Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1976::26 April, 1979::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

21 Meitheamh, 1978:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 126 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh; agus


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 1976 a chur faoi bhráid an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu.


29 Meitheamh, 1978:—Ainmníodh Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Niall Mac Aindriú, Lúcás Béalatún, Uinsionn Ó Brádaigh, Liam Ó Cinnfhaolaidh, Pádraig Ó Ciaragáin, P. Ó Murghaile, Ciarán Ó Murchú, Fearghas Ó Briain, Pádraig Ó Tuathail, Séamus Mac Pháidín, Mícheál Mac Gabhann agus Mícheál Mac Giolla Choille.