Committee Reports::Report No. 55 - Weight of Goods Vehicles::27 June, 1979::Appendix

FOSCRÍBHINN I

TAIFEACH ÁR RIALACHÁIN TRÁCHT BÓITHRE NA hÉIREANN

MEÁCHAIN AGUS TOMHAIS UASTA, ETC. FEITHICLÍ INNEALLGHLUAISTE AGUS LEANTÓIRÍ (LE ROTHAÍ)

Leithead Uasta (gan scáthán tiomána ná comhartha treo a chur san áireamh ach coimeádáin a úsáidtear leis an bhfeithicil a áireamh)

Tarracóirí móra (i.e., f.i-gh. nach bhfuil déanta chun ualach a iompar agus ar mó ná 7¼ tonna a meáchan neamhualaithe).

—9’

Feithiclí eile.

—8’ 2½”

(1)

An fad is mó a cheadaítear ualach do ghobadh amach ar aon taobh.

—1’

(1)

 

Mórleithead na feithicle lena hualach.

—9’ 6”

(1)

Fad uasta

F. i-gh. (seachas feithicil altach nó mórfheithicil seirbhíse poiblí).

—36’

 

Mórfheithiclí Seirbhíse Poiblí.

12 méadar

 

Feithicil altach (lena n-áirítear ualach ag gobadh amach).

—49’

 

Leantóir (gan an barra tarraingthe a áireamh).

23’

(2)

 

Cónasc de f. i-gh. agus leantóir (í).

54’

(3)

 

Barra tarraingthe etc.

—15’

(4)

 

Ualach ag gobadh amach ar chúl.

—10’

(5)

An Méid Leantóirí

Tarracóir Mór—2 leantóir

 

 

F. i-gh. eile (ach amháin rothair)—1 leantóir6

 

Caitheamh cúil

Ní cead an chuid sin de f. i-gh. atá ar chúl an acastóra cúil, nó má bhíonn níos mó ná dhá acastóir aici, ar chúl pointe leathslí idir an dá acastóir cúil, ní cead í a dhul thar (tuairim) seasca faoin gcéad den fhad idir an t-acastóir nó an pointe sin agus an t-acastóir tosaigh.7

 

Meáchan uasta ualaithe

(a) ar aon roth (áirítear mar roth amháin 2 roth nach mó ná 18” óna chéile).

5 thonna, más bonn aeir; 8 gcmn. an t-orlach ar leithead den achar teagmhála, más bonn d’ábhar bog nó leaistic. 5 cmn. an t-orlach ar leithead in aon chás eile

 

(b) Ar aon acastóir (8)

10 dtonna

 

(c) Ar aon dá acastóir i ndiaidh a chéile nach mó ná 7’ ó chéile.

16 thonna (nó 18 dtonna má bhíonn na hacastóirí breis agus 40” ó chéile agus go bhfuil an fheithicil údaraithe 25 thonna nó breis a iompar).

 

(d) Aon f. i-gh. (9) (agus feithicli altacha a áireamh) nó leantóir.

Feithicil 2 acastóir— 16 thonna (10).

 

 

Feithicil 3 acastóir— 22 thonna

 

 

Feithicil 4 acastóir— 25 thonna.

 

 

F. i-gh. 4 acastóir a cláraíodh roimh 1/7/64—28 dtonna.

 

 

(F. i-gh. 4 acastóir a cláraíodh tar éis 1/7/64 le acastóirí tosaigh agus deiridh 24’ throigh óna chéile— 28 dtonna.

 

 

Feithicil altach le ceithre acastóir agus acastóirí tosaigh agus deiridh breis agus 35 throigh óna chéile— 32 thonna.

 

(e) Cónasc de f. i-gh agus leantóir (i).

—32 thonna.

Nótaí:


(1) Ach amháin f. i-gh. le féar a lomadh, fál a bhearradh nó le haghaidh foraoiseachta (sa ló amháin), uirlis talún (sa ló i gcaitheamh na bliana, le linn uaire soilsiúcháin ó lúil go Deireadh Fómhair ach é a bheith de réir na Rialacháin um Shoilsiú Feithiclí). Ní bhaineann an teorainn ar ualaí le toradh talmhaíochta scaoilte.


(2) Ach amháin leantóirí nach bhfuil déanta chun ualach (e.g. inneall) a iompar nó leantóir atá déanta agus a úsáidtear chun “ualach doroinnte” a iompar ach gan an cónasc feithiclí do dhul thar 54’.


(3) Féadfaidh suas go 72’ d’fhad a bheith i gcónasc de tharracóir mór agus 2 leantóir (ach sin amháin lasmuigh de bhaile mór). Má bhionn cónasc thar 54 throigh ní foláir comhartha a bheith á iompar ar gcúl agus “os cionn 54 throigh” a bheith marcáilte air go soiléir. Tá díolúintí áirithe ceadaithe nuair a bhíonn feithicil a chlis á tarraingt.


(4) Más mó ná 5’ an fad idir f. i-gh. agus leantóir, ba cheart brat nó éadach bán a mbeidh 12” cearnaithe ar a laghad ann a bheith feistithe ar an mbarra tarraingthe.


(5) I gcás ualach (lena n-áirítear uirlis tarracóra) a bheith ag gobadh amach níos mó ná 3’ 6” ar gcúl, ní foláir éadach nó brat dearg 12” cearnaithe ar a laghad nó deis dolúbtha ar aon achar leis sin agus dath dearg air, nó dhá dhath, ar dearg do cheann acu, a bheith feistithe ar an ualach.


(6) Ní choiscfidh sé sin feithicil ar chlis uirthi a tharraingt.


(7) Ach amháin feithiclí altacha, leantóirí, tarracóirí, feithiclí cúl-tiomáinte, trucailí oibreacha, rothair agus feithicli a cláraíodh roimh 1/7/64 agus atá de réir rialacháin 1934.


(8) Is é is meáchan acastóra an meáchan iomlán a tharchuireann na rothaí uile ar féidir a lár-phointí a fholú laistigh de dhá phlána ingearacha trasnacha comhthreomhara, 40 orlach óna chéile, ag síneadh ar feadh leithead iomlán na feithicle.


(9) Má bhíonn níos mó ná 2 thonna de mheáchan neamhualaithe sa chomhpháirt tarraingthe de fheithicil altach nó de f. i-gh., nó má bhíonn níos mó ná tonna de mheáchan neamhualaithe i leantóir nó i leath-leantóir, ní foláir an meáchan neamhualaithe a bheith marcáilte go soiléir ar an taobh clé nó ar gcúl.


(10) Maidir le feithicil altach le haonad tarraingthe trí-rothach, féadfar an t-acastóir roth-aonaid tosaigh a áireamh mar acastóir chun na críche seo.