Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1975::15 June, 1978::Report

AN TUARASCÁIL DEIRIDH

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 6 NOLLAIG 1977

TUARASCÁIL DAR DÁTA 13 IÚIL 1972

Airgead a Aisghabháil.

1. Tugann an Coiste dá aire ó Thuarascáil an Aire Airgeadais faoin ábhar seo a cuireadh faoi bhráid an Tí an 24 Bealtaine 1978 go ndearnadh an caingean a bunaíodh sna Cúirteanna Gearmáineacha le hairgead a aisghabhail a íocadh le déileálaí arm sa Ghearmáin Thiar a dhíbheadh i bhFeabhra 1978 agus gur chinn an tAire Airgeadais, ag gníomhú dó ar chomhairle an Ard-Aighne, nárbh aon tairbhe achomharc a dhéanamh i gCuirteanna na Gearmáine.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 28 MEITHEAMH 1973

Íocaíochtaí leis an gCoiste Speisialta Forbartha Réigiúin (Deontas-i-gCabhair).

2. Bhí iontas ar an gCoiste nuair a cuireadh in iúl do nár críochnaíodh fós an fiosrúchán faoin eagras iomchuí le haghaidh feidhmeanna Rialtais ar chothrom fó-náisiúnta a phleanáil, a chomhoirdniú agus a chomhlíonadh, agus tá sé á thathant go gcríochnófaí an fiosrúchán sin a luaithe is féidir. Beidh sé ag súil le tuilleadh eolais faoin ábhar sin.


TUAIRASCÁIL DAR DÁTA 30 DEIREADH FÓMHAIR 1975

Foscríbhinn 9


Rialtas Áitiúil.

3. Tá tugtha dá aire ag an gCoiste go bhfuil cuid de na hachtacháin, i ndáil le laghdú ar an líon daoine nach raibh ag íoc cánach bóthair, a raibh socrú dóibh san Acht Airgeadais 1976, tionscanta cheana féin ach gur beag an t-eolas atá ar fáil, fós, i dtaobh a éifeachtúla iad, cé go bhfuil roinnt cosúlachtaí ann go bhfuil de thoradh ar an gcóras fíneáil ar-an-láthair, mar gheall ar gan cáin-diosca reatha a thaispeáint, a fhorleathnú gur mhéadaigh go mór ar an líon daoine a fuair ceadúnais. Tugann an Coiste dá aire freisin go ndéanfar achtacháin eile a bhfuil socrú déanta dóibh a chur i bhfeidhm a luaithe is féidir ach go bhfuil na hachtacháin go léir a bhaineann le cáin bóthair a bheith gan íoc faoi réir a n-athbhreithnithe mar gheall ar dheireadh a chur le cáin bóthair a bheith le híoc ar ghluaisteáin nach mó ná 16 eachchumhacht.


Tugann an Coiste dá aire freisin gur cuireadh ríomhairiú clárú mótar-fheithiclí i bhfeidhm san oifig mótar-chánach i mBaile Átha Cliath agus san oifig mótar-chánach i gCorcaigh i rith 1977 agus go gcuirfear an córas sin i bhfeidhm, de réir a chéile, sna hoifigí mótarchánach ar fud na tíre.


Talmhaíocht—Iasachtaí a Aisghabháil.

4. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil comhairlithe ag an Ard-Aighne go bhfuil foras sásúil dlí ag an Aire Talmhaíochta le himeachtaí a bhunú chun airgead a aisghabháil a tugadh ar iasacht do dhaoine i dtionscal na feola agus go bhfuil iarrtha ar an Roinn Talmhaíochta a dtuairimí a thabhairt go luath ar an mbeart is cóir a dhéanamh anois. Is é tuairim an Choiste go bhfuil na hiasachtaí sin a tugadh do lucht tionscail na feola i 1972/73 cuimse ró-fhada gan aisíoc agus tá súil aige go gcuirfear dlús díograiseach anois lena n-aisghabháil agus go gcuirfear críoch go luath leis an ábhar.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 24 MEITHEAMH 1976

Oibreacha Poiblí agus Foirgnimh Phoiblí.

5. Is cúis bioráin don Choiste nach toradh sásúil a bhí ar an dá chomórtas a seoladh i 1976 agus i 1977 le Cuntasóirí Gairme Grád III a cheapadh in Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá tugtha dá aire aige go bhfuil breithniú déanta ar mhodhanna eile le méadú ar líon na foirne cuntasaíochta costais san Oifig, lena n-áirítear breithniú féachaint an bhféadfaí daoine a earcú, oiliúint a thabhairt dóibh agus ar daoine iad a measfaí a thabhódh cáilíochtaí cuntasaíochta costas. Ba mhaith leis an gCoiste go gcoimeádfaí eolas leis faoi gach a dtarlóidh.


Mireanna 10, 24


Íocaíochtaí nach mór sainreachtaíocht lena ndéanamh bailí.

6. Tugann an Coiste dá aire, tar éis an t-ábhar a athscrúdú faoi réir na bpointí ábhartha a thug sé ar aird roimhe sin, go nglacfadh an tAire chuige go mb’fhearr, i gcás na ceithre Vótaí seo a leanas, dá mbeadh sainreachtaíocht de thaca leis na deontais áirithe a bhí i gceist agus gur chóir nótaí oiriúnacha a bheith ar éadan na meastachán cumasaithe iomchuí:—


(i) Iompar agus Cumhacht: deontais do C.I.E. i dteannta na ndeontas bliantúil socair dá bhfuil foráil san Acht Iompair, 1964,


(ii) Rialtas Áitiúil: íocaíochtaí de bhreis ar na deontais athfhoirgnithe tithe uasta dá bhfuil socrú san Acht Tithíochta, 1966,


(iii) An Ghaeltacht: íocaíochtaí deontas tithíochta de bhreis ar na huasmhéideanna dá bhfuil socrú in Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929 go 1967,


(iv) Rialtas Áitiúil: deontais eisreachtúla i leith tithe a oiriúnú le freastal do riachtanais lucht corpéislinne,


(v) Aoisliúntais agus Liúntais Scoir: íocaíochtaí pinsean eisreachtúla agus íocaíochtaí ex-gratia pinsean.


Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuil, a mhéid a bhaineann leis na deontais do C.I.E., an t-alt iomchuí den Acht Iompair 1964, a chuir teorainn le híoc deontas den sórt sin nuair a chuir an Coiste ceist faoin údarás reachtaíochta, aisghairthe leis an Acht Iompair (Uimh. 2) 1974 a thuar go n-íocfaí méideanna neamhshonraithe airgid le C.I.E. as airgead a sholáthródh an tOireachtas.


Tugann an Coiste dá aire freisin


(1) maidir le deontais athfhoirgnithe tithe is iníoctha as an Vóta Rialtais Áitiúil agus deontais tithíochta is iníoctha as Vóta na Gaeltachta, go n-aontaíonn an tAire go hiomlán le tuairimí an Choiste agus, ina theannta sin, go measann sé gur cheart an reachtaíocht bhailíochta riachtanach a thabhairt isteach roimh dheireadh na bliana a ndéantar na híocaíochtaí, ar nós imeachta é a leanadh, de dhroim tuairimí an Choiste, i gcás meastacháin fhorlíontaigh don Vóta Rialtais Áitiúil in Iúil 1977 agus


(2) cé nár choisc an reachtaíocht atá ann ar an Dáil an t-airgead a vótáil a theastaigh chun na deontais oiriúnaithe títhíochta a íoc le haghaidh lucht corpéislinne agus chun pinsin eisreachtúla agus pinsin ex-gratia a íoc, go measann an tAire anois gur inmhianaithe, i gcásanna den sórt sin, gur sa díolaim chéanna reachtaíochta a dhéanfaí, i gcás ar féidir sin, socrú don deontas de bhreis ar an deontas reachtúil agus a dhéantar socrú don deontas láithreach, ionas go léireodh reachtaíocht an méid cúnaimh uile a fhaightear ón Státchiste.


Tá tagairt cheana féin ón gCoiste ina Thuarascáil Eatramhach ar Chuntais Leithreasa 1975 gur achtaíodh an reachtaíocht riachtanach—an tAcht Aoisliúntas agus Pinsean 1976—le bailíocht a thabhairt do na híocaíochtaí pinsean agus tugann sé dá aire anois go bhfuil an Roinn Airgeadais ar caibidil leis na Ranna lena mbaineann faoi reachtaíocht i ndáil leis na seirbhísí eile ar ar thrácht an Coiste.


Nuair a bhí Rúnaí na Roinne Airgeadais os comhair an Choiste an 15 Nollaig 1977 ina cháil mar Oifigeach Cuntasaíochta, thapaigh an Coiste an deis le ní a léiriú a tháinig i gceist i ndáil le hábhar a chuir an Roinn Airgeadais faoi bhráid an Ard-Aighne 14 Meán Fómhair 1976, agus ar cuireadh cóip de ar fáil don Choiste. Tagraíodh san ábhar sin d’Alt 6(1) den Acht Iompair, 1964 a fhorálann:


“déanfaidh an tAire i mbliain airgeadais an Bhoird dar tosach an lú lá d’Aibreán, 1964, agus i ngach bliain airgeadais ina dhiaidh sin ag an mBord, deontas dhá mhilliún punt a thabhairt don Bhord as airgead a sholáthróidh an tOireachtas”.


Dúradh san ábhar a cuireadh faoi bhráid an Ard-Aighne:


“An fhoráil in Alt 6(1) den Acht Iompair, 1964, ba fhoráil í ar mhodh ráthaíochta do C.I.E. go dtabharfaí £2 mhilliún ar a laghad de dheontas in aghaidh gach bliana, faoi réir a dhaingnithe trí chóras an Vóta agus tríd an Acht Leithreasa. Bíodh is go nglacfar nach féidir a mheas maidir le forálacha i ndáil le hairgead atá vótáilte i reachtaíocht seachas an tAcht Leithreasa nach bhfuil iontu ach luaiteachas birt agus ó tharla nár fhoráil an tAcht Iompair 1964 i gcás C.I.E. go dtabharfar deontas nach mó ná £2 mhilliún, is é tuairim an Aire nach bhfuil coiscthe ar an Oireachtas a mhian a athrú nó a mhodhnú trí sholáthar a dhéanamh sna Vótaí Iompair agus Cumhachta le haghaidh deontais aonraice i dteannta an deontais bhliantúil shocair atá ordaithe in Acht 1964”


D’aontaigh Oifig an Ard-Aighne an 22 Meán Fómhair 1976 leis an léiriú sin. Ní fhéadfadh an Coiste, ar aon chuntas, glacadh leis an tuairim sin, is é sin, gur ceart a mheas nach bhfuil i reacht ón Dáil ach “luaiteachas birt”. Is cúis imní dó, dá bhrí sin, ar fhaitíos go mb’fhéidir maidir leis an ábhar sin a cuireadh faoi bhráid an Ard-Aighne agus lena Oifig d’aontú leis na tuairimí ann, go bhféadfaí a mheas, d’ainneoin na dtuairimí a chuir an tAire in iúl ina dhiaidh sin i meamram an 6 Nollaig 1977 ar Thuarascáil an Choiste do 1974, roinnt d’ábhar údarásach fasachúil a bheith ann don am le teacht. Dheimhnigh Rúnaí na Roinne Airgeadais don Choiste nach raibh sa mhéid a cuireadh faoi bhráid an Ard-Aighne ach doiciméad riaracháin inmheánach a tugadh don Choiste mar eolas don Choiste agus nach raibh brí ar bith ann mar fhasach ná mar léiriú ar cheart glacadh leis mar fhasach agus nach raibh sé ar aon-chéim leis an Meamram ón Aire Airgeadais.


