Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1975::12 May, 1977::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAI AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 12 Bealtaine, 1977.

Thursday, 12th May, 1977.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí de Valera, A. Mac Giobúin, Mac Goibheannaigh, Mac Searraigh, C. Ó Murchú, Ó Tuathail agus Ó Tonnaigh.


3. Cathaoirleach a Thoghadh


Rinneadh Tairiscint (An Teachta Mac Goibheannaigh):


“That Deputy de Valera be Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an cheist.


Chuaigh an Teachta de Valera i gCeannas dá réir sin.


4. Ordaíodh: Go suífidh an Coiste go príobháideach.


5. Rinne an Coiste breithniú.


6. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1975


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1975 go 31 Nollaig 1975. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas: Oifig Aire na Seirbhíse Poiblí, Coimisiún na Státseirbhíse, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir (Vóta Barrachais), Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Luach Saothair, Cosaint, Arm-Phinsin.


7. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh S. Ó Conaill (Rúnaí, Roinn na Seirbhíse Poiblí), M. Ó hÉalaithe (Rúnaí, An Roinn Cosanta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


8. Tuarascáil Eathramhach an Choiste


Chuir an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil Eatramhach faoi bhráid an Choiste chun a bhreithnithe.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil Eatramhach.


Ordaíodh: Tuairisc dá réir sin a thabhairt don Dáil.


9. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.50 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.