Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1974::21 April, 1977::Report

TUARASCÁIL

CUID I—NÓTAÍ GINEARÁLTA

MEAMRAM ÓN AIRE AIRGEADAIS DAR DÁTA 22 SAMHAIN, 1976

TUARASCÁIL DAR DÁTA 13 IÚIL, 1972

Airgead a aisghabháil.

1. Tugann an Coiste dá aire gur thionscain an tAire imeachtaí i gcúirteanna na Gearmáine i gcoinne saoránaigh de chuid na Gearmáine chun airgead áirithe a caitheadh a aisghabháil agus go gcoinneofar eolas leis faoin scéal.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 28 MEITHEAMH, 1973

Cuntais Comhlachtaí Stát-tionscanta a iniúchadh.

2. Tugann an Coiste dá aire tuairim an Aire go bhfuil an cheist a bhaineann le scrúdú agus urlámh ar Chomhlachtaí Stát-tionscanta ag an bParlaimint agus go háirithe ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, ina ceist a fhéadfaí a chur faoi bhráid breithnithe an Chomhchoiste den Dáil agus den Seanad a bheartaítear a bhúnú d’fhonn gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí Stát-tionscanta a bhíonn ag gabháil d’oibríochtaí trádála nó tráchtála a athbhreithniú. Aontaíonn an Coiste leis an tuairim sin agus ós mar sin atá cuirfidh sé tuilleadh breithnithe ar an ábhar siar go fóill.


Íocaíochtaí leis an gCiste Speisialta Forbartha Réigiúin (Deontas-i-gCabhair).

3. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an Rialtas tar éis fiosrúchán a chur ar bun leis na téarmaí tagartha seo a leanas: “chun an eagraíocht agus na struchtúir iomchuí le haghaidh pleanáil, comhordú agus comhlíonadh feidhmeanna Rialtais ar leibhéal fo-náisiúnta a scrúdú agus tuarascáil a thabhairt ina dtaobh” agus go gcoimeádfar eolas leis faoina dtarlóidh maidir le tuilleadh breithniú a dhéanamh ar íocaíochtaí leis an gCiste Speisialta Forbartha Réigiúin i gcomhthéacs foriomlán an fhiosrúcháin sin. Tá súil aige go mbeidh toradh an fhiosrúcháin sin ar fáil go luath.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 23 EANÁIR, 1975

Roinn na Gaeltachta.

4. Tugann an Coiste dá aire go nglacann an tAire lena bharúil gur chóir don Oifigeach Cuntasaíochta a bheith lán-deimhin de, nuair a bheartaítear i ndáil le comhlachtaí ar nós Gaeltarra Éireann, eisiúint a thabhairt tarraingt ar dheireadh na bliana airgeadais i leith caiteachais ag faibhriú a bheidh dlite den deontaí, gur le seirbhís na bliana dár soláthraíodh an deontas-i-gcabhair a bhaineann an caiteachas atá ag faibhriú. Tugann sé dá aire freisin go measann an tAire gur chóir sonraí ar na heisiúintí sin a thabhairt don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ar mhodh sceidil ar leithligh in ionad é a nótáil, mar a mhol an Coiste, ar éadan an Chuntais Leithreasa. Tá an Coiste sásta leis an socrú sin.


Sárú ar Phrionsabail Chuntasaíochta.

5. Tugann an Coiste faoi deara go dtuaraítear go leanfar go rialta i Lárionad Oiliúna na Státseirbhíse de chúrsaí oiliúna i bprionsabail na Cuntasaíochta Rialtais agus go bhfuiltear tar éis leabhrán dar teideal An Outline of Irish Financial Procedures a eisiúint agus go bhfuil sé á chur ar fáil do fhoirne na Ranna Rialtais. Ba mhaith leis an gCoiste a chur in iúl go bhfuair sé cóipeanna den leabhrán agus measann sé gur maith an chabhair é chun nósanna imeachta éifeachtúla comhréireacha a choinneáil ar bun ar fud na seirbhíse poiblí.


Deontais fhorlíontacha do Chóras Iompair Éireann.

6. Sa tuarascáil ar Chuntais Leithreasa 1971-72, i ndáil le deontais a íocadh le Córas Iompair Éireann, is ea a thagair an Coiste ar dtús don ghá atá ann le bailíocht a thabhairt do íoc deontas a vótáladh de bhreis ar na deontais reachtúla atá ann. Thagair an Coiste sa tuarascáil a rinne sé ar Chuntais Leithreasa 1973-74 do íocaíochtaí eile a measann sé go bhfuil bailíocht mar sin ag teastáil ina leith. Toisc an fhadhb atá i dtrácht anseo a bheith bainteach go comhchoiteann leis na cásanna sin go léir measann an Coiste gur cuí déileáil leis faoi aon cheannteideal ginearálta amháin agus, dá bhrí sin, gheofar i mír 12 den tuarascáil seo a thuairimí ar an gcomhairle dlí a fuarthas ó Oifig an Ard-Aighne.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 30 DEIREADH FÓMHAIR, 1975

An Phríomh-Oifig Staidrimh.

7. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil an Roinn Airgeadais, i gcomhairle le Roinn na Seirbhíse Poiblí, tar éis treoracha a eisiúint gur cheart, amhail ó 1977 amach, soláthar i leith caiteachais ar threalamh oifige, a d’íoc Ranna as a Vótaí féin, a chur in áirithe, i gcás caiteachas £20,000 nó breis a bheith beartaithe, i bhfómhírcheann ar leithligh den Vóta iomchuí, agus i gcás caiteachas faoi bhun £20,000 a bheith beartaithe, go ndéanfar ann soláthar faoin bhfómhírcheann “Costais Taistil agus Costais Theagmhasacha”. Measann an Coiste gur socrú sásúil é sin, ar choinníoll go dtagrófar go sonrach do mhíreanna neamhghnácha caiteachais nach mbeadh súil leis de ghnáth iad a bheith ar áireamh sa tuairisc “trealamh Oifige” (maidir leis an sórt Roinne lena mbaineann sé agus a cuid riachtanas).


Foscríbhinn 9.


Rialtas Áitiúil.

8. I mír 13 den tuarascáil uaidh faoi dháta 24 Meitheamh, 1976, d’iarr an Coiste eolas i dtaobh éifeacht na nósanna imeachta athscrúdaithe a cuireadh i bhfeidhm d’fhonn is go mba deacra mótarcháin a sheachaint. Tugann sé dá aire nach bhfuil aon tagairt don ábhar sin i Meamram an Aire Airgeadais dar dáta 22 Samhain, 1976, agus ba mhaith leis an gCoiste an t-eolas a d’iarr sé a fháil.


Talmhaíocht—Iasachtaí a Aisghabháil.

9. Tugann an Coiste dá aire gur iarradh comhairle ar an Ard-Aighne faoi na himthoscaí ina bhféadfaí na hiasachtaí a tugadh don tionscal feola i 1972-73 a fháil ar ais agus go dtabharfar scéala dó ar an gcor dlíthiúil maidir lena n-aisíoc nuair a gheofar comhairle an Ard-Aighne. Tá súil ag an gCoiste go gcuirfear críoch leis an scéal sin gan a thuilleadh moille.


Oifig an Aire Oideachais—An Coláiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha.

10. Ábhar dearfa cúraim don Choiste nach dtarlódh moill arís mar a tharla nuair a cuireadh na cuntais seo faoi bhráid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste len n-iniúchadh. B’éigean don Choiste i mblianta le gairid trácht ar mhoill den sórt céanna a tharla i gcásanna eile. Molann sé go láidir dá bhrí sin go gcuirfí in iúl d’Oifigigh Cuntasaíochta gur gá é a áirithiú, oiread agus is féidir leo, go gcuirfidh comhlachtaí Stát-tionscanta agus eagraíochtaí eile, a bhfuil roinnt freagrachta orthu i leith a maoinithe, a gcuid cuntas faoi bhráid iniúchta gan ró-mhoill.


TUARASCÁIL DAR DÁTA 24 MEITHEAMH, 1976

Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí.

11. Tugann an Coiste dá aire go bhfuil Aire na Seirbhíse Poiblí, i gcomhairle le hOifig na nOibreacha Poiblí, ag breithniú cad iad na bearta nár mhór chun tuilleadh Cuntasóirí Costas (Cuntasóirí Gairmiúla a thugtar orthu anois) a fhostú agus go gcuirfear an toradh in iúl dó.


Íocaíochtaí ar gá reachtaíocht shonrach lena ndéanamh bailí.

12. Dúradh i Meamram an Aire Airgeadais dar dáta 20 Feabhra, 1976, ar Thuarascáil an Choiste ar Chuntais Leithreasa 1972-73


“Tugann an tAire dá umhail barúil an Choiste nach cead forálacha Achta ón Oireachtas a leasú ar shlí seachas le reachtaíocht bhreise. Cé go bhfuair an tAire comhairle dlí gur reachtaíocht bhreise den sórt sin an tAcht Leithreasa .............................................”


Níor ghlac an Coiste (Mír 10 den tuarascáil dar dáta 24 Meitheamh, 1976) leis an tuairim gurb é an tAcht Leithreasa an reachtaíocht bhreise is dóigh leis ba cheart a achtú le bailíocht a thabhairt do dheontais, thar na teorainneacha atá ordaithe sa reachtaíocht atá ann faoi láthair, a thabhairt as airgead vótáilte. I dteannta na ndeontas forlíontach do CIE, ar ardaíodh an cheist fúthu, luaigh sé cásanna eile (Mír 24 den tuarascáil sin) a tháinig faoina umhail agus nach raibh reachtaíocht leasaitheach rite ina leith le bailíocht a thabhairt do íocaíochtaí faoi scéimeanna lenar bhain achtacháin shonracha. Dá bhrí sin d’iarr an Coiste caoi chun staidéar a dhéanamh ar an gcomhairle dlí a fuair an tAire agus an aighneacht ar ar bunaíodh í.


Tugann an Coiste dá aire gur ó bhéal a tugadh an chomhairle dlí agus, tar éis an Coiste dá iarraidh, go ndearnadh aighneacht i scríbhinn chun Oifig an Ard-Aighne an 14 Meán Fómhair, 1976, agus gur freagraíodh í an 22 Meán Fómhair, 1976. Tá an Coiste faoi chomaoin i dtaobh na gcóipeanna a fuair sé.


Is dóigh leis mar sin féin, toisc go ndearnadh an aighneacht i scríbhinn ag lorg comhairle dlí trí mhí geall leis i ndiaidh na tuarascála uaidh faoi dháta an 24 Meitheamh, 1976, agus toisc gur phrionsabal ginearálta a bhí i gceist, gur cheart tagairt a bheith inti do na cásanna breise ar tharraing an Coiste aird orthu i mír 24 den tuarascáil sin. Dá ndéanfaí é sin, tá an Coiste cinnte de nach gcuirfí an chomhairle dlí in iúl sa chruth ina ndearnadh. Níl an chomhairle ag teacht le cás na ndeontas athfhoirgníochta tithe a íocadh de réir ráta níos airde ná an ráta a fhoráileadh le reacht agus nár tugadh isteach aon mheastachán forlíontach ina leith toisc go mba leor faoina gcomhair an soláthar fo-mhírchinn sa mheastachán bunaidh. Tíolacadh an meastachán bunaidh don Dáil gan tagairt do mhéadú ar mhéid na ndeontas. Ba é toradh a tháinig de na nósanna imeachta sa chás sin go ndeachthas thar an teorainn atá leagtha síos le reacht ar mhéideanna na ndeontas athfhoirgníochta gan é a chur i gcead Dháil Éireann.


