978. Ní féidir leis an gCoiste glacadh leis mar chor sásúil iniúchadh ar chuntais airgid phoiblí a bheith trí bliana i ndiaidh láimhe agus tá sé á thathant go ndéanfaí cibé bearta eile is gá chun cor iniúchóireachta na gcuntas sin a thabhairt cothrom le dáta. Ró-eisiúintí ar Fhóirdheontais Tithíochta22. Tugann an Coiste dá aire go bhfuiltear tar éis na suimeanna go léir a cruthaíodh a bheith ina ró-eisiúintí ar fhóirdheontais tithíochta sa tréimhse 1973-74 go 1976, go huile, a aisghabháil. Mar sin féin tá sé buartha go ndearnadh ró-eisiúintí mar sin. Measann sé gur chóir go mbeadh beart déanta, chomh luath agus a fuair an roinn fianaise prima facie ar na ró-eisiúintí, chun na suimeanna a aisghabháil gan feitheamh le héilimh iniúchta, go háirithe ó bhíonn baol ann i gcónaí nach bhfaighfí ar aon chor airgead a bheadh dlite don Státchiste dá gcuirfí moill leis an éileamh ar a aisghabháil. Tugann an Coiste chun cuimhne gurbh í an chúis a thug an tOifigeach Cuntasaíochta le gan beart láithreach a dhéanamh faoi ná dóchúlacht a bheith ann go ndéanfaí na figiúirí a dhealraigh a bheith ina róeisiúintí a laghdú tar éis iniúchadh na n-éileamh deiridh. Mar a tharla ní dhealraíonn go raibh bunús ró-mhaith leis an gcúis sin mar is léir ó na figiúirí atá luaite sna Meamraim ón Aire Airgeadais do 1973-74 agus 1974 a thaispeánann go raibh na ró-íocaíochtaí iarbhír i bhfad níos mó ná figiúirí na ró-íocaíochtaí dealraitheacha mar a tugadh iad i dTuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Measann an Coiste nach maith an nós imeachta é sin a ghlac an Roinn Comhshaoil chun fóirdheontais tithíochta a íoc agus mholfadh sé gan é a ghlacadh in aon chor eile dá leithéid a tharlódh san am le teacht. Is imní leis an mhoill a bhaineann le heolas iomlán a fháil ar na ró-éisiúintí go léir ó 1973-74 agus leis an mhoill a bhaineann lena n-aisghabháil. Ba mhaith leis go gcoinneofaí eolas leis maidir leis an ábhar sin. Oibreacha Poiblí agus Foirgnimh Phoiblí23. Sonraíonn an Coiste gur dearbhaíodh don Aire gur lán-leor chun a gcríche córais mhaoirseachta agus rialaithe na stóras áitiúil in Oifig na nOibreacha Poiblí agus go bhfuil an tOifigeach Cuntasaíochta tar éis a mheabhrú do na maoirseoirí go léir go bhfuil freagracht orthu na córais sin a oibriú i gceart. Tá súil ag an gCoiste, dá thoradh sin, nach dtarlóidh na fadhbanna arís a tharla cheana i lárionad áitiúil Oifig na nOibreacha Poiblí. Sláinte24. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an tAire Airgeadais fá imní, mar atá an Coiste féin, i dtaobh easnaimh a bheith ar chuntasaíocht agus ar thaifid roinnt Bord Sláinte ina mblianta tosaigh. Tugann sé dá aire freisin gur chuir an tOifigeach Cuntasaíochta i bhfios don Aire go ndearnadh na birt ba ghá chun na heasnaimh sin a leigheas agus, ina theannta sin, tá bearta tionscanta ag an Roinn Sláinte a bhfuil de chuspóir leo feabhas a chur ar rialú airgeadais i mBoird Sláinte. Is maith leis an gCoiste a chloisteáil go bhfuil sé á chur in iúl do gach Oifigeach Cuntasaíochta ag an Aire Airgeadais gurb é barúil an Choiste é a bheith riachtanach socruithe éifeachtacha le haghaidh ceart-rialú airgeadais agus nósanna imeachta cuntasaíochta a bheith déanta tamall maith roimh aon ghníomhaireacht nua a bhunú a bheadh bainteach le hairgead poiblí a chaitheamh. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuil feabhas mór tagtha tríd is tríd ar an scéal maidir le bheith i ndiaidh láimhe ag iniúchadh cuntas Bord Sláinte agus gurbh é atá beartaithe anois achomaireachtaí cuntas i gcás gach Boird Sláinte a bheith ar fáil le haghaidh iniúchta laistigh de shé mhí ó dheireadh na bliana airgeadais. Tá súil ag an gCoiste de thoradh na mbeart atá á nglacadh anois go mbeidh riarachán airgeadais na mBord Sláinte ar an gcaighdeán nua-aimsire is airde as seo amach d’fhonn freastal ar cheartriachtanais na dea-chuntasaíochta poiblí. Ranníocaí Sláinte25. Is maith leis an gCoiste an dearbhú go n-aontaíonn an tAire Airgeadais go hiomlán lena bharúil gur chóir é a bheith mar chuspóir 100% de ranníocaí na bhfeirmeoirí a chruinniú i ngach réigiún agus gurb é sin freisin barúil na Roinne Sláinte; tá an Roinn sin tar éis a iarraidh ar na Boird Sláinte gach uile bheart is féidir leo a ghlacadh chun riaráistí a chruinniú. Tugann an Coiste dá aire, tráth Meamraim an Aire Airgeadais, 18 Deireadh Fómhair 1978, go raibh breithniú á dhéanamh ag an Aire Sláinte ar conas mar ab fhearr a fhéadfaí an ráta bailiúcháin a fheabhsú agus go raibh sé ag smaoineamh ar thograí reachtúla áirithe a thabhairt isteach san ábhar sin i ndáil leis an leasú beartaithe ar an Acht um Ranníocaí Sláinte 1971. Tá a fhios ag an gCoiste go ndearnadh an reachtaíocht leasaitheach — an tAcht um Ranníocaí Sláinte 1979 — a rith le déanaí agus ba mhaith leis eolas a fháil i dtaobh na nithe eile atá beartaithe a dhéanamh anois chun an ráta bailiúcháin a fheabhsú. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuiltear ag dul i gcomhairle leis na Boird Sláinte maidir leis an mioneolas a d’iarr sé i dtaobh leibhéal bailiúcháin agus riaráistí. Tá súil aige go bhfaighidh sé an t-eolas sin go luath. An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste26. Cúis áthais don Choiste a shonrú go bhfuil Roinn na Seirbhíse Poiblí sásta comhoibriú go hiomlán sa nós imeachta a moladh i leith meas a thabhairt ó am go ham ar riachtanais foirne in Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste san am le teacht. Is maith leis an dearbhú go bhfuil Aire na Seirbhíse Poiblí sásta a údarú go soláthrófar aon bhreis foirne a chruthófar a bheith ag teastáil. Miniú ar shábháil nó ar bharrachais faoi mhírchinn27. Tugann an Coiste dá aire go bhfuiltear á mheabhrú d’oifigigh Cuntasaíochta nach mór nótaí leordhóthanacha a chur sna Cuntais Leithreasa ar na príomhchúiseanna a tharla sábháil nó barrachas faoi mhírchinn. Tá dóchas ag an gCoiste dá bhrí sin feabhas a fheiceáil ar an scéal láithreach agus tá súil aige nach gá dó tagairt don ábhar sin arís. Seirbhís rúnaíochta a sholáthar don Choiste28. Tugann an Coiste dá aire na socruithe atá déanta anois á chumasú do Phríomh-Chléireach aire lánaimsire a thabhairt feasta do chúraimí an Choiste. Ábhair sásaimh ag an gCoiste an socrú sin. CUID II—CUNTAIS SHONRACHAAOISLIÚNTAIS AGUS LIÚNTAIS SCOIRCt 41 29. Thug an Coiste dá aire ó Thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go dtugtar bailíocht chúlghabhálach d’íoc pinsean ranníocach agus pinsean ex-gratia do chleithiúnaithe státseirbhíseach le Scéim Pinsean Ranníocach na Státseirbhíse do Bhaintreacha agus do Leanaí, 1977 agus le Scéim Pinsean Ex-gratia na Státseirbhíse do Leanaí, 1977, a shínigh Aire na Seirbhíse Poiblí an 9 Bealtaine 1977. Thug an Coiste dá aire freisin go bhfuil reachtaíocht chumasaíochta ann cheana féin chun bailíocht a thabhairt do phinsin ranníocacha agus ex-gratia a dámhadh do chleithiúnaithe seirbhíseach poiblí eile agus go bhfuil na scéimeanna bailíochta is gá á n-ullmhú ag na ranna rialtais lena mbaineann. Ba mhaith leis an gCoiste go gcoinneofaí ar an eolas é i dtaobh an dul chun cinn atá á dhéanamh ag ullmhú na scéimeanna sin. OIFIG NA gCOIMISINÉIRÍ IONCAIMCÁIN IONCAIM GAN ÍOCCta 195-198 30. Thug an Coiste dá aire go bhfuil an figiúr maidir le cáin ioncaim gan íoc tar éis méadú ó £77 milliún ag 31 Bealtaine 1976 go dtí £136 milliún ag 31 Bealtaine 1977. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl le linn a chuid fianaise gur sna figiúirí a bhaineann le cáin is ábhar achomhaire nó fiosrúcháin a tharla an chuid is mó den mhéadú sin. Tá breis chánach á cur san earnáil sin mar gheall ar athruithe sa dlí le blianta beaga anuas. De thoradh na n-athruithe sin is measúnachtaí measta tuairim 90% de na measúnachtaí atá á n-eisiúint anois i gcomparáid le 40% faoi na socruithe roimhe sin. Is é an chéad fhreagra a thugann an cáiníocóir ar mheasúnacht mheasta achomharc a chur isteach agus dá chionn sin tá méadú mór tagtha ar an méid cásanna agus ar an méid cánach san earnáil “faoi achomharc nó faoi fhiosrú”. Ní léargas fíor ar an gcás dá bhrí sin an figiúr cánach san earnáil sin d’ainneoin na n-iarrachtaí atá á ndéanamh chun laghdú a thabhairt ar an am idir mheasúnacht mheasta a dhéanamh agus measúnacht deiridh a dhéanamh. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta freisin, dá ndéanfadh cáiníocóirí níos mó úsáid a bhaint as an bhforáil reachtúil a cheadaíonn dóibh, nuair a bhíonn achomharc i gcoinne measúnachta á dhéanamh acu, an tsuim a shonrú a mheasann siad is iníochta ó cheart, b’fhéidir go mba lú dá chionn an mhí-riocht a bheadh ar na figiúirí cánach gan íoc san earnáil sin. Tuigeann an Coiste a dheacra a bhíonn sé do na Coimisinéirí Ioncaim teacht ar fhigiúr réadúil i leith cánach atá amuigh san earnáil “faoi achomharc nó faoi fhiosrú” . Tá sé á cheapadh go mb’fhéidir mar chéad bheart go bhféadfaí teacht ar an suim san earnáil sin a bhaineann le measúnachtaí deiridh ar leithligh ó mheasúnachtaí measta. Thug an Coiste dá aire freisin an méadú ar mhéid na cánach ioncaim atá gan íoc sa dá earnáil eile mar a thaispeántar sa Tuarascáil ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Glacann sé leis, nuair a chuirtear moill le bailiú cánach ar chúiseanna ar nós féimheacht, bás, etc., nach bhfuil, mar a dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta, mórán is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh ar mhodh dlús a chur le rudaí mar go mbíonn feidhm ar an scéal ag cúrsaí dlíthiú la eile a bhféadfadh go dtógfadh sé i bhfad sula gcríochnófaí iad. Maidir le cáin san earnáil “dlite le bailiú”, áfach, is ábhar imní ag an gCoiste a shonrú go bhfuil an méid atá gan íoc tar éis méadú ó £16 milliún ag 31 Bealtaine 1976 go dtí £28.5 milliún ag 31 Bealtaine 1977—méadú is mó ná 75%. Ba mhaith leis an gCoiste faisnéis a fháil ar na cúiseanna atá leis an mé adú mór seo agus ba mhaith leis deimhniú a fháil nach bhfuil aon mhoill mhíchuí á déanamh ag na Coimisinéirí Ioncaim i mbun bailiú cánach nuair atá comhaontaithe ar an méid agus nár cheart aon deacraí dlíthiúla tarlú. CÁIN RACHMAIS—MOILL AG CURTUAIRISCEÁIN ISTEACH31. