Committee Reports::Report No. 43 - Generalised Tariff Preferences Scheme for 1977::03 November, 1976::Appendix

FOSCRÍBHÍNN 1

R.1. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraif-chuótaí Comhphobail do tháirgí áirithe is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha agus lena ndéantar dáileadh orthu agus socrú chun a riartha.


R.2. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear barrmhéideanna taraifí fabhair Comhphobail do tháirgí áirithe is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha agus lena ndéantar socrú chun a riartha.


R.3. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraifí fabhair do tháirgí áirithe de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha.


R.4. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraifí fabhair Comhphobail do tháirgí teicstíleacha is de thionscnamh tíortha agus críocha i mbéal a bhforbartha agus lena ndéantar dáileadh orthu agus socrú chun a riartha.


R.5. (CEE) Rialachán faoi oscailt fabhar taraife i modh fionraí ar dhleachtanna custam i gcás déantús siúite is de thionscnamh na hIndia, na Téalainne agus Bhangla Deis agus i gcás déantús coighire is de thionscnamh na hIndia agus Sri Lanka.


R.6. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraif-chuóta Comhphobail do thobac amh nó neamh-mhonaraithe den chineál Virginia, is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh air agus socrú chun a riartha.


R.6. Bis (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraifí fabhair le haghaidh tíortha i mbéal a bhforbartha do thobac amh nó neamh-mhonaraithe a thagann faoi cheannteideal taraife 24.01 A ex II.


R.7. (CEE) Rialachán lena mbunaítear, i gcás táirgí áirithe faoi Chaibidlí 1 go 24 den Chomhtharaif Chustam, scéim fabhar ginearálaithe ar mhaithe le tíortha i mbéal a bhforbartha.


R.8. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraif-chuóta Comhphobail d’im cócó agus taraif-chuóta do chaifé intuaslagtha in uisce is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh orthu agus socrú chun a riartha.


R.9. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraif-chuóta Comhphobail d’anainn leasaithe, seachas ina sliseoga, ina leathshliseoga nó ina gcuarghearrthóga, is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh air agus socrú chun a riartha.


R.10. (CEE) Rialachán lena n-osclaítear taraif-chuóta Comhphobail d’anainn leasaithe, ina sliseoga, ina leathshliseoga nó ina gcuarghearrthóga, is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh air agus socrú chun a riartha.


D.1. Cinneadh (CEGC) lena n-osclaítear taraif-chuótaí do tháirgí áirithe cruach is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha, agus lena ndéantar dáileadh orthu agus socrú chun a riartha.


D.2. Cinneadh (CEGC) lena n-osclaítear fabhair tharaife do tháirgí áirithe cruach is de thionscnamh tíortha i mbéal a bhforbartha.