Is léir don Choiste gur mar gheall ar na hiarrachtaí a rinneadh san am atá caite é a chur in iúl, trí bhrath ar an Acht Leithreasa, go raibh an rud ceart á dhéanamh nuair a rinneadh íocaíochtaí de bhreis ar shuimeanna a ndearnadh soláthar sonrach ina leith i reachtaíocht áirithe, gur mar gheall orthu sin atá sé tagtha chun críche mar atá tar éis tarlú sna deontais athfhoirgníochta tithe, go bhfuil neamhshuim á déanamh de theorainneacha reachtúla agus nach léir a thuilleadh gurb í an pharlaimint atá i gceannas ar an scéal.


Ar an bprionsabal ginearálta a bhaineann leis an scéal, tá na pointí seo á gcur i láthair ag an gCoiste:


(a) Déanann an tAcht Leithreasa airgead a vótáil Dáil Éireann a leithreasú le haghaidh seirbhísí a thuairiscítear i gCuid I, is é sin réim, gach meastacháin. Ní dhéanann sé aon tagairt do na fo-mhírchinn agus dá bhrí sin ní thugann sé seasamh dlíthiúil ar bith do na fo-mhírchinn. Má dhéanann fo-mhírcheann soláthar i leith íocaíocht le CIE ní fhéadfaí a rá go dtugann sé, dá bhrí sin, de bhun an Acht Leithreasa, bailíocht reachtúil do íocaíochtaí de bhreis ar na teorainneacha atá leagtha síos leis na hAchtanna Iompair.


(b) Ní raibh tagairt ar bith i ngearrtheideal ná i dtéacs an Acht Leithreasa do leasú na nAchtanna Iompair.


(c) Má táthar á shuíomh gur reachtaíocht leasaitheach an tAcht Leithreasa de bhua a bhfuil i bhfo-mhírchinn na meastachán ar leithligh, glacann na fo-mhírchinn sin iad féin brí reachtúil chucu féin ansin agus tá sé sin contrártha do phrionsabail aitheanta na cuntasaíochta rialtais. Tabharfadh sé in amhras láithreach cleachtas an virement trína ndéantar, le húdarás sonrach an Aire Airgeadais, suimeanna a shábháiltear ar fho-mhírcheann amháin nó níos mó a úsáid chun caiteachas sa bhreis ar fho-mhírcheann nó ar fho-mhírchinn eile sa Vóta céanna a íoc. Bheadh virement ina shárú ar an Acht Leithreasa dá mba rud é go raibh aon bhrí reachtúil leis na fo-mhírchinn.


(d) Arís agus arís bhí Coistí um Chuntais Phoiblí lándaingean de nach dtugann an tAcht Leithreasa aon chumhdach reachtúil i gcás íocaíochtaí a théann thar na teorainneacha atá leagtha síos ag reachtanna áirithe a bhaineann, cuir i gcás, le hiompar, tithíocht agus pinsin. Tá an tuairim chéanna ag an gCoiste seo.


Admhaíonn an Coiste gur cleachtas bunaithe é nach foláir, i gcásanna iomchuí, rialtacht ex post facto a thabhairt do íocaíochtaí a théann thar an údarás reachtúil reatha ach measann sé, mar sin féin, má ghlactar leis an argóint gur leor d’údarás an tAcht Leithreasa ann féin le haghaidh caiteachas agus bailíocht a thabhairt do chaiteachas a théann thar na teorainneacha reachtúla reatha a fhoráiltear go sonrach le reachtanna áirithe, go dtiocfadh de sin, de réir loighice, sa deireadh thiar:—


(a) codarsnacht a bheith idir forálacha follasacha dlí reachtúil shubstaintigh atá go dearfa i bhfeidhm agus an tAcht Leithreasa lena bhfuil feidhm reachtúil chomh dearbh céanna—codarsnacht nach bhféadfadh Cúirt a réiteach, dá gcuirfí an cheist faoina bráid, ach amháin trína mheas go rialaíonn an tAcht Leithreasa in aghaidh na reachtanna sonracha atá ann roimhe agus go leasaíonn sé iad; nó d’eile, a mheas go raibh an caiteachas ultra vires; agus


(b) cumhacht ghinearálta a tharmligean chun an Údaráis Fheidhmiúcháin méid an chaiteachais a athrú dá dtoil féin, cé gur chun críocha údaraithe sin, ar neamhspleidh le reachtanna rialaithe gan an t-eolas is gá le haghaidh rialú parlaiminte éifeachtach a thabhairt don Dáil, tráth an tsoláthair a achtú agus a chur ar fáil. Ní féidir leis an gCoiste toiliú leis sin.


I réimse chomh tábhachtach le rialú an chaiteachais phoiblí is cúram leis an gCoiste go dtarlódh difir tuairime a cheilfeadh na treoirlínte a gceaptar d’Oifigigh Cuntasaíochta ar fud na státseirbhíse oibriú dá réir. B’olc an cor é sin go háirithe tar éis foilsiú An Outline of Irish Financial Procedures a bhfuil an Coiste ag dréim leis a bheith ina dheis cabhrach chun sarú ar phrionsabail na cuntasaíochta Rialtais a sheachaint. Sna cúinsí sin, tá súil ag an Rialtas, ar mhaithe le hurlámh parlaiminteach iomlán, go nglacfar leis, nuair a bhíonn íocaíochtaí d’aon sórt faoi theorainn reachta, nach féidir iad a mhéadú ach amháin le tuilleadh reachtaíochta ag údarú na méaduithe. Ag féachaint do na nithe a tharlaíonn i ngnó parlaiminte, glacann an Coiste leis go dtarlóidh ócáidí sealadacha nuair nach bhféadfaí ar chor ar bith cloí go dlúth leis an bprionsabal sin; agus glacann sé leis go bhféadfaí ar ócáidí den sórt sin, fad a bheifí ag feitheamh le reachtaíocht a achtú, meastachán forlíontach a thabhairt isteach do cheadú na n-íocaíochtaí méadaithe, ar choinníoll, mar a dúradh sa tuarascáil ón gCoiste um Chuntais Phoiblí dar dáta 20 Márta, 1952,


“agus, nuair a tharlódh éigeandáil den tsórt sin go mba cheart, ionas nach mbeadh aon amhras ann i dtaobh intinn shoiléir daingean na Dála faoin scéal, a chur in iúl go soiléir ar an meastachán sárú a bheith á dhéanamh ag an vóta beartaithe ar reacht atá ann cheana agus, fós, na cúiseanna gur mar sin a bhítheas a dhéanamh a chur síos mar an gcéanna.”


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.

13. Tugann an Coiste dá aire go bhfuiltear ag smaoineamh faoi tuilleadh a dhéanamh chun feabhas a thabhairt ar bhailiú cánach agus go gcoinneofar eolas leis faoin scéal.


Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim—Tuairisceáin CBL a chur i gcomparáid le cuntais a cuireadh isteach le haghaidh Cánach Ioncaim.

14. Tugann an Coiste dá aire gur cuireadh socruithe comhréitigh i ngníomh chomh luath agus a fhéadfaí tuairisceáin chánach breisluacha a chruinniú in aghaidh tréimhsí a fhreagraíonn, chomh gar agus is féidir, do bhlianta cuntasaíochta cáiníocóirí agus go ndéantar na tuairisceáin sin a achoimriú le ríomhaire agus a chur amach go dtí na hoifigí cánach áitiúla mar a gcuirtear sna comhaid chánach ioncaim iomchuí iad. Tugann sé dá aire freisin nuair a fhaightear cuntais chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide go ndéanann an Cigire Cánach tástáil chomhréireachta amhail idir an dá fhoireann figiúirí.


Is maith leis an gCoiste é a thabhairt dá aire go ndealraíonn sé, ar bhonn na dtuairisceán ó oifigí cánach ag taispeáint méid na bhfiafraithe a ardaíodh de bharr na dtástálacha sin, go bhfuil na socruithe ag obair go sásúil.


Foraoiseacht—Leithreasaí-i-gCabhair Ilghnéitheacha.

15. Tugann an Coiste dá aire gur iarradh ar an Roinn Tailte aicmiú a dhéanamh ar na príomh-mhíreanna sa cheannteideal do fháltais ilghnéitheacha na bliana 1977 agus blianta ina dhiaidh sin agus i gcás 1976 go ndéileálfar leis an ábhar ar mhodh bun-nóta leis an gCuntas Leithreasa. Tugann sé dá aire freisin go bhfuil aird na nOifigeach Cuntasaíochta uile á tharraingt ag an Roinn Airgeadais ar bharúil an Choiste gur cheart, nuair a bhíonn an ceannteideal ginearálta “Ilghnéitheach” ar áireamh i gCuntas Leithreasa faoi Leithreasaí-i-gCabhair, sonraí ar na príomh-mhíreanna a bhíonn i gceist a thabhairt i nóta míniúcháin leis an bhfo-mhírcheann agus go bhfuil a n-aird á ndíriú freisin ar bharúil an Choiste go mba mhaith an rud é soláthairtí ilghnéitheacha measartha móra a bhriseadh síos i bhfo-mhírchinn dochair le eolas a thabhairt i dtaobh cén cineál caiteachais a bhí beartaithe.


Talmhaíocht—Moill ag cruinniú Suimeanna Cúiteacha Airgid.

16. Tugann an Coiste dá aire go raibh SCA dár luach san iomlán £5,903,800 gan íoc in earnáil na bólachta agus na mairteola an 31 Márta, 1976, gur bhain £5,861,000 de sin le trádáil le Ballstáit agus go raibh sé iníoctha díreach leis na Comhphobail Eorpacha agus gur bhain an £42,800 atá fágtha le trádáil le tíortha nár Bhallstáit agus gur leis an Státchiste a bheadh sé iníoctha sa chéad ásc. Tugann sé dá aire freisin go bhfuil an scéal sásúil i gcoitinne maidir le hearraí eile. Is maith leis an gCoiste scéala a fháil go bhfuil an méid a bhí gan íoc um Shamhain 1976 laghdaithe go dtí £2.5 milliún tuairim agus go bhfuil an Roinn Talmhaíochta ag tabhairt go láidir ar gach féichiúnaí na fiacha atá amuigh a ghlanadh. Tugann sé dá aire go bhfuil imeachtaí dlíthiúla á dtionscnamh i roinnt cásanna agus ina theannta sin go bhfuil cuid de na suimeanna atá amuigh á laghdú i ndiaidh a chéile trí shuimeanna atá dlite do na honnmhaireoirí áirithe a fhritháireamh ina gcoinne.


Tá méid an-mhór amuigh go fóill, áfach, agus mar is cúram leis an Aire é is cúram amhlaidh leis an gCoiste é go mbaileofaí an t-airgead go léir a luaithe is féidir. Beidh sé ag feitheamh le suim leis an eolas atá geallta i dtaobh conas a éireoidh leis na bearta atá ar bun chun an t-airgead atá amuigh a ghnóthú.