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar an mhoill atá ar dhaoine is inmheasúnaithe i leith Cánach Rachmais ag cur a dtuairisceáin reachtúla do 1975 agus 1976 faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim mar a fhoráiltear leis an Acht Cánach Rachmais 1975. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur tharla, mar gheall ar na forálacha reachtúla a bhaineann le hús a mhuirearú ar cháin sheandlite, gur shroich formhór an chomhfhreagrais a bhain le dátaí luachála 1975 agus 1976 Brainse Cánach Caipitiúil a oifige i rith gearrthréimhse i ngach ceann de na blianta sin. Dá dheasca sin chruinnigh moll mór riaráistí agus b’éigean é sin a ghlanadh sula bhféadfaí aird a thabhairt ar chásanna nár cuireadh tuairisceáin isteach. Dúirt sé go ndearnadh ina dhiaidh sin dualgas freastal na gcásanna sin a chur ar rannóg nua in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Ag tabhairt fianaise dó dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta arís gurbh é ba bhun leis an deacracht an cháin a bheith nua agus ualach na hoibre do theacht ag am áirithe den bhliain in ionad é a bheith roinnte ar fud na bliana go léir. Mhínigh sé go raibh baint ag an deacracht sin le ceist foirne. Fairis sin, leis na cánacha nua go léir, bhí trioblóidí tionscnaimh leis an gCáin Rachmais. Dúirt sé ar a shon go raibh deireadh curtha leis an gCáin Rachmais go raibh na Coimisinéirí Ioncaim ag gabháil fós do réiteach agus cruinniú suimeanna a tháinig chun bheith inmheasúnaithe le linn don cháin a bheith i ngníomh. Ba mhaith leis an gCoiste fios a fháil an bhfuil na measúnachtaí Cánach Rachmais go léir déanta anois i leith na tréimhse a raibh an cháin sin i gníomh ar a feadh agus cé mhéid, más aon mhéid é, atá fós gan bailiú. POIST AGUS TELEGRAFATÁILLÍ THEILIFÍS CHÁBLAAGUS MAINNITHEOIRÍ CEADÚNAS TEILIFÍSE32. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar mar a mhainnigh sealbhóirí ceadúnas chun seirbhís teilifíse cábla a sholáthar déanamh de réir forálacha na Rialachán Raidió-Theileagrafaíochta (Ceadúnas Leaschraolacháin Shreangaithe), 1974. Ceanglaíonn na Rialacháin ar cheadúnaí táille a íoc leis an Aire Poist agus Telegrafa, lá deiridh gach ráithe, comhionann le 15% dá ioncam comhlán sa ráithe sin gan táillí suiteála agus cáin bhreisluacha a áireamh, agus, ina theannta sin, ráiteas iniúchta ar an ioncam comhlán sin in aghaidh na bliana a thabhairt don Aire. Bhí sé tugtha faoi deara ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh táillí íoctha ag ceadúnaithe áirithe ach nach raibh ráitis iniúchta curtha isteach acu ná agus go raibh ceadúnaithe eile ann nach raibh táillí íochta acu ná ráitis iniúchta curtha isteach acu. Dúirt an tOifigeach Iniúchta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i mBealtaine 1978, cé go raibh an fhadhb ar marthain i gconaí, go raibh ráitis dheimhnithe faighte faoin dáta sin ó roinnt sealbhóirí ceadúnas agus go raibh imeachtaí á dtionscnamh i dtrí chás nár íocadh na táillí reachtúla. Tá sé á thathant ag an gCoiste go ndéanfaí gach uile bheart á áirithint go ndéanfaidh gach uile cheadúnaí de réir forálacha na rialachán iomchuí. Teastaíonn uaidh eolas a fháil ar conas mar atá an scéal faoi láthair maidir le ráitis bhliantúla ar ioncam comhlán a chur isteach agus ar bhailiú táillí atá dlite de na ceadúnaithe. Rinne an Coiste breithniú freisin ar cheist na mainneachtana ag úinéirí gléasanna teilifíse maidir le táillí ceadúnais bhliantúil a íoc. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go seolann an Roinn Poist agus Telegrafa feachtas gach bliain d’fhonn breith ar mhainnitheoirí, agus cé go mbeirtear ar chuid mhaith mainnitheoirí, go bhfuil an fhadhb ann i gcónaí. Tugann an Coiste dá aire, cé nach féidir a dhéanamh amach go beacht cé mhéid mainnitheoirí atá ann, gur measadh go mbeadh san iómlán tuairim £1.5 milliún sa bhliain de tháillí ceadúnais gan íoc, suim maith mór ag féachaint don méid táillí ceadúnais a bhailítear ar fad. Tá a fhios ag an gCoiste faoi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an Roinn Poist agus Telegrafa chun breith ar mhainnitheoirí agus is maith leis an scéala go bhfuiltear ag breith ar chuid mhaith acu. Ba mhaith leis fiafraí ar smaoin an Roinn a iarraidh ar cheadúnaithe seirbhís teilifíse chábla ainmneacha agus seolta na ndaoine a bhaineann úsáid as a seirbhís a chur isteach chun na Roinne féachaint an bhféadfaí a fháil amach an raibh aon mhainnitheoirí ina measc maidir le táillí ceadúnais ar ghléasanna teilifíse a íoc. RIALTAS ÁITIÚIL33. Faigheann Údaráis Áitiúla a mbíonn a gcuntais á n-iniúchadh ag Iniúchóirí Rialtais Áitiúil, faigheann siad suimeanna móra dá n-ioncam bliantúil ó airgead vótáilte agus ón Ródchiste; i 1976 íocadh £29,601,896 d’Fhóirdheontas Tithíochta leo, £5,167,579 de dheontais Soláthar Uisce agus Séarachais agus £20,705,428 de dheontais ón Ródchiste. Cúis mhí-shuaimhnis don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a shonrú ó thuarascálacha na n-iniúchóirí go raibh easnaimh áirithe sna nósanna imeachta rialaithe airgeadais a bhí á n-oibriú ag roinnt údaráis áitiúla. Bhí sé curtha in iúl dó ag an Oifigeach Cuntasaíochta go raibh éifeachtúlacht riaracháin na nÚdarás Áitiúil mar fhreagracht ar na bainisteoirí cathrach nó contae éagsúla agus gur meabhraíodh dóibhsean roinnt uaireanta gur ghá cúram speisialta a dhéanamh de rialú airgeadais. Le blianta beaga i leith tá an-dul chun cinn déanta sa réimse sin trí bhail nua-aoise a chur ar na próiseanna cuntasaíochta lena n-áirítear foirm nua meastachán a thabhairt isteach atá ceaptha chun fotha níos fearr a thabhairt le haghaidh rialú airgeadais. Ina theannta sin, rinneadh bearta chun feabhas a thabhairt ar staid na foirne ó thaobh airgid de agus tugadh isteach grád nua Oifigeach Airgeadais. Bhí oifigeach amháin den sórt sin ceaptha cheana féin i limistéar údaráis áitiúil amháin, bhí aontaithe le ceathrar eile, agus bhí bearta á ndéanamh chun daoine eile a cheapadh de réir mar tharla folúntais i bpoist Chuntasóra Contae. Is airde de phost Oifigeach Airgeadais ná Cuntasóir Contae agus áirítear go sonrach ar na dualgais iniúchóireacht inmheánach. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta, áfach, go bhféadfadh go dtógfadh sé am chun Oifigigh Airgeadais a cheapadh sna limistéir Rialtais Áitiúil mar go raibh sé ag brath go mór ar fholúntais do tharlú mar gheall ar dhaoine do scor dá bpoist mar Chuntasóirí Contae. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin go n-áirítear ar na bearta eile chun rialú airgeadais a fheabhsú, faireachas a dhéanamh go ráithiúil ar chaiteachas agus ar mheastacháin ag an Roinn i gcomhpháirt le Bainisteoirí Cathrach agus Contae, cúrsaí a bhunú d’fhoireann brainse cuntas agus imleabhar a fhoilsiú ag tabhairt treoracha cuntasaíochta mionchruinne. Foireann iniúchóireachta na Roinne a d’ullmhaigh an t-imleabhar sin. Tá imní ar an gCoiste mar atá ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i dtaobh neamhdhóthanacht na rialúchán airgeadais atá á bhfeidhmiú ag údaráis áitiúla áirithe. Is maith leis na bearta atá á ndéanamh chun feabhas a thabhairt ar an réimse sin, go háirithe Oifigigh Airgeadais a cheapadh agus molann sé go gcuirfí dlús le hearcaíocht oifigeach den sórt sin de réir mar a mheasfar agus nuair a mheasfar gur gá iad a cheapadh i limistéir údarás áitiúil. FÓIRDHEONTAIS TITHÍOCHTA—RIARÁISTÍ CÍOSA34. I gcás na tréimhse ó 1 Aibreán 1973 go dtí 31 Nollaig 1976 tugadh fóirdheontais as airgead vótáilte i leith na n-easnamh a thabhaigh Údaráis Áitiúla ag soláthar tithe údarás áitiúil lena ligean ar cíos. Rinne údaráis áitiúla éilimh ar fhóirdheontas ar bhonn na n-easnamh a taispeánadh ina gcuntais seirbhísí tithíochta. Ullmhaíonn gach údarás áitiúil ach amháin Bardas Bhaile Atha Cliath na cuntais sin ar fhoras fáltais agus íocaíochtaí agus dá bhrí sin ní thugann siad chun creidiúna in aon bhliain áirithe ach na cíosanna a fuarthas iarbhír. Dá bhrí sin dá mainneofaí cíosanna a chruinniú is é a tharlódh dá chionn go méadófaí na heasnaimh a thaispeántar sna cuntais tithíochta. Ullmhaíonn Bardas Bhaile Átha Cliath a chuntais ar fhoras Ioncam agus Caiteachas agus sholáthraigh sé £1 milliún i leith riaráistí cíosa i gcuntais do 1973-74 agus 1974. Thaispeáin tuairisceáin áitiúla a rinne Rialtais Áitiúil faoin Ordú Comhlachtaí Poiblí 1946 go raibh suimeanna móra riaráistí cíosa gan íoc i roinnt cásanna agus d’fhiafraigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste cé mhéid d’fhóirdheontas a thabharfaí as airgead vótáilte i leith na riaráistí sin ó 1973/74 amach. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh stailc cíosa ag tionóntaí rialtais áitiúil ar bun i roinnt limistéar ar an 31 Márta 1973 agus go raibh sin ina chúis le deacrachtaí do tharlú. Bhí athbhreithniú á dhéanamh ar an scéal ag a roinn agus cuirfí tograí faoi bhráid na Roinne Airgeadais. