Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1977::13 June, 1979::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Dé Céadaoin, 13 Meitheamh, 1979

Wednesday, 13th June, 1979

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí N. Mac Aindriú, Ó Cinnfhaolaidh, Ó Murghaile, F. Ó Briain, agus Ó hUadhaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1977


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1977 go 31 Nollaig 1977. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Oifig an Aire Dlí agus Cirt, an Garda Síochána, Príosúin, na Cúirteanna Breithiúnais, Clárlann na Talún, agus Clárlann na nGníomhas, Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí, Poist agus Telegrafa.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh A. Mac a’Bháird (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt), S. S. Mac Cárthaigh (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), P. L. Ó Réagáin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Rinne an Coiste breithniú.


6. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.50 p.m. go dtí 11.30 a.m. amárach.