CUID II—CUNTAIS SHONRACHA

AN GARDA SÍOCHÁNA

17. Bhreithnigh an Coiste an muirear sa Vóta seo maidir le híocaíochtaí breis-ama le comhaltaí den Gharda Síochána arb é a n-iomlán, mar a luaitear sa Chuntas Leithreasa, £5,681,703 i 1974. Is ionann é sin agus 26.6% den mhairear ar an vóta i leith tuarastail, pá agus liúntais agus ba ábhar cúitimh ag an gCoiste arbh fhiú an t-airgead é nó an raibh baol ann go sroichfí pointe laghdú sochair nuair ab fhearr an t-airgead a úsáid ag tabhairt isteach daoine nua ná bheith ag íoc suimeanna airgid breis-ama a cheapfaí a bheith iomarcach. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta gur ceist an-chasta í ceist an bhreis-ama agus go raibh baint aige le cor ginearálta na slándála. Oifigigh éagsúla sa Gharda Síochána féin a réitíonn dáileadh an bhreis-ama inniu agus, sa chor ina bhfuil rudaí, is mar sin a chaithfidh a bheith. Suas go dtí pointe áirithe, is saoire breis-am a íoc, cé go n-íoctar rátaí arda, ná tuilleadh fear a fhostú. Dúirt sé gurbh eol go rí-mhaith na fadhbanna a thig ó rátaí arda breis-ama ach go raibh dualgais le comhlíonadh agus, nuair ba ghá mar gheall ar chor na slándála breis gníomhaíochta ar thaobh na nGardaí, nach raibh sé indéanta daoine sa bhreis a thabhairt isteach agus a oiliúint láithreach.


Glacann an Coiste leis gur imthosca neamhghnácha is cúis le breis-am a íoc as an Vóta seo le blianta beaga anuas. Cé nach bhfuil rún aige trácht go sonrach ar na híocaíochtaí breis-ama sin is dóigh leis, i gcoitinne, i gcásanna inar dóigh go n-íocfar suimeanna measartha móra le daoine feadh tréimhsí fada mar íocaíocht bhreis-ama gur chóir aird a thabhairt i gcónaí ar leibhéal éifeachta daoine a bhíonn fostaithe go leanúnach ar bhreis-am agus freisin ar an mbreith atá ar dhaoine breise a earcú d’fhonn is nach mbeadh gá nó go mba lúide an gá le suimeanna móra breis-ama a íoc.


OIFIG AN AIRE OIDEACHAIS—COMHAIRLE NÁISIÚNTA NA gCÁILÍOCHTAÍ OIDEACHAIS

18. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir ina thuarascáil, ar a shon go ndearna Dáil Éireann airgead a sholáthar le haghaidh caiteachais Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais i bhfo-mhírcheann ghnáthvóta, gur dhealraigh sé go raibh an Roinn Oideachais ag féachaint ar an gComhairle mar chomhlacht a mhaoinítear le deontas-i-gcabhair. Mhínigh sé gurbh í an tsuim £95,600 a bhí ina muirear ar an bhfó-mhírcheann an tsuim a sheas do na glan-eisiúintí a d’eisigh an Roinn don Chomhairle i 1974, ach ó cheart gur £94,116 an muirear, is é sin, méid iarbhír na gcaiteachas a thabhaigh an Chomhairle sa tréimhse sin. Chuir sé in iúl freisin go raibh amhail ar an 31 Nollaig, 1974, £20,305 ar láimh ag an gComhairle agus gurbh é a bhí sa tsuim sin £14,914 airgid barrachais as airgead vótáilte ba chóir a bheith tugtha suas don Státchiste, £4,008 táillí a fuair an Chomhairle a ba cheart a bheith aisíoctha leis an Roinn agus £1,383 ús bainc a tuilleadh ar chuntas taisce. Chur an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh an Chomhairle tar éis na táillí a bailíodh a thabhairt suas ó shin agus go raibh na heisiúintí Vóta don Chomhairle an bhliain ina dhiaidh sin coigeartaithe chun airgead eile a chur san áireamh a bhí ar láimh acu i ndeireadh 1974. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise gur tharla an deacracht toisc amhras a bheith ann ar cheart an soláthar do Chomhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais a dhéanamh ar mhodh deontas-i-gcabhair. Mhínigh sé go raibh éiginnteacht ag baint le stádas na Comhairle nó go rithfí reachtaíocht ach go raibh sí ar bealach chun a bheith ina hinstitiúid ainmnithe don Údarás Ard-Oideachais. Sa cháil sin di gheobhadh sí deontas-i-gcabhair tríd an Údarás sin. Mar gheall ar an gcás sin tá ar an gCoiste béim láidir a chur ar an bprionsabal bunaidh nach foláir, i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta, airgead barrachais a thabhairt suas don Státchiste muran mar dheontas-igcabhair a soláthraíodh é agus tá sé á iarraidh go dtabharfaí an riail sin faoi umhail gach Oifigigh Cuntasaíochta. Ní theastaíonn ón gCoiste dul ag áiteamh faoi ar cheart nó nár cheart Comhairle Náisiúnta na gCáilíochtaí Oideachais a mhaoiniú ar mhodh deontas-i-gcabhair. Ach mar gheall ar an bhfadhb chuntasaíochta a thig ón éiginnteacht a bhí ann sa chás seo, molann sé, nuair a bheifear á bhreithniú cén modh ar a maoineofar comhlachtaí nua-bhunaithe ar nós na Comhairle, cúram a ghlacadh chun an modh is praiticiúla a roghnú, modh nach ngabhfadh deacrachtaí cuntasaíochta leis ach a choinneodh leor-urlámh ar chúrsaí airgid.


BUN-OIDEACHAS

437-451.


Foscríbhinn 9.


19. Bhreithnigh an Coiste mír 35 de thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste a chuir i bhfáir nach ndearna an Roinn Oideachais urlámh ceart airgeadais a fheidhmiú ar scéim mhór oiriúnúcháin agus leathnúcháin a bhí á chur i ngníomh i gceann de na coláistí oiliúna do mhúinteoirí agus arbh ó airgead vótáilte a bhí an maoiniú chuici ag teacht. Ba chuid den scéim suanleasa a athrú go seomraí seimineáir agus teagaisc, cóiríocht óstlannaíochta a athrú, amharclann léachtóireachta a dhéanamh den halla tionóil, saoráidí bialainne a leathnú agus cistin nua a chur ar fáil. Thug an tAire Airgeadais cead i mí Bealtaine, 1972, le haghaidh tosú na hoibre ach dhealraigh sé don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, ó chomhaid na Roinne ar an scéim a scrúdú, go raibh tosaithe ar an obair sular iarradh an cead sin agus go raibh an conradh tugtha ag údaráis an choláiste do chonraitheoir roghnaithe gan tairiscintí iomaíochta a lorg. Tar éis an obair a thosú chinn údaráis an choláiste tar éis comhairle a ghlacadh lena gcomhairleoirí gairmiúla gurbh é an tslí ab fhearr do sholáthar na saoráidí bialainne agus cistine a bhí ag teastáil foirgneamh nua a thógáil de rogha ar na saoráidí a bhí ann a athrú agus a oiriúnú. Dá bhrí sin, tarraingíodh suas pleananna nua agus rinneadh conradh ar leith don obair sin i Lúnasa, 1973, leis an gconraitheoir a bhí cheana féin ag gabháil don phríomh-scéim. Dúirt údaráis an choláiste go ndearnadh conradh ar £201,000 a réiteach ar fhoras bille gar-chainníochtaí do thionscadal mar é a bhí curtha i gcrích ag an gconraitheoir seo agus gur cuireadh i gcomparáid é le seic-chonradh a fuarthas ó ghnólacht tógála eile. Dealraíonn sé nach raibh a fhios ag an Roinn Oideachais go dtí Márta, 1974, go ndeachthas de leataobh ar an gcuma sin ó na pleananna bunaidh, tráth a fuair sé deimhnithe ailtire i leith na hoibre ar chonradh na bialainne/ cistine. Tar éis dó na pleananna agus na doiciméid don bhloc sin a scrúdú chuir Aonad Tógála na Roinne an tuairim in iúl go dtarlódh costas breise £160,000 tuairim, suim a laghdaíodh ina dhiaidh sin go dtí £100,000, toisc nach ndearnadh an tionscadal a phróiseáil de réir na ngnáth-nósanna imeachta, agus tairiscint iomaíochta a chur san aireamh, agus toisc nár chloígh achar an fhoirgnimh nua le caighdeáin an Aonaid. Faoi 31 Lúnasa, 1975, bhí deontais darbh iomlán £194,534 íoctha as an Vóta ar chonradh na cistine/bialainne.


Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina thuarascáil gur thaispeáin na comhaid roinne iomchuí nach ndearnadh rialú ceart airgeadais ar an scéim mar is léir ón méid seo (1) níl aon taifid ann ar chinntí faoi chaiteachas (2) níl tada ann á rá gur tugadh údarás foirmiúil d’údaráis an choláiste dul ar aghaidh leis na hoibreacha (3) ní dhearna Aonad Tógála na Roinne seiceáil ar shonraí na bpleananna agus na meastachán costais, d’ainneoin gur tugadh gealltanas don Roinn Airgeadais go ndéanfaí sin (4) ní raibh a fhios de réir dhealraimh go ndeachthas de leataobh ó na pleananna bunaidh do na saoráidí cistine/bialainne agus (5) níor féachadh chuige go gcloífí le caighdeáin an Aonaid Tógála maidir le tairiscintí agus teorainneacha achair. Dúirt sé freisin, áfach, go raibh údaráis an choláiste á shuíomh go ndeachaigh siad i mbun birt tar éis dul i gcomhairle leis an Roinn Oideachais agus gur choinnigh siad fios iomlán leis an Roinn sin ar dhul ar aghaidh na príomh-scéime agus ar an bhfoirgneamh cistine/bialainne. I mí na Nollag, 1974, cheadaigh an tAire Airgeadais caiteachas ar an bhfoirgneamh cistine/bialainne ach rialú dian a bheith ag an Aonad Tógála ar a thuilleadh caiteachais agus sin gan dochar do ranníocaíocht a fháil ó údaráis an choláiste faoi chomhair na gcostas breise.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta i gcomhfhreagras leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh sé iomrallach ró-chaiteachas a thabhairt ar an £100,000; gurbh é a bhí ann dáiríre an difear idir costas na scéime a d’ullmhaigh an t-ailtire a bhí fruilithe ag údaráis an choláiste agus costas measta scéime a mholfadh Aonad Tógála na Roinne mar ní a chuirfeadh ar fáil oiread cóiríochta agus a bhí ag teastáil. Dúirt sé freisin nach nglacfadh údaráis an choláiste ná a gcuid ailtirí leis go mba leor don méid cóiríochta a bhí ag teastáil uathu scéim a leagfaí amach de réir na dteorainneacha costas a chuirfeadh an tAonad Tógála leis. Dúirt sé freisin go raibh an coinníoll faoinar cheadaigh an Roinn Airgeadais go leanfaí don obair ar an tionscadal seo i.e. í a bheith faoi dhian-rialú ag Aonad Tógála na Roinne, go raibh sé sin á chomhlíonadh agus go leanfadh sé de bheith á chomhlíonadh ag a Roinn. Maidir leis an am le teacht, dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh na nósanna imeachta coigeartaithe sa Roinn Oideachais sa tslí nach bhféadfaí ceangal ar bith a ghlacadh i leith dul faoi chaiteachas caipitiúil ar aon tionscadal tógála iarbhunscoile mura mbeidh an tAonad Tógála tar éis dearadh agus costas an tionscadail a cheadú agus dúirt sé fós go gcaithfeadh an tAonad sin faireachán agus formheas a dhéanamh ar gach uile focaíocht i ndáil le tionscadail den sórt sin.


