Committee Reports::Report No. 01 - Proposed Directive on Mergers::07 February, 1978::Report

TUARASCÁIL

Scrúdú ar an Togra

1. Tá an Comhchoiste tar éis scrúdú a dhéanamh ar an togra ón gCoimisiún a bhaineann le gnóthais a chumasc, eadhon:


Dréacht-Tríú Treoir ar Dhlí Cuideachtaí—Coimircí a chomhordú d’fhonn comhaltaí agus eile a chosaint i ndáil le cumaisc idir cuideachtaí teoranta [R/131/73 arna leasú le R/69/76].


2. Tá an dréacht-Treoir ar cheann de roinnt beart a ceapadh nó a glacadh i ndáil le dlí cuideachtaí agus a bhfuil sé beartaithe dóibh feidhmiú an chirt bhunaíochta a urasú trí chomhionannú ar fud an Chomhphobail a thabhairt ar na coimircí do chosaint leasanna comhaltaí cuideachtaí agus eile mar atá ceangailte le hAirteagal 54.3 (g) de Chonradh na Róimhe.


3. Tá an togra faoi bhreithniú ag Meitheal Oibre na Comhairle. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste go bhfuiltear go maith chun cinn le creithniú an togra agus gur dóigh go mbeidh sé ullamh le haghaidh binneadh na Comhairle níos déanaí i mbliana.


Réim an togra

4. Chuir feadh an dréacht-Treoir de cheangal ar Bhallstáit socrú a dhéanamh ina gcuid reachtaíocht náisiúnta le haghaidh comhrialacha do rialú cineálacha áirithe cumasc a bhfuil sé ceaptha dóibh leasanna scairshealbhóirí, fostaithe agus creidiúnaithe a chosaint. Baineann sé le dhá chineál cumaisc—cumasc trí chuideachta láithreach amháin d’fháil seilbh ar shócmhainní agus dliteanais chuideachta láithreach eile, agus cumasc trí chuideachta nua a cheapadh agus an chuideachta nua sin d’fháil seilbh ar shócmhainní agus dliteanais de chuid chuideachtaí láithreacha iomaí. Ní thagraíonn an Treoir bheartaithe ach amháin do chumaisc ina dtarlaíonn go ndíscaoiltear an chuideachta faighte, gan leachtú, agus go bhfaigheann scairshealbhóirí na cuideachta faighte, mar mhalairt ar a gcuid scaireanna sa chuideachta, scaireanna sa chuideachta is fáltóir. Más rud é, ina theannta sin, go ndéanfar íocaíocht airgid, ní rachaidh sé thar 10% de luach ainmniúil na scaireanna a leithroinnfear. Faoi Airteagail 20 agus 21, tá feidhm ag an dréacht-Treoir, lasmuigh d’eisceachtaí áirithe, leis an gcor ina ndéantar an t-iomlán nó cuid de shócmhainní cuideachta a aistriú chuig cuideachta eile i gcomaoin scaireanna sa chuideachta is fáltóir, agus an chomaoin ag aistriú chuig comhaltaí na cuideachta ar leithligh ón gcuideachta féin.


5. Ní bhaineann an Treoir bheartaithe ach amháin le cumaisc idir cuideachtaí sa Bhallstát céanna, agus ní foláir é sin a réiteach ar dtús le go gcomhchuibheofar an dlí ar chumaisc trasna teorainneacha Ballstát, ábhar a bhfuiltear chun plé leis ar ball i mbeart Comhphobail ar leithligh dá ngairfear an Coinbhinsiún ar Chumaisc Idirnáisiúnta.