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste le linn a chuid fianaise go raibh na húdaráis áitiúla, ach amháin Bardais Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí, tar éis geall leis na riaráistí uile cíosa a ghnóthú. I gcás Bardais Chorcaí fionnadh gur tugadh fóirdheontas i leith riaráistí cíosa go feadh £250,000 lúide cion na rátaí de thuairim an tríú cuid agus lúide suim i leith blianachtaí ceannaigh. Ón uair gur ar bhonn ioncaim agus caiteachais a ullmhaítear cuntais seirbhísí tithíóchta Bhardais Bhaile Átha Cliath ní éireodh ceist fóirdheontais i leith riaráistí cíosa mura gcinnfí riaráistí den sórt sin a dhíscríobh mar rud nach bhféadfaí a ghnóthú. Tugadh laghdú ar mhéid na riaráistí i gcathair Bhaile Átha Cliath trí ghlacadh le híoc riaráistí ann i dtráthchodanna ach bhí tuairim £1.25 milliún de riaráistí ann i gcónaí. Is é an deacracht a bhí ann gur chinnte, i limistéar údaráis áitiúil inar mhó ná £6 milliún an t-ioncam iomlán ó thithe, go dtarlódh roinnt riaráistí in imthosca in ar ghá iad a dhíscríobh. Dúirt ionadaí na Roinne Airgeadais go nglacfadh a roinn leis an gcleachtadh seanbhunaithe go ndéanfaí suimeanna beaga riaráistí cíosa a dhíscríobh mar airgead nach bhféadfaí a ghnóthú i leith na tréimhse áirithe. Ach toise go mba oibleagáid gan srian teorann fóirdheontas a íoc i leith easnamh tithíochta sa chéill go raibh freagracht ar an Státchiste chun freastal ar an difear idir cíosanna ar leith amháin agus costais bhainistíochta agus chothabhála ar an leith eile, ba lú an t-éigean a bhí ar na húdaráis áitiúla dlús a chur le bailiú cíosanna i gcoitinne, go háirithe le linn na stailce cíosa. Dúirt sé gurb é tuairim ghinearálta na Roinne Airgeadais gur ar na húdaráis áitiúla atá an fhreagracht i leith riaráistí cíosa a théann ós cionn na leibhéal ar a mbíodh cleachtadh i gcónaí. Glacann an Coiste leis gur fadhb speisialta na riaráistí cíosa a charnaigh le linn na stalice cíosa agus gur ghá gan amhras smaoineamh go speisialta ar chásanna cruatain a thig dá chionn. Mar sin féin aontaíonn sé leis an tuairim ghinearálta a luaigh ionadaí na Roinne Airgeadais gur ar na húdaráis áitiúla atá freagracht bailithe na riaráistí sin agus ba mhaith leis go ndéanfaí gach dícheall chun a mbailiú a chur i gcrích ionas nach dtiocfadh méadú gan riachtanas ar easnaimh cuntas tithíochta i leith na tréimhse áirithe, easnaimh a chaithfeadh an Státchiste a shlánú. Tugann sé dá aire go bhfuil fóirdheontas tugtha i leith riaráistí cíosa údaráis áitiúil amháin agus tá súil aige go ndéanfar méid an fhóirdheontais a aisghabháil chun tairbhe an Státchiste. OIFIG AN AIRE OIDEACHAISDEONTAIS ARDOIDEACHAIS35. Údaraíonn an tAcht um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968, go dtabharfadh údarás áitiúil deontais do dhaoine cáilithe ar a bhfuil gnáthchónaí ina limistéar feidhmiúcháin lena chumasú dóibh freastal ar ollscoileanna nó ar fhorais cheadaithe eile ardoideachais. Tá foráil san Acht freisin go n-aisíocfar as airgead vótáilte le húdarás áitiúil an méid de chostas bliantúil na ndeontas sin a théann thar an soláthar a rinne sé i 1967-8. Déanann scéimeanna bliantúla arna gceadú ag an Aire Oideachais socrú le haghaidh deontais ardoideachais a íoc de réir dhá ráta, eadhon, ráta deontais íseal do mhic léinn cháilithe a bhfuil a n-áit chónaithe i mbaile ollscoile nó ina chóngar agus ráta ard do mhic léinn cháilithe eile. I mí Feabhra, 1970, d’eisigh an Roinn Oideachais treoirlínte do gach údarás áitiúil lena chinneadh chun críocha scéimeanna deontais an raibh nó nach raibh áit chónaithe mhic léinn i mbaile ollscoile nó ina chóngar. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste leis an gCoiste go bhfuarthas fios in Eanáir 1976 go raibh údarás áitiúil amháin ann a bhí, ó tugadh isteach scéim na ndeontas i 1968, ag íoc an ráta deontais ard le gach iarratasóir cáilithe ina limistéar, ba chuma má bhí a áit chónaithe i mbaile ollscoile nó ina chóngar. Chomhairligh an tArd-Aighne go bhféadfaí a éileamh ar an údarás seo go ngnóthófaí uaidh suimeanna a ró-íocadh tar éis na dtreoirlínte i dtaobh áit chónaithe a eisiúint i 1970 agus d’aontaigh an Roinn Airgeadais gur chóir bearta a ghlacadh chun méid a ghnóthú ab ionann agus suim na ndeontas iomarcach a bhí íoctha ó 1970 le mic léinn nár chóir ach an ráta íseal a bheith íoctha leo. Ach ina dhiaidh sin, tar éis uiríolla ón gcomhairle áitiúil lenar bhain bhreithnigh an tAire Oideachais gur cheart na dámhachtainí a bhí déanta ag an gcomhairle sin suas go dtí 1976 a mheas mar shuimeanna a tugadh de réir forálacha scéim na ndeontas agus a chinneadh nach ndearna an chomhairle ró-íocaíochtaí. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste freisin, nuair nach raibh cinneadh sin an Aire Oideachais curtha i bhfios don Roinn Airgeadais, gur iarr sé go gcuirfí i bhfios don Roinn sin é. Thug an tOifigeach Cuntasaíochta fianaise á mhíniú don Choiste gurbh é príomhchúram na Roinne tabhairt ar an údarás áitiúil glacadh leis gur cheart dó a scéim deontas a oibriú ar an bhforas go raibh áit chónaithe mhic léinn cóngarach do bhaile ollscoile nó nach raibh agus d’aontaigh an t-údarás déanamh dá réir sin ó 1977. Ar an mbonn sin is ea a rinne an tAire Oideachais a chinneadh. Bhí sé ráite ag an údarás áitiúil go raibh sé sásta nach raibh aon cheann de na mic léinn áirithe, dar leis an údarás, ina chónaí i mbaile ollscoile ná ina chóngar agus dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gurbh shin rud a chaithfí a fhágáil faoi chinneadh na n-údarás áitiúil. Ábhar míshuaimhnis ag an gCoiste an beart a rinne an Roinn Oideachais sa chás seo mar gheall ar na ciallachais tromaí a ghabhann leis maidir le caitheamh airgid phoiblí a rialú. Caithfidh sé glacadh leis, nuair a d’iarr an Roinn Oideachais comhairle ar an Ard-Aighne, go raibh fianaise prima facie aige go raibh íocaíochtaí iomarcacha deontas déanta ag an údarás áitiúil agus go raibh aisíocaí iomarcacha déanta leis an údarás sin as airgead vótáilte. Dhealródh sé go bhfuil cruthú le fáil air sin sa mhéid gur choinnigh an Roinn siar ón údarás áirithe sin airgead i leith caiteachais ar dheontais i 1975 agus i 1976 go dtí Nollaig 1977. Is rí-dheacair leis an gCoiste glacadh lena ndeir an t-údarás áitiúil, mar atá curtha in iúl ag an Oifigeach Cuntasaíochta, go raibh sé sásta nach raibh éinne de na mic léinn a bhí ag fáil deontas, dar leis an údarás áitiúil, ina chónaí sa bhaile ollscoile nó ina chóngar. B’áil leis an gCoiste a chur i bhfios go bhfuil limistéar feidhmiúcháin an údaráis sin cóngarach don bhaile sin agus mar atá an scéal, is neamhdhócha amach is amach, gan a thuilleadh a rá, nach bhféadfadh éinne de na mic léinn a fuair deontas agus a d’fhreastail an coláiste ollscoile áitiúil, nach bhféadfadh sé, sa tréimhse Feabhra 1970 go Nollaig 1976, taisteal go laethúil óna bhaile féin go dtí an coláiste sin. Ba mhaith leis an gCoiste a fháil amach an bhfuil aon fhianaise ag an Roinn Oideachais á thaispeáint gur dheimhnigh an t-údarás áitiúil dó féin sular íoc sé an ráta deontais ard nár thaistil an deontaí amhlaidh. Tugann an Coiste dá aire, maidir leis an bhforáil á cheangal nach n-íocfaí deontas de réir an ráta ísil ach amháin le mac léinn a bhfuil cónaí rialta air i mbaile ollscoile nó ina chóngar, gur foráil chomhchoitian í sin sna scéimeanna deontas a cheadaigh an tAire Oideachais do na húdaráis áitiúla uile. Ní thuigeann sé chor ar bith cad iad na fáthanna speisialta a bhí leis an fhoráil sin a ligean ar ceal i gcás údaráis amháin. Is é a bharúil, má mheas an tAire Oideachais ar chúiseanna beartais gur cheart an fhoráil sin a ligean ar ceal in aon bhliain áirithe, gurbh é an rud ba cheart a dhéanamh scéim na ndeontas a leasú don bhliain sin agus bheadh an Coiste ag súil leis go mbeadh feidhm ó thaobh cothromais ag leasú den sórt sin maidir le gach scéim deontas údaráis áitiúil. Cheal leasú den sórt sin measann an Coiste gur cheart don Oifigeach Cuntasaíochta, tar éis cinneadh an Aire, an t-ábhar a chur i bhfios don Roinn Airgeadais agus toiliú na Roinne sin a iarraidh go ndéanfaí díscríobh ar aon íocaíochtaí iomarcacha a rinneadh as airgead vótáilte. Ba cheart ansin go mbeadh an t-ábhar curtha i bhfios do Dháil Éireann trí nóta oiriúnach a chur sa Chuntas Leithreasa. Ábhar dearfa imní ag an gCoiste go mbunódh an rud a rinneadh sa chás seo sampla arb é a thiocfadh de, dá leanfaí é, go lagódh sé go mór an t-urlámhas ar chaitheamh airgid vótáilte agus go gcuirfeadh sé ó mhaith obair an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ag scrúdú an chaiteachais sin dó. Tugann sé dá aire gur ar iarratas an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a cuireadh cinneadh an Aire Oideachais i bhfios don Roinn Airgeadais agus ba mhaith leis tuairimí na Roinne sin a fháil ar an ábhar atá i gceist. MEÁNOIDEACHAS36. Maidir leis na costais a bhaineann le scoileanna cuimsitheacha agus scoileanna pobail a sheoladh (gan tuarastail, íocaíochtaí taistil agus iostais agus cúitimh múinteoirí lánaimsire a áireamh) is iad na scoileanna féin a íocann iad as airleacain óinchiste ón bhfomhírcheann Vóta a dhéanann soláthar do shuim chinnte buiséid i leith gach scoile. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird an Choiste ar roinnt easnamh i riarachán airgeadais chuid de na scoileanna sin, easnaimh a bhfuarthas fios orthu le linn iniúchadh áitiúil a rinne a fhoireann. Dealraíonn nach ndearnadh rialú ar an gcaiteachas a thabhaigh roinnt Bord Bainistíochta agus go raibh caiteachas breise á mhaoiniú ar mhodh ró-tharraingt bainc a mb’éigean ús a íoc air. Tharla de sin go ndearna an Roinn Oideachais íocaíochtaí speisialta de bhreis ar na dáilte buiséid tar éis deireadh na bliana. Bhí scoileanna ann a chleacht íocaíochtaí i leith dliteanas aibí a chur siar ó bhliain go chéile. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go gcomhairlítear do na scoileanna nár cheart dul thar a ndáilte buiséid gan ceadú roimh ré a fháil ón Roinn. Dúirt sé freisin go ndéantar a gcaiteachas a athbhreithniú in aghaidh na ráithe agus go gcomhairlítear d’aon scoil, nach bhfanann laistigh dá suim dáilte, faire leanúnach a choinneáil ar a cuid caiteachais feadh na bliana, gan aon oibleagáidí a ghlacadh lena ngabhfadh barrachas gan cead roimh ré a fháil, agus más dóigh go mbeidh barrachas i gceist, scéala a chur chun na roinne agus tuairisc a thabhairt ar cad a bheartaítear chun é chur ina cheart. Ina theannta sin, iarradh ar na scoileanna liosta sonrasc a bheidh le híoc a chur isteach gach mí ionas go mbeadh a fhios ag an Roinn an raibh a ndóthain airgid acu chun a n-oibleagáidí a ghlanadh. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird freisin ar neamhdhóthanacht na dtaifead stoic agus na nósanna imeachta stocáirimh i roinnt scoileanna agus do nós atá á chleachtadh ag scoileanna trealamh a fháil faoi chomhaontuithe léasachta agus an caiteachas a tabhaíodh a áireamh mar chostais reachtála is inmhuirearaithe ar an gcuntas óinchiste. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur comhairlíodh do na scoileanna a bhí i gceist gur ghá taifid stoic chearta a choinneáil agus stocáireamh a dhéanamh go rialta. Cuireadh in iúl dóibh freisin nach gceadaítear de ghnáth trealamh a fháil ar léas agus go gcaithfear ceadú na roinne a fháil sula ndéanfar comhaontuithe léasachta. I gcríoch dála chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir nach raibh úsáid á bhaint ag roinnt scoileanna as trealamh miotalóireachta agus gléasanna teilifíse a sholáthraigh an Roinn dóibh. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta nach rabhthas ag baint úsáid as an trealamh miotalóireachta, a chosain £24,848, toisc nach raibh fáil ar mhúinteóirí miotalóireachta ach go raibh an scéal sin leighiste anois trí scoileanna lenar bhain. Maidir le neamhúsáid na ngléasanna teilifíse dúirt sé gur tharla sin mar gheall ar é a bheith deacair na hamchláir a leagan amach mar gheall ar an hamanna craolta a bheith mí-oiriúnach, gan seirbhís píopaithe a bheith ar fáil agus doiléire na bpictiúr teilifíse sna limistéir scoile. Dúirt sé freisin gur aistríodh na gléasanna nach raibh á n-úsáid go dtí scoileanna eile mar a mbainfí úsáid astu agus nach soláthrófaí gléasanna teilifíse feasta mura bhfaíghfí ráthaíocht go n-úsáidfí iad. Ábhar cúraim ag an gCoiste na lochtaí sin a fháil i riarachán airgeadais roinnt scoileanna cuimsitheacha agus scoileanna pobail agus tá súil aige go bhfuil beart oiriúnach déanta anois chun rudaí a chur ina gceart. Rud is cúis mhíshuaimhnis sa chúrsa sin is ea go bhfuil fianaise ann á chur i bhfios nach raibh aon eolas ag an Roinn ar na lochtaí sin go dtí gur chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi umhail an Oifigigh Chuntasaíochta iad. Cuid nua de chóras oideachais an Stáit seo againne, a cuireadh leis le déanaí, is ea na scoileanna cuimsitheacha agus na scoileanna pobail agus cheapfadh an Coiste go ndéanfadh an Roinn faireachas dlúth ar a gcaiteachais airgead phoiblí. Ní dhealraíonn go ndearnadh sin i ngach cás. Measann an Coiste go bhfuil an gá le faireachas mar sin a dhéanamh ina argóint tréan ar son aonad iniúchóireachta inmheánach éifeachtúil a bhunú sa Roinn mar bheart práinne. TEAGHLAIGH CHÓNAITHEACHA AGUSSCOILEANNA SPEISIALTA37. Is trí chuntas óinchiste scoile a íoctar costas stampaí árachais shóisialaigh foireann scoileanna speisialta agus is trí airleacain as airgead vótáilte a mhaoinítear an cuntas sin. Nuair a bhí iniúchadh áitiúil á dhéanamh acu i Scoil Speisialta thug foireann an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste faoi deara gur dhealraigh sé go raibh míréireacht idir na suimeanna a chuir an Roinn ar fáil sa tréimhse Eanáir 1972 go Nollaig 1976 chun stampaí árachais shóisialaigh a cheannach agus luach stampaí a raibh cuntas orthu. Thugadar faoi deara freisin go raibh stampaí go luach £3,267 ar láimh agus nach raibh stampáil déanta ar fhormhór na gcártaí árachais shóisialaigh do 1973-76 a bhí ar láimh; stampaí iad sin a bhain le fostaithe scoile. Ar iarratas ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste chuir an tOifigeach Cuntasaíochta faoi deara dá chuid oifigeach cóimheas a dhéanamh, rud a nocht mion-neamhréireacht £27 á ghlacadh leis gur caitheadh suim mheasta ar cheannach stampaí áit nach bhféadfaí é sin a chinntiú go daingean trí thagairt do thaifid nó do chártaí árachais. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nár thug an fiosrú roinne aon chúis le hamhras mímhacántachta a chaitheamh ach gur thaispeáin sé go ndearnadh fáillí sna cártaí a stampáil. D’aontaigh stiúrthóir na scoile go leanfaí go dlúth den chleachtas ceart ag stampáil na gcártaí feasta. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh seiceáil bhliantúil ar na cuntais scoile á déanamh sa scoil ó 1973 ag oifigigh óna roinnsean agus, ag tabhairt fianaise dó os comhair an Choiste, d’aontaigh sé gur chóir go nochtfadh na seiceálacha sin na míréireachtaí a bhí curtha in iúl ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Dhealraigh sé nár cuireadh i bhfios do na hoifigigh a bhí ag déanamh na seiceálacha gur ghá scrúdú a dhéanamh ar an scéal maidir le cártaí árachais a stampáil ach bhí teagasc tugtha dóibh ó shin gur ghá déanamh amhlaidh. Glacann an Coiste leis an tuairim nach raibh aon mhírialtacht ann sa chás seo ag féachaint aon eolas atá ar fáil. Ós mar sin atá aontaíonn sé scaoileadh leis an gcaiteachas neamhdheimhnithe £647 mar mhuirear i gcoinne an Vóta ar choinníoll go bhfuil an tAire Airgeadais sásta a chead a thabhairt á chumhdach. Is buairt leis, afách, nach raibh caighdeán na seiceálacha bliantúla a rinne oifigigh roinne sa chás seo sách maith. Measann an Coiste gur cheart réim agus críoch na seiceálacha atá le déanamh acu a chur in iúl go lánchinnte do gach oifigeach a bhíonn freagrach i dtaifid agus cuntais airgeadais a scrúdú agus gur cheart a ndualgais agus a bhfreagrachtaí i gcoitinne a chur i bhfios dóibh go hiomlán. Ba mhaith leis go gcuirfí a bharúlacha san ábhar sin in iúl do gach Oifigeach Cuntasaíochta. ARDOIDEACHAS38. Thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste scéala don Choiste go ndeachaigh an caiteachas a tabhaíodh ar thógáil áitribh don Choláiste Náisiúnta Corpoiliúna thar an bpraghas conartha bunaidh de bhreis agus 50% agus tharraing sé aird ar roinnt lochtaí déanmhais sna foirgnimh a tógadh faoin gconradh. I 1972 a rinneadh an conradh i suim £672,500 ach faoin 31 Nollaig 1976 shroich an caiteachais £1,039,010. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl, ar a shon nach raibh an cuntas deiridh don chonradh críochnaithe, go raibh ar áireamh sa chaiteachas a tabhaíodh £22,400 i leith breiseanna mar gheall ar dhálaí rí-dheacra láithreáin, £119,201 i leith athruithe, teaghmais nach ndearnadh soláthar dóibh sa chonradh agus breiseanna eile agus £224,900 i leith coigeartuithe faoin gclásal athraithe praghais agus coigeartuithe ar shuimeanna príomhchostais. Na lochtaí san fhoirgneamh is ar chríochnúlacht na mballaí lasmuigh agus i dtuisí na scuais-chúirteanna a bhíodar. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, d’fhonn a chinntiú cár luigh an fhreagracht i dtaobh na locht a bhí ar chríochnúlacht na mballaí, go raibh tuarascálacha teicniúla faighte ag an Roinn Oideachais san ábhar agus go raibh comhairle dlí iarrtha ag an roinn freisin maidir leis na bearta a d’fhéadfadh sí a ghlacadh lena chinntiú go gcuirfí obair cheartúcháin i gcrích, a measadh a chosnódh £70,000, gan chostas don roinn féin. Tá tuisí na scuais-chúirteanna roinnt orlaí as ceart agus de dhroim na hearráide sin ní thugtar aitheantas dóibh le haghaidh comórtais náisiúnta ná idirnáisiúnta agus leantar dá n-úsáid chun a mbunchríche, is é sin, saoráidí a bheith ar fáil do mhic léinn múinteoireachta an Choláiste. Bhreithneofaí an cheist i dtaobh leanúint d’éileamh maidir leis na scuais-chúirteanna nuair a bheadh an mhór-fhadhb i dtaobh chríochnúlacht na mballaí lasmuigh réitithe. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina fhianaise cé go bhféachtar ar athruithe mar ghnáth-ghné i gconarthaí tógála go raibh an ceann seo thar a bheith mí-ádhmharach. Is iad na conraitheoirí a d’iarr cuid de na hathruithe agus aonad tógála na roinne a d’iarr cuid eile. Dúirt sé freisin go bhfuair an roinn comhairle dlí go gcaithfí na lochtaí a cheartú ar chostas na gconraitheoirí agus bhí an Roinn i mbun birt chuige sin. Bhí sonraí ar na lochtaí a bhí le leigheas á dtarraingt suas ag comhairleoirí na Roinne agus chuirfí iad sin faoi bhráid na gconarthóirí tríd an bPríomh-Aturnae Stáit. Measann an Coiste go raibh costas na n-athruithe nár soláthraíodh dóibh sa chonradh, £119,210, go raibh sé ard agus ba mhaith leis eolas a fháil i dtaobh cad iad na hathruithe iad. Ba mhaith leis eolas a choinneáil leis ar an dul ar aghaidh a bheidh á dhéanamh chun an conradh sin a thabhairt chun críche. Go háirithe ba mhaith leis a fháil amach a ndearnadh na lochtaí sna foirgnimh a leasú go sásúil gan aon chostas a chur ar airgead vótáilte agus ar cuireadh críoch le ceist iarrtha an éilimh mar gheall ar an earráid i dtoisí na scuaischúirteanna. ROINN NA GAELTACHTA39. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar chás ina ndearnadh conradh, i leith aonad ramhraithe uan a thógáil a rabhthas chun deontas as an Vóta a fháil ina leith, le comharchumann ar bhonn tairisceana aonair agus de réir dealraimh sula raibh deis ag Roinn na Gaeltachta breithniú ar rudaí ar nós pleananna, sonraíochtaí agus costais. I Meitheamh 1974 d’aontaigh Roinn na Gaeltachta i bprionsabal deontas a íoc leis an gcumann i leith costais an aonaid, agus méid an deontais a bheith le cinneadh nuair a bhí an cumann tar éis eolas sásúil a chur isteach i dtaobh costas. Rinne an cumann conradh. áfach, i suim £98,700 in Iúil 1974 ar bhonn tairisceana aonair, gan an t-eolas a thabhairt a bhí á lorg ag Roinn na Gaeltachta. Faoi Dheireadh Fómhair 1974, cé nach raibh méid an deontais a bhí le híoc cinnte fós, bhí an saothar cheana féin go maith chun cinn. Ag 31 Nollaig 1976 bhí an cumann tar éis caiteachas tuairim £109,000 a thabhú, gan costas an láithreáin a áireamh, faoin gconradh tógála sin. Bhí sé curtha in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ag an Oifigeach Cuntasaíochta gur neamhdhóigh go mbeadh tairiscintí ar fáil ó chonraitheoirí measúla eile agus mar a bhí an scéal nach bhféadfaí a rá go raibh an caiteachas a thabhaigh an comharchumann míréasúnta. £74,000 de dheontas a íocadh as an Vóta. Ba lú é sin ná 70% den chaiteachas agus ba léir go mbeadh an Comharchumann i sáinn mura mbeadh é. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise nach raibh ach beagán gnólachtaí sa tír ag gabháil don chineál tógála a bhí ag teastáil sa chás seo agus de ghnáth gurbh é an gnólacht ba ghaire don láthair a thabharfadh an tairiscint ab ísle. Ní raibh aon ró-imní ar a Roinnsean nach bhfuarthas ach an tairiscint amháin. Bhí sé in amhras an mbeadh spéis ag gnólacht i bhfad ón láithreán tairiscint a thabhairt. Níl an Coiste sásta amach is amach leis an argóint atá curtha i láthair sa chás seo ag an Oifigeach Cuntasaíochta. D’aontódh sé go mb’fhéidir gur léir nach raibh ach gnólacht áirithe ann a bhí ar deis mhaith chun tabhairt faoin obair. Mar sin féin tá sé go láidir ar an mbarúil gur chóir i gcónaí tairiscintí eile a lorg. Mura ndéanfaí amhlaidh thiocfadh go luafaí praghas i bhfad ró-ard agus fiú go nglacfaí leis, go háirithe dá bhfaigheadh an t-aon ghnólacht amháin a raibh tairiscint á lorg air an t-eolas nach raibh aon ghnólacht eile ag cur isteach ar an obair a dhéanamh. Ina theannta sin d’fhéadfadh i gcónaí go mbeadh comhlacht ann nach mbeadh súil le tairiscint uaidh ach go bhféadfadh sé tarlú dó a bheith sa chor go mbeadh sé ullamh, ar chúiseanna nár léir do Roinn, chun iarracht speisialta a dhéanamh ag am áirithe. Measann an Coiste dá bhrí sin go mba bhaolach an rud glacadh leis gurb é an gnólacht is gaire do thionscadal tógála a luafaidh an praghas is ísle. I mír 19 dá thuarascáil faoi dháta 21 Aibreán 1977 chuir an Coiste in iúl go daingean nárbh fholáir cloí le cleachtadh na tairisceana iomaíochta i ngach conradh d’oibreacha caipitil a mhaoineodh an Státchiste ba chuma cibé acu Ranna a bhí á mbainistí go díreach nó gníomhaireachtaí lasmuigh. Ba cheart cloí leis an bprionsabal sin ní hamháin i gcás tionscadal a bhíonn á maoiniú go hiomlán as an Státchiste ach freisin i gcás tionscadal a bhíonn á maoiniú go páirteach as an Státchiste, ar nós an aonaid ramhraithe uan lena raibh Roinn na Gaeltachta bainteach. Measann an Coiste gur chóir an méid sin a chur in iúl go dearfa do gach Oifigeach Cuntasaíochta. OIBREACHA AGUS FOIRGNIMH PHOIBLÍ40. Thagair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina thuarascáil do stocáireamh rialta a bheith gan déanamh sa Phríomh-Stóras Troscáin agus freisin don fhaillí i bhfiosrú míréireachtaí a tháinig ar eolas le linn stocáirimh a rinneadh chomh fada siar le Bealtaine 1972. D’ainneoin gur thug an tOifigeach Cuntasaíochta a bhí ann san am sin dearbhú don Choiste um Chuntais Phoiblí i Samhain 1972 go rabhthas ag féachaint i ndiaidh an stocáirimh agus go raibh rudaí sásúil, ní dhearnadh aon stocáireamh ó Bhealtaine 1972. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach ndearnadh atheagrú ach ar chuid den Bhrainse Troscáin i 1972 agus nach bhféadfadh sé freastal ar an mbrú gan choinne a tharla mar gheall ar achair mhóra de spás oifige sa bhreis a bhí á bhfáil an t-am sin in áiteanna faoin tír chomh maith le Baile Átha Cliath. Ina theannta sin, tharla fadhbanna mar gheall ar an ngá a bhí le spás a fháil do chuid mhór troscán a bhí iomarcach de dhroim atroscánú a dhéanamh ar oifigí a bhí ann. Ní raibh go leor spáis stórála agus bhí deacrachtaí foirne ann i gcónaí. Na nósanna imeachta stórála agus taifid a leantaí sa Phríomh-Stóras Troscáin agus a raibh sé ceaptha dóibh freastal do churam arb é a bhí ann go bunúsach seirbhís chothabhála nach raibh ach stoic measartha beag fána riar, níorbh fhéidir leo coinneáil suas leis an méadú rí-mhór a tháinig ar ghnóthaí troscáin. De bharr breis spáis stórála a fháil le déanaí, áfach, tá feabhas tagtha ar an scéal sa mhéid gur féidir anois dealú fisiciúil a dhéanamh agus córas taifid ar leithligh a bhunú le haghaidh troscáin a ceannaíodh ar an mórchóir le oifigí nua seachas troscán a bheadh ag teastáil le haghaidh seirbhís chothabhála. Tá an fhadhb foirne ann i gcónaí mar bhí deacracht ann foireann oiriúnach a fháil agus a oiliúint. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste gur críochnaíodh an stocáireamh sa dá stóras a bhí faoi riar an Bhrainse Troscáin agus go ndéanfaí stocáireamh go leanúnach feasta. Bhí fadhb ann i gcónaí, áfach, mar gheall ar na héilimh mhóra sa bhreis a bhí á ndéanamh ar an tseirbhsí ó 1970 agus mar gheall ar an athrú ar chaighdeán agus ar cháilíocht an troscáin atá ag teastáil. Bhí gá le córas stóais sofaisticiúil de shórt a fhreastalódh do riachtanais an Bhrainse Troscáin agus a réiteodh cibé fadhbanna ionramhála troscáin a tharlódh. Ní hamháin nár bunaíodh a leithéid de chóras, dar leis an Oifigeach Cuntasaíochta, ach bhí sé na blianta ó bhaile uathu. Réitítear fadhbanna ar mhodh ad hoc de réir mar a tharlaíonn siad in ionad iad a shocrú de réir chórais áirithe. Ina theannta sin ní raibh dóthain foireann oilte ar fáil fós agus cé gur údaraigh Roinn na Seirbhíse Poiblí le déanaí go bhfaighfí foireann oilte sa bhreis chonacthas don Oifigeach Cuntasaíochta go bhféadfadh deacrachtaí earcaíochta tarlú. Ní fhacthas dó, dá bhrí sin, go raibh aon réiteach láithreach ar na fadhbanna a bhain le seoladh an Bhrainse Stórais agus shíl sé go mbeadh fiafruithe iniúchóireachta ag tarlú i gcónaí sa réimse sin. Ní fhéadfadh sé aon ráthaíocht a thabhairt don Choiste ach amháin go dtriailfeadh Oifig na nOibreacha Poiblí an fhadhb a réiteach ar bhonn bainistíochta. Ábhar imní ag an gCoiste go meastar don Oifigeach Cuntasaíochta an córas stórais i mBrainse Troscáin Oifig na nOibreacha Poiblí a bheith neamhdhóthanach amach is amach ag féachaint go speisialta don chaiteachas a tabhaíodh ar throscán a sholáthar. £1.4 milliún ba luach don troscán a sholáthraigh an Brainse i 1976 agus bhí luach £259,000 stoic ar láimh i ndeireadh na bliana. Cé go nglacann an Coiste leis go mbíonn fadhbanna ag baint i gcónaí le rialú oibríochtaí an Bhrainse Troscáin ní fhéadann sé aontú nach féidir na fadhbanna sin a chloí le himeacht aimsire. Is dóigh leis gurb iad na rudaí atá ag teastáil chun an scéal a réiteach go sásúil dóthain spáis stórála agus dóthain foireann oilte agus ní thuigeann sé, dá bhrí sin, cén chúis go gcuirfí suas de shíor leis an gcor míshásúil atá ar rudaí faoi láthair. Molann an Coiste dá bhrí sin go ndéanfaí gan mhoill cibé beart eile a mheastar is gá chun an córas stórais a chur ar bhonn ceart. Ct 439 41. D’iarr an tOifigeach Cuntasaíochta ar an gCoiste aontú leis an togra go n-éireodh Oifig na nOibreacha Poiblí as bheith ag coinneáil cuntas i ndáil le Páirc Chuimhneacháin Bourne Vincent i gCill Airne. Cuireadh an t-eastát sin i seilbh Oifig na nOibreacha Poiblí i 1932 lena riaradh mar pháirc náisiúnta ach mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta, toisc nach raibh taithí acu ar conas páirc náisiúnta a oibriú, gur thug siad faoina forbairt mar fheirm. Le linn na hÉigeandála úsáideadh an talamh chun bia a tháirgeadh agus ó 1947-48 amach bhí na cuntais feirme á gcur faoi bhráid an Choiste um Chuntais Phoiblí mar eolas dó. I mblianta 1960 bhí léargas eile ar cén sórt leagan amach ba cheart a bheith ar pháirc náisiúnta agus tuigeadh nár chóir é a úsáid chun críocha gnó ar nós feirmeoireachta. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go bhfuil Oifig na nOibreacha Poiblí tar éis éirí as cúrsaí feirmeoireachta le fada i bPairc Chuimhneacháin Bourne Vincent. Chun caitheamh aimsire a úsáidtear an Pháirc anois. Tugann an Coiste dá aire ó na cuntais feirme don pháirc náisiúnta seo a cuireadh isteach i 1976 go ndealraíonn go bhfuil go leor á dhéanamh go fóill ag beathú stoic agus go raibh £14,100 luaite mar luach dó an 31 Nollaig 1976. Ní thuigeann sé dá bhrí sin conas a déarfaí go bhfuil scortha de ghnóthaí feirme agus ba mhaith leis tuilleadh mioneolais a fháil faoi úsáid na páirce go hiomlán sula dtabharfaidh sé cinneadh ar an iarratas ón Oifigeach Cuntasaíochta. COSAINT42. Íocadh £180,000 ar fad as an Vóta seo i gcaitheamh na mblianta ó 1972-73 go dtí 1975 le cuideachta Éireannach chun trí iompróir pearsanra armúrtha a dhéanamh, mar réamh-mhúnlaí, don Roinn Cosanta. Níor síníodh comhaontú foirmiúil leis an gCuideachta maidir le déanamh na n-iompróirí sin ach fuair an Roinn comhairle ón bPríomh-Aturnae Stáit go raibh caidreamh conarthach ann ar bhonn comhfhreagrais agus páirtchomhlíonadh. Tuairiscíodh ní ba dhéanaí go ndearnadh ceann de na réamh-mhúnlaí forbartha mar aon le hiompríir neamhchríochnaithe eile a onnmhairiú chun críocha taispeántais chuig cuideachta Bheilgeach a dúirt ina cuid ábhar poiblíochta go ndearnadh iompróir pearsanra armúrtha, a raibh na ceadúnais táirgeachta faighte aici ina leith, á fhorbairt i gcomhar le hArm na hÉireann. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh an Roinn Cosanta sásta i ndáil lena sheasamh agus lena chearta maidir leis na hiompróirí a táirgeadh faoin gcaidreamh conarthach atá luaite ach nach ndearnadh aon fhoráil sa chaidreamh sin le haghaidh aon íocaíocht airgeadais leis an Roinn. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise toisc go mba thionscadal taighde agus forbartha é seo gur mheas an Roinn go ndearnadh an caiteachas a thabhú go cuí ar dhéanamh na dtrí n-iompróirí réamh-mhúnla a tugadh i seilbh na Cuideachta. Bheadh praghas margaidh tuairim £100,000 an ceann ar na feithiclí agus dar leis nach raibh caiteachas na Roinne ar an tionscadal as bealach. Ní hamháin go bhfuair siad na trí hiompróirí ar an gcaiteachas sin ach fuair siad freisin na léaráidí go léir a rinneadh maidir lena ndéanamh. Bhí súil aige go dtiocfadh mar thoradh ar an tionscadal seo go bhféadfadh an Roinn san am le teacht iompróirí a cheannach a rinneadh in Éirinn in ionad feithiclí allmhairitrhe. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin nár ghlac an Chuideachta Éireannach leis an éileamh a bhí á dhéanamh ag an gCuideachta Bheilgeach go ndearnadh na feithiclí a raibh ceadúnais táirgeachta acu ina leith i gcomhar le hArm na hÉireann ach chuir sí béim air go rabhadar sin éagsúil ar fad leis na réamh-mhúnlaí a soláthraíodh don Roinn Cosanta. Maidir le neamhchomhlíonadh conartha foirmiúil leis an gCuideachta dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin gur dhiúltaigh an Chuideachta an comhaontú mionsonraithe a shíniú a bhí ullmhaithe ag an Roinn. Cé go raibh comhairlithe ag an bPríomh-Aturnae Stáit, ar fhoras an chomhfhreagrais, an dréacht-chomhaontaithe agus pháirt-chomhlíonadh go raibh an Chuideachta tar éis dul faoi ghealltanas chonartha chomhairligh sé ina dhiaidh sin, dá mbeadh an Roinn ag seasamh go ró-dhaingean ar a cuid tograí le í féin a chosaint in aghaidh aon bhuntáiste a bhaint di, go mbeadh oibleagáid ró-shriantach á our aici ar an gCuideachta, oibleagáid b’fhéidir nach mbeadh seasamh aici i láthair dlí. Measann an Chuideachta gur fiú cuid mhaith iad tionscadail mar é seo, a thugann faoi tháirgí a fhorbairt agus go háirithe táirgi caipitiúla. agus molann sé an Roinn Cosanta as spreagadh a thabhairt do iompróirí pearsanra bailedhéanta a tháirgeadh. Ar a shon sin tá cuntair ag an gCoiste in aghaidh airgead a vótáladh chun Cosanta a úsáid chun cabhrú le tionscadal taighde agus forbartha atá dar leis lasmuigh de réim an Vóta seo. Measann sé go mba oiriúnaí gur ceann de na gníomhaireachtaí a bunaíodh go speisialta chuige sin a sholáthródh cúnamh Stáit mar sin agus tuigtear dó go bhfuil gníomhaireacht acu sin tar éis dul i gceangal ó shin leis an gcuideachta atá bainteach leis an tionscadal seo. Is é chúis a tugadh le baint a bheith ag an Roinn Cosanta leis ó thaobh airgeadais nach raibh aon chustaiméir eile in Éirinn seachas an Roinn a bheadh ag ceannach trealaimh den sórt a bhí á tháirgeadh. Cé go mb’fhéidir