Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1974::11 November, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 11 Samhain, 1976.

Thursday, 11th November, 1976.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí Ó Crotaigh, A. Mac Giobúin, Ó Gríofa, Mac Searraigh, Ó Mórdha, Ó Murchú, Mac Páidín, Ó Tuathail agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1974


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Aibreán 1974 go 31 Nollaig 1974. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— An Dánlann Náisiúnta, Oifig an Aire Oideachais. Cuireadh siar tuilleadh breithnithe ar an gCuntas seo a leanas:— Bunoideachas.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh an Dochtúir S. de Faoite (Stiúrthóir, An Dánlann Náisiúnta), D. Ó Laoghaire (Rúnaí, An Roinn Oideachais), C. Mac Craith (An Roinn Airgeadais) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.15 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.