|
TUARASCÁIL1. Réamhrá Tá scéim Fabhar Taraife Ginearálaithe na gComhphobal Eorpach ceaptha chun cuidiú le tíortha i mbéal a bhforbartha trí fhabhair tharaife a dheonú ar tháirgí áirithe, críochnaithe agus leathchríochnaithe, de thionscnamh na dtíortha sin a allmhairítear isteach sa Chomhphobal. Athbhreithnítear an scéim gach bliain d’fhonn na fabhair a thugtar do lucht a tairbhe a fheabhsú go comhleanúnach. Sa séú tuarascáil déag uaidh dar dáta 10 Nollaig 1975, a bhain le forálacha na scéime do 1976, thug an Comhchoiste léargas ginearálta ar na hairíona den scéim a bhíonn ag atarlú. Sa tuarascáil seo is é is mó is cúram dó na tograí sonracha a cuireadh ar aghaidh do 1977 cé go bhfuil roinnt barúlacha le lua aige freisin ar ghnéithe ginearálta den scéim. Tá tograí an Choimisiúin do 1977 á gcur i láthair i bhfoirm aon cheann déag de dhréacht-Rialacháin CEE agus dhá dhréacht-Chinneadh CEGC agus tá liosta díobh sin i bhFoscríbhinn I a ghabhann leis an tuarascáil seo. 2. Tograí do 1977 Chítear don Choimisiún go bhfuil cúlra níos socaire ann, ag tarraingt suas a chuid tograí do 1977 dó, ná mar a bhí an bhliain seo caite. Cuireann sé in iúl go bhfuil téarnamh eacnamaíochta tar éis tosú agus go bhféadfar a bheith ag súil leis go leathfaidh sé ar fud an Chomhphobail. Go comair, tá na nithe seo i leanas i dtrácht sna tograí do 1977. Táirgí talmhaíochta:—Tá sé beartaithe 46 mhír nua a chur san áireamh fara le feabhsuithe ar rátaí fabhair i gcás 70 mír eile. Táirgí tionscail:—Táthar le barrmhéideanna agus cuótaí a bhunú ar fhigiúirí trádála 1974 ach go mbeidh teorainn 50 faoin gcéad de mhéadú ar leibhéil 1976; 43 faoin gcéad an meán-mhéadú. I gcás teicstíleacha, áfach, ní rachaidh an méadú thar 5 faoin gcéad agus i gcás coisbhirt agus táirgí cruach áirithe coimeádfar cuótaí agus barrmhéideanna ar leibhéil 1976. 3. Éifeacht ghinearálta ar Éirinn Tá an Comhchoiste tar éis comhairle a ghlacadh faoin éifeacht a d’fhéadfadh a bheith ag na tograí ar tháirgeadh na hÉireann le haghaidh na margaí baile agus onnmhairithe. Sa mhéid a bhaineann le honnmhairí níl aon fhianaise ann go mbíodh táirgí SGF san am atá caite ag lagú acmhainn chomórtais onnmhaireoirí na hÉireann i dtíortha eile CEE agus ní mheastar go dtabharfaidh na tograí do 1977, má ghlactar leo, aon athrú ar an gcor sin. I gcoitinne, ní mheastar ach oiread go mbeadh mórán drochéifeacht ar tháirgeadh don mhargadh baile leis na tograí dá nglacfaí leo. Tá earnálacha an-leochaileacha in eacnamaíocht na hÉireann, áfach, agus ba mhaith leis an gComhchoiste tagairt speisialta a dhéanamh dóibhsean. 