Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1976::26 October, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 26 Deireadh Fómhair, 1978

Thursday, 26th October, 1978

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí N. Mac Aindriú, Béalatún, U. Ó Brádaigh, Ó Cinnfhaolaidh, Ó Murghaile agus Mac Giolla Choille.


3. Rinne an Coiste breithniú.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1976


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1976 go 31 Nollaig 1976. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, an Garda Síochána, Príosúin, na Cúirteanna Breithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas.


5. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh A. Ní Thormaigh (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), A. Mac a’Bháird (Rúnaí, an Roinn Dlí agus Cirt) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.25 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.