Is mian leis an gCoiste a thaifead gur ghlac an Coiste leis an deimhniú sin.


Tá an tsaincheist sin faoi dhíospóireacht le roinnt blianta agus tá súil ag an gCoiste go bhfuil glactha gan éideimhne leis an bprionsabal ar fhéach an Coiste go mbunófaí é agus nach dtarlóidh arís go mbeidh ar an gCoiste trácht uirthi.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim—beart le cúrsaí a bhaineann le Bailiúchán Cánach a fheabhsú

7. Tugann ab Coiste dá aire go mbeidh ar chumas an Aturnae Ioncaim, ó tá an Príomh-Aturnae Stáit agus na hAturnaetha Stáit Áitiúla ag déileáil, anois, le pionóis mar gheall ar gan tuairisceáin a sheachadadh, etc., gabháil, go hiomlán, leis an dlí a chur i bhfeidhm sna cásanna móra. Tugann an Coiste dá aire, freisin, go bhfuil dóchas ann go mbeadh de thoradh ar an nós imeachta nua sin gur mó an díograis a bheidh ann ag cur tuairisceán isteach mar a dhlitear, ionas gur lú an méid cásanna a gcuirfí méideanna measta ar chúram Cláraitheoirí Contae le bailiú. Glacann an Coiste leis go bhfuil de thoradh ar Alt 30 den Acht Airgeadais 1976 fonn an-mhór a bheith ann cáin a íoc go luath ionas gur lú an méid measúnachtaí measta a théann go dtí Cláraitheoirí Contae agus an méid cásanna a ghlaoitear ar ais mar gheall ar an gcigire cánach géilleadh d’achomhairc mhalla. Is maith leis an gCoiste fios a fháil go bhfuil an chosúlacht ann gur laghdú an-mhór an laghdú sin cé go bhfuil sé ró-luath, fós, a mhéid a chomhaireamh go cruinn.


Talmhaíocht—Moill ag Bailiú Suimeanna Cúiteacha Airgid

Tugann an Coiste dá aire go ndearnadh an méid muirear SCA a bhí gan íoc in earnáil na bólachta agus na mairteola a laghdú tuilleadh go dtí £0.9 milliún i ndeireadh Mhí Dheireadh Fómhair 1977, gur £2.5 milliún nó mar sin a méid i Mí na Samhna 1976, go bhfuil gach dícheall á dhéanamh an fiach atá amuigh fós a bhailiú a scafánta is féidir, gur bunaíodh imeachtaí dlí in aghaidh 26 fhéichiúnaí a chónaíonn sa Stát agus, cé go bhfuil cuid de na cásanna sin socraithe, go bhfuil caingean dlí ar bun fós i 13 chás. Tugann sé dá aire freisin go bhfuil imeachtaí dlí bunaithe in aghaidh 13 fhéichiúnaí a chónaíonn lasmuigh den Stát agus go dtionscnófar imeachtaí i gcásanna eile más gá sin. Is maith leis an gCoiste fios a fháil faoin athrú ar na comhshocraíochtaí i dtaobh SCA a chruinniú i ndáil le bólacht bheo agus mairteoil a onnmhairítear agus i ndáil le ceannach mairteola idirghabhála a cuireadh i bhfeidhm ionas nach mbeidh riaráistí ann feasta, agus tá dóchas ag an gCoiste nach mbeidh, dá thoradh sin, an fhadhb sin ann arís.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 21 AIBREÁN 1977

An Garda Síochána—Méid na nÍocaíochtaí Breis-Ama.

9. Tugann an Coiste dá aire go nglacann an tAire gur tuairimí a bhfuil bonn bailí leo tuairimí ginearálta an Choiste ar mhéid na n-íocaíochtaí breis-ama as Vóta an Gharda Síochána agus go bhfuil líon an Fhórsa á mhéadú go mór agus go bhféadfaí a mheas go laghdódh sin tuilleadh an caiteachas ar bhreis-am.


Oifig an Aire Oideachais—Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais.

10. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil curtha in iúl don Aire ag an Roinn Oideachais go nglacfar cúram feasta i ndáil le maoiniú comhachtaí nua, cosúil le Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais,í lchun an modh is so-oibrithe a roghnú nach dtarraingeoidh deacrachta cuntasaíochta agus a áiritheoidh leor-rialú ar airgead. Bíodh is go bhfuil fáilte ag an gCoiste roimh an deimhniú sin ba mhaith leis a chur in iúl go raibh sé beartaithe feidhm chomhchoiteann a bheith lena mholadh maidir leis an ábhar sin agus braitheann sé dá bhrí sin gur cóir tuairimí sin an Choiste a chur i bhfios do na ranna uile a mbeadh gabháil acu le comhlachtaí den sórt sin a urrú. Tá coinne aige go mbeidh cion freagrachta ar an Roinn Airgeadais i ndáil leis an modh is fearr is inoibrithe chun comhlachtaí den sórt sin a mhaoiniú.


Tá fáilte ag an gCoiste roimh ghníomh an Aire ag meabhrú arís d’Oifigigh Chuntasaíochta faoin riail a rialaíonn airgead barrachais a thabhairt suas don Státchiste i ndeireadh gach tréimhse cuntasaíochta muran mar dheontas-i-gcabhair a soláthraíodh an t-airgead sin.


Bunoideachas—Scéim Oiriúnaithe agus Méadaithe do Choláiste Oiliúna do Mhúinteoirí Náisiúnta.

11. Tugann an Coiste dá aire gur oth leis an Aire Airgeadais, mar is oth leis an gCoiste, an díth caidrimh agus comhair sa chás seo idir an Aonad Tógála agus Brainse na mBunscoileanna den Roinn Airgeadais a thug don Coiste aontú leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gurbh fhíor-lochtach an rialú maoinithe a feidhmíodh ar an scéim sin. Tá fáilte ag an gCoiste roimh an deimhniú ón Aire nach bhfuil aon athrú ar an bpolasaí ginearálta tairiscintí iomaíochta a lorg i ndáil le conarthaí i leith oibreacha poiblí agus go leanfar den pholasaí sin. Molann an Coiste mar gheall ar thábhacht an phrionsabail sin agus ar eagla aon chontúirte nach measfadh Ranna eile sáith tábhachta don riachtanas atá ann é a chomhalladh go beacht, go meabhródh an tAire do na hOifigigh Chuntasaíochta go léir an fhreagracht atá orthu maidir leis an ábhar sin. Beidh an Coiste ag súil le tuilleadh eolais faoi chostas críochnaitheach an tionscadail sin agus faoi ranníoc i leith an chaiteachais a bheidh tabhaithe a iarraidh ar údaráis an Choláiste. Tugann sé dá aire go bhfuil cúram á dhéanamh do dhintiúr a fháil uathu do ráthú gur go heisiatach chun múinteoirí a oiliúint a úsáidfear an t-áitreabh agus ba mhaith leis go gcuirfí in iúl dó nuair a gheofar é sin.


Meánoideachas—Ranníocaí Áitiúla i leith Costas Caipitiúil Scoileanna Pobail.

12. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil togra a mhol an Roinn Oideachais i dtaobh nósanna imeachta i ndáil le Coistí Gairmoideachais d’íoc ranníocaí áitiúla formheasta ag an Aire Airgeadais. Tugann sé faoi deara freisin gurb é is mó is cúis leis an moill a bhaineann leis an ábhar a réiteach go críochnaitheach deacracht eile, maidir leis na húdaráis eaglasta d’aontú leis na comhshocraíochtaí go n-íocfaidís ranníocaí áitiúla, mar gheall ar agóidí in aghaidh an ghníomhais iontaobhais ó eagrais múinteoirí. Tá ar an gCoiste a lua gur chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl dó, i Mí na Nollag, 1976, mar atá ráite sa tuarascáil ón gCoiste dar dáta 21 Aibreán 1977, go raibh scéal na ranníocaí áitiúla réitithe a mhéid a bhain sé leis na húdaráis eaglasta áitiúla agus gur leis na Coistí Gairmoideachais a bhain an deacracht an tráth sin. Tá, dá bhrí sin, ciméar ar an gCoiste faoi gur dealraitheach an scéal a bheith ar ais mar a bhí, is é sin, an príomhdheacracht ar ais go dtí na húdaráis eaglasta, agus tá ceapadh aige go mb’fhéidir go mbainfeadh tuilleadh moille leis an scéal a réiteach. Beidh tnúth aige le tuilleadh eolais, eolas atá geallta, faoi gach a dtarlóidh agus a ndéanfar leis an bhfadhb a réiteach.


Tugann an Coiste dá aire gur cuireadh ina luí cheana féin ar an Roinn Oideachais nár cheart, is gcás scoileanna pobail a bhunófar ina dhiaidh sin, dul faoi cheanglas doscaoilte ar bith nó go mbeadh comhshocraíochtaí daingne déanta d’áirithiú an ranníoca iomchuú áitiúil. Tugann sé dá aire freisin go bhfuil aire na nOifigeach Cuntasaíochta dírithe ar thagraí an Choiste riachtanas a bheith ann a áirithiú san am le theacht, i gcásanna a bhainfidh le ranníocaí áitiúla, nach dtabhófar caiteachais airgid Státchiste nó go mbeidh na ranníocaí áitiúla bailithe nó a mbailiú urraithe go sásúil.


Meánoideachas—Tógáil Spórtlanna.

13. Tá tugtha dá aire ag an gCoiste go bhfuil aire na nOifigeach Cuntasaíochta á tharraingt ar thuairimí an Choiste faoin riachtanas atá ann ceadú a fháil roimh ré ón Roinn Airgeadais le haghaidh caiteachas as airgead vótáilte agus tá súil aige nach gá tagairt arís don ábhar sin.


Oifig na nOibreacha Poiblí—Oifigí Rialtais i mBaile Átha Luain agus i gCaisleán an Bharraigh.