4. Teicstíleacha Tá sé i bhfís i dtograí 1977 réimeas nua a thabhairt isteach do rialú allmhairí teicstíleacha ó thíortha SGF, réimeas a bhfuil sé ceaptha dó íogaireacht na hearnála sa Chomhphobal go huile a chur san áireamh. Tá sé beartaithe i 1977 réim agus leathantas na scéime do theicstíleacha a réimniú trí dheireadh a chur leis an idirdhealú atá ann faoi láthair idir táirgí teicstíleacha éagsúla agus liosta na dtairbhithe a mhéadú. Ach tá sé beartaithe freisin idirshainiú a dhéanamh amhail idir an chóir a chuirfear ar thairbhithe le cumas iomaíochta agus an chóir a chuirfear ar thairbhithe nach bhfuil cumas iomaíochta chomh maith sin iontu. D’fhonn an cuspóir deiridh sin a bhaint amach tá sé beartaithe teorainn a chur le ceart na dtíortha is mó cumas iomaíochta cóir fhabhrach a fháil maidir le táirgí teicstíleacha áirithe trí chionúireacht shrianta a thabhairt dóibh de chuóta uile an Chomhphobail. Bheadh iarmhéid an chuóta ar fáil i ngach cás ag na tíortha ar lú a gcumas iomaíochta sa tslí go gcoinneofaí ar bun gné neamh-idirdhealaitheach scéim an Chomhphobail. Tá meadú uilíoch 5 faoin gcéad thar 1976 beartaithe. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste ag Cónaidhm Thionscail na hÉireann, mar gheall ar go gcuireann iomaíocht ó thíortha an tríú domhain an oiread sin as don tionscal éadaitheoireachta, gur chóir foráil a dhéanamh a chuirfeadh cuótaí i gcoibhneas le hathruithe ar an margadh ionas go bhféadfaí cuótaí a ísliú dá dtagadh laghdú ar an margadh. Ag an am céanna dá gcuirfí teorainn, i bhfoirm céatadáin den tomhaltas baile, lena gceadófaí isteach d’earraí, chinnteodh sé sin nach rachadh allmhairí díobhálacha thar chéatadán réasúnach inghlactha den mhargadh. I gcásanna inar mó ná sin a bhfuil tugtha isteach cheana féin d’allmhairí den sórt sin ba chóir céatadán bliantúil de laghdú a bheith ann á chúiteamh. Ba mhaith leis an gCónaidhm freisin srianú níos déine a dhéanamh i gcás tíortha a mheastar a bheith níos ascnaithe agus níos inniúla ar iomaíocht. Ar an leith eile tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste gur ar éigin a ghlacfadh an Coimisiún le cuótaí inathraithe toisc go mbeadh an éiginnteacht ina údar deacrachtaí d’onnmhaireoirí sna tíortha a bhí ag tairbhiú. Ar a shon sin, is dóigh leis an gComhchoiste, mar gheall ar an gcor deacair ina bhfuil tionscal na héadaitheoireachta sa tír seo go bhfuil géar-riachtanas le hÉirinn do lorg faoisimh má tharlaíonn i 1977 go dtabharfaidh na tograí a ghlacfar tuilleadh droch-bhail ar chor an tionscail ar an margadh baile. 5. Coisbheart Mheabhraigh an Chónaidhm don Chomhchoiste go ndéanann allmhairí ó thíortha an tríú domhain rí-cheataí freisin don tionscal coisbhirt. Tá staidéar tascfhórsa ar bun faoi láthair agus tá athchóiriúchán á dhéanamh ar an tionscal. Cé nach bhfuil sna hallmhairí ó thíortha SGF ach tuairim 1 go 2 faoin gcéad de na hallmhairí go léir, fáiltíonn an Comhchoiste roimh an gcalcadh de réir leibhéil chuóta 1976 atá beartaithe i gcás bróga agus tá sé ar aon fhocal leis an gCónaidhm go bhfuil sé lán-riachtanach gan aon laghduithe do theacht ar tharaifí i 1977. 