gurbh fhíor nár dhóigh go mbeadh aon chustaiméir eile in Éirinn don trealamh sin ach amháin an Roinn ní raibh aon chúis lena cheapadh nach mbeadh suim ag ceannaitheoirí iasachta san earra agus mar a tharla tháining custaiméir mar sin ar an bhfód. Cé go nglacann an Coiste leis go raibh caidreamh conarthach idir an Roinn agus an Chuideachta a bhí bainteach leis an tionscadal, measann sé go mb’fhéarr dá síneofaí conradh foirmiúil ina bhféadfaí socrú a dhéanamh go mbeadh an Roinn páirteach i rudaí ar nós cearta paitinne, cearta táirgthe, etc., agus freisin go bhfaigheadh sí toradh airgeadais ar a hinfheistíocht dá n-éiríodh go maith leis an tionscadal. Is é barúil an Choiste nuair a chuireann an Státchiste airgead ar fáil le haghaidh tionscadail taighde agus forbartha a bhfaightear dá thoradh earra ar féidir tairbhe gnó a bhaint as go bhfuil sé de theideal ag an Státchiste scair den sochar airgid a fháil. Tá a fhíos ag an gCoiste go bhfuil sé ró-dhéanach anois chun scair mar sin a fháil sa tionscadal seo ach ba mhaith leis go ndéanfaí socrú mar sin in aon chásanna den sórt sin a tharlóidh feasta. TAILTE43. Tá socrú i Scéim Scoir na bhFeirmeoirí le go gceannodh Coimisiún na Talún talamh de réir Threoir CEE 72/160. Tailte a cheannófar amhlaidh beidh siad le cionroinnt (a) ar mhodh tosaíochta ar fheirmeoirí a bheidh aicmithe mar fheirmeoirí forbraíochta faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha nó (b) le haghaidh athfhoraoiseachta, caitheamh aimsire, sláinte poiblí nó críche poiblí eile. Tailte nach mbeidh ag teastáil le haghaidh aon cheann de na críocha sin féadfar iad a leithroinnt ar fheirmeoirí eile. Forálann an Scéim Scoir go n-íocfar le hiarratasóir cáilithe praghas margaidh comhaontaithe a chuid talún mar aon le préimh airgid 10 faoin gcéad den phraghas sin agus blianacht saoil. Má dhéantar talamh a cheannaítear amhlaidh a leithroinnt ar fheirmeoirí forbraíochta nó a úsáid chun athfhoraoiseachta, caitheamh aimsire, sláinte poiblí nó críche poiblí eile is féidir cuid de chostas na blianachta saoil i gcás iarratasóra idir 55 agus 65 bliana d’aois a ghnóthú ón gCiste Eorpach um Threoireacht agus Ráthaíocht Talmhaíochta. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir go raibh roinnt tailte a ceannaíodh faoin Scéim Scoir i 1975 gan cionroinnt toisc nach raibh de réir dhealraimh aon fheirmeoirí forbraíochta san áit a raibh talamh breise ag teastáil uathu. Dúirt sé go mba ábhar imní dó go ndearnadh tailte, a d’fhéadfaí b’fhéidir a cheannach ar phraghas níos ísle faoi na hAchtanna Talamh-Cheannaigh, á gceannach ar phraghas níos daoire faoi Scéim Scoir na bhFeirmeoirí. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl dó go raibh dlúthshocruithe oibre bunaithe idir Coimisiún na Talún agus an fhoireann chomhairleach talmhaíochta a bhí fostaithe ar an Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha d’fhonn a áirithiú, oiread agus ab fhéidir, go ndéanfaí tailte a ceannaíodh faoin Scéim Scoir a dhiúscairt chuig feirmeoirí forbraíochta a mbeadh breis thalún uathu agus gurb é is ouspóir nár cheart tailte Scéim Scoir a chionroinnt chun gháthchríocha struchtúrtha mura ndaingneofaí nach raibh agus nár dhócha go mbeadh feirmeoirí forbraíochta oiriúnacha san áit. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise gur feidhmeanna forchoimeádta de chuid na gCoimisinéirí Tuatha tailte a cheannach agus a dhiúscairt, ní hamháin faoin Scéim Scoir, ach gach uile thalamh, gurb iadsan a chinneann na téarmaí ceannaigh agus diúscartha, agus nach bhfuil aon neart aigesean mar Oifigeach Cuntasaíochta ar na hábhair sin. Dúirt sé go bhfuair siad, suas go dtí deireadh Mhéan Fómhair 1978, díreach faoi bhun 17,000 n-acra faoin Scéim Scoir, go bhfuil 3,000 acra de sin dáilte, agus go bhfágann sin 14,000 acra ar láimh. Dúirt sé freisin go raibh dul ar aghaidh á dhéanamh in go léor cásanna agus go raibh scéimeanna á n-ullmhú chun an talamh sin a chionroinnt. Dúirt sé freisin nach raibh an scéal maidir leis an talamh a ceannaíodh faoin Scéim Scoir níos measa ná níos fearr ná talamh a ceannaíodh sa ghnáth-shlí. Ar a shon go measfadh duine ar an gcéad amharc go mbeadh sé níos costasaí talamh a cheannach faoin Scéim Scoir ná talamh a cheannach sa ghnáth-shlí, bhí rudaí eile le cur san áireamh. Bhí talamh á cheannach ó sheandaoine agus bheadh sé dian cumhachtaí éigeancheannaigh a imirt orthu agus iallach a chur orthu an talamh a fhágáil murar theastaigh uathu imeacht. Tá an Coiste faoi imní go mb’fhéidir go bhfuil Scéim Scoir na bhFeirmeoirí á húsáid ar bhealach nach raibh ceaptha dí ionas go bhfuil costais bhreise nach gá ag baint dá chionn le talamh a fháil. Má bhíonn tailte ag teastáil le haghaidh feirmeoirí forbraíochta faoin Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha ansin, dar leis an gCoiste, is ceart go bhfaighfí iad faoin Scéim Scoir agus go mbainfí leas iomlán as aon chúnamh airgid atá ar fáil ó CEE. Ach ar an leith eile, má bhíonn talamh nach bhfuil ag teastáil le haghaidh feirmeoirí forbraíochta á thairiscint do Choimisiún na Talún faoin Scéim Scoir agus gan de chuspóir leis ach tairbhe a bhreithe as praghas níos airde ansin is dóigh leis an gCoiste gur chóir smaoineamh go domhain ar chóir tairiscintí mar sin a dhiúltú ós rud é nach mbeadh de thoradh leo ach muirear breise a chur ar chistí poiblí. Is eol don Choiste, mar a chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl, go bhféadfadh rudaí eile a bheith le cur san áireamh i gcásanna áirithe. Mar sin féin ba mhaith leis a thuilleadh barúlacha a fháil ón Oifigeach Cuntasaíochta i dtaobh conas a fhéadfaí an moladh sin a chur i gcrích. Tugann an Coiste dá aire, cé gurb é an tOifigeach Cuntasaíochta atá freagrach san airgead go léir atá curtha ar fáil ag Dáil Éireann tríd an Vóta do Thailte, nach bhfuil aon neart aige ar chinntí na gCoimisinéirí Tuatha a bhaineann inter alia le caitheamh an airgid sin ar cheannach talún. Ní mheasann an Coiste gur sásúil mar scéal é sin agus ba mhaith leis barúlacha na Roinne Oideachais ina thaobh a fháil. SLÁINTE44. Rinneadh comhaontú i mí Iúil 1969 idir Comhlachas na dTionscal Cógaisíochta agus Comhcheirde agus an Roinn Sláinte ina ndearnadh socrú go n-íocfaí le Bord na Seirbhísí Liachta Ginearálta (Íocaíochtaí) na haisíocaíochtaí a gheofaí ó mhonaróirí agus allmhaireoirí drugaí agus earraí leighis a bheadh ag teastáil le haghaidh na Seirbhíse Liachta Ginearálta. Is as an Vóta do Shláinte a íoctar glan-chostas an Bhoird Íocaíochtaí. Cuireann an comhaontú d’oibleagáid ar an mBord Íocaíochtaí ráiteas a thabhairt in aghaidh na míosa do gach monaróir agus allmhaireoir ar an méid míreanna oidis a rinne cógaiseoirí miondíola a urghnamh do gach ceann de tháirgí an ghnólachta i ngach limistéir Boird Sláinte. Trí sheanphingin an t-oideas arna bhunú ar na ráitis mhíosúla an ráta aisíoca a socraíodh i gcéaduair leis an gcomhaontú ach socraíodh go bhféadfaí an ráta a choigeartú ionas go bhfanfadh sé de réir tuairim 4 faoin gcéad de mheánchostas comhábhar gach míre oidis dá dtagadh méadú ábhartha ar an gcostas sin. Shonraigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ó thuarascáil an iniúchóra Rialtais Áitiúil ar chuntais an Bhoird Íocaíochtaí do 1973, 1974 agus 1975 go bhfuil an ráta aisíocaíochta, a d’fhan ar an leibhéal bunaidh trí shean-phingin, tar éis titim go maith faoi leibhéal an 4 faoin gcéad agus d’iarr sé tuairimí an Oifigigh Cuntasaíochta i dtaobh na moille a bhain leis an ráta aisíocaíochta a choigeartú suas mar a fhoráiltear sa chomhaontú. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta nárbh fhéidir go praiticiúil athbhreithniú ar an gComhaontú idir an gComhlachas agus an Roinn a ghabháil de láimh roimh Eanáir 1975 nuair a bhí figiúirí do dhá bhliain iomlána d’oibriú na Seirbhísí Liachta Ginearálta ar fáil. Ba é barúil na Roinne nach ndéanfadh an Comhlachas déileáil le coigeartú an ráta aisíocaíochta leis féin agus go mbeadh sé de cheart ag an gComhlachas a iarraidh go ndéanfaí na teorainneacha cáilitheachta a bhain leis na lacáistí speisialta a ceadaíodh d’ospidéil ar dhrugaí a cheannaigh siad a choigeartú suas agus go deimhin, go bhféadfadh sé a éileamh go réasúnach gur chóir an comhaontú go huile a athchaibidil ag féachaint don mhéadú a bhí tar éis teacht ar an líon faoin gcéad den phobal a bhí i dteideal na Seirbhísí Liachta Ginearálta. Thug an tOifigeach Cuntasaíochta d’fhianaise don Choiste gurbh é meas na Roinne dá ndéanfaí athbhreithniú ar an ráta aisíocaíochta d’fhonn é a thabhairt suas go dtí leibhéal tuairim 4% de chostas na ndrugaí go dtabharfadh sé sin suim breise tuairim £300,000 sa bhliain don Bhord Íocaíochtaí. Ar an taobh eile b’fhiú suas le £1 milliún sa bhliain na lascainí ar dhrugaí a thuill na hospidéil faoin gcomhaontú. Dá laghdaítí na lascainí sin de dhroim na dteorainneacha cáilitheachta a choigeartú suas ba mhó an laghdú ná aon tsuim a fhéadfaí gnóthú de dhroim an ráta aisíocaíochta a ardú suas agus sna dála sin measadh nárbh é leas na Roinne athbhreithniú ar an gcomhaontú a lorg. Níl an Coiste dearfa i dtaobh glacadh go hiomlán leis an gcás a rinne an tOifigeach Cuntasaíochta faoi gan coigeartú suas ar an ráta aisíocaíochta a lorg. Measann sé nach bhfuil aon dealramh i 1979 leis an ráta trí shean-phingin a socraíodh nuair a síníodh an comhaontú i gcéaduair i 1969 ag féachaint go háirithe do na méaduithe móra atá tagtha ar phraghsanna drugaí ó shin. Ní aontaíonn sé, dá gcoigeartófaí suas an ráta aisíocaíochta, go leanfadh de sin coigeartú suas pro rata uaidh féin ar na teorainneacha cáilitheachta a rialaíonn na rátaí lacáiste do dhrugaí. Gan amhras nuair atá ardú tagtha ar an méid faoin gcéad den daonra atá i dteideal Seirbhísí Liachta Ginearálta fágann sin go bhfuil laghdú éigin tagtha san éileamh ar dhrugaí agus earraí leighis lasmuigh den scéim ach níl an Coiste cinnte de gur laghdú tábhachtach é. Ar an leith eile tá roinnt rudaí nár mhór a chur san áireamh, mar atá an méadú anmhór ar iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh le tionscal na ndrugaí faoin scéim agus ard-rátú creidmheasa na mBord Sláinte agus na nOspidéal a bhfuil de thoradh leis, gan amhras, nach mbaineann aon bhaol droch-fhiacha do mhonaróirí ná d’allmhaireoirí sa limistéar rífhairsing sin dá ngnó. Déarfadh an Coiste freisin gur lú de chaiteachas a thiteann ar an tionscal ag comhlíonadh orduithe ó Bhoird Sláinte agus Ospidéil ná an caiteachas a ghabhann le freastal ar orduithe ó na poitigéirí iomadúla ar fud na tíre. Molann an Coiste an Roinn Sláinte i dtaobh an comhaontú seo a dhéanamh le Comhlachas na dTionscal Cógaisíochta agus Comhcheirde d’fhonn ualach na Scéime Liachta Ginearálta a laghdú ar an Státchiste. Ceapann sé, áfach, nár mhiste féachaint an bhféadfaí an comhaontú a thabhairt cothrom le dáta nuair a bheidh athbhreithniú ginearálta á dhéanamh ar na socruithe chun drugaí agus earraí leighis a sholáthar faoin Scéim Liachta Ghinearálta. Measann an Coiste go mba thairbheach an rud comhairle a fháil san ábhar sin ó chomhairleoirí lasmuigh. 