Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1975::15 June, 1978::Report

TUARASCÁIL EATRAMHACH

Tá dul chun cinn déanta ag an gCoiste sna hábhair a cuireadh faoina bhráid agus chomhaontaigh sé ar an Tuarascáil Eatramhach seo a leanas:—


Tuairiscíonn an Coiste gur tharla, i gcaitheamh na bliana dar chríoch 31 Nollaig 1975, gur tabhaíodh caiteachas de bhreis ar an méid a vótáil an tOireachtas faoin Vóta a luaitear anseo ina dhiaidh seo.


RÁITEAS AR AN mBREIS

Ráiteas ar an tsuim is gá a vótáil d’fhonn breis ar an Vóta a thais- peántar a shlánú.


Leathanach sa Chuntas Leithreasa

Uimhir an Vóta

Teideal

An bhreis ag an gCaiteachas ar an Meastachán Comhlán

Farasbarr na Leithreasaí-i-gCabhair

An Méid atá le vótáil

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

(6)

35

13

Aoisliúntais agus Liúntais Scoir

£107,904

£104,318

£3,586

Ní foláir ceadú an Oireachtais a fháil maidir leis an tsuim atá leagtha amach i gcolún (6). Mhínigh an tOifigeach Cuntais gur tabhaíodh an bhreis toisc gur mhó na héilimh ar aisíoc ó Ranna a tharmlig údarás chun liúntais agus aiscí aoisliúntais a íoc, agus an céanna a ghnóthú ón Vóta seo, ná na meastacháin a sholáthraigh siad agus toisc gur dheacair an caiteachas faoin scéim d’fhoireann neamhbhunaithe a thuar.


Tugann an Coiste dá aire go bhfuil ar áireamh sa mhuirear ar an Vóta íocaíochtaí £1,136,233 san iomlán agus nár tugadh aon sain- bhailíocht reachtúil dóibh an bhliain áirithe sin. Dá mbeadh na híocaíochtaí sin gan déanamh níor ghá vóta breise sa chás seo. Tugann an Coiste dá aire freisin go ndearnadh Scéimeanna faoin Acht Aois- liúntas agus Pinsean, 1976 (Uimh. 22 de 1976), a thugann bailíocht chúlghabhálach do na muirir thuasluaite ar an Vóta, a achtú le hOrd- uithe a thug an tAire an 9 Bealtaine 1977 (I.R. Uimh. 132 agus 133 de 1977) agus atá leagtha ar Bhord an Tí faoi láthair.


Tá an Coiste toilteanach glacadh le míniú an Oifigigh Chuntais ar na dálaí faoinar tabhaíodh an £3,586 breise agus, thairis sin, ó tharla an prionsabal atá i gceist a bheith á bhreithniú faoi láthair ag an gCoiste agus ag an Roinn Airgeadais, níl an Coiste ag diúltú sa chás seo amháin an tsuim áirithe seo a sholáthar trí vóta breise ach gabhann sé leis sin ar an mbonn daingean nach sárú fasaigh é, go háirithe, ós rud é nach mbeidh éifeacht ag an tsainbhailíocht reachtúil a fhoráiltear faoin Acht áirithe sin go dtí go mbeidh lá reachtúil is fiche caite ón 11 Bealtaine seo caite, ach beidh tuilleadh le rá ag an gCoiste ina thaobh seo sa Tuarascáil deiridh uaidh.


(Sínithe) VIVION de VALERA


Cathaoirleach


19 Bealtaine, 1977 Cathaoirleach