6. Trealamh Spóirt Chuir an Chónaidhm in iúl freisin gurb ábhar imní do mhonaróirí Éireannacha trealamh spóirt a bheith á allmhairiú ó thíortha SGF. Tá an Chónaidhm tar éis tathant nár chóir aontú le haon laghdú taraifí mar gheall ar an toradh díobhálach a bheadh ar a leithéid. Chun críocha scéim SGF áirítear trealamh spóirt a bheith san earnáil leathíogair, earnáil arb é atá inti táirgí a bhféadfadh go mbainfeadh dochar do tháirgíocht an Chomhphobail dá ndeasca dá dtéití thar teorainn áirithe. Dá dhroim sin, tá barrmhéid socraithe sa scéim don Chomhphobal uile agus ní cheadaítear allmhairí saor ó tharaif thar an mbarrmhéid sin. Tá méadú 50 faoin gcéad sa bharrmhéid do 1977 thairis sin a raibh feidhm aige i 1976 ach gabhann coinníoll leis nach rachaidh allmhairí ó aon tír thairbhithe áirithe thar 50 faoin gcéad de bharrmhéid an Chomhphobail. Mar a fheictear an scéal don Chomhchoiste, ní ónar tharla san am atá caite atá aon tuar contúirte ann d’Éirinn ach braitheann an chontúirt ar cé mhéid de na hallmhairí a threorófar chun na hÉireann an bhliain seo chugainn as a bhfuil ceadaithe díobh faoi bharrmhéid méadaithe an Chomhphobail. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste go bhfuil an Roinn Tionscail agus Tráchtála gníomhach i mbun an ábhair agus, go háirithe, go bhfuil an Roinn ag tathant go laghdófaí méid na n-allmhairí a cheadófar ó aon tír áirithe. 7. Tionscail Eile Tá sé curtha in iúl freisin don Chomhchoiste go bhfuil imní á lua i dtaobh go bhféadfadh sé tarlú, mura ndéantar athrú éigin ar thograí an Choimisiúin, go mbainfeadh dochar éigin do tháirgeacht baile i gcás na dtáirgí seo a leanas—boinn, leathar bó, earraí taistil, gléasanna raidió agus TF, troscán agus bábóga. Cosúil le cás an trealaimh spóirt dealraíonn sé nach mar gheall ar aon dochar a tharla san am atá caite ó allmhairí ó thíortha SGF a thig an imní sin ach ón gcontúirt a d’fhéadfadh teacht de thoradh tograí níos fairsinge 1977. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste go bhfuil cor speisialta na dtionscal sin á bhreithniú ag an Roinn Tionscail agus Tráchtála. Is léir gur chóir faireachán cúramach a dhéanamh ar an éifeacht a bheadh ag allmhairí SGF ar na tionscail sin i rith 1977. 8. Ribí Róibéis agus Cloicheáin Chuir Cumann Iascairí na hÉireann in iúl anuraidh go raibh imní orthu i dtaobh forálacha SGF 1976 maidir le ribí róibéis agus cloicheáin agus, dá dhroim sin, tá an Comhchoiste tar éis aird speisialta a thabhairt ar thograí 1977 i leith na dtáirgí sin. Fuair an Comhchoiste ón Roinn Talmhaíochta agus Iascaigh sonraí ar allmhairí iomlána na dtáirgí sin isteach go hÉirinn sna blianta 1973, 1974 agus 1975 mar aon le mioneolas faoi allmhairí ó thíortha tairbhithe SGF agus tá na figiúirí leagtha amach i bhFoscríbhinn II a ghabhann leis an Tuarascáil seo. Tabharfar faoi deara, cé gur mhéadaigh allmhairí iomlána i 1975, chomh hard beagnach le leibhéal 1973, gur thit allmhairí ó thairbhithe SGF. I 1975 allmhairíodh 385 kg de ghliomaigh Ioruacha (cloicheáin Chuan Bhaile Átha Cliath) darbh luach £1,145—ón mBreatain (£1,138) agus ón tSín (£7) a tháinig siad. I 1975 bhí an ghabháil Éireannach de chloicheáin Chuan Bhaile Átha Cliath ag laghdú leis. 994 