Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1975::19 May, 1977::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 19 Bealtaine, 1977.

Thursday, 19th May, 1977.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11.30 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí S. Mac Fheorais, A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa, Ó Mórdha, C. Ó Murchú agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1975


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Eanáir 1975 go 31 Nollaig 1975. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—


Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Oifig an Aire Dlí agus Cirt, an Garda Síochána, Príosúin, na Cúirteanna Breithiúnais, Clárlann na Talún agus Clárlann na nGníomhas.


4. Finnéithe a Ceistíodh


A. Ní Thormaigh (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), A. Mac a’Bháird (Rúnaí, An Roinn Dlí agus Cirt) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.