Committee Reports::Report No. 01 - Proposed Directive on Mergers::07 February, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Máirt, 7 Feabhra 1978

Tuesday, 7th February, 1978

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Mac Giolla Fhionntáin (i gCeannas), Ó Dálaigh, Síle de Valera, Ó Gríofa, Lionard, Mac Riabhaigh, Ó Caoimh agus Mac Giolla Choille; Na Seanadóirí Mac Gearailt, Ní Athairne, Uí Eodhusa, Ó hAoláin, Bean Mhic Róibín agus Eoin Ó Riain.


Bhí an Teachta de Paor agus an Seanadóir Brugha, Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa, i láthair freisin.


4. Dréacht-Tuarascáil ar threoir Beartaithe ar Chumaisc agus ar Rialachán Beartaithe do Rialú Comhchruinnithe idir Gnóthais.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


Ar thairiscint an tSeanadóra Bean Mhic Róibín, aontaíodh d’aont oil go gcuirfí breithniú na coda sin den Dréacht-Tuarascáil a bhaineann leis an Rialachán Beartaithe do Rialú Comhchruinnithe idir gnóthais siar go dtí an chéad chruinniú eile den Chomhchoiste ionas go bhféadfaí leasuithe uirthi a chur síos.


(i) Mír 1.


Tairgeadh leasú (An Seanadóir Mac Gearailt):


“To delete ‘two proposals’ in the first line and substitute ‘the proposal’, to delete ‘These are’ in the third line and substitute ‘viz’ and to delete all words after ‘ “Mergers Directive”]’ to the end of the paragraph.”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír, mar a leasaíodh.


(ii) Aontaíodh míreanna 2 go 10 go huile.


(iii) Scriosadh míreanna 11 go 17 go huile.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh.


Ordaíodh: Tuairisciú dá Réir sin.


7. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 5.30 p.m.