Committee Reports::Report No. 50 - Pollution of Atmosphere::23 March, 1977::Report

TUARASCAIL

1. Réamhrá

Tá scrúdú déanta ag an gComhchoiste ar na dréacht-ionstraimí seo a leanas a éiríonn as Clár Gnímh na gComhphobal Eorpach i ndáil leis an gComhtimpealacht dar dáta 22 Samhain 1976:


Dréacht-Rún i ndáil le cinneadh ar chritéir agus ar Dhréacht-Treoir, i ndáil le Caighdeáin Chosanta Sláinte maidir le dé-oscaíd sulfair agus ábhar cáithníneach foluaineach in atmaisféir uirbeacha (R/540/76).


Dréacht-Treoir a bhaineann le húsáid olaí breosla d’fhonn laghdú ar astaíocht sulfarach (R/90/76).


D’eisigh an Coimisiún doiciméid R/90/76 agus R/540/76 in Eanáir agus i bhFeabhra, 1976 faoi seach agus tá na tograí á mbreithniú ó shin ag Meitheal Gnímh na Comhairle i ndáil leis an gComhthimpealacht. Cé gur réasúnach a bheith ag súil le cinneadh a fháil rith na bliana seo ón gComhairle ar thogra R/540/76, is dealraitheach nach dtabharfar cinneadh ar thogra R/90/76 nó go mbeidh cinneadh ar R/540/76 faoi réir.


Tá an Treoir atá beartaithe faoi chaighdeáin chosanta sláinte bunaithe ar Airteagal 235 de Chonradh CEE a chumasaíonn don Chomhairle bearta iomchuí a dhéanamh le ceann de chuspóirí an Chomhphobail a bhaint amach i gcás nach bhfuil na cumhachtaí atá riachtanach chuige sa Chonradh. Tá an Treoir atá beartaithe faoi ola bhreosla bunaithe ar Airteagal 100 den Chonradh céanna, is Airteagal a dhéileálann le comhfhogasú dlíthe náisiúnta a bhfuil baint acu le feidhmiú an Chomhargaidh.


2. An tAbhar atá sna Tograí

Déileáltar sa Dréacht-Rún agus sa Dréacht-Treoir atá i ndoiciméad R/540/76 leis na caighdeáin chosanta sláinte maidir le dé-ocsaíd sulfair agus ábhar cáithníneach foluaineach in atmaisféir uirbeacha.


Tá sé beartaithe sa Dréacht-Rún go gceadófaí critéir áirithe mar chritéir a bhunaíonn an coibhneas idir risíochtaí áirithe agus a bhfuíoll insonraithe ar an duine agus a roghnaíonn leibhéil risíochta shonraithe mar bhonn le cáilchuspóirí agus cáilchaighdeáin a bhunú.


Tá na forálacha seo a leanas sa Dréacht-Treoir:—


(a) Tá na tiubhacháin laethúla uasta de dhé-ocsaíd sulfair agus de cháithníní is incheadaithe in atmaisféir uirbeacha le leagan síos. Tá siad sin bunaithe ar na tiubhacháin sa Dréacht-Rún.


(b) Déanfaidh na Ballstáit bearta lena áirithiú go gcloífear, teacht 1952, leis na caighdeáin a mholtar, faoi réir eisceachtaí sonraithe (dálaí áirithe aimsire a bhféadfar scaoileadh leo ar feadh gearrthéarma) in imeacht eatraimh a chríochnóidh i 1987.


(c) Beidh gréasáin faireacháin le cur ar deil i gceantair uirbeacha atá i gcontúirt ó thruailliú atmaisféir. Tabharfaidh Ballstáit eolas faoi leibhéil thruailleachais don Choimisiún.


(d) Bunófar coiste d’ionadaithe náisiúnta ar a mbeidh sé de fhreagracht caighdeáin a choigeartú de dhroim forás na heolaíochta agus na teicnice.


Chuirfeadh an Dréacht-Treoir faoin gcion sulfair in olaí breosla atá i ndoiciméad R/90/76 d’oibleagáid ar Bhallstáit a áirithiú nach ndéanfaí, ach i gcásanna áirithe, ach ola bhreosla gannsulfair a dhíol le haghaidh gléasraí dócháin áirithe agus, ina theannta sin, nach n-úsáidfí ach ola den sórt sin sna gléasraí sin.


I gcás ar airde ná leibhéil shonraithe an dé-ocsaíd sulfair agus an deannaigh san atmaisféar, ní mór do Bhallstáit ceantair speisialta cosanta a ainmniú. Tá na leibhéil sin a mholtar ar cóimhréir leis na cinn atá sa Dréacht-Rún agus sa Dréacht-Treoir faoi thuailliú atmaisféir i nDoiciméad R/504/76. Ní bheadh cead, ach i gcásanna áirithe, ach olabhreosla gann-sulfair a úsaid sna ceantair chosanta tar éis 1 Deireadh Fómhair, 1978.


Bheadh, freisin, de cheangal ar ghléasraí os cionn 100 mw, lasmuigh de na ceantair sin, a bheadh ina gcúis le tiubhacháin áitiúla SO2 agus deannaigh ola bhreosla gannsulfair a úsáid. Bheadh, le linn dálaí áirithe aimsire, de cheangal ar ghléasraí eile a bheadh ag méadú go sonrach ar thruailliú atmaisféir athrú chun ola bhreosla gannsulfair a úsáid.


Mínítear gurb éard is ola bhreosla gannsulfair ann ola bhreosla ar lú ná 2% a cion sulfair. Moltar gur 1% an cion uasta sulfair a cheadófar ó Mheitheamh, 1983.