tona méadrach, darbh luach £237,188 a tógadh i gcomparáid le 1,380 tona méadrach i 1974, darbh luach £289,000. Tháinig meath orthu ó thaobh cáilíochta chomh maith agus is dóigh gur ró-iascach ba chúis leis sin. Sula ndeachamar in aontachas leis na Comhphobail, ní bhíodh cosaint á déanamh ag Éirinn ar allmhairí ribí róibéis agus cloicheán agus chítear don Chomhchoiste nár sroicheadh an pointe fós nuair a fhéadfaí cás a dhéanamh amach in aghaidh tograí an Choimisiúin ach ba chóir an scéal a choinneáil faoi bhreithniú i gcónaí. 9. Táirgí Cruach Rinne Gabháltais Chruach na hÉireann Teo uiríolla chun an Chomhchoiste i dtaobh na dtograí a bhaineann le táirgí a thagann faoi cheannteidil taraife 73.07 agus 73.11 agus atá laistigh de réim táirgthe na Cuideachta. Tuaraítear sna tograí na táirgí sin a bheith á n-allmhairiú saor ó dhleacht suas go teorainn barrmhéide don Chomhphobal ar fad. Ba mhaith leis an gCuideachta cuótaí náisiúnta a fheiceáil ag cur teorainn leis an méid i gcás gach Ballstáit. Is eagal léi, mura ndéantar, go seolfar cionúireacht rómhór de na hallmhairí sin go hÉirinn ionas go mbeadh cion díobhálach allmhairí d’uillí, de chruthanna agus de theascáin á sroichint. Tá sé curtha in iúl don Chomhchoiste nach ndearnadh aon allmhairiú SGF go hÉirinn de tháirgí atá aicmithe faoi cheannteidil taraife 73.07 nó 73.11 i 1974, 1975 nó 1976 (go dtí 31 Bealtaine) agus sna himthosca sin gur dheacair cás a dhéanamh amach ar shon cuóta náisiúnta d’Éirinn. Tá Gabháltais Chruach na hÉireann Teo ag glacadh leis an leagan amach sin ach ceart a bheith aige an t-ábhar a chur faoi thrácht arís an bhliain seo chugainn ag féachaint dá mbeidh tar éis tarlú idir an dá linn. 10. Tíortha tairbhithe Sa séú tuarascáil déag uaidh ar thograí 1976 chuir an Comhchoiste in iúl go raibh sé ag tacú le Rún ó Pharlaimint na hEorpa do lorg athbhreithniú ar na criteir a chinnfeadh cad iad na tíortha ar chóir go mbainfeadh tairbhe dóibh de chionn scéim SGF ionas nach dtabharfaí fabhair ach amháin dóibh sin a bhí gan aon agó ina dtíortha i mbéal forbartha. Tugann sé dá aire go n-athluaitear sa Rún lenar ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Deireadh Fómhair 1976 gur chóir liosta na dtíortha tairbhithe a leasú go luath lena áirithiú nach gcuirfear cóir speisialta ach amháin ar na tíortha sin a bhfuil sin ag dul dóibh. Tugann sé faoi dearna freisin go bhfuil Aontas Tionscal CEE (UNICE) tar éis a chur in iúl gurb iad na tíortha is mó chun tosaigh i mbéal a bhforbartha is mó a thairbhigh de bharr an chórais agus nár chóir na deonaíochtaí a thabhairt ach amháin do na tíortha sin a bhféadfaí iad a aicmiú, de réir cóir-chritéar eacnamaíochta, mar thíortha i mbéal forbartha. Measann an Comhchoiste gur chóir d’Éirinn tacaíocht a thabhairt dóibh sin atá ag lorg athbhreithniú ar liosta na dtíortha tairbhithe. Tacaíonn sé go hiomlán le haon bheart do chúnamh le tíortha is meaa cor ná sinn féin ach ní fhéadann sé glacadh leis go bhfuil roinnt