Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1974::28 October, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 28 Deireadh Fómhair, 1976.

Thursday, 28th October, 1976.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí S. Mac Fheorais, Ó Crotaigh, de Valera, A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Griofa, Ó Mórdha, C. Ó Murchú agus Ó Tuathail.


3. Cathaoirleach a Thoghadh


Rinneadh tairiscint (An Teachta Mac Fheorais):


“That Deputy de Valera be Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta de Valera i gCeannas dá réir sin.


4. Ordaíodh: Go suífidh an Coiste go príobháideach.


5. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1974


Tosaíodh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Aibreán 1974 go 31 Nollaig 1974. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Teaghlachas an Uachtaráin, Oifig an Aire Airgeadais, An tSaotharlann Stáit, An tSeirbhís Sicréideach, Deontais Talmhaíochta, Costais Ilghnéitheacha.


6. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh M. N. Ó Murchú (Rúnaí, An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


7. Rinne an Coiste breithniú.


8. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.25 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.