Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1976::30 November, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 30 Samhain, 1978

Thursday, 30th November, 1978

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí N. Mac Aindriú, Béalatún, Ó Cinnfhaolaidh, C. Ó Murchú agus Mac Giolla Choille.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1976


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1976 go 31 Nollaig 1976. Críochnaíodh an Cuntas seo a leanas:—


Roinn na Gaeltachta.


4. Cathaoirleach Sealadach a Thoghadh


Rinneadh tairiscint (An Teachta N. Mac Aindriú):


“That Deputy Belton take the Chair for the remainder of the meeting.”


Cuireadh agus aontaíodh an cheist.


Chuaigh an Teachta Béalatún i gCeannas dá réir sin.


5. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1976


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1976 go 31 Nollaig 1976. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí, Oifig an tSoláthair, Cosaint, Arm-Phinsin.


6. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh L. Tóibín (Rúnaí, Roinn na Gaeltachta), S. S. Mac Cárthaigh (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), S. Mac Armon (Ceannasaí, Oifig an tSoláthair), M. Ó hÉalaithe (Rúnaí, an Roinn Cosanta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


7. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.10 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.