Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1974::09 December, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 9 Nollaig, 1976.

Thursday, 9th December, 1976.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo i leanas a láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí Ó Gríofa, Mac Searraigh, Ó Mórdha agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1974


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Aibreán 1974 go 31 Nollaig 1974. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Saothar, Rialtas Áitiúil, Iompar agus Cumhacht.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh T. Ó Cearbhaill (Rúnaí, An Roinn Saothair), G. Ó Meachair (Rúnaí, An Roinn Rialtais Áitiúil), N. Mac Mathúna (Rúnaí, An Roinn Iompair agus Cumhachta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.35 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.