14. Glacann an Coiste leis an tuairim gur cuid de ghnáth-obair Oifig na nOibreacha Poiblí seirbhís pleanála a thabhairt agus, le linn sin a bheith á déanamh, gur féidir caiteachas a thabhú ag ullmhú pleananna nach dtéitear ar aghaidh leo. D’aontódh an Coiste nár ghá, de ghnáth, saincheadú an Aire Airgeadais nó nóta faoi sa Chuntas Leithreasa ach tá súil ag an gCoiste go nótálfar mar sin cásanna neamhghnácha lena mbaineann caiteachas mór i gcomórtas le caiteachas eile nó cásanna lena ngabhann gnéithe neamhghnácha. Tugann sé dá aire go bhfuil an tAire ag breithniú an scéil i dteannta Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí de rún comhshocraíochta cóiriúla a dhéanamh ina leith sin agus gcuirfear an toradh in iúl don Choiste.


Talmhaíocht—Caiteachais de bharr Idirghabháil Mhargaidh a Mhuirearú.

15. Tugann an Coiste dá aire go ndéantar sonraisc ó fhuarstórais i leith muirear láimhsithe, cuisnithe agus stórála mairteola a chuaigh sna stórais tar éis 1 Eanáir 1977 a lánseiceáil sula ndéantar íocaíocht agus go ndéantar sin freisin ar shonraisc i leith gléas iompair chuisnithe a úsáideadh ag iompar mairteola idirghabhála chun fuarstóras (ar an gcoigrích a fhormhór) ó dheireadh an fhómhair 1976. Tugann sé dá aire freisin go bhfuil dul chun cinn déanta ag seiceáil sonrasc a bhaineann leis an mbliain 1974 a íocadh go hiomlán ach ar cuireadh siar a seiceáil agus go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh chun go mbeidh na sonraisc a bhaineann le 1975 agus le 1976, agus a íocadh ar an bhforas céanna, seiceáilte i 1977.


Measann an Coiste tábhacht an-mhór don riaráiste oibre sin a ghlanadh agus ba mhaith leis go gcoinneofaí ar an eolas é faoin scéal. Ba mhaith leis go gcuirfí in iúl dó, mar gheall ar an bhfad aimsire atá i gceist, i dtaobh aon deacrachtaí do bhaint le cruinneas na méideanna sonrasctha a dheimhniú agus i dtaobh aon chásanna, má b’ann, ar íocadh an iomarca mar gheall ar íoc as sonraisc sular seiceáladh iad.


Talmhaíocht—Cuntais FEOGA

16. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an Roinn Talmhaíochta ag cur dlús le Cuntais FEOGA do 1974 a chríochnú agus go bhfuil súil ann go mbeidh na cuntais sin, mar aon leis na cuntais a bhaineann le 1975, críochnaithe go luath i 1978. Cúis mhór bioráin don Choiste an mhoill a bhaineann leis na cuntais sin a chríochnú agus tá sé a rá arís, mar a dúirt sé sa tuarascáil roimhe seo uaidh, go bhfuil contúirt ann gurb amhlaidh a bheidh dá fhaide an mhoill a bhainfidh leis an gcomhaontú críochnaitheach a dhéanamh le CEE gur deacra a bheidh sé aon fhabhbanna a bheidh ann a réiteach agus gur dócha dá réir caillteanais iarmartacha a bheith ina muirear ar an Státchiste. Measann an Coiste gur moill ró-fhada ar fad moill trí bliana ag glanadh na gcuntas sin agus, ag féachaint do dheacrachtaí eile i ndáil le caiteachas CEE dá dtagraítear i mír 15, tá sé in amhras an bhfuil an Roinn Talmhaíochta i gcruth déileáil le haimhréiteachtaí idirghabhála margaidh agus gach gníomhaícoht a ghabhann leis sin, ní is comhionann, mar a chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste, le gnóthaíocht fhorleathan tráchtála. Ba mhaith leis an gCoiste go gcoinneofaí eolas leis faoin dul chun cinn a bheidh á dhéanamh ag tabhairt chuntais FEOGA cothrom le dáta.


Tugann an Coiste dá aire an staid maidir leis an difríocht idir an ráta úis a íocadh as an Vóta ar airgead ar iasacht agus an ráta a cheadaigh CEE mar aisghabháil agus tuigeann sé go bhfuil sé ceaptha glacadh le costais idirghabhála (stóráil, iompar, ús etc.) mar aon ní amháin sa chaoi gur féidir caillteanas ar mhír amháin a ghnóthú ar mhír eile.


Leas Sóisialach—Ró-íocaíochtaí Pinsean Seanaoise Neamhranníocach

17. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil, de thoradh nósanna imeachta sa Roinn Leasa Shóisialaigh a choigeartú, na trí rannóg a dhéileálann le Pinsin Seanaoise neamhranníocach ag oibriú níos comhoirdniúla anois agus go bhfeidhmíonn siad croseiceáil atá saincheaptha le nach n-eiseofar leabhair dhúblacha ná íocaíochtaí riaráiste dúblacha, arb iad na príomhchúiseanna iad leis na ró-íocaíochtaí dá dtagraíonn an Coiste. Tugann sé dá aire freisin, ó stop an brú oibre a d’éirigh as na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1973 agus 1975, go bhfuil an fhoireann dulta i dtaithí na nósanna imeachta nua atá ag obair go sásúil anois de réir chosúlachta. Is breá leis an gCoiste a fháil amach go bhfuil Roinn na Seirbhíse Poiblí á chur ina luí ar Ranna atá ag ullmhú reachtaíochta a mbaineann ciallachais riaracháin léi gur gá breithniú sách grinn a dhéanamh ar na ciallachais sin.


Moill ag tabhairt eolais don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

18. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an tAire Airgeadais á chur i gcion ar Oifigigh Chuntasaíochta a fhíor-riachtanaí atá sé éascaíocht a dhéanamh don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus don Choiste i gcomhlíonadh a bhfeidhmeanna trí fhreagra a thabhairt láithreach ar gach iarratas ag lorg eolais agus go bhfuil aird ar leith á dhíriú ar an imní atá ar an gCoiste faoin moill a tharla ó am go ham ag fáil cead na Roinne Airgeadais le haghaidh teorainneacha athscrúdaithe do chaiteachas caipitiúil.


CUID II—CUNTAIS SHONRACHA

AN PÁMHÁISTIR GINEARÁLTA d’IMRÉITEACH ORDUITHE INÍOCTHA SÓINSEÁILTE

19. Is rannpháirtí Oifig an Phámháistir Ghinearálta sa Phríomh-Mhalartán a dhéanann socrú seiceanna, orduithe iníoctha, etc., a imréiteach idir na rannpháirtithe. De réir na rialacha is gá orduithe iníoctha ó chuntas an Phámháistir Ghinearálta a thíolacadh ag an Malartán sa tslí chéanna le seiceanna agus cuntais na mbanc tíolactha a chreidiúnú láithreach le luach na n-orduithe a thíolactar. De réir na rialacha freisin is gá orduithe a dhiúltaíonn an Pámháistir Ginearálta dá éis sin a chur ar ais díreach chuig an mbrainse tíolactha laistigh de thrí lá dá gcéadtíolacadh ag an Malartán. Is tríd an bPríomh-Mhalartán freisin a dhéantar na coigeartuithe is gá i leith orduithe diúltaithe. I nDeireadh Fómhair 1973 creidiúnaíodh suimeanna £3,983 san iomlán do dhá bhanc i leith 31 doiciméad ar airbheartaíodh gurbh orduithe iníoctha iad agus ar iad a sheiceáil ina dhiaidh sin aithníodh gur brionnuithe a bhí iontu. Ní raibh seiceáil na ndoiciméad sin in Oifig an Phámháistir Ghinearálta, trí phróisiú ríomhaire, críochnaithe go dtí an 13 Samhain 1973 agus ansin dhíospóid na bainc an ceart chun aisghabháil a dhéanamh ar an bhforas nár cuireadh ar ais na horduithe a diultaíodh laistigh den tréimhse a bhí ceaptha i rialacha an Mhalartáin-Bhí an tOifigeach Cuntasaíochta tar éis a chur in iúl don Ard-Reach. taire Cuntas agus Ciste gur iarradh ar Lár-sheirbhísí Sonra-Phróiseála Roinn na Seirbhíse Poiblí, a phróiseálann orduithe ó chuntas an Phámháistir Ghinearálta, an córas ríomhaire atá ann a athchóiriú le go bhféadfaí déanamh de réir an cheanglais imréitigh. Dúirt sé cé go gcailltear an ceart chun dochar a chur tríd an bPríomh-Mhalartán de bharr gan déanamh de réir an cheanglais imréitigh gur lean an Pámháistir Ginearálta—ach amháin sa chás a luadh—de dhochair den sórt sin a chur go rathúil tríd an Malartán. Dúirt sé freisin go rabhthas ag leanúint go dian leis an éileamh chun na méideanna a bhí i gceist sa chás sin a aisghabháil, d’ainneoin na bainc cur ina coinne agus, ar aon chaoi, ar an mbonn go dtig leis an bPámháistir Ginearálta leanúint leis an éileamh lasmuigh den Phríomh-Mhalartán tríd an dlí baincéireachta. Iarradh comhairle san ábhar ar na hoifigigh dlí ón taobh sin den scéal. Cé gur beag go maith an méid atá i gceist sa chás sin, £3,983, is cúis imní don Choiste, de bharr moill in Oifig an Phámháistir Ghinearálta, go bhfuil aisghabháil airgead poiblí a íocadh ar dhoiciméid bhrionnaithe i bhfiontar. Fad a leanann an mhoill sin is é tuairim an Choiste go bhfuil an dainséar ann go dtarlóidh a leithéid arís agus b’fhéidir suimeanna níos mó i gceist. Is mian leis an gCoiste dá bhrí sin go gcoinneofaí eolas leis faoin dul chun cinn atá á dhéanamh chun deireadh a chur leis an moill sin. Ba mhaith leis freisin eolas a fháil ar thoradh an cháis a ndéantar tagairt dó i dTuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nuair a bheidh an chomhairle dlí a loirg an Roinn faighte.


