Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1976::19 October, 1978::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 19 Deireadh Fómhair, 1978

Thursday, 19th October, 1978

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta Ó Tuathail (i gCeannas), na Teachtaí N. Mac Aindriú, Ó Cinnfhaolaidh, Ó Murghaile, C. Ó Murchú, F. Ó Briain, Mac Pháidín agus Mac Giolla Choille.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1976


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1976 go 31 Nollaig 1976. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Roinn an Taoisigh, An Chomhairle Ealaíon, Saothar, Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta, Luacháil agus Suirbhéireacht an Ordanáis, Rátaí ar Mhaoin Rialtais.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh D. Ó Súilleabháin (Rúnaí, Roinn an Taoisigh), T. Ó Cearbhaill (Rúnaí, An Roinn Saothair), A. Ó Ruairc (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtrcha), D. Ó Riain (Coimisinéir Luachála), agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.05 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.