Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1977::10 May, 1979::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

2 Bealtaine, 1979:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 126 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh; agus


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 1977 a chur faoi bhráid an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu.


3 Bealtaine, 1979:—Ainmníodh Coiste dar comhaltaí na Teachtaí Niall Mac Aindriú, Lúcás Béalatún, Uinsionn Ó Brádaigh, Liam Ó Cinnfhaolaidh, Pádraig Ó Ciaragáin, P. Ó Murghaile, Ciarán Ó Murchú, Fearghas Ó Briain, Pádraig Ó Tuathail, Séamus Mac Pháidín, Micheál Mac Gabhann agus Micheál Ó hUadhaigh.


22 Samhain, 1979:—Ceapadh an Teachta Seán Ó hArgáin in ionad an Teachta Pádraig Ó Ciaragáin a fuair bás, agus ceapadh an Teachta Toirdhealbhach Ó Loideáin in ionad an Teachta Micheál Ó hUadhaigh a urscaoileadh.