Ag tabhairt fianaise dó os comhair an Choiste dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur shíl an tAonad Tógála, dá mbeidís i gceannas na hoibre ó thús, go bhféadfaidís í a dhéanamh ní ba shaoire ach nach é a bhí á rá acu go raibh an obair mar a rinneadh í ar aon tslí neamhbharántaithe nó neamhriachtanach. D’admhaigh sé, áfach, go raibh locht ar an gcuma ina ndearna Bunbhrainse a Roinne rialú ar an ngnó sin ach dúirt sé nach bhféadfadh a leithéid sin tarlú arís mar go raibh gnóthaí mar sin á rialú anois ag an Aonad Tógála. Mhínigh sé gurbh é an chúis a tharla an chodarsnacht i dtaobh ceart-chaibidil a bheith nó gan a bheith idir údaráis an Choláiste agus an Roinn, gur cuid amháin den Roinn an tAonad Tógála agus gur cuid eile di an Bunbhrainse a bhíonn ag plé leis na coláistí oiliúna. Bhí údaráis an choláiste ag obair i ndáil le Bunbhrainse na Roinne agus níor cuireadh an scéal faoi bhraid an Aonaid Tógála. Dúirt sé, nuair a chuir an Roinn Oideachais in iúl don Roinn Airgeadais go raibh an tionscadal seo le bheith faoi réir iniúchta an Aonaid Tógála maidir le rialú costais, go raibh an phleanáil déanta cheana féin ag údaráis an choláiste trína ngnáthfhoirinn ailtirí agus conraitheoir. Bhí an nós imeachta sin lánsásúil feadh na mblianta, go háirithe maidir le luas déanta na hoibre, agus ní raibh aon chleachtas ná aon riachtanas tairisceana iomaíochta faoi na rialacháin a bhí infheidhme an tráth sin i gcás na gcoláistí oiliúna. D’aontaigh sé go raibh sé ar intinn sa chás seo go n-oibreodh Bunbhrainse na Roinne agus an tAonad Tógála i dteannta a chéile chun clár tógála a oibriú amach ach gur dhealraigh sé gurb é a choisc ar an intinn sin teacht chun éifeachta práinn na hoibre agus tosú a bheith déanta cheana féin ar an bhforas seanbhunaithe.


Dá mbeadh an tAonad Tógála bainteach leis an tionscadal féin, áfach, is ró-dhócha nach mbeadh tosú chomh luath sin déanta air toisc an tAonad a bheith gafa go lánbhroidiúil le hobair eile san am. Ghlac an tAonad Tógála leis gurbh fhiú an t-airgead an foirgneamh a tógadh. Níor cheanglas de chuid na Roinne Airgeadais é go ndéanfadh an tAonad Tógála rialú; rialachas dá deoin féin a bhí beartaithe ag an Roinn Oideachais ab ea é sin. Maidir le ranníocaíocht a fháil ó údaráis an choláiste i leith na gcostas sa bhreis, dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta le linn a chuid fianaise, sa mhéid a bhain le ranníocaíocht áitiúil a fháil ó na coláistí oiliúna do mhúinteoirí, gurbh shin rud a bhí ar neamhréir ar fad leis an bhforas ar ar bunaíodh na coláistí sin agus ar ar maoiníodh iad ó thosach. D’aontaigh sé, áfach, go bhféadfaí a thuilleadh breithnithe ar an ngné sin den scéal a chur siar go dtí go mbeadh cuntas deiridh an chonraitheora don obair sin ar fáil. Tar éis don Choiste é a scrúdú chuir an tOifigeach Cuntasaíochta meamram isteach d’fhonn an caidreamh idir na coláistí oiliúna agus an Roinn Oideachais a léiriú a thuilleadh, agus go háirithe i dtaobh tairiscint phoiblí d’oibreacha caipitil agus urrús do infheistíocht Stáit sna hoibreacha sin. Sa mheamram sin thug an tOifigeach Cuntasaíochta cuntas stairiúil ar an bhforas ar a ndearnadh na coláistí oiliúna a mhaoiniú ó chistí Stáit feadh na mblianta agus dúirt sé nárbh riachtanas é go ndéanfaí tairiscint phoiblí le haghaidh obair mhéadaithe ar na coláistí sin. I gcás an choláiste oiliúna áirithe a bhí i gceist rinneadh méaduithe móra go rí-thapaidh in imeacht na mblianta, agus sin go rí-thíobhasach, trí bhealaí stuama an choláiste féin.


Tá an Coiste tar éis breithniú domhain a dhéanamh ar shaincheisteanna an cháis seo ag féachaint do thuairimí an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus don fhianaise, ó bhéal agus i scríbhinn, a chuir an tOifigeach Cuntasaíochta i láthair. Ní féidir leis glacadh leis nár cheart an mhórscéim oibreacha caipitil a cuireadh i gcrích sa choláiste oiliúna sin agus a maoiníodh ar fad ó airgead Státchiste a bheith faoi réir na ngnáthnósanna imeachta a bhaineann le tairiscint iomaíochta ar an ábhar sin amháin gurbh iad údaráis an choláiste a bhí go díreach i mbun a dhéanamh a mhaoirsiú. Tá an Coiste daingean air nach foláir cloí i ngach conradh d’oibreacha caipitil a mhaoineoidh an Státchiste le cleachtadh na tairisceana iomaíochta is cuma an Ranna nó gníomhaireachtaí lasmuigh a mhaoineoidh iad go díreach agus ba mhaith leis deimhniú a fháil ón Roinn Airgeadai san ábhar sin.


Tugann an Coiste faoi deara ón meamram a chuir an tOifigeach Cuntasaíochta isteach go bhfuil sé beartaithe, le comhaontú ó údaráis an choláiste, aon obair chaipitil as seo amach sa choláiste sin a bheith faoi réir tairiscint phoiblí. Tugann sé faoi deara freisin ón meamram seo go bhfuil sé beartaithe dintiúr a fhorghníomhú á áirithiú go leanfar den choláiste a úsáid chun múinteoirí scoile náisiúnta a oiliúint agus chuige sin amháin nó chun críche oideachais éigin eile a bheidh ceadaithe ag an Aire Oideachais agus go mbeidh foráil sa dintiúr sin chun deontais chaipitil stáit a aisíoc má tharlaíonn nach leanfar a thuilleadh den choláiste a úsáid chuige sin. Measann an Coiste gur chóir a leithéid sin de dhintiúr, á ráthú go n-úsáidfí an coláiste chun críocha formheasta oideachais, gur chóir é a bheith tarraingthe suas sular tosaíodh ar na hoibreacha oiriúnaithe agus méadaithe. Mar sin féin, is maith leis deimhniú an Oifigigh Chuntasaíochta go bhforghníomhófar dintiúr den sórt sin agus tá sé á thathant go ndéanfaí sin gan mhoill.


Aontaíonn an Coiste leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go mba uireasach ar fad mar a d’fheidhmigh an Roinn Oideachais rialú ar chúrsaí airgeadais na scéime sin. Dhealródh sé gurbh é chúis, go formhór, a bhí leis an uireasa sin i gcúrsaí rialaithe, gan cumarsáid ná comhoibriú ar bith a bheith idir Aonad Tógála na Roinne Oideachais agus Bunbhrainse na Roinne sin. Is cúram rómhór leis an gCoiste an cor míshásúil sin agus tá súil aige go bhfuil sé curtha ina cheart cheana féin. Measann an Coiste freisin go bhféadfadh sé tarlú, mar gheall ar uireasa na Roinne Oideachais i gceart-chúrsaí rialaithe agus nós imeachta, go bhfágfaí údaráis an choláiste ar chor tuathail agus ceapann sé gur mí-ámharach an rud sin.


Ba mhaith leis an gCoiste go n-inseofaí dó cé mhéid ar fad a chosain an conradh go huile agus cé mhéid a chosain an conradh cistine/ bialainne ar leithligh, nuair a bheidh na figiúirí ar fáil, agus cad a cinneadh i dtaobh ranníocaíocht a lorg ó údaráis an choláiste. Ba mhaith leis a fháil amach freisin an ndeachthas de leataobh ar aon bhealach eile ón gconradh bunaidh seachas sa chás a bhaineann leis na saoráidí cistine/bialainne.


MEÁNOIDEACHAS

20. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ina thuarascáil ar neamhbhailiú ranníocaíochtaí áitiúla i leith costas caipitiúil aon scoil déag phobail, costas arbh é a shuim £4,188,060 an 31 Nollaig, 1974. Nuair a bhí soláthar na scoileanna sin á cheadú ag an Aire Airgeadais thug sé treoir i nDeireadh Fómhair, 1970 gur cheart ranníocaíocht áitiúil a fháil i ngach cás agus chuir sé in iúl go mbeadh sé ag brath ar an Roinn Oideachais chun an ranníocaíocht ba mhó a chruinniú a fhéadfaí a fháil ag féachaint do chúrsaí áitiúla. Ar an ábhar nach raibh ranníocaíocht áitiúil faighte ná aontaithe in aon chás faoi 30 Meitheamh, 1975 d’iarr an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste eolas ar an Oifigeach Cuntasaíochta i dtaobh cad a bhí á dhéanamh do chomhlíonadh treorach an Aire Airgeadais san ábhar sin. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur thug an tAire Oideachais le fios do na húdaráis eaglasta freagracha go raibh súil leis go mbeadh 10% den chaiteachas caipitil tosaigh i ngach cás le fáil mar ranníocaíocht áitiúil, cuid de ón gcoiste gairmoideachais agus an chuid eile ón meánscoil lenar bhain. Ní raibh deireadh leis na caibidlí i gcásanna ar leithligh toisc gur theastaigh ar dtús leagan comhaontaithe de ghníomhas iontaobhais a chríochnú.


Bhí leagan comhaontaithe mar sin ar fáil i Nollaig, 1975 ach, sula ndeachthas chun caibidle leis na dreamanna údarás scoile ar leithligh lenar bhain, theastaigh comhaontú i bprionsabal a réiteach leis na húdaráis eaglasta maidir leis an méid de ranníocaíocht áitiúil a bhí le cur san iontaobhas. I Meán Fómhair, 1976, chuir an tOifigeach Cuntasaíochta tuilleadh scéala chuig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh an Roinn Airgeadais tar éis foras leasaithe ionramhála a cheadú agus go raibh sé sin curtha faoi bhráid na bpríomh-údarás eaglasta le haghaidh a n-aontaithe agus go rabhthas in ionchas leis go bhféadfadh an Roinn Oideachais ranníocaíochtaí áitiúla a lorg ar fhoras leasaithe go luath. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise os comhair an Choiste gurbh é a bpríomh-chúram ar dtús na scoileanna pobail sin a thógáil agus a chur i mbun oibre. Is é an deacracht a bhain le ranníocaíochtaí áitiúla a bhailiú foras ceart cuí a n-iarrtha a bhunú. Sa mhéid a bhain leis na húdaráis eaglasta áitiúla bhí an scéal réitithe anois ach bhain deacracht fós leis an leath den ranníocaíocht a bhí le bailiú ó na coistí gairmoideachais. Ba mhaith leis an Roinn gur ranníocaíocht áitiúil dáirire a bheadh sa leath sin agus go dtiocfadh sé as airgead a bhí cruinnithe ag an údarás rátaíochta in ionad é a theacht as deontais a fuair na coistí as airgead vótáilte. Bhí an Roinn i dteagmháil leis an gcoiste gairmoideachais is mó, bhféidir, a bhfuil scoileanna pobail aige sa limistéar agus tá an Coiste sin agus an t-údarás áitiúil iomchuí an-mhífhonnmhar leis an leath sin a theacht as na rátaí. Dá dhroim sin, níor mhór an t-ábhar sin a phlé leis an Roinn Airgeadais lena fháil amach an gcaithfí a bheith daingean air sin nó an bhféadfaí aon socrú eile a dhéanamh ina ionad.


