Committee Reports::Report No. 43 - Generalised Tariff Preferences Scheme for 1977::03 November, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 3 Samhain, 1976

Wednesday, 3rd November, 1976

1. Chruinnigh an Comhchoiste 4.30 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:


Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gCeannas), Ó Críodáin, Dockrell agus Esmonde; na Seanadóirí Bean Mhic Róibín agus Ó Riain. Fuarthas leithscéal ó na Teachtaí Deasún agus Caomhánach agus ó na Seanadóirí Ó Beoláin agus Mac Gearailt faoi nár fhéad siad bheith i láthair.


3. Dréacht-Tuarascáil ar an Scéim Fabhar Taraife Ginearálaithe do 1977.


Thug an Cathaoirleach Dréacht-Tuarascáil i láthair agus léadh í mar a leanas:—


(i) Aontaíodh míreanna 1 go 9 go huile.


(ii) Mír 10.


Tairgeadh leasú (An Teachta Esmonde):


“At the end of the paragraph to add the following sub-paragraph:—


‘It may be that Ireland has a particular interest in ensuring that beneficiary countries are selected solely by reference to acceptable economic criteria. It can scarcely be contested that because of her underdeveloped economy Ireland has a far greater need of foreign investment than other Community countries without which there would be needed by Ireland from the EEC far greater regional, social and other subventions. It would be unfair if the advantages enjoyed under the generalised tariff preference scheme by the more developed of the beneficiary countries made it more difficult for Ireland to attract badly needed investment. The Joint Committee suggests that this aspect of the matter be examined by the appropriate authorities here.’”


Aontaíodh an leasú.


Aontaíodh an mhír mar a leasaíodh.


(iii) Aontaíodh míreanna 11 go 13 go huile.


Aontaíodh an Dréacht-Tuarascáil, mar a leasaíodh.


Ordaíodh: Tuairisciú dá réir sin.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló 5.05 p.m.