Inchialla d’Éirinn

6. An cineál táthúcháin cumaisc trína ndéantar an chuideachta faighte a dhíscaoileadh agus go dtagann a scairshealbhóirí go huathoibreach chun bheith ina scairshealbhóirí sa chuideachta is fáltóir nó i gcuideachta nua, tá a leithéid sin coitianta ar an Mór-roinn ach is rí-annamh a tharlaíonn a leithéid in Éirinn. Sa ghnáthchineál cumaisc in Éirinn faigheann an chuideachta is fáltóir, ar airgead, nó ar scair-mhalairt maille le coigeartú in airgead, faigheann sí scaireanna nó gnó uile na cuideachta faighte. Ní bhaineann an Treoir bheartaithe leis an gcineál deiridh sin cumaisc ná ní bhaineann sí le cuideachtaí príobháideacha. Dá bhrí sin, níl tábhacht mhór leis an fheidhm a bheidh aige ar Éirinn. Ní neamhdhóigh go dtiocfaidh dréacht-Treoir ón gCoimisiún i dtráth cuí ar Thairiscintí Gabhála a bhainfidh leis an gcineál Éireannach cumaisc.


7. Tá cumaisc tháthúcháin nuair a tharlaíonn siad in Éirinn faoi réir a gceadaithe ag an gCúirt faoi alt 203 d’Acht na gCuideachtaí, 1963 agus is faoi rogha na Cúirte atá conas a shoctaítear leasanna na bpáirtithe lena mbaineann. Ar an leith eile, leagann an Treoir bheataithe síos nós imeachta cruinn sonraithe do choimirciú na leasanna éagsúla lena mbainnean agus, má ghlactar leis, caithfear an reachtaíocht Éireannach a leasú.


Gá le Solúbthacht

8. Feidhm an-teoranta a bheadh ag an Treoir bheartaithe in Éirinn agus níl an Comhchoiste in aghaidh glacadh leis. Is é príomhní is cúram don Chomhchoiste go bhféadfaí a ghlacadh leis an Treoir mar rud a bhunaíonn prionsabail a fhéadfaí a leanúint sa Treoir Táthcheangail a bhfuiltear ag súil leis. I gcoitinne is é a mheasfadh an Comhchoiste a chur ina luí, cé go gceanglaíonn Airteagal 54.3 (g) de Chonradh CEE coimircí comhionanna a bheith i bhfeidhm ar fud an Chomhphobail, nach bhfuil sé á cheangal aige go mbeidís go dian beacht mar a chéile. Is é barúil an Chomhchoiste gur cheart Treoracha Comhphobail ar dhlí cuideachtaí a bheith chomh solúbtha agus is féidir ionas nach gcaithfí dlíthe náisiúnta a athrú ach amháin nuair a b’fhollas go raibh coimircí comhéifeachtúla ar iarraidh. Creideann sé go bhfuil tábhacht lena áirithiú nach mbeidh ceataí á dhéanamh, mar gheall ar cheanglais dianchasta dlíthiúla, do chumaisc a bhféadfadh gan ghó gurbh é leas an phobail iad a bheith ann. Mar shampla bheidís in amhras ar mhaith an rud an ceanglas in Airteagal 5 den Treoir bheartaithe trínar gá do shaineolaithe agus tuarascáil á tabhairt acu ar an gcothrom scairmhalairte iomchuí déileáil leis an ngaol idir thorthaí tuillimh na gcuideachtaí, agus ionchais a chur san áireamh.


Ceartha Fostaite

9. Baineann Airteagal 6 den Treoir bheartaithe le cearta fostaithe a chaomhnú i gcás cumasc táthúcháin. Glacann an Comhchoiste leis go bhfuil sé rí-thábhachtach leorchosaint a bheith ag cearta fostaithe nuair a bhíonn cumaisc á ndéanamh. Tá sé curtha in iúl dó, áfach, nach bhfuil aon fhoráil speisialta ag teastáil sa Treoir bheartaithe toisc go bhfuil Treoir 77/187 lenar ghlac an Chomhairle an 14 Feabhra 1977 aimsithe go sonrach ar chearta fostaithe a chaomhnú i gcásanna mar sin. Dealraíonn sé don Chomhchoiste gur rí-mhaith an argóint í sin.


Admháil

10. Ba mhaith leis an gComhchoiste buíochas a ghabháil le Cónaidhm Thionscail na hÉireann agus le Dlí-Chumann Corpraithe na hÉireann as ucht a gcúnamh ró-luachmhar agus an togra seo faoi scrúdú.


(Sínithe) MARCUS MAC GIOLLA FHIONNTÁIN,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


7 Feabhra 1978.