45. Is é Bord na Seirbhísí Liachta Ginearálta (Íocaíochtaí) a íocann costas na n-earraí leighis a sholáthraíonn cógaiseoirí ar fhoras stoc-orduithe do dhochtúirí urghnaimh i limistéir tuatha agus titeann sé ar deireadh thiar mar mhuirear ar an Vóta Sláinte. Chosain na hearraí leighis sin £1,870,360 sa bhliain dar chríoch 31 Nollaig 1975. Soláthraítear iad faoi scéim trína bhféadann dochtúir a bhfuil láthair cleachtaidh aige trí mhíle nó breis ó chógaiseoir rannpháirteach earraí leighis a urghnamh d’othair a fhreastalaítear ón láthair sin más mar sin is fearr leo. Dúirt an tArd-Reachaire Cuntas agus Ciste gur shonraigh sé ó thuarascáil na nIniúchóirí Rialtais Áitiúil ar chuntais an Bhoird Íocaíochtaí nach raibh sé de cheangal ar dhochtúirí cuntas a thabhairt faoin scéim i leith earraí leighis a d’urghnaimh siad ná i leith stoic a bhí ar láimh acu. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl go raibh sé beartaithe córas taifeadta a thabhairt isteach maidir leis na hearraí leighis sin ó 1 Eanáir 1978 agus go mbeadh sé de cheangal ar dhochtúirí faoi cóipeanna a chur ar aghaidh chuig Boird Sláinte de na horduithe go léir ag soláthar earraí leighis. D’fhéadfadh na Boird Sláinte faireachas a dhéanamh ansin ar cé mhéid agus cén cineál drugaí a bhí á n-ordú agus cógaiseoirí cáilithe, a mbeadh an Roinn Sláinte tar éis a gceapadh lánaimsire ar fhoireann na mBord Sláinte a cheadú, a chur i mbun fiosrú a dhéanamh faoi aon mhíúsáid a líomhnófaí. Ag tabhairt fianaise dó chuir an tOifigeach Sláinte in iúl don Choiste go raibh sé riachtanach le go bhféadfaí faireachas a dhéanamh cógaiseoirí a bheith ceaptha ar fhoireann na mBord Sláinte. Ba dheacair do na Boird, áfach, cógaiseoirí cáilithe a fháil agus níor éirigh ach amháin le cuid de na Boird ina n-iarrachtaí. Sna cásanna inar ceapadh cógaiseoirí tá faireachas ar siúl i gcónaí ar orduithe ó na dochtúirí ag iarraidh drugaí faoin Scéim. Tugann an Coiste dá aire na nósanna imeachta nua atá tugtha isteach le haghaidh faireachas a bheith á dhéanamh ag cógaiseoirí cáilithe ar orduithe ó dhochtúirí ag iarraidh drugaí faoin scéim seo agus le haghaidh na gcógaiseoirí sin do dhéanamh fiosrú faoi aon mhí-úsáidí líomhnaithe. Ní foláir dó a chur in iúl, áfach, gur ábhar imní dó an t-easpa rialaithe a bhí le tréimhse blianta ar oibriú scéime a chuireann ualach airgeadais nach beag ar an Státchiste. Ba mhaith leis, má tá aon Bhord Sláinte ann nach bhfuil cógaiseoir lánaimsire ceaptha aige fós ar a fhoirinn chun faireachas a dhéanamh ar idirbhearta faoin scéim seo ina limistéar, go spreagfaí é chun a leithéid a cheapadh gan mhoill. LEAS SÓISIALACH46. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar ghadaíocht ón rannóig ríomhaireachta den Roinn Leasa Shóisialaigh inar tógadh 742 seiceanna sochair dar luach £15,528 a bhí tarraingthe ar an gCiste Árachais Shóisialaigh. Tá sé faighte amach go ndearnadh 109 de na seiceanna, dar luach £2,342, a bhriseadh go calaoiseach. Rinneadh an t-easnamh in ioncam an Chiste Árachais Shóisialaigh a shlánú ón Státchiste agus dá bhrí sin is ar an Státchiste a thitfidh aon chaillteanas dá chionn ar deireadh thiar. De réir dealraimh b’fhusade an ghadaíocht a dhéanamh mar gheall ar gan slándáil dóthanach a bheith i bhfeidhm ón taobh istigh agus fuarthas amach ina thaobh de thoradh fiosruithe a rinne Brainse Fiosrúcháin Oifig an Phoist nuair nach raibh a gcuid seiceanna sochair faighte ag íocaithe. Tá roinnt daoine á dtabhairt chun cúirte agus tugadh isteach nósanna imeachta slándála nua. Dhearbhaigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Choiste nach raibh aon fhianaise ann a thabharfadh le fios gur briseadh a thuilleadh de na seiceanna goidte go calaoiseach agus bhí sé cinnte gurbh é suim an chaillteanais ar deireadh thiar £2,342. Ábhar rómhór imní don Choiste go bhféadfaí seiceanna sochair a ghoid chomh héasca sin sa Roinn mar gheall ar gan réamhchúram bunúsach slándála a ghlacadh agus tá súil aige go mbeidh éifeacht leis na nósanna slándála nua a tugadh isteach. Ba mhaith leis an gCoiste go gcuirfí toradh na n-imeachtaí cúirte in iúl dó i dtráth cuí. 47. Thagair an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste freisin d’éileamh calaoiseach ar shochar míchumais a chuir duine d’fhoireann na Roinne Leasa Shóisialaigh isteach. Nuair a bhí an t-éileamh á ullmhú bhain sé úsáid as doiciméid a bhain le héileamh a bhí íoctha cheana féin le duine árachaithe agus d’athraigh sé na taifid ríomhaire. Tugadh an iarracht chalaoiseach faoi deara sula ndearnadh aon íocaíocht agus dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh sé sásta go raibh na rialúcháin inmheánacha ar theacht a bheith ar dhoiciméid éilimh agus ar chríochnáin ríomhaire chomh leordhóthanach agus d’fhéadfadh a bheith sa chineál oibre a bhí ar siúl ó ló go ló ag tabhairt amach íocaíochtaí sochair mhíchumais. Dúirt sé leis an gCoiste ina chuid fianaise gurbh é an bhundeacracht gur ghnó práinneach ó ló go ló seiceanna a eisiúint agus go gcaithfeadh lánrochtain a bheith ag an bhfoireann ar chríochnáin ríomhaire. Rinneadh athbhreithniú ar shlándáil, áfach, agus fuarthas amach dá thoradh go raibh cros-seiceálacha áirithe lighte i léig, ach leigheasadh an scéal sin. Dúirt sé freisin, nuair a chaithfear íocaíochtaí a dhéanamh go cruinn in am go gcuireann sé sin éigin áirithe ar an bhfoireann, agus nach féidir dá dheasca córas gan cháim a bheith ann. Tuigeann an Coiste fadhbanna na Roinne Leasa Shóisialaigh nuair a chaitheann sí freastal d’am-spriocanna in aghaidh na seachtaine ag ullmhú agus ag eisiúint mórchuid seiceanna. Mar sin féin tá sé imníoch ar eagla nach bhfuil ach lagthábhacht á chur le slándáil inmheánach dá dheasca. Is é bonn atá leis sin a cheapadh nósanna imeachta seiceála áirithe a bheith ligthe i léig. Tá an Coiste á cheapadh go mb’fhéidir go bhfuil áiteanna eile sa Roinn nach bhfuiltear ag cloí le nósanna imeachta rialúcháin ordaithe mar gheall ar bhrú oibre. Tá sé á iarraidh go ndéanfaí suirbhé féachaint an mar sin atá agus go gcuirfí a thoradh in iúl dó. 48. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bhfuarthas amach de thoradh scrúdaithe a rinne a chuid oifigeach nár leor na rialúcháin a bhain le leabhair liúntais leanaí a ullmhú, a choimeád agus a eisiúint agus le diúscairt na leabhar a cuireadh ar ais chun na Roinne. Bhí sé ráite ag an Oifigeach Cuntasaíochta gur mheas sé go raibh cuid de na rialúcháin sin sách maith agus go raibh cuid eile acu chomh maith agus a d’fhéadfadh siad a bheith ag féachaint do na héigin a bhain leis an gcleachtas oibre laethúil, an chóiríocht a soláthraíodh agus an fhoireann a bhí ar fáil chun déileáil leis an méadú a bhí tagtha ar an obair le blianta beaga i leith. De thoradh cainteanna idir oifigigh na Roinne Leasa Shóisialaigh agus foireann an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste neartaíodh na rialúcháin ina dhiaidh sin i roinnt áiteanna. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste leis an gCoiste gur mheas sé, mar gheall ar luach mór gach uile ordú liúntais ar leithligh agus mar gheall ar é bheith chomh héasca uaireanta, de réir dealraimh, iad a bhriseadh, gur mheas sé gur cheart na rialúcháin chéanna a bheith ar a gcoimeád agus a n-eisiúint agus a bheadh ar choimeád agus ar eisiúint airgid. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste ina chuid fianaise go raibh roinnt feabhsuithe déanta tar éis iniúchadh a dhéanamh ar Bhrainse na Liúntas Leanaí don Roinn. Tharla cuid dá ndeacrachtaí mar gheall ar chóiríocht neamhdhóthanach agus mar gheall ar an tromualach oibre a thig as próiseáil a dhéanamh ar tuairim 430,000 beo-éileamh a bhain le 1.1 milliún leanaí. D’aontaigh sé go raibh laigí bunúsacha áirithe i slándáil ach shíl sé nuair a bheadh fadhb na cóiríochta réitithe acu gur chóir go bhféadfaidís freastal ar gach riachtanas réasúnach i ndáil leis sin. Ar chomhairle an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste bhí siad tar éis stocáireamh míosúil a thabhairt isteach arís. Bhí an tOifigeach Cuntasaíochta sásta go raibh dul chun cinn an-mhaith déanta acu chun leibhéal sásúil rialúcháin a bhaint amach agus go mbeadh siad ábalta tuilleadh feabhsuithe a chur i gcrích nuair a bheadh na fadhbanna cóiríochta réitithe. Tuigeann an Coiste na deacrachtaí atá sa tslí ar an Roinn Leasa Shóisialaigh ag gabháil don dlús mór oibre a bhaineann le Brainse na Liúntas Leanaí. Mar sin féin is tromaí leis go mbeadh aon laige ar chúrsaí rialúcháin sa réimse sin toisc go n-aontaíonn sé le barúlacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur cheart go mbeadh na rialúcháin ar phróiseáil na n-orduithe liúntais sin chomh daingean agus a bhíonn siad ar láimhseáil airgid. Tá sé á mholadh, dá bhrí sin, don Roinn Leasa Shóisialaigh agus do Ranna Rialtais eile lena mbaineann aon bheart is gá fós d’fhonn an leibhéal riachtanach slándála a bhaint amach a chur i gcrích go práinneach. Ba mhaith leis an gCoiste deimhin a fháil go bhfuil an tslándáil ís daingne á coinneáil i bhfeidhm i mbrainsí eile den Roinn Leasa Shóisialaigh atá freagrach in orduithe pinsin agus orduithe liúntais eile a ullmhú, a choinneáil agus a eisiúint. GINEARÁLTACuntais Leithreasa a chur isteach déanachCta 180 49. