Committee Reports::Report No. 23 - Agricultural Prices for 1976-1977::25 February, 1976::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOMHCHOISTE

PROCEEDINGS OF THE JOINT COMMITTEE

Dé Céadaoin, 25 Feabhra, 1976

Wednesday, 25th February, 1976

1. Chruinnigh an Comhchoiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


Na Teachtaí Ó hEochaidh (i gceannas), Ó Coileáin, Dockrell, Ó Fathaigh, Mac Gearailt, Ó Nualláin agus Stondún; na Seanadóirí Bean Mhic Róibín agus Ó Riain. Fuarthas leithscéal ón Seanadóir Ó Luineacháin faoi nár fhéad sé a bheith i láthair.


3. Praghsanna Talmhaíochta a shocrú do 1976-77.


Bhreithnigh an Coiste tograí an Choimisiúin faoi Phraghsanna a Shocrú do Tháirgí Talmhaíochta Áirithe do 1976-77 agus Bearta Áirithe i ndáil leis sin.


Chinn an Coiste a mholadh go gcuirfí am ar fáil sa dá Theach chun na tograí a phlé sula ndéanfadh Comhairle na nAirí cinneadh ina dtaobh agus go mbuailfeadh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh leis an gComhchoiste go luath chun tuairimí na gcomhaltaí a chloisteáil agus inchialla na dtograí éagsúla a phlé leo. Chomhaontaigh sé freisin a mholadh go mbunófaí nós imeachta le haghaidh na mblianta le teacht trína mbeadh caoi aige tograí na bpraghsanna feirme a phlé leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh agus go dtabharfaí caoi díospóireachta don dá Theach sula ndéanfadh an Chomhairle cinneadh.


Chomhaontaigh an Coiste gur chóir tuarascáil ina mbeadh na moltaí thuasluaite a leagan láithreach os comhair an dá Theach.


4. Athlá.


Chuaigh an Comhchoiste ar athló ar 4.35 p.m.