3. Caighdeáin Chosanta Sláinte

Cé go bhfuil na leibhéil risíochta atá roghnaithe sa Dréacht-Rún dímholta ar an mbonn nach leor an chosaint a thugann siad le haghaidh roinnt cineálacha agus gnéithe plandaí, is í an chomhairle atá ar fáil, i gcoitinne, ag an gComhchoiste gur critéir agus caighdeáin réasúnacha na cinn a mholtar sa Dréacht-Rún agus sa Dréacht-Treoir.


Cé go bhféadfadh go mbainfeadh roinnt deacrachtaí leis an Dréacht-Treoir a fheidhmiú, is é tuairim an Chomhchoiste gur dóigh go bhfeádfaí na caighdeáin a mholtar a chomhalladh sa tír seo. Tá gléasraí faireacháin i mBaile Átha Cliath agus sna príomh-limistéir uirbeacha cheana féin a oibríonn údaráis sláintíochta.* Rinneadh tuilleadh stáisiúin i roinnt limistéar le beagán blianta anuas agus tá sé deimhnithe don Chomhchoiste go gcoimeádfar faoi bhreithniú aon riachtanas a bheidh ann méadú ar an ngréasán nó tuilleadh trealaimh a sholáthar.


4. Olaí Breosla

Tá sé curtha i bhfios don Chomhchoiste nach dealraitheach ón toradh, atá ar fáil go dtí seo, i ndáil le dé-oscaíd agus cáithníneach fuaidrimh i mór-limistéir uirbeacha, go rachadh na leibhéil a thomhaisfí maidir le haon limistéar réasúnta mór thar na caighdeáin a mholtar sa dara Dréacht-Treoir. Ní léir faoi láthair dá dhroim sin go mbeidh gá ann a dhearbhú gur ceantair chosanta speisialta ceantair áirithe.


Is é tuairim an Chomhchoiste, áfach, go m’údar mór-dheacrachta sa tír seo airteagal 6 den Dréacht-Treoir bheartaithe dá nglacfaí leis. Chuirfeadh an fhoráil sin d’oibleagáid ar ghléasraí dócháin lasmuigh de cheantair chosanta speisialta le grádú 100 mw de chumhacht teirmeach ola bhreosla ghannsulfair a úsáid a luaithe is airde, ag cothrom talún laistigl de limistéar feidhme na ngléasraí sin, ná teorainneacha sonraithe, a feadh tréimhse 24 uair a chloig, an meán-tiubhachán dé-ocsaíde agus ábhair cháithnínigh fuaidrimh.


Tá curtha i bhfios don Chomhchoiste nach féidir leis an gcóras faireacháin atá againn faoi láthair faire, ainilisiú agus taifeadadh leanúnach dhéanamh ar leibhéil dhé-ocsaíde agus cáithnínigh fuaidrimh i gcaithea ná i ndiaidh aon tréimhse 24 uair a chloig agus go mbeadh, dá bhrí sin, ceist ann faoi chórais faireacháin níos ilchumasaí a bheith ag gléasraí dócháin áirithe.


Dhéanfadh an fhoráil sin, dá nglacfaí léi, difear do stáisiúin chumhachta áirithe de chuid BSL. De réir an Bhoird, bhainfeadh caiteachas mór leis an ábhar. Bheadh leictreachas níos daoire dá bharr gan amhras ar bith.


A mhéid a bheidh ola bhreosla ghannsulfair ag teastáil chun an Treoir a chomhlíonadh, tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nach féidir ola den sórt sin a dhéanamh in Éirinn ach amháin trí athrú a dhéanamh ar na réimeanna soláthair amh-ola agus amh-olaí go mór níos daoire a thabhairt go dtí an Geata Bán. I dteannta na hamh-olaí gannsulfair sin a bheith níos daoire beidh siad, de réir mar atá curtha i bhfios don Chomhchoiste, gann, ar a ghiorra de nó go bhfaighfear soláthar maith mór d’ola ghannsulfair ón bhFarraige Thuaidh agus ónar bhfoinsí cósta féin. Ina theannta sin, tá sé deimhnithe don Chomhchoiste go bhfuil díshulfarú ola breosla costasach as cuimse agus nár bhfiú an scála oibríochtaí ag an nGeata Bán faoi láthair go rachfaí i gcaiteachas den sórt sin ina leith.


Is lú go mór d’fhadhb aer-thruailliú in Éirinn ná i mBallstáit eile agus creideann an Comhchoiste gur rí-bheag an tairbhe a bheadh dúinne san airteagal 6 atá molta dá nglacfaí leis. Ní deimhin leis gurb é an ceart, faoi láthair, dul sa chostas fíor-mhór a bhainfeadh leis an ábhar.


5. Admháil

Ba mhaith leis an gComhchoiste a chur ar taifead gur mór é a bhuíochas as ucht an chúnaimh a fuair sé, le linn a bheith ag breithniú na dtograí sin, ó na daoine seo a leanas:—


(a) Mr. Donal Flood, MRIA;


(b) An Roinn Mhíochaine Sóisialaí, Coláiste na Tríonóide;


(c) An Dámh Talmhaíochta, an Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath; agus


(d) Cumann Ríoga Bhaile Átha Cliath.


(Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


23 Márta, 1977.


* Léigh an Tuarascáil ón Roinn Rialtais Aitiúil 1972/73-1974 (Prl. 4821) agus 1975 (Prl. 5534).