Committee Reports::Report No. 01 - Proposed Directive on Mergers::07 February, 1978::Orders of Reference

DÁIL ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

7 Nollaig, 1977:—Beartaíodh: (1) Go hfuil sé oiriúnach Comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais (dá ngairfear an Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach) a bhunú ar a mbeidh—


18 gcomhalta de Dháil Éireann agus 8 gcomhalta de Sheanad Éireann (nach toscaire chun Tionól na gComhphobal Eorpach aon duine díobh)


chun scrúdú a dhéanamh—


(i)ar cibé cláir agus treoirlínte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus ar cibé dréachtaí ar rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisiún,


(ii)ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii)ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv)ar cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin


a roghnóidh an Coiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais.


(2) Go ndéanfar socrú chun ionadaithe a cheapadh chun gníomhú do chomhaltaí den Chomhchoiste nach mbeidh in ann freastal ar chruinnithe áirithe, agus go mbeidh cead ag comhaltaí de cheachtar Teach, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu.


(3) Go dtabharfar fógra do thoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu.


(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin;


(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach de vótáí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótalfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist;


(6) Go ndéanfar gach Tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a dhéanamh a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh léi, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais agus as a aithle sin go gcumasófar don Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmharais cuí leis; agus


(7) Gur cúig chomhalta is córam don Choiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad acu agus comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad acu [An tAire Gnóthaí Eachtracha].


Ordaíodh: Teachtaireacht a chur chun an tSeanaid á iarraidh air aontú leis an Rún seo.


13 Nollaig, 1977:—Teachtaireacht ón Seanad:—“Tá Seanad Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith:—


‘(1) Go n-aontaíonn Seanad Éireann le Dáil Éireann ina Rún a cuireadh in iúl do Sheanad Éireann an 7ú lá de Nollaig, 1977, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais (dá ngairfear an Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach) a bhunú ar a mbeidh—


18 gcomhalta de Dháil Éireann agus 8 gcomhalta de Sheanad Éireann (nach toscaire chun Tionól na gComhphobal Eorpach aon duine díobh)


chun scrúdú a dhéanamh—


(i)ar cibé cláir agus treoirlínte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus cibé dréachtaí ar rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisiún,


(ii)ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii)ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh 27 de 1972), agus


(iv)ar cibé ionstraimí eile a dhéanfar aoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin,


a roghnóidh an Comhchoiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais;


(2) Go ndéanfar socrú chun ionadaithe a cheapadh chun gníomhú do chomhaltaí den Chomhchoiste nach mbeidh in ann freastal ar chruinnithe áirithe, agus go mbeidh cead ag comhaltaí de cheachtar Teach, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(3) Go dtabharfar fógra do thoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin;


(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist;


(6) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a dhéanamh a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh léi, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais agus as a aithle sin go gcumasófar don Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis; agus


(7) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad acu agus comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad acu.’ ’


Ordaíodh: (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 18 gcomhalta de Dháil Éireann (nach toscaire chun Tionól na gComhphobal Eorpach aon duine díobh) a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach


chun scrúdú a dhéanamh ar—


(i)cibé cláir agus treoirlínte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus ar cibé dréachtaí ar rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisiún,


(ii)cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii)cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv)cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin,


a roghnóidh an Comhchoiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais;


(2) I gcás comhalta is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe den Chomhchoiste, go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta atá as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad; agus go bhféadfaidh comhaltaí de Dháil Éireann, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(3) Go dtabharfar fógra do chomhaltaí de Dháil Éireann is toscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin;


(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionnanas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist;


(6) Go ndéanfar gach Tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a dhéanamh a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh léi, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais agus as a aithle sin go gcumasófar don Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis; agus


(7) Gur cúig chomhalta is córam don Choiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad acu agus comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad acu [An tAire Gnóthaí Eachtracha].


Cuireadh Teachtaireacht chun an tSeanaid á chur sin in iúl dó.