tíortha a fhaigheann tairbhe scéim SGF le háireamh san earnáil sin agus níl sé curtha ina luí air go bhfuil na tíortha sin is mó atá i ngá cúnaimh ag fáil tairbhe ón scéim mar atá sí á hoibriú faoi láthair. D’fhéadfadh gurb é leas na hÉireann go sonrach a áirithiú nach roghnófaí tíortha tairbhithe ach amháin de réir cóir-chritéar eacnamaíochta. Is ar éigin a fhéadfaí áiteamh ina choinne go bhfuil gá níos géire go mór ag Éirinn de infheistíocht choigríche, mar gheall ar lagfhorbairt a heacnamaíochta, ná mar atá ag tíortha eile den Chomhphobal, agus d’éagmais na hinfheistíochta sin go mbeadh fóirdheontais réigiúnacha, sóisialacha agus eile i bhfad níos mó ag teastáil ó Éirinn ó CEE. Ba mhíchóir mar a tharlódh dá ndéanfadh na buntáistí faoin scéim fabhar taraife ginearálaithe atá á bhfáil ag na tíortha tairbhithe is mó forbairt an scéal níba dheacra d’Éirinn ó thaobh infheistíocht a tharraingt chuici a bhfuil géarghá aici léi. Tá sé á mholadh ag an gComchoiste go ndéanfadh na húdaráis iomchuí anseo an ghné sin den scéal a iniúchadh. 11. Tionscal a Theagasc Rinne an Comhchoiste moladh anuraidh, tar éis dóibh uiríolla ó Chónaidhm Tionscail na hÉireann a bhreithniú, go dtabharfaí ar an gCoimisiún sásra a bhunú chun lucht tionscail a theagasc níos fearr chun go bhféadfaí an toradh a bheadh le tograí bliantúla a mheas níos cruinne. Tá sé curtha in iúl dó ó shin go bhfuil sásra oiriúnach le haghaidh lucht tionscail a theagasc á chur ar bun anois ag an gCoimisiún. Tá airgead curtha ar leithligh ag an gComhphobal le haghaidh gníomhaireacht doiciméadachta, eolais agus comhairle SGF a bhunú agus meastar go gcuirfear togra ón gCoimisiún faoin ábhar faoi bhráid na Comhairle go luath. Ina theannta sin tá lámhleabhar ar an SGF ag na clódóirí faoi láthair leis an dóigh go bhfoilseofar é go luath. Tuigtear go bhfuil sé beartaithe an leabhrán sin a thabhairt cothrom le dáta gach bliain feasta. Is maith leis an gComhchoiste go bhfuil na bearta sin ar bun agus tá súil aige go mbunófar gan mhoill an ghníomhaireacht atá beartaithe. 12. Cabhair d’Earnálacha Áirithe Sa séú tuarascáil déag uaidh thagair an Comhchoiste freisin don cheist a bhaineann le cúnamh Comhphobail a lorg le haghaidh earnálacha tionscail in imthosca iomchuí. Tá sé curtha in iúl dó ag an Roinn Tionscail agus Tráchtála go bhfuil an cheist i dtaobh cúnamh Comhphobail spesialta a lorg le haghaidh earnálacha den eacnamaíocht a bhféadfadh dochar a bheith déanta dóibh ag oibriú na scéime, go bhfuil an cheist sin faoi réir a breithnithe i gcónaí ach nach bhfuil aon fhianaise ann go dtí seo i dtaobh aon rud mar é sin tarlú. 13. Admháil Ba mhaith leis an gComhchoiste a rá gur mór aige an chabhair a fuair sé ó Chónaidhm Thionscail na hÉireann, ó Chóras Tráchtála agus ó Ghabháltais Chruach na hÉireann Teo agus na tograí seo á scrúdú aige agus ba mhaith leis buíochas a ghabháil dá cionn. (Sínithe) CATHAL Ó hEOCHAIDH, Cathaoirleach an Chomhchoiste. 3 Samhain, 1976. |
||||||||||||