Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1977::24 May, 1979::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 24 Bealtaine, 1979

Thursday, 24th May, 1979

1. Chruinnigh an Coiste ar 11.30 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí N. Mac Aindriú, Ó Cinnfhaolaidh agus C. Ó Murchú.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1977


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1977 go 31 Nollaig 1977. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


An Dánlann Náisiúnta, Oifig an Aire Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta, Comhshaol, Leas Sóisialach.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh an Dochtúir S. de Faoite (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), An Dochtúir N. Ó Faoláin (Rúnaí, An Roinn Pleanála agus Forbartha Eacnamaíochta), G. Ó Meachair (Rúnaí, An Roinn Comhshaoil), C. Ó Coileáin (Rúnaí, An Roinn Leasa Shóisialaigh) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.30 p.m. go dtí 11 a.m. Dé Céadaoin, 13 Meitheamh, 1979.