Admhaíonn an Coiste go raibh práinn le dul ar aghaidh agus na scoileanna sin a chur ar fáil. Mar sin féin, measann sé gur chóir am go leor a bheith ann, nuair a bhí an tionscadal fós á phleanáil, teacht ar fhoras comhaontaithe do réiteach cad iad na ranníocaíochtaí áitiúla a bheadh le híoc. Nuair nár comhaontaíodh ar fhoras mar sin sular tosaíodh ar obair na scoileanna chruthaigh an Roinn Oideachais mórdheacracht di féin maidir le bailiú na rannaíocaíochtaí áitiúla i leith costas na scoileanna sin, agus, mí-ásach go leor, bhí an deacracht sin fós gan réiteach i Nollaig, 1976 nuair a tháinig an scéal os comhair an Choiste.


Is tromaí leis an gCoiste moill chomh fada sin do bhaint leis na ranníocaíochtaí áitiúla sin a bhailiú, ag féachaint go speisialta dó mhórmhéid an chaiteachais airgid vótáilte ar na scoileanna pobail sin a sholáthar agus an costas mór atá ar an Státchiste ag maoiniú an chaiteachais sin. Tá sé á iarraidh go ndéanfaí gach ar féidir chun an scéal sin a réiteach go sásúil gan a thuilleadh moille, mura bhfuil sin déanta cheana.


Mar fhocal scoir, má tharlaíonn feasta go mbíonn tionscadail le maoiniú go páirteach as bunaidh Státchiste agus go páirteach as ranníocaíochtaí áitiúla is cuma cén bunadh, ba mhaith leis an gCoiste a thathant nár cheart caiteachas airgid Státchiste a thabhú go dtí go mbeidh na ranníocaíochtaí áitiúla cruinnithe nó, ar aon chor, go dtí go mbeifear tar éis a gcruinniú a ráthú go sásúil.


Teastaíonn ón gCoiste go gcoinneofaí eolas leis i dtaobh conas a bheidh ag éirí leis na ranníocaíochtaí áitiúla a chruinniú i leith costas na scoileanna pobail.


21. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir sa tuarascáil uaidh an t-airgead vótáilte a caitheadh ar thógáil spórtlanna, lena n-áirítear linnte snámha, i gceithre scoil phobail agus i scoil chuimsitheach amháin agus an mhoill a bhain le ranníocaíochtaí comhaontaithe áitiúla dar suim £335,000 a chruinniú. Chuir sé in iúl freisin nár iarradh cead sonrach ar an Aire Airgeadais le haghaidh tabhú an chaiteachais ar linnte snámha ná le haghaidh na gcomhshocraíochtaí airgeadais i ndáil le ranníocaíochtaí áitiúla. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste leis an gCoiste gur chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl dó i Nollaig, 1975, nár measadh gur ghá cead sonrach an Aire Airgeadais a iarraidh le haghaidh airgead vótáilte a chaitheamh ar linnte snámha a sholáthar toisc go rabhthas ag súil leis go nglanfadh na ranníocaíochtaí áitiúla costas na linnte go hiomlán. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise leis an gCoiste go ndearnadh an caiteachas sin a fhreastal as an dáileadh caipitiúil a bhí curtha ar fáil don Roinn Oideachais agus, ag an am a tabhaíodh é, go rabhthas ar an tuairim ina Roinnsean nár ghá, maidir le dáileadh caipitiúil mar sin, cead sonrach a fháil le haghaidh míreanna ar leithligh cosúil le linnte snámha nuair a bhí an costas á aisíoc leis an Roinn.


Ní foláir don Choiste a rá arís gur ábhar cúraim leis an mhoill a bhaineann le ranníocaíochtaí áitiúla a chruinniú, moill ar tháinig di gur caitheadh airgead vótáilte agus go dtig costas dá dhroim ar an Státchiste. Ba mhaith leis béim a chur arís ar a bhfuil ráite aige i mír 20 maidir le hairgead vótáilte a chaitheamh le hionchas go bhfaighfear aisíoc ó bhunaidh áitiúla.


Tugann an Coiste dá aire nár iarradh cead sonrach an Aire Airgeadais le haghaidh an chaitheamh airgid vótáilte sin. Ní foláir dó a bheith daingean air go mba chóir an cead sin a iarraidh, d’ainneoin é a bheith beartaithe go n-aisíocfaí ó bhunaidh áitiúla an t-airgead vótáilte a caitheadh; is muirear ar an Státchiste an t-airgead sin a úsáid fiú go sealadach. Is ceart é a chur i bhfáir ar gach Oifigeach Cuntasaíochta nach mór cead na Roinne Airgeadais a fháil i gcásanna den sórt sin.


22. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar shuim £1,259,171, ar a n-áirítear £496,565 sa tréimhse atá faoi bhreithniú, a caitheadh ag tógáil trí scoil ghairmoideachais a muirearaíodh ar an Vóta do Mheánoideachas. Fuarthas cuid den airgead le haghaidh soláthar na scoileanna sin ar mhodh saoráidí iasachta a chuir an Banc Domhanda ar fáil don Státchiste. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gurbh é foras a bhí leis an gcomhshocraíocht gur ghlac an Banc leis gur scoileanna pobail/chuimsitheacha an trí scoil sin agus ar an ábhar sin gur muirearaíodh caiteachas a dtógála i gcoinne an tsoláthair fo-mhírchinn do scoileanna den sórt sin sa Vóta do Mheánoideachas. Dúirt sé freisin go raibh sé curtha in iúl don Roinn Airgeadais i mBealtaine 1972 go raibh sé beartaithe gach íocaíocht faoin gclár leanar bhain iasacht an Bhainc Dhomhanda a dhéanamh as an Vóta do Mheánoideachas.


Ní aontódh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh sé ceart, de dhroim an cineál comhshocraíochtaí airgeadais a rinneadh do mhaoiniú cuid den chaiteachas ar sholáthar scoileanna gairmoideachais—sa chás seo iasacht ón mBanc Domhanda—go raibh sé ceart an caiteachas sin a mhuirearú ar an Vóta do Mheánoideachas nuair atá sé go follasach lasmuigh de réim an Vóta sin. Dúirt sé freisin go ndearnadh a thuilleadh caiteachais caipitil a tabhaíodh ar na scoileanna sin i 1975 a mhuirearú sa tslí chéanna. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina fhianaise gur mar gheall ar shocrú mórcheannaigh a muirearaíodh an caiteachas sin ar an ndul sin. Iarracht chun costas a laghdú oiread ab fhéidir a bhí sa chaighdeánú maidir le scoileanna gairmoideachais agus scoileanna pobail/ chuimsitheacha a thógáil. Dúirt sé fairis sin go mbeadh maoiniú gach uile chás mar é feasta a thiocfadh faoi iasacht an Bhainc Dhomhanda á dhéanamh as iasachtaí a bheidh faighte ag na coistí gairmoideachais ó Chiste na nIasachtaí Áitiúla.


Is sárú é ar cheann de na prionsabail is bunúsaí de chuntasaíocht Rialtais caiteachas a mhuirearú ar Vóta agus an caiteachas sin a bheith go follasach lasmuigh de réim an Vóta sin. Is ró-thromaí leis an gCoiste sárú mar sin; is ionann é agus diúltú go feasach déanamh de réir intinn na Parlaiminte nuair a vótáiltear airgead. Is maith leis go bhfuil an tOifigeach Cuntasaíochta á dhearbhú nach dtarlóidh sárú mar sin arís.


MÉADUITHE AR PHINSIN AGUS FEABHSUITHE ÁIRITHE AR AOISLIÚNTAIS AGUS AR LIÚNTAIS SCOIR

23. Sa tuarascáil uaidh do 1974 dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste go ndearna sé fiafraí maidir leis an eisiúint £100,000 as an Vóta seo faoi chomhair an chostais a bhainfeadh le feabhsuithe áirithe a chur ar aoisliúntais agus ar liúntais scoir is iníoctha le hoifigigh bhunaithe a scoir nó a fuair bás sa tréimhse 1 Méitheamh, 1973, go dtí 31 Nollaig, 1974. Rith Dáil Éireann an meastachán an 18 Nollaig, 1974, agus chuir Roinn na Seirbhíse Poiblí in iúl do na Ranna an 23 Nollaig, 1974, go raibh sé údaraithe na cnapshuimeanna agus na haiscí báis athbhreithnithe a íoc. Is é a bhí sa £100,000 a muirearaíodh ar an Vóta, £81,000 a aistríodh go dtí Vóta 13— Aoisliúntais agus Liúntais Scoir—agus £19,000 a aistríodh go dtí Vóta 43—Poist agus Telegrafa, faoi chomhair caiteachais ab inmhuirir ar na vótaí sin i leith na bhfeabhsuithe ar na haoisliúntais. Toisc gur dhealraigh sé nach mbeadh cnapshuimeanna feabhsaithe dar mhéid £100,000 ar fad íoctha amach, roimh dheireadh na bliana, as an dá Vóta sin, d’éirigh ceist i dtaobh na suime sin a bheith ina muirear ceart ar Vóta 51. Bhí sé curtha in iúl ag an Oifigeach Cuntasaíocht don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur as na meastacháin sholáthraigh an dá Roinn lenar bhain a tháinig na suimeanna eisíodh ach, mar gheall ar a dhéanaí a ritheadh an Meastachán nach raibh ach fíor-bheagán laethanta oibre fágtha roimh dheireadh na bliana ina bhféadfaí íocaíochtaí a dhéanamh agus narbh fhéidir dá bhrí sin ach roinnt bheag íocaíochtaí aoisliúntais a dhéanamh ar an bhforas feabhsaithe roimh 31 Nollaig, 1974.


D’fhéadfaí an mhórchuid den £100,000 caiteachais a chur dá bhrí sin i leith méaduithe pinsin nó dámhachtaintí aoisliúntais a íocadh ar fhoras neamh-athbhreithnithe i.e. caiteachas a bheadh le híoc as na forálacha bunaidh a rinneadh i Vótaí 13 agus 43.


Rinne an Coiste breithniú fada ar an bhfianaise a thug an tOifigeach Cuntasaíochta maidir leis an £100,000 caiteachais a cuireadh ar fáil le haghaidh aoisliúntais feabhsaithe mar a bhí i bhfís sa mheastachán breise iomchuí. Tugann sé dá aire gur admhaigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise gur ar ghnáth-mhéaduithe pinsin a caitheadh an mhórchuid den airgead sin, is é sin nach chun na críche chun ar vótáladh é a caitheadh é. Sa mhéid nár caitheadh amhlaidh é bhí sé le tabhairt suas don Státchiste agus níor cheart é a bheith fágtha ina mhuirear ar Vóta 51. Tugann an Coiste dá aire, cé gur cuireadh £81,000 ar fáil do Vóta 13—Aoisliúntais agus Liúntais Scoir—faoi chomhair chostas na liúntas feabhsaithe, nach raibh le tabhairt suas ón Vóta sin ach £14,983. Ar an ábhar, mar a d’admhaigh an tOifigeach Cuntasaíochta, nach chun na gcríocha a vótáladh é a caitheadh an mhórchuid den £81,000 seo dealraíonn sé dá mba rud é nach raibh sé curtha ar fáil go rachfaí thar an soláthar a rinneadh i Vóta 13 agus ba ghá Vóta Barrachais ina chomhair sin. Chítear don Choiste go bhfuil sé sin thar a bheith mírialta. Ag féachaint do na cúrsaí go léir níl rún aige tuilleadh a rá faoin scéal ach ní foláir dó béim a leagan arís ar an ngá atá le déanamh go beacht de réir prionsabal na cuntasaíochta rialtais agus, go háirithe, tá sé daingean air go gcaithfear airgead nach mbeidh caite i ndeireadh na bliana chun na críche ar chuige a vótáil Dáil Éireann é a thabhairt suas don Státchiste.


