Committee Reports::Report No. 23 - Agricultural Prices for 1976-1977::25 February, 1976::Appendix

FOSCRÍBHINN

Meabhrán

1. Brollach

Tá tograí an Choimisiúin leagtha amach i dhá imleabhar (R/3166/75) ina bhfuil, (a) meabhrán míniúcháin ginearálta, (b) nótaí ar tháirgí ar leithligh agus na hinchialla airgeadais cuimsitheacha, (c) meabhrán míniúcháin ar thogra chun an Treoir maidir le Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste a leasú agus (d) 33 dréacht-Rialacháin agus dréacht-Threoir.


2. Leibhéal ginearálta na méaduithe praghais

Tá na praghsanna beartaithe méadaithe ó 1.3% go dtí 9.5% i gcás earraí ar leithligh de bhreis orthu sin do 1975/76. 7.5% an meán-ordú feadh na réime uile.


Mhol CEGT méadú cuimsitheach 10.5% ag gabháil ó 9 go 25% i gcás táirgí ar leithligh.


3. Slí ríofa praghais

I mbliana tá leas bainte ag an gCoimisiún as modh “cuspórtha”, mar a thugtar air, chun an méadú praghais a ríomh is gá chun na hioncaim ó chuid shamplach d’fheirmeacha nua-aimseartha “tagartha” a choinneáil ar comhraon le treoghluaiseachtaí i ngnáth-ioncam neamhfheirme. Ar an bhforas sin ríomhadh gurbh é an praghas “ba gha” 4.6% ach bhí an figiúr sin ag freagairt do mhéaduithe an-tapaidh i bpraghsanna feirme na hIodáile; dá bhfágfaí an Iodáil as an áireamh is 9.1% a bheadh sa mhéadú. Mar atá ráite cheana is 7.5% an méadú atá á mholadh.


4. Bainne agus táirgí bainne

Tá ar áireamh sna tograí bearta atá ceaptha chun ró-thairgeadh a bhac agus na stoic de phúdar bainne bearrtha atá á gcoinneáil ar idirghabháil a laghdú. Is iad na príomh-thograí—


(i) Méadú ar threoir-phraghas bainne de 2% ó 1 Márta, 1976 agus 4.5% ó 16 Meán Fómhair, 1976;


(ii) Deireadh a chur le praghas idirghabhála cinnte do phúdar bainne bearrtha amhail ó Mheán Fómhair, 1976 agus “treoir-phraghas” a chur ina ionad, agus ceannach idirghabhála a dhéanamh ina dhiaidh sin ar mhodh tairisceana laistigh de phraghas-réim 94% go dtí 102% den treoir-phraghas;


(iii) Soláthar le haghaidh ranníocaí Comhphobail le cláir náisiúnta le haghaidh bainne a chaitheamh i scoileanna;


(iv) É bheith éigeantach 2% de réir meáchain de phúdar bainne bearrtha a chur in ábhair bheatha chumaiscthe ainmhithe ar feadh tréimhse 8 mí dar tosach Márta, 1976;


(v) Íocaíochtaí le táirgeoirí bainne a ghabhann orthu féin gan bainne a thabhairt chun an mhargaidh;


(vi) Fóirdheontas le haghaidh púdar lán-bhainne a tháirgeadh; agus


(vii) Méadú an-bheag ar ranníoc an Chomhphobail leis an bhfóirdheontas ime tomhaltóra ghinearálta, ach gan an ranníoc sin a bheith le híoc feasta ach amháin ar im a tháirgfear sa Chomhphobal.


Ag féachaint don phátrún táirgeachta seo againne, bheadh an praghas Geimhridh íseal mí-bhuntáisteach d’Éirinn.


I dtosach mí na Nollag seo caite ba mhó ná 1,000,000 m.t. na stoic de phúdar bainne bearrtha. De thoradh é bheith éigeantach púdar bainne bearrtha a chur isteach le hábhair bheatha chumaiscthe d’ainmhithe, tá súil ag an gCoimisiún breis agus 600,000 m.t. a dhiúscairt. I ndáil leis sin is lú atá Éire ag brath ar ábhair bheatha chumaiscthe ná mar atá Ballstáit eile.


Níl feidhm le ceannach idirghabhála i gcás cáise agus ní dhéanfar aon difear do phraghas an táirge seo ach amháin sa mhéid go bhfreagróidh sé do phraghas an bhainne.


Ceapfar gur chóir go bhféadfaí brabús a shaothrú i gcónaí ar tháirgeadh bainne in Éirinn d’ainneoin laghad na méaduithe. Leanfaidh forálacha na hIonstraime Aontachais i bhfeidhm sa chás seo againne.


Mhol CEGT ardú praghais 9%. B’fhearr leis bainne leachtach bearrtha a úsáid ar an bhfeirm aon uair a fhéadfaí sin a dhéanamh go teicniúil agus córas nua préimheanna a bheith ar fáil le haghaidh neamhsheachadadh bainne agus táirgí bainne. Teastaíonn uaidh freisin go neartófaí leis an mbeartas cúnamh bia do thríú tíortha, go ndéanfaí conarthaí fadtéarmacha le tríú tíortha agus go ndéanfaí athbhreithniú ar na huaschainníochtaí ime a allmhairionn an Nua-Shéalainn chun an Ríochta Aontaithe.


5. Earnáil na mairteola

Is é an méadú ginearálta atá beartaithe ar an treoir-phraghas 8%. De bhua an Achta Aontachais is 12.6% méid na mbreisithe is infheidhme i gcás na dtreoir-phraghsanna in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe. Táthar leis an bpraghas idirghabhála a shocrú de réir 90% den treoir-phraghas.