15 Nollaig, 1977:—Teachtaí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:


Seosamh Mac Fheorais, Marcus Mac Giolla Fhionntáin, Brendán Ó Dálaigh, Síle de Valera, Pádraig S. Ó Donnagáin, Seán Ó Fathaigh, Oilibhéar Ó Flanagáin, Breandán Ó Gríofa, Séamus Ó Caoimh, Seán Mac Aodhagáin, Éanna Ó Coinnigh, Marcus Mac Giollaléith, Séamus Lionard, Cathal Mac Riabhaigh, Micheál Ó Nuanin, Ruairí Ó Cuinn, Micheál Mac Gabhnn, Micheál Mac Giolla Choille.


SEANAD ÉIREANN

ORDUITHE TAGARTHA

8 Nollaig, 1977:—Teachtaireacht ón Dáil: “Tá Dáil Éireann tar éis an Rún seo a leanas a rith agus is mian léi Seanad Éireann d’aontú leis:—


‘(1) Go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais (dá ngairfear an Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach) a bhunú ar a mbeidh—


18 gcomhalta de Dháil Éireann agus 8 gcomhalta de Sheanad Éireann (nach toscaire chun Tionól na gComhphobal Eorpach aon duine díobh)


chun scrúdú a dhéanamh—


(i)ar cibé cláir agus treoirlínte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus ar cibé dréachtaí ar rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisiún


(ii)ar cibé ionstraimí de chuid institiúií na gComhphobal sin,


(iii)ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv)ar cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin,


a roghnóidh an Coiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais.


(2) Go ndéanfar socrú chun ionadaithe a cheapadh chun gníomhú do chomhaltaí den Chomhchoiste nach mbeidh in ann freastal ar chruinnithe áirithe, agus go mbeidh cead ag comhaltaí de cheachtar Teach, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu.


(3) Go dtabharfar fógra do thoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu.


(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin;


(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist;


(6) Go ndéanfar gach Tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a dhéanamh a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh léi, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais agus as a aithle sin go gcumasófar don Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis; agus


(7) Gur cúig chomhalta is córam don Choiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad acu agus comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad acu.”’


Beartaíodh: (1) Go n-aontaíonn Seanad Éireann le Dáil Éireann in a Rún a cuireadh in iúl do Sheanad Éireann an 7ú lá de Nollaig, 1977, go bhfuil sé oiriúnach Comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais (dá ngairfear an Comhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach) a bhunú ar a mbeidh—


18 gcomhalta de Dháil Éireann agus 8 gcomhalta de Sheanad Éireann (nach toscaire chun Tionól na gComhphobal Eorpach aon duine díobh)


chun scrúdú a dhéanamh—


(i)ar cibé cláir agus treoirlínte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus cibé dréachtaí ar rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisiún,


(ii)ar cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii)ar cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv)ar cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin,


a roghnóidh an Comhchoiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais;


(2) Go ndéanfar socrú chun ionadaithe a cheapadh chun gníomhú do chomhaltaí den Chomhchoiste nach mbeidh in ann freastal ar chruinnithe áirithe, agus go mbeidh cead ag comhaltaí de cheachtar Teach, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(3) Go dtabharfar fógra do thoscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a beith acu;


(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin;


(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionnanas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist;


(6) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a dhéanamh a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh léi, faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais agus as a aithle sin go gcumasófar don Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis; agus


(7) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad acu agus comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad acu [An Seanadóir Eoin Ó Riain].


Cuireadh Teachtaireacht chun Dáil Éireann á chur sin in iúl di.


14 Nollaig, 1977:—Teachtaireacht ón Dáil: “Tá Dáil Éireann tar éis an tOrdú seo a leanas a dhéanamh:—


‘(1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 18 gcomhalta de Dháil Éireann (nach toscaire chun Tionól na gComhphobal Eorpach aon duine díobh) a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheapfaidh Seanad Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach


chun scrúdú a dhéanamh ar—


(i)cibé cláir agus treoirlínte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus cibé dréachtaí ar rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisiún,


(ii)cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii)cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972), agus


(iv)cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta dena Comhphobail sin,


a roghnóidh an Comhchoiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais;


(2) I gcás comhalta is comhalta de Dháil Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe den Chomhchoiste, go bhféadfaidh comhalta eile de Dháil Éireann a ainmneoidh an Páirtí lena mbaineann an comhalta atá as láthair páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad; agus go bhféadfaidh comhaltaí de Dháil Éireann, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(3) Go dtabharfar fógra do chomhaltaí de Dháil Éireann is toscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin;


(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist;


(6) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a dhéanamh faoin ordú seo a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh léi, faoi bhráid Sheanad Éireann agus as a aithle sin go gcumasófar don Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis; agus


(7) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad acu agus comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad acu.”’