OIFIG AN AIRE OIDEACHAIS

20. Ina Thuarascáil do 1972/73 chuir an Coiste in iúl go raibh animní air gur loic an Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha a chuntais a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bliantúil lena n-iniúchadh mar a cheanglaítear le halt 15 den Acht um an gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha, 1971. Sa mheamram le gairid ón Aire Airgeadais dar dáta 6 Nollaig 1977 cuireadh i bhfios don Choiste go rabhthas á mheabhrú d’Oifigigh Chuntasaíochta a thábhachtaí atá sé a áirithiú, a mhéid is féidir leo, go ndéanfaidh comhlachtaí Stát-tionscanta agus eagraíochtaí eile, a bhfuil freagracht áirithe orthu ina leith ó thaobh cisteoireachta, a gcuntais a chur isteach lena n-iniúchadh gan rómhoill. Ag a gcruinniú an 2 Feabhra 1978 ba chúis imní don Choiste a fháil amach go raibh moill ann fós maidir leis na cuntais sin a chur isteach. Bhí na cuntais do 1975 curtha faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ach ní raibh siad deimhnithe aige mar nár mhór roinnt ábhar a bhreithniú tuilleadh. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta i bhfianaise gur ar Bhord an Choláiste an mhórtabháil na cuntais a thabhairt ar aird agus, cé go raibh an Roinn Oideachais ag brú orthu na cuntais a thabhairt ar aird níos gasta, nach measann sé gur ar an Roinn ná ar an Oifigeach Cuntasaíochta atá an fhreagracht maidir leis an ábhar. Thug sé le fios, áfach, go raibh sé lánsásta coinneáil air ag brú ar Bhord an Choláiste mar a bhí á dhéanamh aige le tamall. Is í an fhadhb, mar a fheictear don Choiste, cé go bhfuil cuntasacht phoiblí i gceist leis an reachtaíocht ag bunú an Choláiste, nach cosúil go bhfuil aon bhealach dlíthiúil chun iallach a chur ar údaráis an Choláiste a gcuntais a chur faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bliantúil. Is cúis imní don Choiste mar sin, d’ainneoin gach dícheall ón Oifigeach Cuntasaíochta, go mb’fhéidir go leanfaidh an mhoill agus ní fheadair an Coiste an féidir teacht ar shlí éigin chun iallach a chur ar údaráis an Choláiste a n-oibleagáid reachtúil sa chás sin a chomhlíonadh.


21. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar dhifríocht idir caiteachas Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais do 1975 mar a léirítear é i dtaifid na Comhairle, £195,688, agus an caiteachas mar a léirítear é sa Chuntas Leithreasa, £182,000. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go ndúradh leis an gComhairle ar ócáidí éagsúla i 1975 gan dul thar an dáileadh airgeadais san fhomhírcheann chuí do chaiteachais na Comhairle don bhliain, £182,000, agus dhearbhaigh sé gur thaispeáin an muirear sa Chuntas Leithreasa, £182,000, go cruinn an méid a eisíodh ón Vóta chun na Comhairle i 1975 agus, dá réir sin, freagracht na Roinne Oideachais i ndáil le híocaíochtaí leis an gComhairle an bhliain sin.


Mhínigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur mheas sé nach ndearnadh leorshonrú ar an muirear sa Chuntas Leithreasa do 1975. Bhí foráil san fhomhírcheann chuí do chostais Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais agus dá bhrí sin ba cheart aon chaiteachas faoina ndeachaigh an comhlacht sin i leith dliteanas faibhrithe i 1975 a áireamh sa Chuntas Leithreasa don bhliain sin is cuma má bhí an caiteachas sin níos mó nó níos lú ná an méid a cuireadh ar fáil sa mheastachán.


Aontaíonn an Coiste le tuairimí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste sa chás seo. I dtuarascáil an Choiste ar na Cuntais Leithreasa do 1974 bhí air tagairt do dhifríocht idir caiteachas Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais agus an muirear ar an bhFomhírcheann. Is ábhar imní dó go bhfuil air tagairt sa Tuarascáil seo do dhifríocht eile.


Tugann sé faoi deara ón meamram ón Aire Airgeadais le gairid go bnfuil Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais ceaptha mar fhoras ardoideachais agus go bhfuil airgead á chur ar fáil di anois tríd an Údarás Ardoideachais. Tá súil ag an gCoiste go gcinnteoidh an modh soláthar airgid seo nach dtarlóidh na deacrachtaí cuntasaíochta a tharla i 1974 agus 1975 arís.


INSTITIÚID TEANGEOLAÍOCHTA ÉIREANN (DEONTAS-I-gCABHAIR).

22. £84,700 suim na n-íocaíochtaí le hInstitiúid Teangeolaíochta Éireann i 1975, ar soláthraíodh £82,000 de sa mheastachán bunaidh agus £2,700 de i meastachán forlíontach a tógadh i Nollaig na bliana sin. Thaispeáin cuntais na hInstitiúide do 1975 iarmhéid airgid £70,000 le dliteanais £23,000 gan íoc, rud a fhágann barrachas £47,000. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go bhfuil eisiúintí chuig an Institiúid bunaithe ar an tsuim a sholáthraítear sa mheastachán mar dheontas-i-gcabhair, suim atá bunaithe í féin ar réamhfhaisnéis a chuirtear ar fáil go bliantúil don Roinn Oideachais. Tá éilimh na hInstitiúide ar Chistí faoi réir grinnscrúdaithe ag an Roinn, agus faoi réir laghdaithe de réir mar a mheastar is gá. Sa mheastachán bunaidh do 1975 rinneadh foráil i leith míreanna áirithe caiteachais nár tabhaíodh, mar a tharla. Séard a bhí sa mheastachán forlíontach a tógadh i Nollaig 1975 an méid a bhí dlite don Institiúid le haghaidh méaduithe faoi théarmaí an Chomhaontaithe Náisiúnta Pá. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gurbh éard a bhí i gceist a theacht ar iarmhéideanna barraineacha maidir le hairgead poiblí. Cé gur chuir an Institiúid a cistí barrachais ar taisce sa bhanc, ba bheag seans go slánódh an t-ús a gheobhfaí an costas ar an Roinn na cistí sin a chruinniú.


Measann an Coiste gur ábhar an-tromaí é seo. Ní miste a mheabhrú gur léirigh an Coiste i dtuarascálacha roimhe seo nach ceart airgead a vótáiltear do Sheirbhís bliana áirithe agus nach mbíonn ag teastáil do Sheirbhís na bliana sin a eisiúint chun freastal do chaiteachas i mbliain dá éis sin. Fiú ag cur dliteanais na hInstitiúide atá gan íoc ag deireadh 1975 san áireamh, is léir maidir le breis is leath an deontais-i-gcabhair a soláthraíodh, nár cheart é a eisiúint as an Státchiste chor ar bith. Fáiltíonn sé roimh dhearbhú an Oifigigh Chuntasaíochta nach dtarlóidh an fhadhb seo arís.


BUNOIDEACHAS

23. Sna socruithe i leith íoc na dturastal seo, foráiltear go n-iarrfar ar mhúinteoir a chuireann in iúl don Roinn Oideachas nach bhfuil a Ordú iníoctha tuarastail faighte aige, dearbhú a shíniú go ndéanfaidh sé, má chuirtear Ordú dúblach chuige, an t-ordú bunaidh a chur ar ais chuig an Roinn má fhaigheann sé ina dhiaidh sin é. Tharla ró-íocaíochtaí tuarastail toisc gur shóinseáil múinteoirí áirithe na horduithe bunaidh agus na horduithe dúblacha agus bhí sé curtha in iúl ag an Oifigeach Cuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gurb é polasaí na Roinne, sa chás seo, an ró-íocaíocht ar fad a bhaint as an gcéad íocaíocht tuarastail eile leis an múinteoir. Ach toisc go bhfanann orduithe iníoctha bailí ar feadh roinnt míosa b’fhéidir nach bhféadfaí a fhíorú láithreach ar sóinseáladh an ceann bunaidh nó nár sóinseáladh agus ní raibh de rogha ag an Roinn ach dúblach a eisiúint ar an dearbhú a fháil ón múinteoir. As na cásanna go léir ina n-éisítear orduithe dúblacha is annamh cás ina ndéantar an ceann bunaidh agus an dúblach a shóinseáil. Le bheith cinnte nach dtarlódh a leithéid go deo bheadh ar an Roinn fanacht go mbeadh an t-ordú bunaidh as dáta sula n-eiseofaí an dúblach. Ó tharla gur chosúil go raibh córas láithreach na Roinne ó thaobh ró-íocaíochtaí a aisghabháil maith go leor níor mheas an tOifigeach Cuntasaíochta gur ghá a leithéid sin a dhéanamh. I gcomhráití mhol an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur chóir, i gcásanna den sórt sin, an t-ordú bunaidh a chealú an tráth céanna a mbeadh an dúblach á eisiúint. Sin é an gnás, dar leis. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur chealaigh an Roinn na horduithe a luaithe ab fhéidir leo ach go measann Oifig an Phámháistir Ghinearálta go bhfuil feidhm sé mhí ag orduithe. D’aontaigh sé áfach dá ndéanfaí an t-ordú bunaidh a chealú nuair a bheadh dúblach á eisiúint nach mbeadh freagracht ar an Roinn feasta maidir leis an gceist. Measann an Coiste go bhfuil an tOifigeach Cuntasaíochta ag brath ar nós imeachta an Phámháistir Ghinearálta chun orduithe atá as dáta a chealú uathu féin agus go bhfuil an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ag tagairt don nós imeachta trínar féidir le Ranna beart a dhéanamh chun Orduithe sonracha a chealú tráth ar bith tar éis a n-éisiúna. Ní léir don Choiste cúis mhaith ar bith nach féidir cloí leis an nós imeachta dá dtagraíonn an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i gcás tuarastail bunmhúinteoirí agus molann sé go ndéanfaidh an Roinn Oideachais amhlaidh feasta.


24. Dhírigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar easpa leorshocruithe slándála chun Orduithe iníoctha bána agus réchlóite a úsáidtear chun tuarastail bunmhúinteoirí a íoc a choimeád.


Bhí sé curtha in iúl dó ag an Oifigeach Cuntasaíochta go rabhthas dulta i gcomhairle le hOifig na nOibreacha Poiblí maidir le taiscsheomra a sholáthar agus go raibh socruithe déanta idir an dá linn chun slánchoimeád na n-orduithe sin a chinntiú. Toisc go gcosnódh sé ó £12,000 go £13,000 taisc-sheomra a sholáthar san áitreabh atá á úsáid i láthair na huaire ag an Roinn, mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur theastaigh geallúint ó Oifig na nOibreacha Poiblí go leanfadh an Roinn de bheith ag úsáid an áitribh sin. Bhíothas ag súil áfach go mbeadh an Roinn ag aistriú go luath go háitreabh eile agus go gcuirfí taisc-sheomra ar fáil san áitreabh nua. Glacann an Coiste leis nach mbeadh puinn céille leis an taisc-sheomra a chur ar fáil in áitreabh a thréigfear go luath ach tá dóchas aige nach mbainfidh moill mhíchuí le deis slándála riachtanach mar é a chur san áitreabh nua.


