Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1975::15 June, 1978::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA

27 Aibreán, 1977:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 126 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh; agus


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 1975 a chur faoi bhráid an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu.


4 Bealtaine, 1977:—Ainmníodh Coiste dar Comhaltaí na Teachtaí S. Mac Fheorais, Ó Crotaigh, de Valera, A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa, Mac Searraigh, Ó Mórdha, Ó Murchú, Mac Páidín, Ó Tuathail agus Ó Tonnaigh.


12 Deireadh Fómhair 1977:—Ordaíodh: Go ndéanfar, de bhun Buan-Ordú Uimh. 126 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Chuntais Phoiblí a cheapadh.


Go ndéanfar na Cuntais Leithreasa, maille le Tuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste don bhliain dar chríoch 31 Nollaig, 1975 agus Miontuairiscí na Fianaise a tógadh i láthair an Choiste um Chuntais Phoiblí a ceapadh an 27 Aibreán, 1977, a chur faoi bhráid an Choiste chun iad a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt orthu.


29 Samhain, 1977:—Ainmníodh Coiste dar Comhaltaí na Teachtaí N. Mac Aindriú, Béalatún, U. Ó Brádaigh, V. de Valera, Ó Cinnfhaolaidh, Ó Ciaragáin, Ó Murghaile, C. Ó Murchú, F. Ó Briain, Ó Tuathail, Mac Pháidín agus Mac Giolla Choille.