Committee Reports::Report - Tribunal appointed on 4th July 1975 to inquire into the Allegations made by two Members against the Minister for Local Government in the Dáil::04 December, 1975::Report

TUARASCÁIL

Tar éis don Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí breithniú a dhéanamh ar an Tuarascáil dar dáta an 31 Iúil, 1975, ón mBinse a ceapadh an 4 Iúil, 1975, de bhun Rúin a ritheadh an 3 Iúil, 1975, ag Dáil Éireann agus an 4 Iúil, 1975, ag Seanad Éireann, agus a cuireadh, le Rún ó Dháil Éireann an 26 Samhain, 1975, chun an Choiste lena breithniú agus tuarascáil a thabhairt uirthi, tuairiscíonn an Coiste do Dháil Éireann gur shárú tromchúiseach pribhléide é ag an Teachta Riobárd Ó Maoildhia agus ag an Teachta Brendán Ó Críonáin líomhaintí a dhéanamh in aghaidh an Aire Rialtais Áitiúil, An Teachta Séamus Ó Táithligh, i nDáil Éireann an 25 Meitheamh agus an 2 Iúil, 1975.


(Sínithe) SEÁN Ó TREASAIGH,


Cathaoirleach.


4 Nollaig, 1975.