MEÁNOIDEACHAS

25. De dheasca bearnaí sa chóras cuntasaíochta maidir le tuarastail a íocadh le múinteoirí meánscoile, scoileanna cuimsitheacha agus scoileanna pobail éilíodh muirir nach raibh ceart sna Cuntais Leithreasa sna blianta 1974 agus 1975. Tharla sé sin toisc go ndearna an Roinn Oideachais faillí na hasbhaintí a choinnigh sí as tuarastail i leith cánach ioncaim, árachas sóisialta, árachas sláinte shaorálach etc. a íoc go tráthúil leis na Ranna agus leis na gníomhaireachtaí lena mbaineann. Thairis sin, ní raibh aon chomhréiteach á dhéanamh ar bhonn rialta idir na méideanna a asbhaintí agus na méideanna a íoctaí leis na Ranna. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gurbh é ba chúis leis na heasnaimh sin sna nósanna imeachta cuntasaíochta ná (1) ró-bhroid oibre, ganntanas foirne agus athruithe foirne, (2) athruithe maidir le ranníocaí leasa shóisialaigh a íoc amhail ón 1 Aibreán 1974, (3) easpa eolais i dtaobh sceidil na n-íocaíochtaí tuarastail agus (4) an bhliain airgeadais a chur de réir na bliana féilire i 1974. Luaigh sé go raibh feabhas curtha ar an gcóras cuntasaíochta lena chinntiú go ndéanfaí feasta síntiúis a íoc de réir na míosa leis na gníomhaireachtaí lena mbaineann agus go raibh gach dícheall á dhéanamh le comhréiteach a bheith idir na méideanna asbhainte agus na méideanna íoctha. Ní rabhthas in ann áfach aon choigeartú a dhéanamh ar an muirear neamhcheart don bhliain 1975 toisc go raibh an cuntas don bhliain sin dúnta nuair a díríodh a aird ar an gceist. Ach ó 1976 i leith tá asbhaintí as tuarastail na múinteoirí sin á muirearú mar is ceart. Le linn na ceiste a bheith á plé léirigh an tArd-Reaohtaire Cuntas agus Ciste go bhféadfadh gurb é an toradh a bheadh ar aon fhaillí a dhéanamh iomlán na n-asbhaintí faoi gach mírcheann a chomhréiriú, ar bhonn reatha, leis an iomlán a íoctar leis an ngníomhaireacht fála iomchuí ná nach mbeadh a fhios ag an Roinn, aon tráth áirithe ar leith, cibé acu an seasamh sochair nó seasamh dochair a seasamh i leith na gníomhaireachta sin.


Dealraíonn sé don Choiste gur bhain deacrachtaí leis an gcóras cuntasaíochta sa Roinn Oideachais a chur ag feidhmiú mar is ceart. D’admhaigh an t-Oifigeach Cuntasaíochta go raibh an méid sin fíor i leith na bliana 1975; go raibh an oiread sin broide ann an tráth sin faoin gceist sin nach raibh na nósanna cuntasaíochta leordhóthanach lena haghaidh agus, go deimhin, gur chlis an córas. Bhí dóchas aige áfach go seachnódh úsáid ríomhaire a leithéid sin do thitim amach arís.


Caithfidh an Coiste a n-imní a chur in iúl go bhféadfadh cliseadh mar sin tarlú. Ní fhéadfadh sé aontú gur chóir ligean don scéal leanúint mar sin ar feadh aon fhad aimsire agus molann sé gach beart a dhéanamh, mura bhfuil sin déanta cheana, chun a áirithiú go gcuirfear deireadh go buan i nósanna cuntasaíochta na Roinne leis na heasnaimh ba bhun leis an mbriseadh sin.


26. Íocadh lán-tuarastal breisitheach le múinteoirí meánscoile, scoileanna cuimsitheacha agus scoileanna pobail in aghaidh tréimhse asláithreachta ar saoire mháithreachais bíodh is go bhfuil, le héifeacht ón 1 Eanáir, 1975, foráil sna rialacha a rialaíonn íocaíocht tuarastal le múinteoirí den sórt sin go ndéanfaí aon suim liúntas leasa shóisialaigh máithreachais ab iníoctha leo i leith asláithreachta den sórt sin a asbhaint. Ní raibh aon fhoráil sna rialacha i dtaobh sochair árachais shóisialaigh a asbhaint is iníoctha le múinteoirí den sórt sin atá i dteideal pá iomlán le linn dóibh a bheith as láthair ar ghnáthshaoire breoiteachta. Bhí sé curtha in iúl ag an Oifigeach Cuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh leasú déanta ar nósanna imeachta na Roinne chun a áirithiú go mbeidh, as seo amach, na hasbaintí i leith sochar máithreachais á ndéanamh de réir na rialacha agus go rabhthas ag scrúdú cibé beart a bheadh iomchuí i gcás múinteoirí lánárachaithe dar tugadh saoire mháithreachais le lán-phá sa tréimhse 1 Eanáir 1975 go 31 Iúil 1976. Luaigh an tOifigeach Cuntasaíochta freisin go raibh sé beartaithe an leasú, nach foláir a dhéanamh ar na Rialacha, a thabhairt isteach le héifeacht ón 1 Lúnasa 1976 d’fhonn foráil le haghaidh sochair árachais shóisialaigh a asbhaint as tuarastail múinteoirí atá i dteideal lánphá le linn gnáthshaoire breoiteachta.


Mhínigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur tharraing sé aird ar na pointí sin mar go raibh, de réir dhealraimh, roinnt éigin de shochar dúbailte i gceist iontu. Tugann an Coiste dá aire an beart a rinne an Roinn Oideachais chun deireadh a chur le sochar, a bhféadfaí a mheas gur sochar dúbailte é, a íoc le múinteoirí áirithe. Ós é tuairim an Choiste go bhféadfadh na nithe a dtarraingtear aird orthu anseo tionchar níos leithne a bheith acu ar fud na seirbhíse poiblí bheadh fáilte acu roimh thuairimí an Aire Airgeadais.


GAIRMOIDEACHAS

27. Na híocaíochtaí a dhéantar le Coistí Gairmoideachais i leith deontas bliantúil agus i leith costais reatha na gColáistí Teicniúla Réigiúnacha is ionann iad agus méid iomlán na meastachán a sholáthraíonn an Coiste agus a cheadaíonn an Roinn Oideachais. Aon athruithe idir meastacháin agus caiteachas iarbhír, a fhionntar an tráth a fhaightear cuntais sa Roinn arna ndeimhniú ag na Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin, cuirtear san áireamh iad an tráth a chinntear méid na n-íocaíochtaí atá le déanamh leis na Coistí dá éis sin. Bíonn ar na hiniúchóirí Rialtais Áitiúil na cuntais sin a iniúchadh agus cuirtear ar fáil iad don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Ón eolas a thug an tOifigeach Cuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ba léir go raibh iniúchadh cuntais na 38 gCoistí Gairmoideachais agus na 8 gColáistí Teicniúla Réigiúnacha go mór chun deiridh. Mhínigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach ndearna sé iniúchadh ar chuntais na gCoistí sin ná ar na Coláistí Réigiúnacha faoina riaradh ach gur ghlac sé le deimhnithe na n-iniúchóirí Rialtais Áitiúil mar fhianaise go ndearnadh an t-airgead a vótáileadh agus a íocadh leis na Coistí a chur chun na gcríocha dár vótáileadh iad. Luaigh sé freisin go raibh an chuma air, ó eolas a fuair sé ón Oifigeach Cuntasaíochta i Meitheamh na bliana 1977, go raibh an scéal faoi iniúchadh na gcuntas sin dulta in olcas tuilleadh. D’admhaigh an tOifigeach Cuntasaíochta, agus é ag tabhairt fianaise, gurbh amhlaidh a bhí ach gurbh é an t-ualach ar na hiniúchóirí Rialtais Áitiúil a bhí i gceist. Is tromaí leis an gCoiste an t-ábhar sin. Tá sé fíor-riachtanach ina thuairim go mbeadh deimhnithe na n-iniúchóirí Rialtais Áitiúil sna cásanna sin ar fáil ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste chun a dheimhniú dó féin gur chuir Coistí Gairmoideachais i gcrích i gceart na híocaíochtaí a rinneadh leo as airgead a bhí vótáilte chuige sin.


IASCAIGH

28. Tháinig méadú ó £26,000 i 1969 go £98,000 i 1973 ar an gcostas measta maidir le scéim feabhsúcháin ag Cuan Chill Ala a raibh ranníoc ab ionann is 25% den chostas iníoctha ag Comhairle Contae Mhaigh Eo. Stopadh den obair sa bhliain 1973 de dheasca deacrachta teacht ar réiteach leis an gComhairle Contae faoi mhéid aon ranníoc eile uaithi faoi chomhair costas oibreacha athneartaithe breise. 1 Lúnasa 1975 measadh gurbh é costas iomlán an tionscadail ná £179,500. Go déanach sa bhliain 1974 iompraíodh chun an láithreáin ábhar píleachais, i bhfoirm leatháin chruach, dar luach £20,000, tuairim, a bhí ordaithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí don tionscadal sin. Bhí sé sin fós ar an láithreán ag an gcuan in Aibreán na bliana 1976 ach ní raibh tús curtha athuair le hobair ar an tionscadal. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste i Meitheamh na bliana 1977 nach raibh aon dul chun cinn breise déanta ó thaobh an tionscadal a chríochnú de dheasca na deacrachta teacht ar réiteach le Comhairle Contae Mhaigh Eo maidir le suim ranníoc na Comhairle sin. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl don Choiste gurbh é a bhí sa mheastachán athbhreithnithe le haghaidh na scéime a chríochnú ná suim £230,000 agus go raibh suim is mó ná £140,000 caite cheana féin an tráth a stopadh den obair. D’aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta, agus é ag tabhairt fianaise, nach raibh aon dul chun cinn déanta ó 1973 cé gur pléadh an cheist idir an Roinn agus Oifig na nOibreacha Poiblí agus go raibh an chontúirt ann go bhféadfadh damáiste ó stoirm cibé obair a bhí déanta cheana féin ar an gcuan a chur ó bhail. Ba leasc leis an Údarás Áitiúil breis airgid a chur ar fáil don tionscadal sin agus mar gheall air sin bhí socrú le déanamh ar chóir an t-airgead a bhí caite cheana féin a dhíscríobh agus éirí ar fad as an scéim feabhsúcháin ag Cuan Chill Ala. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta nach cúrsaí moilleadóireachta ba chúis ar fad leis an méadú ar an gcostas measta. Tá réim na hoibre atá beartaithe anois cuid mhaith níos leithne ná mar bhí beartaithe i dtosach. Agus fág go bhfuil sé an-deacair, mar is eol do chách, meastacháin a dhéanamh amach d’oibreacha muirí, bhí fadhbanna ar leith i gceist sa chás áirithe seo nár nocht iad féin ach de réir mar a bhí an obair ag dul ar aghaidh. Níor tháinig meath ar bith ar an ábhar píleachais, i bhfoirm leathán cruach, a bhí fós ar an láthair. Ceannaíodh é ar phraghas a bhí réasúnta agus beartaíodh gur mhaith an rud é dá stórálfaí é in oirichill na hoibre do dhul ar aghaidh. Rinne an Coiste scrúdú fada ar an gcás sin. Ní mór dó a rá gur ró-thromaí leis go bhfuil an baol ann anois nach gcríochnófar an obair sin de dheasca mainneachtana na Comhairle Contae ranníoc méadaithe a íoc. Tá an imní chéanna ar an gCoiste atá ar an Roinn, is é sin, go bhféadfadh an obair atá déanta cheana féin do dhul gan mhaith má fágtar í gan críochnú. Cáineann sé beart sin an údaráis áitiúil nó go deimhin aon údarás áitiúil a thugann geallúint ranníoc a thabhairt faoi chomhair costas tionscadail agus a mhainníonn seasamh leis an ngeallúint sin de dheasca caiteachais neamhthuartha do theacht an treo tar éis tús a bheith curtha leis na hoibreacha agus a cheapann go n-íocfaidh an Státchiste riar is mó ná a riar cothrom den chaiteachas méadaithe sin.