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Chiste i bhfáir ar an gCoiste nach raibh cúig cuntas déag as caoga a haon a cuireadh faoina bhráid do 1976 faighte aige faoin dáta reachtúil, 30 Aibreán 1977. Ábhar cúraim don Choiste nár chomhlíon Oifigigh Cuntasaíochta áirithe na ceanglais reachtúla maidir le Cuntais Leithreasa a chur isteach. Tuigtear dó go bhfuil an tAire Airgeadais tar éis ciorclán a chur chuig gach Oifigeach Cuntasaíochta á chur ina luí orthu a thábhachtaí atá sé a gCuntais Leithreasa a chur isteach chomh luath agus is féidir tar éis deireadh na bliana agus tráth nach déanaí ná an dáta reachtúil. Tá súil ag an gCoiste nach gcaithfidh sé tagairt don ní sin arís. Breis-AmFoscríbhinn 14 50. De réir na dtreoracha atá i bhfeidhm bíonn nóta i ngach Cuntas Leithreasa á insint cé mhéid daoine ar fhoireann na roinne nó na hoifige atá ag fáil íocaíochtaí breis-ama thar £200, uasteorainneacha agus íosteorainneacha na n-íocaíochtaí sin agus an méid iomlán airgid breis-ama a caitheadh. Ba mhaith leis n gCoiste a fháil amach cé mhéid daoine ar fad i ngach roinn nó oifig atá ag fáil íocaíochtaí breis-ama is cuma cad é méid na n-íocaíochtaí sin agus d’iarr sé ar gach Oifigeach Cuntasaíochta nuair a tháinig sé os a chomhair, an figiúr sin a chur isteach sa nóta iomchuí sa Chuntas Leithreasa feasta. Tá iarrtha ag an gCoiste ar an Roinn Airgeadais treoracha athbhreithnithe a chur amach chuig Oifigigh Cuntasaíochta san ábhar sin agus tuigtear dó go bhfuil sin déanta. Nuair a bhí na Cuntais Leithreasa á mbreithniú aige shonraigh an Coiste roinnt cásanna ina ndearnadh íocaíochtaí breis-ama le hoifigigh áirithe a dhealraigh a bheith chomh mór sin agus gur chóir breis foirne a cheapadh. Glacann an Coiste leis nach é leibhéal na n-íocaíochtaí breis-ama an t-aon cheist amháin atá le cur i gcuntas nuair a bhítear á chinneadh an gceapfar nó nach gceapfar foireann bhreise i gcásanna den sórt sin. Chítear dó go bhféadfadh cúinsí a bheith i gceist nuair nach bhféadfaí dáiríre a mhalairt a dhéanamh ach breis-am a íoc le comhaltaí foirne atá ann, mar shampla nuair is gá ó thaobh slándáil nó rúndacht Stáit obair áirithe a thabhairt do oifigigh a bhfuil cruthú ar a gcumas agus a ndíscréid nó nuair a chaitear an obair bhreise a dhéanamh go comhleanúnach feadh trémhse réasúnta gairid. Mar sin féin is cúram leis go bhféadfaí deis chun poist bhreise a chruthú sa státseirbhís a chailliúint go neamhchúiseach mar gheall ar mhórshuimeanna airgid a bheith á n-íoc go comhleanúnach i leith breis-ama agus ba mhaith leis tuairimí Roinn na Seirbhíse Poiblí ar an ábhar sin a fháil. Cta 3-5 Cta 106-108 Cta 204, 205, 210-212 Cta 587-590, 605, 606 51. Nuair a bhí roinnt Oifigeach Cuntasaíochta á scrúdú aige shonraigh an Coiste gur chosúil go raibh fadhbanna cóiríochta agus fadhbanna foirne i ranna agus oifigí áirithe a bhí ina gcúis le heaspaí i riarachán airgeadais, go háirithe sna réimsí rialúcháin inmheánaigh agus slándála. Tá cásanna den sórt sin luaite go sonrach i míreanna eile den Tuarascáil seo ach tháinig tuilleadh samplaí faoi umhail an Choiste. Bhí fadhbanna cóiríochta in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit ar feadh roinnt blianta agus ní fhéadfaí folúntais a líonadh toisc é a bheith deacair iarrthóirí oiriúnacha a fháil. Ceapann an Coiste go mb’fhéidir go bhfuil sé sin ina chúis le moill ag réiteach na hoibre dlí a bhíonn á dhéanamh ag an oifig sin agus go bhféadfadh sé a bheith ina chúis le fadhbanna a bheith ag ranna eile. San Oifig Luachála bhí 16 folúntas sa ghrád cúntóir cléireachais gan líonadh agus dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go bhféadfadh sé sin a bheith ag cur isteach ar éifeachtúlacht mar bhí ró-ualach oibre ar an bhfoirinn a bhí ann. I gcás Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar roinnt seiceanna a fuarthas ó cháin-íocóirí nár lóisteáladh láithreach nó a ligeadh amú. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise cé go bhfuil na rialacháin i dtaobh seiceanna a thagann isteach tríd an bpost an-dian agus go gouirtear i ngníomh iad go beacht baileach, go bhféadfadh sé tarlú ó am go ham nach gcomhlíonfaí na nósanna imeachta mar gheall ar easpa taithí na foirne nó mar gheall ar thromualach na hoibre. Maidir le ÍMAT shíl an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh tuilleadh foirne ag teastáil chun déileáil leis an bhfadhb seachanta cánach. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta don Vóta ar Leas Sóisialach in iúl don Choiste go bhféadfaí deacrachtaí maidir le gnóthú ró-íocaíochtaí a thaifeadadh a chloí tríd an ríomhaire a athinnliú. Ach mar gheall ar an éileamh a bhí ar an mbeagán saineolaithe ar ríomhairí ina Roinn féin agus i Roinn na Seirbhíse Poiblí ní rabhadar chomh mór chun tosaigh agus ba mhaith leo le córas leordhóthanach seiceála ar íocaíochtaí sochair le ríomhaire. Dhearbhaigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Choiste gur thuig an Roinn go raibh gá lena leithéid de chóras agus go gouirfí i gcrích é a luaithe ab fhéidir ach gurbh í an fhadhb bhunúsach daoine a oiliúint chun cláracha a athbhreithniú. Cuireadh i bhfios don Choiste freisin gur mar gheall ar bhrú oibre ar an bhfoirinn go formhór a tharla an méadú mór i 1976 a fionnadh a bheith ar mhéid na ró-íocaíochtaí Cúnaimh Shóisialaigh toisc nárbh fhéidir dóthain foirne a fháil chun freastal ar na héilimh go léir a bhí ag teacht isteach de dhroim athruithe a dhéanamh ar na coinníollacha a bhain le cáilitheacht. Is dóigh leis an gCoiste má fhágtar na fadhbanna foirne agus cóiríochta sin gan réiteach go bhféadfadh iarsmaí tromaí teacht de dhroim chuid acu ar a laghad ní hamháin i réimse na héifeachtúlachta riaracháin i gcoitinne ach i réimse rialaithe an airgeadais freisin. Síleann sé freisin go bhful fadhbanna den sórt céanna i ranna eile nach bhfuil tagtha faoina umhail. Molann sé nár mhiste do Roinn na Seirbhíse Poiblí an ní sin a scrúdú agus ba mhaith leis fios a fháil faoi thoradh an scrúdaithe sin. Cta 93-97 Cta 381, 382 Ct 530 52. Nuair a bhí na Cuntais Leithreasa á scrúdú aige thug an Coiste dá aire cásanna inar dhealraigh sé go raibh na feidhmeanna a bhí á gcur i gcrích ag roinnt ranna Rialtais agus ag gníomhaireachtaí Stáit eile ag rith isteach thar a chéile. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta don Vóta ar Ghnóthaí Coigríche in iúl don Choiste go gcumhdaíonn an caiteachas faoi Fhomhírcheann F—Seirbhísí Eolais, ceannach leabhar agus grianghrafanna agus déanamh scannán lena dtaispeáint thar lear. Dúirt sé gur rí-mhaith an tslí é sin chun turasóireacht a spreagadh agus gur chuidiú le tionscal é chomh maith toisc go mbaineann cuid de na scannáin le tionscail na hÉireann. D’aontaigh sé go raibh comhlachtaí Stát-tionscanta eile ar nós Bord Fáilte Éireann, Córas Tráchtála agus an tÚdarás Forbartha Tionscail, etc., ag gabháil don chineál céanna oibre agus go bhféadfadh dá bhrí sin go rabhadar ag rith isteach thar a chéile i gcuid den obair a bhí á dhéanamh acu. Tuigeann an Roinn go cruinn, áfach, an gá atá lena gníomhaíochtaí féin a chomhordú le hobair na ngníomhaireachtaí eile, agus creideann an tOifigeach Cuntasaíochta go bhfuil aon dúblacht a tharlaíonn á coinneáil chomh híseal agus is féidir. Dhearbhaigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Choiste go bhfuil caidreamh an-dlúth ar bun idir a Roinn féin agus na gníomhaireachtaí Stáit a bhíonn ag gabháil d’aon ghnéithe áirithe beartais a spreagadh thar lear ar nós an tÚdarás Forbartha Tionscail, Córas Tráchtála agus Gaeltarra Éireann. Is eol don Choiste, áfach, go bhfuil Gaeltarra Éireann tar éis oifig a oscailt sa Ghearmáin le déanaí ach nuair a cuireadh ceist ar an Oifigeach Cuntasaíochta ina thaobh sin an 19 Deireadh Fómhair 1978 dhealraigh sé nach raibh a fhios aige go raibh sé sin beartaithe. Dhúiseodh sé sin amhras áirithe, ar a laghad, i dtaobh éifeachtúlacht an chaidrimh sin. Nuair a bhí scrúdú a dhéanamh ag an gCoiste ar an gcaiteachas as Cuntas Chiste na Gaeilge atá i gceangal le Cuntas Leithreasa an Vóta do Roinn na Gaeltachta mheas an Coiste go bhféadfadh forluí nó dúblacht a bheith i bhfeidhmeanna chuid de na comhlachtaí lena ndearnadh íocaíochtaí. D’aontaigh Oifigeach Cuntasaíochta an Vóta do Roinn na Gaeltachta go raibh ábhar scóipe ann le feidhmeanna a bheith ag rith isteach thar a chéile ach dúirt sé go gcoinníonn a Roinnsean an scéal sin faoi bhreithniú nuair a bhíonn cláir oibre agus cuntais iniúchta na gcomhlachtaí lena mbaineann á scrúdú. Ó bhí an-chuid oibre le déanamh ní fhacthas dó go raibh aon rud mícheart leis an gcineál céanna oibre a bheith á dhéanamh ag comhlachtaí éagsúla in áiteanna éagsúla. Cé go n-aontódh an Coiste go bhféadfaí glacadh leis an gcor sin i gcúinsí speisialta feictear dó freisin go mbeadh baol ann go bhfaigheadh eagraíocht airgead Státchiste ó fhoinsí éagsúla ar an obair chéanna. D’aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Vóta Talmhaíochta go bhfuil cuid de na gníomhaíochtaí ina Roinn féin a bhfuil soláthar ina leith faoi Fho-mhírcheann B. 7 den Vóta sin—Taighde agus Tástáil, go bhfuil baint acu le gníomhaíochtaí an Fhorais Talúntais. Tá soláthar déanta faoin bhfo-mhírcheann sin do thaighde tréidliachta a n-aistreofar cuid di chun an Fhorais Talúntais faoi reachtaíocht atá ag feitheamh lena rith. Tá soláthar ar áireamh sa Vóta freisin do thaighde feola as a bhfuil ranníoc déanta leis an bhForas Talúntais mar fhorlíonadh le cúnamh atá á thabhairt ag tionscal na feola chuige sin. Tá soláthar do sheirbhísí eile sa Vóta sin áit ina bhfuil codanna imeallacha áirithe de chúrsaí obair thaighde ag rith isteach thar a chéile agus bhí an Roinn á bhreithniú féachaint an bhféadfaí cuid den obair sin, na gnéithe di a bhaineann go sonrach le taighde, a aistriú chun an Fhorais Talúntais. Ábhar imní don Choiste go mbeadh an forluí gníomhaíochtaí atá ag tarlú idir ranna éagsúla agus gníomhaireachtaí Stáit eile ina chúis le hairgead a chur amú. Is cúram leis freisin go bhféadfadh deontais Státchiste a bheith á dtabhairt ó fhoinsí éagsúla i leith na hoibre céanna. Molann sé, dá bhrí sin, go ndéanfaí grinnscrúdú ar cheist seo na bhfeidhmeanna a bhíonn á n-oibriú ag ranna agus ag gníomhaireachtaí eile Stáit a bheith ag rith isteach thar a chéile d’fhonn deireadh a chur leis an mbaol atá ann go gcuirfí airgead amú, nó go n-íocfaí as rud faoi dhó. PÁDRAIG Ó TUATHAIL, Cathaoirleach 26 Aibreán 1979 |
||||||||||||