Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1977::17 May, 1979::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 17 Bealtaine, 1979

Thursday, 17th May, 1979

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí N. Mac Aindriú, Béalatún, U. Ó Brádaigh, Ó Murghaile agus Ó hUadhaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1977


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1977 go 31 Nollaig 1977. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Oifig an tSoláthair, Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Saothar, Iascaigh, Foraoiseacht, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh S. Mac Armón (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), A. Ní Thormaigh (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na d’Tiomnachtaí Carthanúla), T. Ó Cearbhaill (Rúnaí, An Roinn Saothair), A. Ó Dúgáin (Rúnaí, An Roinn Iascaigh agus Foraoiseachta), S. Mac Risteáird (Cathaoirleach, Na Coimisinéirí Ioncaim) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.25 p.m. go dtí 11.30 a.m. Déardaoin seo chugainn.