Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1974::18 November, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 18 Samhain, 1976.

Thursday, 18th November, 1976.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo i leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí Ó Crotaigh, A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa, Mac Searraigh, Ó Mórdha, Ó Murchú, Mac Páidín agus Ó Tonnaigh.


3. Rinne an Coiste breithniú.


4. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1974


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Aibreán 1974 go 31 Nollaig 1974. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Tithe an Oireachtais, Oifig Aire na Seirbhíse Poiblí, Coimisiún na Státseirbhíse, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Luach Saothair, Méaduithe ar Phinsin agus Feabhsuithe Áirithe ar Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Cosaint, Arm-Phinsin.


5. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh M. Ó hÉalaithe (Cléireach na Dála), S. Ó Conaill (Rúnaí, Roinn na Seirbhíse Poiblí), P. Ó Murchú (Runaí, An Roinn Cosanta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


6. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.