Is cúis an-mhór imní don Choiste an sáinn seo ina measann siad na páirtithe a bheith anois maidir leis an gcás seo. Ní hé amháin go bhfuil críochnú na scéime curtha i mbaol dá dheasca ach tharla dá bharr chomh maith gur fágadh neamhúsáidte ar feadh roinnt bliain ábhair a ceannaíodh ar chostas nach beag ar an gciste poiblí. Molann an Coiste go láidir mar sin go ndéanfaí gach iarracht chun an díospóid sin idir an Roinn agus an Chomhairle Contae a réiteach agus go gcuirfí toradh na n-iarrachtaí sin in iúl dó.


ROINN NA GAELTACHTA

29. D’athphléigh an Coiste deontais tithíochta a d’íoc Roinn na Gaeltachta lasmuigh de na teorainneacha reachtúla. Thug an tOifigeach Cuntasaíochta le fios go ndearnadh méadú eile ar na rátaí deontais i 1977 gan údarás reachtúil chuige. Cé gur deimhin leis an gCoiste gur ghlac an tAire Airgeadais, sa mheabhrán is déanaí uaidh, nach leor an tAcht Leithreasa mar údarás reachtúil do na híocaíochtaí breise sin is ábhar imní don Choiste go bhfuil an mhírialtacht ar bun i gcónaí. Thig ceist thábhachtach eile ar barr dá dhroim sin agus is dóigh leis an gCoiste nár cheart é a ligean i ndearmad.


Tá freagracht ar leith ar Oifigigh Cuntasaíochta maidir le hairgead vótáilte a chuirtear ar a n-iontaobh. Níor chóir dóibh airgead a chaitheamh ná féachaint le hairgead a chaitheamh gan údarás cuí. Tá nós imeachta áirithe leagtha síos má bhíonn ar oifigeach cuntasaíochta, mar bheartas nó ar chúis éigin eile, airgead a íoc nach bhfuil, dar leis, an t-údarás sin aige chuige.


Thig ceist eile ar barr freisin i dtaobh an Roinn Airgeadais a bheith ag gníomhú go freagrach nuair a cheadaíonn sí, bliain ar bhliain, íocaíochtaí ar follas iad a bheith lasmuigh de reacht. Bheadh an Coiste ag súil go dtabharfar isteach an reachtaíocht leasaitheach is gá gan a thuilleadh moille agus tuigtear dó ón Oifigeach Cuntasaíochta go bhfuil an reachtaíocht sin réidh le tamall.


RIALTAS ÁITIÚIL

Cta 312-314, 321-331


30. Tá críochnú na hiniúchóireachta ag iniúchóirí Rialtais Áitiúil ar chuntais seirbhísí tithíochta agus ar chuntais mótarchanach na n-údarás áitiúil imithe go mór chun deiridh le blianta beaga anuas. Mhinigh an tOifigeach Cuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur teirce foirne sa tseirbhís iniúchóireachta Rialtais Áitiúil mar aon le deacrachtaí a bhaineann le líonadh folúntas sa tseirbhís sin is cúis leis an moill. Thug an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste le fios go soiléir go bhfuil sé tábhachtach an iniúchóireacht sin a dhéanamh a luaithe is féidir ionas gur féidir cruinneas na suimeanna a íocadh mar dheontais tithíochta as an Vóta a dhearbhú. Chuir sé in iúl freisin go mbíonn sé ag brath ar na tuarascálacha ó na hiniúchóirí Rialtais Áitiúil nuair a bhíonn cruinneas na suimeanna do dhleachtanna mótarfheithiclí a cuireadh chun creidiúna don Státchiste á bhfíorú aige.


San fhianaise, dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go bhfuil feabhas mór tagtha ar iniúchadh cuntas na seirbhísí tithíochta ó dháta tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Mhínigh sé freisin go bhfuil deacracht earcaíochta ann le fada maidir le grád iniúchóra Rialtais Áitiúil agus, go dtí le gairid, gur bheag an lán iarrthóirí cáilithe a tháinig ar aghaidh as na comórtais oscailte. Bhí níos mó iarrthóirí istigh ar an gcomórtas is deireanaí ná mar bhí ar aon chomórtas eile ó Meitheamh 1973 i leith. Thairis sin, tá grád nua mar iniúchóir cuntas foghlama bunaithe ag an Roinn agus tá comórtas á leagan amach dó. Idir dhá linn, tá roinnt oifigeach feidhmiúcháin curtha i mbun iniúchóireachta agus ba cheart go bhféadfaí cuid den riaráiste san iniúchóireacht a ghlanadh. Tá líon áirithe post breise i ngrád iniúchóra údaraithe ach níl na poist sin ná na poist mar iniúchóir cúnta foghlama líonta go fóill. D’aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta, de bharr na n-athruithe a rinneadh le gairid maidir le cánachas gluaisteán agus maidir leis an athrú sna socruithe le haghaidh deontas tithíochta, go mbeadh laghdú ar an ualach oibre a bheadh le déanamh ag iniúchóirí Rialtais Áitiúil. Ach dúirt sé nach bhféadfaí barúil a thabhairt go dtí go mbeadh éifeacht na n-athruithe sin go léir le brath, ar leor an cóiriú nua leis an obair a dhéanamh go sásúil.


Cé gur léir leis an gCoiste go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag an Roinn Comhshaoil (Rialtais Áitiúil, tráth) leis an obair iniúchóireachta a thabhairt cothrom le dáta, tá air a chur in iúl go bhfuil sé imníoch faoin riaráiste mór cuntas atá le hiniúchadh go fóill. Tá na tuarascálacha ó na hiniúchóirí Rialtais Áitiúil ar na cuntas sin riachtanach d’obair an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus is mian leis an gCoiste go gcoimeádfaí ar an eolas é faoin dul chun cinn atá á dhéanamh leis an obair iniúchóireachta sin a thabhairt cothrom le dáta.


31. Chinn an Rialtas i 1973-74 go ngabhfadh an Státchiste air féin diaidh ar ndiaidh, thar tréimhse cheithre bliana, freagracht iomlán in easnaimh údarás áitiúil de dhroim tithíocht údaráis áitiúil a chur ar fáil lena ligean agus go ligfí an ranníoc rátaí i leith na seirbhíse sin ar ceal de réir a chéile. I 1973-74 agus i 1974 d’íoc an Roinn na heasnaimh a mheas na húdaráis áitiúla a bheith le híoc ag an Státchiste faoin socrú nua agus bhí na suimeanna a íocadh amhlaidh le coigeartú nuair a bheadh na héilimh dheiridh ag taispeáint na n-easnamh iarbhír faighte ó na húdaráis. Fuarthas amach, de thoradh na n-éileamh críochnaitheach a fuarthas dá éis sin go ndearnadh £734,618 a róeisiúint chuig 58 n-údarás áitiúil i 1973-74 agus £680,847 a ró-eisiúint chuig 56 údarás áitiúil i 1974. I 1975, íocadh leis na húdaráis áitiúla méid iomlán a n-easnamh measta cé go raibh a fhios ag an Roinn nuair a bhí siad á n-íoc um Nollaig 1975 go ndearnadh ró-eisiúintí sna blianta roimhe sin. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach ndearnadh, nuair a bhí an t-airgead á íoc um Nollaig 1975, na sonraí a chur san áireamh a tugadh sna héilimh chríochnaitheacha do na blianta roimhe sin toisc nach raibh siad iniúchta, an tráth áirithe sin, ag na hiniúchóirí Rialtais Áitiúil, is léir go gcaithfí, mar gheall ar mhuirir a ghearr roinnt údarás áitiúil a bheith ró-bheag, na heasnaimh a thaispeántar sna héilimh dheiridh sin a choigeartú, rud dá dtiocfadh na ró-eisiúintí ba dhealraitheach ann a laghdú nó a chealú ar fad.


Thug an tOifigeach Cuntasaíochta le fios fosta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh socruithe á ndéanamh faoina gcuirfeadh údaráis áitiúla na héilimh chríochnaitheacha go léir isteach agus go ndeimhneodh iniúchóirí Rialtais Áitiúil iad a luaithe ab fhéidir ionas go bhfeadfaí meid cinnte na ró-eisiúna a dhearbhú i ngach cás. Dhéanfaí ansin na coigeartuithe ba ghá nuair a bheadh na chéad íocaíochtaí fóirdheontais eile le híoc leis na húdaráis áitiúla áirithe. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin go raibh beartaithe ag an Roinn, ag féachaint don eolas de dhroim an athraithe sa chóras fóirdheontas, scéala a thabhairt do na húdaráis áitiúla go mbeadh íocaíochtaí fóirdheontais ar cuntas bunaithe go ginearálta, le héifeacht ón l Eanáir 1977, ar 90% de éilimh mheasta go dtí go mbeadh éilimh chríochnaitheacha deimhnithe.


Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur chúram dó go bhfaighfí ar ais a luaithe ab fhéidir aon ró-eisiúintí in airgead a vótáladh. Thug an tOifigeach Cuntasaíochta le fios don Choiste ina chuid fianaise go bhfuarthas amach gur ró-eisíodh £665,000 i 48 de na 56 chás a bhain le 1973/74 agus gur ró-eisíodh £675,000 i 48 de na 56 chás a bhain le 1974. Fuarthas ar ais, ar fad beagnach, na ró-eisiúintí go léir de chuid 1977 a raibh cruthúnas orthu trína ndealú as íocaíochtaí deontais reatha. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin go ndearnadh athrú bunúsach, amhail ó 1 Eanáir 1977, ar an mbonn ar a n-íoctar fóirdheontais tithíochta agus gur féidir meastachán níos cruinne a dhéanamh de thoradh socruithe níos cinnte. Gabhann an Coiste páirt leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina chúram go bhfaighfí ar ais aon ró-eisiúintí airgid phoiblí a luaithe ab féidir. Is ábhar imní dá bhrí sin nach bhfuarthas ar ais suas le £1.3 milliún den airgead a íocadh mar ró-eisiúintí go ceann trí nó ceithre bliana ina dhiaidh sin agus i gcásanna áirithe nach bhfuarthas amach fós méid an airgid a róeisíodh. Tugann an Coiste suntas do ráiteas an Oifigigh Chuntasaíochta maidir leis na socruithe feabhsaithe a tháinig i ngníomh i 1977 agus tá súil aige, dá bharr, nach dtarlóidh aon ró-eisiúintí chomh mór céanna arís. Ba mhaith leis, áfach, faisnéis cothrom le dáta a fháil a thaispeánfadh, maidir le gach bliain ar leith de na blianta 1973-74, 1974, 1975 agus 1976 (1) an méid cásanna ina bhfuarthas amach gur íocadh ró-eisiúintí agus méideanna na ró-eisiúintí sin, (2) na méideanna a aisghabhadh agus (3) an méid cásanna, más ann, nach bhfuarthas amach fós na suimeanna a ró-eisíodh.