Ordaíodh: (1) Go gceapfar Roghchoiste ar a mbeidh 8 gcomhalta de Sheanad Éireann (nach toscaire chun Tionól na gComhphobal Eorpach aon duine díobh) a bheidh le comhcheangal le Roghchoiste a cheap Dáil Éireann chun bheith ina Chomhchoiste faoi Reachtaíocht Thánaisteach na gComhphobal Eorpach


chun scrúdú a dhéanamh ar—


(i)cibé cláir agus treoirlínte a ullmhóidh Coimisiún na gComhphobal Eorpach mar bhonn do bheartas reachtaíochta ionchasach agus cibé dréachtaí ar rialacháin, ordacháin, cinntí, moltaí agus tuairimí de chuid Chomhairle na nAirí a thairgfidh an Coimisiún,


(ii)cibé ionstraimí de chuid institiúidí na gComhphobal sin,


(iii)cibé rialacháin faoi Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh 27 de 1972), agus


(iv)cibé ionstraimí eile a dhéanfar faoi reacht agus de bhíthin riachtanais na n-oibleagáidí mar chomhalta de na Comhphobail sin,


a roghnóidh an Comhchoiste agus chun tuarascáil a thabhairt orthu do dhá Theach an Oireachtais;


(2) I gcás comhalta den Chomhchoiste is comhalta de Sheanad Éireann a bheith as láthair ó chruinniú áirithe, go bhféadfaidh comhalta eile de Sheanad Éireann, le húdarás ón gcomhalta a bheidh as láthair, páirt a ghlacadh sna himeachtaí agus vótáil ina ionad; agus go bhféadfaidh comhaltaí de Sheanad Éireann, nach comhaltaí den Chomhchoiste, freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(3) Go dtabharfar fógra do chomhaltaí de Sheanad Éireann is toscairí chun Tionól na gComhphobal Eorpach i dtaobh cruinnithe agus go mbeidh cead acu bheith i láthair agus páirt a ghlacadh sna himeachtaí gan ceart vótála a bheith acu;


(4) Go ndéanfaidh an Comhchoiste, roimh thosach gnó, duine dá chomhaltaí a thoghadh mar Chathaoirleach, agus gan aige ach vóta amháin;


(5) Go gcinnfear na ceisteanna go léir sa Chomhchoiste trí thromlach de vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh agus i gcás comhionannas vótaí go gcinnfear gur freagra diúltach a tugadh ar an gceist;


(6) Go ndéanfar gach tuarascáil a bheartóidh an Comhchoiste a dhéanamh faoin ordú seo a leagan láithreach, ar an gComhchoiste do ghlacadh léi, faoi bhráid Sheanad Éireann agus as a aithle sin go gcumasófar don Chomhchoiste an tuarascáil sin a chlóbhualadh agus a fhoilsiú i dteannta cibé doiciméid ghaolmhara is cuí leis; agus


(7) Gur cúig chomhalta is córam don Chomhchoiste ar comhalta de Dháil Éireann duine amháin ar a laghad acu agus comhalta de Sheanad Éireann duine amháin ar a laghad acu [An Seanadóir Eoin O Riain].


Cuireadh Teachtaireacht chun Dáil Éireann á chur sin in iúl dó.


14 Nollaig, 1977:—Seanadóirí a ainmníodh chun fónamh ar an gComhchoiste:


Alastar Mac Gearailt, Máire Ní Athairne, Gemma Uí Eodhusa, Liam Ó hAoláin, Dáithí Ó Maoldhomhnaigh, Noel Ó Maolchatha, Máire Bean Mhic Róibín agus Eoin Ó Riain.


Thogh an Comhchoiste an Teachta Marcus Mac Giolla Fhionntáin mar Chathaoirleach ag a chruinniú an 20 Nollaig, 1977, agus thogh sé an Seanadóir Eoin Ó Riain mar Leas-Chathaoirleach ag a chruinniú an 7 Feabhra, 1978.