|
IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTEPROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEEDé Céadaoin, 23 Márta, 1977Wednesday, 23rd March, 19771. Chruinnigh an Comhchoiste 4 p.m. 2. Comhaltaí i Láthair. Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair: Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gCeannas), Ó Coileáin, Deasún, Dockrell agus Ó Droighneáin; na Seanadóirí Mac Gearailt, Bean Mhic Roibín agus Ó Riain. 3. Dréacht-Tuarascáil ar Dhréacht-Ionstraimí Comhphobail ar Chaighdeáin Chosanta Sláinte maidir le Dé-ocsaíd Sulfair agus Ábhar Cáithníneach Foluaineach in Atmaisféir Uirbeacha agus Úsáid Olaí Breosla Gannsulfair. Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:— (i) Aontaíodh ailt 1 agus 2. (ii) Alt 3. Tairgeadh leasú (An Teachta Deasún): “In page 4, to insert the following footnote to the second sentence of the final paragraph: ‘*See Reports of the Department of Local Government 1972/73-1974 (Prl. 4821) and 1975 (Prl. 5534)’.” Aontaíodh an leasú. Aontaíodh an t-alt mar a leasaíodh. (iii) Alt 4. Tairgeadh leasú (An Teachta Deasún): “In page 5, line 22, to add ‘at present’.” Aontaíodh an leasú. Aontaíodh an t-alt mar a leasaíodh. (iv) Aontaíodh alt 5. Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil mar a leasaíodh. Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin. 4. Athlá. Chuaigh an Comhchoiste ar athló 5.45 p.m. |
||||||||||||