OIBREACHA POIBLÍ AGUS FOIRGNIMH PHOIBLÍ

32. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar roinnt rudaí a raibh dealramh neamhrialta orthu a bhain le cruthúnachtaí i leith ola dhíosal a thabhairt amach ag ionad áitiúil de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí áit a raibh obair fhoirgníochta á dhéanamh ar chuan iascaigh don Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh. Is éard a bhí iontusan athrú a dhéanamh ar na cainníochtaí ola dhíosal a bhí curtha síos ar orduithe stóir, ola dhíosal a eisiúint a bhí i bhfad thar an méid a bhí measta mar chaitheamh dó agus ola dhíosal a eisiúint d’fheithicil i leith tréimhse nuair a dhealraigh sé a bheith “as fostú” i.e. díomhaoin. Ina theannta sin ní raibh aon trealamh ann chun na daibhchí breosla a thomhas ag an ionad sin. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur cinntíodh gurbh é an coimeádaí stórais a rinne an t-athrú ar na horduithe stórais agus gurbh amhlaidh a cheap seisean gur mar gheall ar thomhas ró-íseal ar eisiúintí a tharla go raibh an t-iarmhéid leabhair agus an t-iarmhéid dáiríre ola dhíosal a bhí ar láimh ag neamhréiteach lena chéile. Maidir leis na heisiúintí de bhreis ar an méid a bhí measta mar chaitheamh d’inneall áirithe, b’ionann an chainníocht a taispeánadh mar chainníocht eisithe agus gnáth-chaitheamh an innill sin i leith na tréimhse ach, de dheasca nós imeachta mícheart a tharla mar gheall ar mhíthuiscint ar thaobh an choimeádaí stórais, nár líonadh i gceart na taifid chothabhála ghléasra. Sa dá chás sin bhí an tOifigeach Cuntasaíochta sásta nach raibh aon cheist ann i dtaobh rud a thógáil go mícheart. Maidir leis na heisiúintí le haghaidh an innill a dhealraigh a bheith “as fostú”, bhí an t-inneall sin ag obair ar feadh cuid den tréimhse sin ach de bhun iomraill ní dhearnadh é sin a thaifeadadh. Ag tabhairt fianaise dó mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta nach raibh san ionad seo ach coimeádaí stórais amháin. Mar gheall ar dhearmad ní bhfuair sé na gnáththreoracha agus nuair a fuair sé neamhréireacht, in ionad é a fhiosrú, is amhlaidh a d’athraigh sé na taifid. Is é tuairim an Oifigigh Chuntasaíochta gur dóigh gur mar gheall ar oiliúint neamhdhóthanach a tharla sé sin ach dheimhnigh sé don Choiste nach raibh aon cheist mímhacántachta ann. Dúirt sé freisin nach ndéanfaí méadar a sholáthar le haghaidh tomhais leanúnaigh i gcás na stór toisc go mba oibreacha sealadacha iad seo ach gur cuireadh ar ais á húsáid ó shin slat tumtha a bhí ar iarraidh tráth an iniúchta.


Cé go nglacann an Coiste leis na mínithe a thug an tOifigeach Cuntasaíochta sna cásanna sin is ró-ionadh leis nár tháinig na neamhréireachtaí i raon eolais nó go bhfuair foireann an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste amach iad. Dhealródh sé uaidh sin go bhfuil laigí móra ar na córais mhaoirseachta agus rialaithe san ionad áitiúil seo. Ba mhaith leis an gCoiste deimhin a fháil nach bhfuil laigí den sórt céanna in ionaid áitiúla eile.


SLÁINTE

33. Tharraing Tuarascail an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar easpaí i riaradh airgeadais na mBord Sláinte mar a foilsíodh i dtuarascálacha na n-iniúchóirí Rialtais Áitiúil ar chuntais na mblianta 1971-72 agus 1972-73. Ar na heaspaí sin áirítear easnaimh sa rialú inmheánach, caighdeáin chuntasaíochta agus taifeadta nach bhfuil sách maith, taifid neamhiomlána ar thailte agus foirgnimh, déileáil neamhcheart le hiarmhéideanna a glacadh ó údaráis sláinte roimhe sin agus ardleibhéil úis ar rótharraingt bainc. I gcás amháin fuarthas tuairisc ón iniúchóir, maidir leis an doiciméadacht á bhain le céatadán an-ard íocaíochtaí a rinneadh i 1971-72, á rá gur lú é ná mar a bhí ag teastáil lena bheith de réir cheanglas na cuntasachta poiblí. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird freisin ar an moill a thóg sé iniúchadh cuntas na mBord Sláinte a chríochnú i leith na mblianta 1973-74 agus blianta ina dhiaidh sin. Faoi Eanáir 1978 ní raibh feabhas ró-mhór tagtha ar an scéal. Ag tabhairt fianaise dó, d’aontaigh an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh maoiniú na mBord Sláinte agus a gcuid socruithe cuntasaíochta ina gcúis le deacrachtaí áirithe tarlú. Ghlac sé leis go raibh bonn cirt leis na lochtaí a bhí luaite i dtuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Mhínigh sé áfach nach raibh ach tréimhse eatramhach sa tréimhse lenar bhain na lochtaí sin. Ní raibh a bhfoirne cuntasaíochta féin earcaithe fós ag na Boird Sláinte ó tharla gur bunaíodh na boird sin i ngearr-achar. Bhí go leor den obair chuntasaíochta á déanamh ar bhonn gníomhaireachta ag foireann na n-údarás áitiúil a bhí freagrach roimhe sin sna seirbhísí sláinte. Ina theannta sin, ní raibh an obair á dhéanamh go hairmheánach fós toisc go raibh socruithe cuntasaíochta roinnt de na húdaráis sláinte roimhe sin á nglacadh ar láimh ag na Boird Sláinte. Fairis sin bhí méadú maith mór tar éis teacht ar na seirbhísí sláinte. Ón am sin i leith, áfach, bhí gach Bord Sláinte tar éis córas iniúchta inmheánach a thabhairt isteach agus de thoradh airmheánaithe bhí cuid mhaith feabhais curtha ar an modh chun déileáil le híocaíochtaí. I gcás Boird amháin bhí comhairleoirí saineolais fostaithe cheana féin chun comhairle a thabhairt i dtaobh tuilleadh feabhsuithe agus bhí sé beartaithe treoir a lorg ar chomhairleoirí i gcás dhá Bhord Sláinte eile i 1978. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh sé réasúnta sásta dá chionn sin go raibh na Boird Sláinte i bhfearas níos fearr anois chun rialú inmheánach a fheidhmiú ar chaiteachas ná mar a bhí siad i 1971-72 agus 1972-73.


Maidir leis an gceist faoi chaighdeáin neamhdhóthanacha cuntasaíochta agus taifeadta dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur tharla, sna blianta tosaigh, gur lean na Boird Sláinte córas cuntasaíochta a bhí á oibriú laistigh de na húdaráis áitiúla, córas a admhaíodh nach raibh sásúil ar fad. Bunaíodh meitheal oibre ar a raibh ionadaíocht ag an Roinn, ag na Boird Sláinte agus na hiniúchóirí Rialtais Áitiúil agus dá thoradh sin réitíodar eatarthu foirm chaighdeánaithe cuntas agus tugadh í sin isteach i gcás na mBord Sláinte uile ó thosach 1977. Éascóidh an fhoirm chaighdeánaithe cuntas sin le hiniúchadh cuntas na mBord Sláinte a chríochnú. Maidir leis na taifid neamhiomlána tailte agus foirgneamh dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta leis an gCoiste go raibh deacrachtaí éigin tar éis tarlú i dtaobh úinéireacht tailte áirithe. Forálann an reachtaíocht lena mbunaítear na Boird Sláinte go ndéanfaí tailte a bhí cheana i seilbh údaráis áitiúla chun críocha sláinte amháin a aistriú go huathoibreach chun na mbord mar aon le tailte áirithe eile a ainmneoidh na húdaráis áitiúla ach i roinnt cásanna tharla díospóid éigin i dtaobh ar cheart maoin shonrach a aistriú. Tá clár comhardaithe san fhoirm chaighdeánach cuntas ag tabhairt luacháil tailte agus foirgneamh na mBord Sláinte. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta fós, ag féachaint go praiticiúil ar an scéal, nach mbeadh tábhacht le ceist na húinéireachta ach amháin i gcás maoin a dhiúscairt agus nach dtarlaíonn sé sin ró-mhinic. Maidir leis an déileáil neamhcheart le hiarmhéideanna a ghlac na boird ar láimh ó na húdaráis sláinte roimhe sin dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta nár tharla sin ach i gcás boird sláinte amháin agus gur bhain sé leis na hiarmhéideanna a bhí i leabhair na n-údarás áitiúil an tráth a bunaíodh an Bord Sláinte. Dheimhnigh sé don Choiste nach raibh deontais á n-íoc go dúbailte mar gheall ar an gcuma inar déileáladh leis na hiarmhéideanna sin agus nach raibh ann ach gur ghlac an Bord Sláinte dliteanas ar láimh i mbliain amháin seachas i mbliain eile.


Maidir le leibhéal ard an úis bhainc mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta nach é a bhí i gceist go raibh rátaí úis i bhfad ró-ard á n-íoc ach, i ndáil le caiteachas iomlán na mbord, go raibh na rótharraingtí ró-ard. Ghlac an tOifigeach Cuntasaíochta leis gur mar sin a bhí ach chuir sé i bhfios go raibh feabhas mór tar éis teacht ar an scéal ó bunaíodh na Boird. Faoi na socruithe a ceadaíodh le haghaidh deontais a íoc leis na Boird Sláinte bíonn iarmhéideanna dlite i gcónaí do na Boird ón Vóta i ndeireadh na bliana. De réir mar mhéadaigh na caiteachais sláinte mhéadaigh na hiarmhéideanna sin freisin agus b’éigean do na boird airgead a fháil ar iasacht ón mbanc chun freastal ar a n-oibleagáidí. Le blianta beaga anuas thug an Roinn faoi na seaniarmhéideanna sin a ghlanadh agus bhí leor-bheart á dhéanamh aici ró-tharraingtí bainc na mBord a choinneáil síos. Maidir leis an locht a fuarthas i dtaobh gan an doiciméadacht ag tacú le roinnt íocaíochtaí a bheith ar cothrom leis an gcaighdeán is gá do chuntasacht phoiblí dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur bhain sé sin le Bord Sláinte amháin a raibh deacrachtaí áirithe aige san am maidir le cuntasaíocht agus cóiríocht oifige. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta, ar a shon go raibh dhá mhíle dearbhán ar iarraidh uair amháin, go bhfuarthas iad go léir ar ais i ndeireadh dála ach amháin céad agus tríocha díobh agus gur dheimhin leis nach raibh aon chalaois i gceist. Dúirt sé freisin go raibh riaradh an Bhoird sin faoi láthair cothrom leis na caighdeáin ba ghá.