OIFIG NA nOIBREACHA POIBLÍ

24. I ndáil le hoifigí Rialtais a chur ar fáil in Áth Luain agus illgCaisleán an Bharraigh rinneadh cinneadh beartais an tionscadal a athbhreithniú agus cóiríocht a chur ar fáil ar scála laghdaithe ag an gcéim a raibh dréacht-phleananna forbartha críochnaithe agus curtha isteach le haghaidh a gceadaithe cheana féin agus pleananna costais tosaigh ullmhaithe. Bhí táillí gairme £43,258 ar fad íoctha ar na pleananna agus ar eolas deartha agus bhí sé á phlé ar feadh i bhfad ag an gCoiste ar cheart an caiteachas sin go léir nó aon chuid de a áireamh mar chaillteanas inchiallaithe.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise nach foláir a chur san áireamh agus an scéal sin á bhreithniú gur cuid d’fheidhm Oifig na nOibreacha Poiblí soláthar agus pleanáil le haghaidh tionscadail thógála agus ní féidir an fheidhm sin a chomhlíonadh gan caiteachas a thabhú. Ní féidir leis na Coimisinéirí an tseirbhís sin a chur in áirithe do thionscadail a chomhlíontar i ndeireadh báire agus dóibh sin amháin mar níl aon tslí chun na tionscadail sin a aithint roimh ré. Ná ní fhéadfaidh siad seasamh air nár chóir pleananna a bhíonn déanta a athrú más gá na hathruithe sin de thoradh mionscrúdaithe, malairt imthoscaí nó athruithe beartais. Is é barúil na gCoimisinéirí dá bhrí sin gur cuid de ghnáthobair Oifig na nOibreacha Poiblí seirbhís phleanála a chur ar fáil do thionscadail éagsúla nach dtéitear ar aghaidh leo nó a athraítear a bheag nó a mhór, ní as a dtig caiteachas, agus measann siad go mbeadh sé míréasúnach an caiteachas sin a áireamh mar chaillteanas inchiallaithe a dteastódh ceadú sonrach na Roinne Airgeadais lena aghaidh agus a sonrófaí sa Chuntas Leithreasa. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh sé ar intinn aige é sin a chur i bhfios don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ach sula ndéanfadh sé é sin go raibh iarrtha aige ar an Aire Airgeadais aontú le barúil na gCoimisinéirí.


Glacann an Coiste leis go dtarlóidh cásanna ó am go ham ina dtarlóidh caillteanais inchiallaithe mar gheall ar athruithe beartais. Is léir nach féidir freagracht na gcaillteanas sin a chur ar Oifigigh Cuntasaíochta. Tá súil aige, nuair a bheifear ag socrú ar bheartais a athrú, go ndéanfar breithniú iomlán ar cad a chiallóidís don Státchiste ó thaobh airgeadais. Is féidir leo imthosca a shamhlú ina mbeadh sé deacair, mura mbeadh sé dodhéanta, a mheas cé mhéid de chaillteanas inchiallaithe a tharlódh dáiríre. Mar sin féin, measann sé gur maith an rud gach uile chás mar sin lena mbíonn mórshuimeanna bainteach a chur in iúl don Pharlaimint trína shonrú go hoiriúnach sa Chuntas Leithreasa.


Maidir leis an gcás áirithe atá faoi bhreithniú fanfaidh an Coiste ie toradh an chomhfhreagrais idir an tOifigeach Cuntasaíochta agus an tAire Airgeadais san ábhar.


TALMHAÍOCHT

25. Is é an tAire Talmhaíochta Gníomhaireacht Idirghabhála oifigiúil CEE in Éirinn agus is é atá freagrach i gceannach, stóráil agus athdhíol na n-earraí lena mbaineann agus in íoc na dtáillí láimhsithe, stórála, iompair, úis agus in íoc na dtáillí eile maidir leis na hearraí sin. As airgead vótáilte a íoctar na muirir sin sa chéad ásc agus, faoi réir teorainneacha áirithe, is féidir iad a ghnóthú ó FEOGA, agus cuirtear an t-airgead a ghnóthaítear mar sin chun sochair do Leithreasaí-i-gCabhair. Thuairiscigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur shonraigh sé, le linn roinnt muirear a íocadh as an Vóta a bheith á n-iniúchadh aige, go raibh glactha le nós imeachta trínar socraíodh go n-íocfaí an méid iomlán a bhí dlite do éilitheoirí fad a bheifí ag feitheamh leis na sonraisc iomchuí a sheiceáil tráth ní ba dhéanaí ach i bhformhór na gcásanna go raibh na sonraisc sin gan seiceáil tráth a chuid iniúchta. Bhí sé curtha in iúl dó ag an Oifigeach Cuntasaíochta go ndearnadh íocaíochtaí go hiomlán mí i ndiaidh ama le fuarstórais Éireannacha agus sé seachtaine i ndiaidh ama le fuarstórais na Ríochta Aontaithe tráth a bhí iarmhéid maith mór tar éis faibhriú chun bheith dlite i ngach cás. Bhí sé curtha in iúl freisin ag an Oifigeach Cuntasaíochta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach bhféadfaí glacadh leis go mbeadh an Roinn sásta leanúint feadh tréimhse éiginnte leis na híocaíochtaí sin ar cuntas, toisc nárbh inmholta mar bhealach íocaíochta iad cé fós, trua an cor, go raibh gá leo i limistéir áirithe idirghabhála mairteola; mórscála na n-oibríochtaí, nach raibh a leithéid ann riamh cheana, ba chúis leo.


Bhí foireann ag saothrú go speisialta ar chomhréiteach na ndoiciméad riaráiste agus an obair reatha agus bhí dóchas ann, dá bhrí sin, scor ar fad d’íocaíochtaí ar cuntas ach bheadh sé tamall eile fós sula bhféadfaí sin a dhéanamh. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste in iúl don Choiste gur mheas sé, cé gur lú an méid iomlán a íocadh le héilitheoir ag aon chéim áirithe ná luach iomlán na sonrasc a cuireadh isteach, nár mhaith an rud gur ligeadh dó tarlú go raibh sonraisc, a ba chóir a bheith íoctha go hiomlán, gan seiceáil ar feadh achair fhada. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise leis an gCoiste go raibh feabhas ar an scéal agus go raibh seiceáil na sonrasc geall le bheith cothrom le dáta. Dúirt sé go raibh gach éinne in inmhe níos fearr anois chun an scéal a ionramháil, ní hamháin foireann na Roinne ach freisin na próiseálaithe feola agus na cuideachtaí iompair, agus bhí dóchas maith aige go mbeadh an fhadhb go léir réitithe faoi dheireadh na bliana.


Aontaíonn an Coiste leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nach maith an rud in aon chor moill fhada do bhaint le seiceáil sonrasc atá cheana féin íoctha go hiomlán. Is maith leis an deimhniú a thug an tOifigeach Cuntasaíochta go bhfuil dul chun cinn déanta ag glanadh na riaráistí seiceála sonrasc agus go bhfuil dóchas ann go mbeidh an scéal go léir réitithe faoi dheireadh 1977. Teastaíonn uaidh go gcoinneofaí eolas leis i dtaobh a dtarlóidh.


Cta. 601-625.


Cta. 630-631.


Ct. 650.


26. Chuir an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste i bhfáir ina thuarascáil gur thagair sé do rudaí áirithe i gcomhfhreagras leis an Oifigeach Cuntasaíochta a d’éirigh as an scrúdú a rinne se ar roinn na hÉireann de Chuntas FEOGA ar a ndéanann sé iniúchadh trí shocrú leis an Roinn Talmhaíochta. Bhain na nithe a tagraíodh leis an Oifigeach Cuntasaíochta le mairteoil idirghabhála a cheannach agus a stóráil agus ar a n-áireamh bhí ábhair ar nós stocrialú, neamhréireachtaí meáchain, íocaíochtaí ar cuntas agus ró-íocaíochtaí. De ghnáth dhéileálfadh sé leo sin ina chuid tuarascálacha ar chuntais FEOGA ach toisc gur cheap sé, dá dtarlódh caillteanais mar gheall ar oibríochtaí idirghabhála, go dtiocfadh do mhuirear titeam ar airgead vótáilte, mheas sé gur bhfearr na cúrsaí sin a chur i bhfáir ar Dháil Éireann freisin. Thug an tOifigeach Cuntasaíochta eolas ina chuid fianaise don Choiste i dtaobh oibriú an chórais idirghabhála margaidh do mhairteoil. Mheabhraigh sé go raibh an margadh ina chír thuathail deireadh 1973 agus an chuid tosaigh de 1974 mar gheall ar an margadh idirnáisiúnta mairteola a thitim ar lár agus go raibh orthu córas idirghabhála CEE a chur i ngníomh láithreach. I 1974, 1975 agus 1976 cheannaíodar beagnach 330,000 tonna mairteola amach as margadh na hÉireann ar chostas £265 milliún. Bhain an t-uafás cuntasaíochta agus doiciméadachta leis na gnóthaí ollmhóra sin maidir le ceannach, stóráil, díol, iompar, agus na rudaí eile go léir a bhaineann le hoibríocht tráchtála. D’éirigh an scéal níos casta ó fhómhar 1974 amach mar sa tréimhse sin, cé go rabhadar ag ceannach mairteola isteach i gcónaí, bhíodar ag díol mairteola freisin agus bhain a thuilleadh cuntasaíochta agus doiciméadachta leis sin. Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta freisin gur bheag a raibh de chainníochtaí á nglacadh isteach trína lámha acu le roinnt mí anuas sa tslí go mbeadh tuairim 35,000 tonna de stoc iomlán ar láimh acu faoi láthair. Dúirt sé go raibh cuid mhór den obair chuntasaíochta á dhéanamh anois le ríomhairí agus gur ordúla go mór an bhail atá uirthi ná mar a bhí nuair a thosaigh siad; ach thuaraigh sé go mbeadh sí ina fhadhb mhór chuntasaíochta go ceann roinnt blianta.


D’aontaigh sé, mar a bhí ráite ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina thuarascáil, go mbeadh an Státchiste bainteach leis ar deireadh thiar dá mba rud é, i ndeireadh na hoibríochta, nach raibh a gcuntais comhardaithe acu agus nach rabhadar tar éis Coimisiún CEE a shásamh maidir leis na diúscairtí agus nithe eile i ndáil leo. Dá ndéanfaidís dearmadaí móra ní ghlanfadh CEE na caillteanais a d’fhéadfadh tarlú agus is ar Státchiste na hÉireann a thitfeadh an muirear i ndeireadh dála. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta freisin gur bhaolach i gcónaí go dtarlódh caillteanais theagmhasacha, mar a thugtar orthu, mar gheall ar rudaí ar nós fuarstóráil mhíshásúil nó lipéid mhíchearta a bheith ar choinsíneachtaí a díoladh. I gcásanna mar sin, áfach, socraítear an scéal de ghnáth i gcaibidil leis na trádálaithe lena mbaineann, ach is féidir le caillteanais tarlú. Ceadaíonn CEE 1% de lamháltas i leith caillteanais theagmhasacha a éiríonn as oibríocht iomlán na hidirghabhála díola agus ceannaigh. Caillteanas a glanadh as an Vóta sna blianta deiridh seo baineann sé le muirir úis. Tarlaíonn sé sin mar gheall ar dhifear a bheith idir an ráta iarbhír úis a íocann an Roinn ar airgead a fuarthas ar iasacht chun críocha idirghabhála agus an ráta atá ceadaithe ag CEE i leith cúitimh, is meánráta ar fud na mBallstát go léir. Ba é meastachán an Oifigigh Chuntasaíochta go dtarlódh £3.5 milliún de chaillteanas i 1977 mar gheall air sin.


Dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta gur tuaraíodh dó go mbeadh an chuntasaíocht scoir maidir le mairteoil idirghabhála ar cheann de na poncanna ba deacra a bheadh le réiteach ag an Roinn sna blianta atá díreach le teacht, ach bhí muinín réasúnach aige nach mbeadh aon mhór-fhadhbanna ann nuair a shroichfeadh an t-ábhar an pointe scoir.


Mar gheall ar scála na n-oibríochtaí agus castacht na socruithe cuntasaíochta sa réimse sin, tá imní ar an gCoiste go n-éireodh saincheisteanna ba dheacair a réiteach idir an tAire Talmhaíochta mar Ghníomhaireacht Idirghabhála, agus CEE, i ndáil le cuntais a shocrú agus, dá dhroim sin, go mb’fhéidir go dtitfeadh muirir bhreise ar an Státchiste. Tá baol ann dá fhad a chuirfear moill leis an gcomhréiteach deiridh gur deacra a bheidh sé an scéal a réiteach. Tá an Coiste á thathant, dá bhrí sin, go ndéanfaí gach uile bheart is féidir chun déileáil leis na fadhbanna atá fágtha a luaithe is féidir agus teacht ar chomhaontú le CEE maidir le haon mhíréireachtaí a tharlóidh.


Ba mhaith leis eolas a choinneáil leis i dtaobh an dul chun chinn a bheidh á dhéanamh sa réimse sin.


Is cúram go háirithe leis an gCoiste an tromchaillteanas atá ag baint don Státchiste cheana féin, mar atá ráite ag an Oifigeach Cuntasaíochta, mar gheall ar an difear idir an ráta úis a íocadh as an Vóta ar airgead a fuarthas ar iasacht agus an ráta atá ceadaithe ag CEE i gcúiteamh agus molann sé dul níos faide leis an scéal sin d’fhonn teacht ar shocrú níos cothroime.


AN tARD-REACHTAIRE CUNTAS AGUS CISTE

27. Cheistigh an Coiste an tOifigeach Cuntasaíochta don Vóta seo maidir le heagraíocht agus foireann Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus d’fhiafraigh sé cé mhéid foirne a bhí ann faoi láthair i gcomparáid lena raibh ag gabháil d’iniúchadh 20/25 bliana ó shin. Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta go raibh 75 ar fad ar an bhfoirinn faoi láthair i gcomparáid le 67 i 1954-55, go raibh 47 den líon 75 a bhí ann faoi láthair ag gabháil do iniúchadh Vótaí, 19 ag gabháil do chomhlachtaí Stát-tionscanta a iniúchadh agus gurbh é a bhí sa chuid eile an fhoireann stiúrtha sa cheanncheathrú fara le clóscríobhaithe agus teachtaire. I 1954-55 bhí an líon ceanna, i.e. 47, ag gabháil do iniúchadh Vótaí agus líon níos lú ag gabháil do chomhlachtaí Stát-tionscanta a iniúchadh. Bhí an t-ualach oibre ag méadú go leanúnach i ndáil le cuntais na gcomhlachtaí Stát-tionscanta agus is don réimse sin iniúchóireachta geall leis ar fad a sannadh na méaduithe beaga foirne a ceadaíodh le blianta beaga anuas. Tháinig méadú mór freisin ar ghníomhaíochtaí roinnt ranna agus níor cuireadh aon bhreis foirne ar fáil don mhéadú a tháinig ar obair iniúchóireachta. Thug an tOifigeach Cuntasaíochta gearrthuairisc ar chuid de na réimsí inar tharla méaduithe den sórt sin, e.g. sna Ranna Oideachais, Talmhaíochta, lena n-áirítear Gníomhaireacht Idirghabhála CEE, Leasa Shóisialaigh, Sláinte agus Rialtais Áitiúil agus dúirt sé go mba ábhar imní dó go mb’fhéidir nach bhféadfadh an Oifig a cuid dualgas iniúchóireachta a dhéanamh go héifeachtúil a thuilleadh lena laghad foirne atá aici faoi láthair.


Mhínigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste don Choiste gur chinn sé, mar gheall ar mhéadú na hoibre san Oifig, go raibh gá le Stíúrthóir Iniúchóireachta ar leithligh chun freagracht a ghlacadh in iniúchadh na gcomhlachtaí Stát-tionscanta agus dúirt sé gur cuireadh iarratas le déanaí go dtí Roinn na Seirbhíse Poiblí ag lorg breis foirne. An líon foirne a iarradh le haghaidh na leibhéal éagsúla san iarratas sin ba shin é an líon ba lú a mheas sé ba ghá chun go bhféadfadh sé a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtúil agus bhí sé riachtanach iad a bheith ar fáil gan mhoill.


Ábhar buartha don Choiste mórdheacrachtaí a bheith in Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste mar gheall ar theirce foirne toisc go measann sé an tábhacht is airde a bheith ag an Oifig sin in eagraíocht uile na Státseirbhíse agus gurb Oifig í a bhfuil sé dearbhriachtanach í a bheith ag feidhmiú go héifeachtúil má táthar le rialú ceart parlaiminteach a choinneáil i bhfeidhm ar ioncam agus caiteachas Stáit. Glacann sé leis an gcás a rinne an tOifigeach Cuntasaíochta go bhfuil méadú an-mhór tagtha ar obair na hOifige le blianta beaga anuas maidir le ranna agus comhlachtaí Stát-tionscanta a iniúchadh. Glacann sé leis freisin go gcaithfidh a dhóthain foirne a bheith ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste chun an t-iniúchadh sin a dhéanamh go héifeachtúil.


Is eol don Choiste go bhfuil sriantachtaí i bhfeidhm faoi láthair le haon mhéadú a cheadú ar líon na foirne sa Státseirbhís go ginearálta. Measann sé mar sin féin nár chóir go gcuirfeadh na sriantachtaí sin bac leis an bhfoireann breise is gá a cheadú d’Oifig an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Tá béim á leagan aige ar an bpráinn atá leis sin.


LEAS SÓISIALACH

28. Tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar róíocaíochtaí pinsean seanaoise neamhranníocach a rinneadh tar éis nósanna imeachta athscrúdaithe a bheith tugtha isteach le haghaidh dámhadh na bpinsean sin. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go raibh méadú neamhghnách tar éis teacht ar mhéid na hoibre sa chríoch sin tar éis an leathnú agus na bhfeabhsuithe dar foráladh sna hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1973 agus 1974. Toisc gur iarr an tAire Leasa Shóisialaigh go ndéanfaí na feabhsuithe sin a chur i ngníomh go tapaidh b’éigean an obair sin a dhéanamh le ro-bhroid neamhghnách lenar ghabh tréimhsí fada breisama agus seachtaine oibre fadaithe sa tslí gur tharla méadú dá réir ar ró-íocaíochtaí mar gheall ar dhearmadaí ag an bhfoirinn lenar bhain. £20,700 ar fad de ró-íocaíochtaí a díscríobhadh i 1974 ach níorbh féidir a shonrú cé mhéid de sin a thig go díreach ó na nósanna imeachta athscrúdaithe. Dúirt sé freisin go bhfuil na nósanna imeachta á n-athbhreithniú de shíor d’fhonn lochtaí a ghlanadh astu agus mírialtachtaí, lena n-áirítear íocaíochtaí dúblacha, a chosc, agus gur measadh go mba leor, sa ghnáthchúrsa, na modhanna rialaithe a bhí i ngníomh.


Mhínigh an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise go mba rí-dheacair dá Roinn taca maith mór d’fhoirinn oilte a fháil agus go rabhadar, dá bhrí sin, ag brath ar fhoirinn an-shóisearach neamhthaithíoch chun an obair a dhéanamh a bhaineann leis na feabhsuithe ar shochair Leasa Shóisialaigh a chur i ngníomh. Toisc na héilimh ar phinsin seanaoise neamhranníocacha do dhul in ollmhéid sa Roinn agus leis na coistí pinsin sean-aoise, athscrúdaíodh na nósanna imeachta chun go bhféadfaí pinsin a dhámhadh go sealadach ar mholtaí na nOifigeach Leasa Shóisialaigh ar ionchas a gceadaithe ag na coistí. Rinneadh sin d’fhonn am a shábháil agus ní raibh aon bhaol ró-íocaíochta ag gabháil leis mar tarlaíonn sé geall leis i gcónaí go molann coistí pinsin pinsean níos airde i gcásanna ina mbíonn pinsean de réir ráta is lú ná an t-íosráta molta ag an Oifigeach Leasa Shóisialaigh. Rinneadh ró-íocaíochtaí, áfach, mar gheall ar na nósanna imeachta lenar glacadh ag an am agus mar gheall ar an obair do charnadh. Eisíodh leabhair dhúblacha agus rinneadh íocaíochtaí riaráiste dúblacha agus go formhór is mar gheall ar cheal taithí na foirne agus na dálaí deacra faoina rabhadar ag obair a tharla sé sin. Chuir an tOifigeach Cuntasaíochta in iúl don Choiste freisin go bhfuil na nósanna imeachta athscrúdaithe i ngníomh i gcónaí agus go bhfuil siad ag obair go sásúil agus go bhfuil comharthaí ann go bhfuil an ráta dearmaid ag titim agus gur lú go mór a bhfuil á ró-íoc ná mar a bhíodh. Shíl sé áfach, go raibh laige fós sa Roinn sa mhéid go raibh trí rannóga ar leithligh bainteach leis an ábhar agus nach rabhadar chomh dlúthcheangailte le chéile agus ba mhaith leis. Níor tharla aon chaoi chun staidéar eagraíochta agus modhanna a dhéanamh ar an ngné sin den obair toisc gur tharla an rud céanna arís an bhliain ina dhiaidh sin.


Ba mhaith leis an gCoiste tuilleadh eolais a fháil i dtaobh na mbeart atá á ndéanamh do dhíchur na laige sin agus freisin i dtaobh leibhéal na ndearmadaí i mblianta ina dhiaidh sin.


Tuigeann an Coiste na deacrachtaí a bhain don Roinn Leasa Shóisialaigh sa chás seo. Meastar dó go bhfuil an cor seo a tharla ina léiriú ar an gcuma ina dtéann reachtaíocht den sórt seo i bhfeidhm ar roinn riaracháin sa tslí go leagann sé ualaí agus strusanna nach féidir a iompar beagnach ar an roinn sa ghearrthearma agus tá sé á mholadh dá bhrí sin, nuair a bheidh a leithéid sin de reachtaíocht á hullmhú, go ndéanfaí breithniú sách grinn ar na fadhbanna riaracháin a leanfadh as.


GINEARÁLTA

Caiteachas de bhreis ar eisiúintí údaraithe.

Cta. 29-31.


Ct. 52.


Cta. 59-63.


Cta. 175-177.


Cta. 222-223.


Cta. 264-265.


Cta. 271-272.


Cta. 317-318.


Cta. 385-387.


Cta. 434-435.


Ct. 589.


Ct. 707.


Foscríbhinn 4.


