Committee Reports::Report - Appropriation Accounts 1974::02 December, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 2 Nollaig, 1976.

Thursday, 2nd December, 1976.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa, Mac Searraigh, Ó Murchú agus Ó Tonnaigh.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa 1974


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa don tréimhse 1 Aibreán 1974 go 31 Nollaig 1974. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:—Roinn an Taoisigh, An Chomhairle Ealaíon, An Phríomh-Oifig Staidrimh, Gnóthaí Eachtracha, Comhar Idirnáisiúnta, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim.


4. Finnéithe a Ceistíodh


Ceistíodh D. Ó Súilleabháin (Rúnaí, Roinn an Taoisigh), T. Ó Luineacháin (Stiúrthóir, An Phríomh-Oifig Staidrimh), P. Céitinn (Rúnaí, An Roinn Gnóthaí Eachtracha), S. Mac Risteáird (Cathaoirleach na gCoimisinéirí Ioncaim) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.35 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.