Committee Reports::Report No. 23 - Agricultural Prices for 1976-1977::25 February, 1976::Report

TUARASCÁIL

1. Réamhrá

Rinne an Comhchoiste breithniú ar thograí an Choimisiúin i leith praghsanna a shocrú do thoradh talmhaíochta faoin gComhbheartas Talmhaíochta (R/3166/75) ag a gcruinniú inniu. Ní raibh na tograí sin le fáil i mBéarla go dtí lár mí Eanáir seo caite agus scrúdaigh Fochoiste Talmhaíochta an Chomhchoiste iad an 12 Feabhra, 1976. Tuigtear go mb’fhéidir go ndéanfaidh Comhairle na nAirí cinntí an tseachtain seo chugainn faoi na tograí.


Tá meabhrán san Fhoscríbhinn a ghabhann leis an Tuarascáil seo ina bhfuil coimriú, (a) ar thograí an Choimisiúin, (b) ar thuairimí CEGT a bhfuil Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann tar éis a n-aontú leo a chur in iúl agus (e) ar eolas a fuair an Fochoiste Talmhaíochta.


2. Díospóireachtaí atá á moladh

Ag féachaint do thábhacht an togra seo le haghaidh eacnamaíocht na hÉireann measann an Comhchoiste gur chóir am a chur ar fáil sa dá Theach chun na tograí a phlé sula nglacfaidh Comhairle na nAirí cinntí orthu. Tá súil ag an gComhchoiste freisin go mbeadh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh ábalta bualadh leis an gComhchoiste go luath chun tuairimí a chomhaltaí a chloisteáil agus inchialla na dtograí éagsúla maidir leis an tír seo a phlé.


Creideann an Comhchoiste go bhfuil sé riachtanach le haghaidh na mblianta le teacht nós imeachta a bhunú trína dtabharfaí deis don Chomhchoiste an pacáiste a phlé go mion leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh agus trína dtabharfaí deis díospóireachta sa dá Theach sula nglacfadh an Chomhairle aon chinntí.


3. Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste

Sa Deichiú Tuarascáil uaidh (Prl. 4599) chuir an Comhchoiste in iúl go mba chúis díomá leo an cinneadh gur 25 faoin gcéad a socraíodh mar leibhéal na ranníocaíochta Comhphobail le Scéim na Limistéar faoi Mhíbhuntáiste agus mhol gach uile iarracht a dhéanamh chun é sin a mhéadú. Cúis áthais dó, dá bhrí sin, a shonrú go bhfuil sé á mholadh ag an gCoimisiún anois go n-ardófaí ranníocaíocht FEOGA go 40 faoin gcéad agus tá súil aige go nglacfar leis an togra seo.


(Síniú) CATHAL Ó hEOCHAIDH,


Cathaoirleach an Chomhchoiste.


25 Feabhra, 1976.