Tá sé beartaithe an phréimh maraithe 52 a.c. de bha lánfhásta a chéimniú as roimh 1 Bealtaine.


Is é an tuar faoin láthair go mbeifear ag bordáil lena bheag nó a mhór de theirce san earnáil sin.


Teastaíonn méadú 10% ó CEGT. Tá curtha in iúl aige go mbeidh sé in aghaidh aon athoscailt ar theorainneacha an Chomhphobail go dtí go ndéanfar praghsanna a chobhsú ag 103% den sprioc-phraghas. I láthair na huaire níl cosc iomlán amach is amach ar allmhairí: ní féidir é a bheith amhlaidh mar gheall ar CGTT agus oibleagáidí eile coinbhinsiúin. Táthar i gcodarsnacht, áfacht, leis an gcosc láithreach fiú sa riocht ina bhfuil sé. Teastaíonn ó CEGT freisin go n-ardófaí idirghabháil cothrom le 93% den treoir-phraghas agus tá sé in aghaidh na leasuithe a rinne an Coimisiún le déanaí ar liosta na dtáirgí mairteola a fhéadfar a thabhairt faoi réim idirghabhála. D’iarr sé go gcuirfí bearta praghaschoibhneasa i bhfeidhm chun cabhrú le táirgeoirí nuair nach dtugann an córas tacaíochta margaidh, uaidh féin, ráthaíocht réasúnacht chuige sin.


6. Gránaigh

Ar leithligh ón bpraghas idirghabhála do chruithneacht bheathúcháin a bhfuil titim 6% le teacht air, tá idir 5.5 agus 9.5% de mhéadú sna harduithe éagsúla praghais atá beartaithe. Is iad na príomhghnéithe a bhaineann le tograí na bliana seo, (a) imeacht ar fad ó chóras na bpraghsanna réigiúin agus (b) druidim i dtreo praghais idirghabhála amháin d’eorna agus do chruithneacht—tograí a raibh sé de phríomh-chuspóir leo an praghas do chruithneacht bheathúcháin a thabhairt ar aon chothrom le harbhar eile beathúcháin. Dhéanfaí praghas tagartha ar leithligh a leagan amach do chruithneacht aráin ar leibhéal 15% os cionn an phraghais idirghabhála d’eorna.


Allmhairítear cruithneacht isteach go hÉirinn, ar ndóigh. Sa mhéid a bhaineann le gránaigh eile is é ba cheart a bheith ina chuspóir praghsanna a shocrú ar leibhéil a bheidh sách ard chun sochar réasúnach a thabhairt don tairgeoir ach gan é a bheith chomh hard sin go ngríosódh sé le hallmhairí.


Tá CEGT i bhfábhar méaduithe idir 10 agus 13%. Glacann sé leis go bhfuil gá le coibhneas praghsanna níos fearr idir ghránaigh éagsúla agus molann sé an foras seo a leanas ach sin a bheith faoi réir chosaint áirithe, eadhon, eorna 100, seagal 104, cruithneacht bheathúcháin 106, arbhar Indiach 110 agus cruithneacht aráin 120.


7. Torthaí agus Glasraí

San earnáil seo táthar á iarraidh ar an gCoimisiún bunphraghas agus praghas ceannaigh isteach a mholadh. Thabharfadh a chuid tograí do 1976/77 go dtiocfadh ardú 8% ar phraghsanna a íocfaí iarbhír ar gach tairge i gcás idirghabháil mhargaidh ach amháin i gcás úlla agus piorraí, torthaí nach rachaidh an t-ardú ina leith thar 4%.


D’iarr CEGT méadú 10.5%. Rinne sé agóid i gcoinne cinneadh ón gComhairle á údarú go gcuirfí tuilleadh cúnaimh náisiúnta chun feidhme ar an bhforas go mbeadh sé ina chúis le saobhadh iomaíochta i measc tairgeoirí tithe gloine nuair atá Ballstáit a thugann cúnamh agus tuilleadh nach dtugann. Tá sé á iarraidh freisin go ndeonódh FEOGA cúnamh íosghabhálach Comhphobail.


8. Siúcra

8% an méadú a thograítear a dhéanamh ar phraghsanna siúcra. In Éirinn is gnách go mbíonn tionchar ag allmhairí ar chúrsaí ach ní mheastar go n-allmhaireofar aon siúra i rith na bliana.


D’larr CEGT méadú 13%.


9. Bearta airgeadaíochta

Is é an príomh-thogra athluacháil a dhéanamh ar na haonaid ionadaitheacha a úsáidtear chun aonaid chuntais a athrú go hAirgid Reatha na Fraince, na Gearmáine agus Tíortha Benelux chun críche an Chomhbheartais Thalmhaíochta. Níl sé beartaithe aon choigeartú á dhéanamh ar an bpunt “uaine”.


10. Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Tá an Coimisiún á mholadh go méadófar renníoc FEOGA ó 25 go 40%. Sa deichiú tuarascáil uaidh chuaigh an Comhchoiste go láidir sa tathant go méadófaí ranníoc FEOGA.


Teastaíonn ó CEGT gur 50% a bheadh sa ranníoc mar a mhol an Comisiún i gcéaduair. Teastaíonn uaidh freisin go n-ardófaí an íocaíocht uasta ó 50 go 60 a.c. in aghaidh gach aonaid beostoic.