Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1976::23 November, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 23 Samhain, 1978

Thursday, 23rd November, 1978

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí N. Mac Aindriú, Béalatún, Ó Murghaile, C. Ó Murchú, F. Ó Briain agus Mac Giolla Choille.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1976


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1976 go 31 Nollaig 1976. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


An Dánlann Náisiúnta, Rialtas Áitiúil, Oifig an Aire Oideachais, Bunoideachas, Meánoideachas, Gairmoideachas, Teaghlaigh Chónaithe agus Scoileanna Speisialta, Ardoideachas.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh an Dochtúir S. de Faoite (Stiúrthóir, an Dánlann Náisiúnta), G. Ó Meachair (Rúnaí, an Roinn Comhshaoil), D. Ó Laoghaire (Rúnaí, an Roinn Oideachais), M. Ó Maolarcaigh (An Roinn Airgeadais), C. Mac Craith (An Roinn Airgeadais), P. Ó Baoighill (Roinn na Seirbhíse Poiblí) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.50 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.