Committee Reports::Report - Tribunal appointed on 4th July 1975 to inquire into the Allegations made by two Members against the Minister for Local Government in the Dáil::04 December, 1975::Orders of Reference

ORDUITHE TAGARTHA.

2 Bealtaine, 1973:—Ordaíodh: Go ndéanfar de bhun Buan-Ordú Uimh. 74 de na Buan-Orduithe i dtaobh Gnó Phoiblí, an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí a cheapadh [Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh].


10 Bealtaine, 1973:—Comhaltaí a ceapadh chun fónamh ar an gCoiste:—Na Teachtaí MacAindriú, MacArtúir, Ó Crualaoich, Barra Deasún, Anraí Dockrell, Ó Dúnlaing, Easmann, Eoghan Mac Gearailt, Ó hAirt, Ó Ceallaigh (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh), Stráinse, Fearghás Ó Briain, Seán Ó Laoghaire, Ó Máille, Seán Ó Riain, Ó Tiomáin agus de Uidheas.


1 Samhain, 1973:—Urscaoileadh an Teachta Ó Dúnlaing agus ceapadh an Teachta Ó Leathlobhair ina ionad.


26 Samhain, 1975:—Ordaíodh: Go ndéanfar an Tuarascáil dar dáta an 31 Iúil, 1975, ón mBinse a ceapadh an 4 Iúil, 1975, de bhun Rúin a ritheadh an 3 Iúil, 1975, ag Dáil Éireann agus an 4 Iúil, 1975, ag Seanad Éireann, a chur faoi bhráid an Choiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí lena breithniú agus tuarascáil uirthi a thabhairt don Teach [An Taoiseach].