|
ORDUITHE TAGARTHATá Orduithe Tagartha na Dála agus an tSeanaid maidir leis an gComhchoiste agus ainmneacha comhaltaí an Chomhchoiste i gcló ar leathanaigh 3, 4 agus 5 den Deichiú Tuarascáil. 5 Eanáir, 1977: D’éirigh an Teachta Tomás Ó Duinn as bheith ina Chomhalta de Pharlaimint na hEorpa. 2 Feabhra, 1977: Ainmníodh an Teachta Gearóid Stráinse mar Chomhalta de Pharlaimint na hEorpa. |
||||||||||||