Ní folair don Choiste a chur i bhfios gur ró-thromaí leis go raibh nósanna imeachta cuntasaíochta agus taifeadta na mBord Sláinte chomh lochtach i gcásanna áirithe gur tharraingíodar tromcháineadh ó na hiniúchóirí. Tugann sé dá aire gur vótáladh i 1975 deontais dar mhéid £135,000,000 do na Boird Sláinte agus le caiteachas chomh mór leis sin measann sé go mba léir gá a bheith le rialú éifeachtúil agus nósanna imeachta cearta cuntasaíochta. Tá an Coiste ag súil leis dá bhrí sin nach gcuirfidh an Roinn aon am amú ach féachaint chuige go gcuirfear deireadh le cibé easnaimh a bhí ann go dtí seo. Is dóigh leis an gCoiste gurbh é an chúis ba mhó gur bhain deacrachtaí do na Boird Sláinte i mblianta tosaigh a marthana nach raibh aon rialú ceart airgeadais ná aon nósanna imeachta cearta cuntasaíochta ann agus measann sé dá bhrí sin go bhfuil sé riachtanach feasta, nuair atá sé beartaithe gníomhaireachtaí nua a bhunú do riaradh seirbhísí lena mbaineann caitheamh airgid phoiblí, socruithe éifeachtúla a dhéanamh tamall maith roimh ré faoi chomhair rialú agus nósanna irneachta den sórt sin. Tugann an Coiste dá aire freisin go bhfuiltear i riaráiste le hiniúchadh cuntas na mbord sláinte. Meastar dó gur rí-mhíshásúil an cor é sin agus tá sé á thathant go ndéanfaí gach uile bheart chun na gnóthaí iniúchta sin a thabhairt cothrom le data gan mhoill.


34. Thaispeáin tuarascálacha na n-iniúchóirí Rialtais Áitiúil ar an iniúchadh a rinne siad ar chuntais na mBord Sláinte do 1971-72 agus 1972-73 nach ndearna siad iniúchadh i réigiúin áirithe ar ranníocaí sláinte is iníoctha ag earnálacha áirithe feirmeoirí faoi thearmaí an Achta um Ranníocaí Sláinte, 1971. Cuireadh in iúl sna tuarascálacha freisin go raibh na socruithe le haghaidh measúnú agus cruinniú na ranníocaí sin míshásúil i gcuid de na réigiúin ina ndearnadh iniúchadh orthu.


Maidir leis na seiceálacha a rinne an Roinn Sláinte ar mheasúnú agus cruinniú na ranníocaí sláinte sin bhí sé curtha in iúl ag an Oifigeach Cuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur cúram le Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin an Bhoird Sláinte i ngach cás, faoin Acht Sláinte, 1970, dliteanas a mheasúnú i ngach cás. Mar sin féin choinnigh an Roinn maoirseacht foriomlán ar an scéal maidir le leibhéil mheasúnachta i gcoitinne.


Rinneadh socruithe leis na Boird Sláinte na ranníocaí a bhí faighte acu a sheoladh chun na Roinne go rialta agus má tharlaíonn i gcásanna aonair go mbaineann moill lena seoladh amhlaidh nó más cosúil an tsuim a bailíodh a bheith gairid téitear i bplé mar gheall air leis na Boird Sláinte lena mbaineann.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin go ndéanann an Roinn faireachas foriomlán ar an gcruinniú vis-á-vis na dtorthaí measta agus b’eol dó go raibh Bord Sláinte amháin ar a laghad tar éis caingean dlí a thionscnamh i gcoinne mhainnitheoirí. I ndáil le ceist an iniúchta dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh pléití le bheith ann maidir le hiniúchadh na ranníocaí sláinte sna réigiúin nach raibh iniúchadh déanta orthu ag na hiniúchóirí Rialtais Áitiúil agus sna cásanna inar luaigh na hiniúchóirí Rialtais Áitiúil nach raibh siad sásta leis na socruithe cuntasaíochta cuireadh an scéal in iúl do na Boird lenar bhain. Is é a bhí ar intinn, mar chuid de bhreithniú ginearálta ar chórais chuntasaíochta agus ar chórais iniúchta inmheánacha na mBord Sláinte, go leigheasfaí easnaimh den chineál sin a luaithe ab fhéidir. Bheadh na hidirbhearta sin ar áireamh san fhoirm nua cuntas a bhí á fhorordú do na Boird Sláinte agus chinnteofaí tríd sin go ndéanfaí iad a iniúchadh go cuí.


Maidir le ceist bailithe na ranníocaí ag na Boird Sláinte ó na feirmeoirí mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise go mbíodh deacracht ann maidir le leibhéal an bhailiúcháin ach go raibh feabhas tar éis teacht ar an scéal le blianta beaga anuas. Sa bhliain suas go dtí Deireadh Fómhair 1975 shroich an leibhéal bailiúcháin go dtí 45% ach sa bhliain suas go dtí Deireadh Fómhair 1977 measadh gur bailíodh tuairim 80% den mhéid ab inbhailithe. I roinnt cásanna chuir na Boird Sláinte dlí ar na mainnitheoirí. Bhí an Roinn agus na Boird Sláinte ag iarraidh feabhas a chur ar ráta an bhailithe ó na feirmeoirí ach ba dheacair bailiúchán 100% a bhaint amach. Bhíothas ag spreagadh na mBord Sláinte dul i muinín an dlí d’fhonn iallach a chur orthu íoc ach bhíothas in amhras ar bheart tíobhais é gach cás a thabhairt chun dlí. Cé go dtuigeann an Coiste na deacrachtaí a ghabhann le bailiú na ranníocaí sin measann sé gur cheart gurb é an cuspóir 100% de bhailiúchán a bhaint amach i ngach réigiún agus tá sé á thathant gach uile bheart a dhéanamh chun an sprioc sin a bhaint amach. Ba mhaith leis eolas a fháil ar an leibhéal bailiúcháin, nó gar dó, i gcás na réigiún éagsúla in aghaidh gach bliana ó 1971-72 agus ar iomlán measta na riaráistí i gcás gach réigiúin.


GINEARÁLTA

An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

35. Nuair a bhí an tOifigeach Cuntasaíochta don Vóta seo os comhair an Choiste glacadh leis an deis chun é a cheistiú arís i dtaobh cúrsaí foirne in Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Bhí a fhios ag an gCoiste ó Mheamram an Aire Airgeadais ar Thuarascáil an Choiste do 1974 go raibh Aire na Seirbhíse Poiblí tar éis údarás a thabhairt breis foirne a sholáthar agus ba mhaith leis a fháil amach an raibh bail shásúil ar nithe anois. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta na deacrachtaí a bhain le líon réasúnta mór foirne breise a earcú d’aontráth agus na fadhbanna a thig ó bheith orthu é sin a dhéanamh. Dúirt sé leis an gCoiste gur cuireadh togra faoi bhráid Roinn na Seirbhíse Poiblí le déanaí gurb é rud a dhéanfaí, le nach dtiocfadh cor na mblianta 1976 agus 1977 chun bheith ann arís, saotharlód an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a athbhreithniú go rialta agus, dá mba ghá, tuilleadh foirne a sholáthar chun déileáil leis an obair bhreise de réir mar a thiocfaidh sí. Measann an Coiste gurb shin é an bealach ceart lena chinntiú go bhfeidhmeodh an Oifig seo go héifeachtúil.


Mínithe faoi choigilt nó barrachais ar fhomhírchinn

Foscribhinn 10


36. Thug an Coiste faoi deara nár leor ar aon chor mínithe a thug roinnt Oifigeach Cuntasaíochta faoi na cúiseanna le difríocht idir caiteachas agus deontas. Níor tugadh de mhíniú i roinnt cásanna ach gur mhó an caiteachas ná an meastachán nó gur lú é ná an meastachán, fíoras ba léir ón gcuntas féin. Ní dhearnadh aon iarracht léiriú a dhéanamh ar na cúiseanna ar mhó nó ar lú an caiteachas, rud a mbíonn súil ag an gCoiste a dhéanfadh na mínithe.


Chuir an Coiste in iúl go soiléir i dtuarascálacha roimhe seo mar tagraíodh don ábhar gur cheart go mbeadh na fíorais thábhachtacha léirithe sách sonraithe sna mínithe maidir le gach cás agus cuireadh in iúl do na hOifigigh Chuntasaíochta an tráth sin an riachtanas a bhí le nótaí míniúcháin leordhóthanacha a chur leis na Cuntais Leithreasa.


Is mian leis an gCoiste na tuairimí sin a athlua agus molann sé go bhféadfaí aire na nOifigeach Cuntasaíochta a dhíriú arís eile ar an ábhar sin.


Seirbhís rúnaíochta a chur ar fáil don choiste

Cta 2, 14, 169, 387, 388


37. Is cúis bioráin don Choiste nach leor an fhoireann a cuireadh ar fáil le seirbhís rúnaíochta a dhéanamh dó. Níl ach oifigeach amháin d’fhoireann Thithe an Oireachtais ag déanamh seirbhíse dó agus is seirbhís pháirtaimsire í sin. Tá an t-oifigeach sin freagrach in Oifig na gCeisteanna freisin. Is é tuairim an Choiste go bhfuil saotharlód Oifig na gCeisteanna méadaithe le roinnt blianta anuas agus go bhfuil sé, dá bhrí sin, ag éirí níos deacra don oifigeach atá i gceannas na hoifige sin na seirbhísí a dhéanamh don Choiste a bhfuil teideal chuici ag an gCoiste. Le linn díospóireachta d’aontaigh Oifigeach Cuntasaíochta na Roinne Airgeadais tuairimí an Choiste faoin ábhar sin a chur in iúl do Roinn na Seirbhíse Poiblí agus gheall an tOifigeach Cuntasaíochta don Vóta le haghaidh Tithe an Oireachtais iad a chur in iúl don Cheann Comhairle. Tá súil, dá bhrí sin, ag an gCoiste go réiteofar go luath an fhadhb maidir le foireann sa chás sin.


PÁDRAIG Ó TUATHAIL


Cathaoirleach


15 Meitheamh 1978