Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1974::27 January, 1977::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 27 Eanáir, 1977.

Thursday, 27th January, 1977.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí Ó Crotaigh, A. Mac Giobúin, Ó Gríofa, Ó Tuathail agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1974


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Aibreán 1974 go 31 Nollaig 1974. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Dlí-Mhuirir, Oibreacha agus Foirgnimh Phoiblí, Tailte, Foraoiseacht.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh D. Ó Coigligh (Cúntóir Dlí Sinsearach, Oifig an Ard-Aighne), C. Ó Fearghail (Cathaoirleach, Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí), T. Ó Briain (Rúnaí, An Roinn Tailte) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.50 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.