29. Ionas go bhféadfar seirbhísí Ranna poiblí, a vótálann Dáil Éireann deontais soláthair lena n-aghaidh, a sheoladh ar aghaidh go dtí go rithfí na meastacháin bhliantúla, údaraíonn alt 2 den Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 don Aire Airgeadais suim a eisiúint as an bPríomh-Chiste in aon bhliain airgeadais le haghaidh seirbhísí mar sin nach mó ná ceithre chúigiú den méid a leithreasaíodh chun na seirbhísí sin sa bhliain airgeadais roimhe sin. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ina thuairisc go ndeachaigh an caiteachas ó 17 Vóta go sealadach thar na suimeanna a údaraíodh go reachtúil i gcaitheamh na tréimhse a bhí faoi bhreithniú. I dteannta scéala a chur go dtí na hOifigigh Cuntasaíochta atá freagrach sna 17 Vóta sin, loirg an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuairimí Rúnaí na Roinne Airgeadais faoin ábhar, toisc go ndéanann an Roinn sin rialú ginearálta ar chaiteachas an airgid vótáilte uile. Dúirt Rúnaí na Roinne Airgeadais leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. cé nach raibh aon cheist faoi shárú a bheith déanta ar an Acht Príomh-Chiste (Forálacha Buana), 1965 de bhua eisiúintí Státchiste d’aon Vóta do dhul thar an méid a bhí údaraithe le Acht 1965, go mba mhiste go ndeachaigh íocaíochtaí as Vótaí áirithe thar na suimeanna a bhí údaraithe go reachtúil cé gur i ndáil le dliteanais aibí a bhain an caiteachas agus nach raibh seachaint air. Dúirt sé freisin gur tharla sin le linn an t-athrú ón mbliain airgeadais go dtí an mbliain fhéilire a bheith á dhéanamh tráth a mb’éigean an gnáth-ghnó parlaiminte a dhéanamh sna naoi mí go dtí deireadh Nollag 1974; agus, fiú sna naoi mí sin, gur giorraíodh an t-am a bhí ag Dáil Éireann le haghaidh plé na Meastachán mar gheall ar imthosca speisialta agus nár thóg an Dáil formhór na Meastachán go dtí 18 Nollaig 1974. Dúirt sé freisin gur aontaigh Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí na Dála go rithfí na Meastacháin go léir agus an Bille Leithreasa roimh shos an tSamhraidh gach bliain feasta agus go raibh treoracha á gcur ag an Aire Airgeadais go dtí Oifigigh Cuntasaíochta ag leagan béim ar an ngá a bhí le déanamh de réir na dteorainneacha a bhí curtha lena gcaiteachais Vóta ag Acht 1965 agus fós le gabháil de réir na dteorainneacha uileghabhálacha ar an soláthar bliantúil a bhí deonaithe ag Dáil Éireann.


Mhínigh Rúnaí na Roinne Airgeadais ina chuid fianaise gur den chineál céanna na híocaíochtaí a rinneadh i rith na bliana de bhreis ar na méideanna a bhí údaraithe agus an barrachas a chaithfí a ghlanadh le Vóta Breise tar éis bliain do chríochnú ach sna cásanna sin nár ghá Vótaí Breise a thógáil toisc go ndearna an Dáil, i rith na bliana, soláthair a vótáil chun na barrachais shealadacha a tharla a ghlanadh.


I gcás na 17 gcásanna ar a ndearna an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste tuairisc thug na hOifigigh Cuntasaíochta freagracha go léir an míniú céanna ar an gcaiteachas breise a thug Rúnaí na Roinne Airgeadais i.e. an riachtanas a bhí le dliteanais aibí, nach bhféadfaí a chur ar athló, a ghlanadh agus an mhoill a bhain leis na Meastacháin do 1974 a rith.


Glacann an Coiste leis go raibh an t-athrú ón mbliain airgeadais go dtí an mbliain fhéilire a rinneadh sa tréimhse atá faoi bhreithniú ina chúis le deacrachtaí a bhunú d’Oifigigh Cuntasaíochta mar gheall ar an moill a bhain leis na Meastacháin bhliantúla a rith. Mar sin féin caithfidh sé aontú leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur bun-phrionsabal den rialú airgeadais parlaiminteach nach cead go rachadh an caiteachas ar sheirbhís soláthair thar an méid atá ceadaithe go reachtúil. Tá béim á leagan aige ar fhreagracht an Oifigigh Chuntasaíochta, gur airsean atá sé féachaint chuige go gcloífear go beacht leis an bprionsabal sin i ndáil le gach Vóta faoina urlámh agus measann sé, ach faireachas ceart a dhéanamh ar chaiteachas, gur chóir Oifigigh Cuntasaíochta a bheith curtha ar an airdeall roimh ré i dtaobh íocaíochtaí Vóta a bheith ag druidim j ngar do na teorainneacha a bhí údaraithe le Acht 1965. Toisc gur ag druidim le deireadh na bliana, go formhór, a tharla na barrachais atá i gceist, agus Dáil Éireann ina suí, níor cheart aon chonstaic dosháraitheach a bheith sa tslí ar na Meastacháin áitiúla a rith in am agus an cor míshásúil a tharla a chosc, ach glacann an Coiste leis gur ní é sin nach bhfuil a shocrú ar chumas na nOifigeach Cuntasaíochta go hiomlán. Is maith leis gur aontaigh an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí go rithfear na Meastacháin go léir agus an Bille Leithreasa roimh shos an tSamhraidh gach bliain feasta. Tugann sé dá aire go bhfuil an Roinn Airgeadais tar éis treoracha a chur chun na nOifigeach Cuntasaíochta go léir á mheabhrú dóibh go bhfuil sé de fhreagracht orthu féachaint chuige i gcónaí nach gcaithfear airgead thar an tsuim a bheidh údaraithe ag Dáil Éireann agus á iarraidh orthu socruithe faireacháin a thionscnamh, mura bhfuil a leithéidí ann cheana féin, i ndáil le híocaíochtaí as Vótaí faoina n-urlámh ionas go mbeidh fógra tráthúil acu nuair a bheidh na híocaíochtaí sin ag druidim i ngar do na teorainneacha údaraithe. Ní foláir don Choiste, áfach, a chur in iúl fós arís gur cúram leis go ndearnadh sárú ar bhun-phrionsabal cuntasaíochta Rialtais, sárú ar bhain 17 Vóta ar leithligh leis, rud do bheir dó a bheith mó is tromaí. Tá súil láidir aige go ndéanfar beart a chuirfidh in áirithe nach dtarlóidh a leithéid sin de shárú arís.


Moill ag tabhairt eolais don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

30. I mír 20 den tuarascáil uaidh faoi dháta 28 Feabhra, 1974, dúirt an Coiste um Chuntais Phoiblí go raibh súil aige go dtabharfaí freagra scafánta ar an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste nuair a bheadh eolas á lorg aige agus dheimhnigh an tAire Airgeadais don Choiste ina mheamram faoi dháta an 24 Meán Fómhair, 1974, go raibh treoracha tugtha nár mhór féasta féachaint ar an bpointe i ndiaidh gach fiafraí ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


Sa tuarascáil uaidh ar Chuntais Leithreasa 1974 tharraing an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste aird ar roinnt cásanna inar tharla nach bhfuair sé eolas a loirg sé le linn iniúchadh na gcuntas sin a bheith ar siúl aige in am lena chur sa tuarascáil sin.


Is cúram don Choiste an bhail mhí-shásúil sin a bheith ar nithe i gcónaí d’ainneoin na dtreoracha a d’eisigh an tAire Airgeadais i 1974 mar a luaitear thuas. Dar leis an gCoiste nach raibh riachtanas ná ceart leis an moill a bhain amanna le freagraí a thabhairt ar fhiafraithe ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste agus dá bhrí sin ghlac sé leis an deis chun a fhíor-mhíshástacht le righneas na Ranna a chur in iúl do na hOifigigh Cuntasaíochta freagracha nuair a tháinig siad sin os a chomhair le haghaidh scrúdaithe.


Ba mhaith leis an gCoiste é a chur i gcion arís at Ranna a thábhachtaí atá sé freagra a thabhairt láithreach ar fhiafraithe ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Mura ndéanfar amhlaidh tharlódh sé go mbacfaí air a dhualgas Bunreachtúil tuarascáil a thabhairt do Dháil Éireann a chomhlíonadh go héifeachtúil. Ar an gcuma sin ceilfí eolas ar Dháil Éireann a bhainfeadh le hábhair ar mhaith leis an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste go gcuirfí iad i bhfáir ar an Dáil. Ina theannta sin d’fhéadfaí obair an Choiste um Chuntais Phoiblí a bhac, mar sa mhéid go mbíonn eolas in easnamh ar thuarascáil an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste baintear den Choiste aon deis chun an t-eolas sin a bhreithniú sula ndéanann an Coiste scrúdú ar na hOifigigh Cuntasaíochta freagracha.


D’fhéadfadh tuilleadh fós de thoradh míshásúil a bheith leis an moill a bhíonn ar na Ranna ag tabhairt eolais nó doiciméadachta don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Dúirt an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste leis an gCoiste go dtarlaíonn sé amanna nach mbíonn an dara rogha aige ach tuarascáil a thabhairt ar rud nuair nach mbíonn eolas nó doiciméadacht iomchuí a d’iarr sé tugtha ag an Roinn fhreagrach ar dháta a thuarascála. Bhí cás amháin mar sin ar áireamh ina thuarascáil ar Chuntais Leithreasa 1974 nuair nach raibh fáil le linn an iniúchta ar dheimhnithe á dheimhniú gur foilsíodh leabhair Ghaeilge ar íocadh deontais ina leith as Vóta 28— Oifig an Aire Oideachais, fomhírcheann D.I. Eisíodh iarratas foirmiúil ag lorg na ndeimhnithe an 3 Iúil, 1974, ach níor tugadh dó iad go dtí 23 Nollaig, 1974. Mar sin féin, dúirt ionadaí na Roinne Airgeadais ina chuid fianaise leis an gCoiste gur chuir a Roinnsean na deimhnithe ar aghaidh go dtí an Roinn Oideachais an 15 Iúil, 1974. Dhearbhaigh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste don Choiste nach mbeadh tuairisc tugtha aige ar an ábhar seo dá mbeadh na deimhnithe faighte aige roimh 15 Meán Fómhair, 1975. Téann sé den Choiste a thuiscint cén chúis gur bhain moill chomh mór sin leis na deimhnithe a theastaigh ón Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste sa chás seo a thabhairt dó, go háirithe nuair a dhealraíonn sé go rabhadar i seilbh na Roinne Airgeadais nuair a hiarradh iad i gcéaduair.


Ábhar eile a chuireann roinnt imní ar an gCoiste an mhoill a tharlaíonn ó am go ham ag fáil cead na Roinne Airgeadais le haghaidh teorainneacha athscrúdaithe do chaiteachas caipitiúil. Tagraíodh don mhoill sin ar roinnt ócáidí i dtuarascálacha an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste. Maidir le cás amháin den sórt sin a tharla i ndáil leis an Vóta d’Iascaigh sa tréimhse atá faoi bhreithniú dúirt an tOifigeach Cuntasaíochta ina chuid fianaise os comhair an Choiste go dtógann sé am rudaí a thabhairt chun críche nuair a bhíonn roinnt Ranna bainteach le cásanna ach d’aontaigh sé nár cheart go dtarlódh moill den sórt sin.


Glacann an Coiste leis nach mbíonn an dara rogha ag an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste ach tuarascáil a thabhairt i gcásanna caiteachais airgid vótáilte nuair a tharlaíonn, mar gheall ar righneas na Ranna, nach mbíonn an t-eolas go léir a theastaíonn uaidh faighte aige nó nach mbíonn na ceadanna Airgeadais is gá faighte. Ach ní mór dó a ghearán, mar gheall ar an righneas sin, go mbíonn am an Choiste á chaitheamh le nithe nár ghá teacht os a chomhair dá bhfaigheadh an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste ó Oifigigh Cuntasaíochta an tseirbhís a bhfuil teideal aige chuici. Tá súil aige nach mbeidh air tagairt dó sin arís.


VIVION de VALERA,


Cathaoirleach.


21 Aibreán, 1977.