Committee Reports::Report - Tribunal appointed on 4th July 1975 to inquire into the Allegations made by two Members against the Minister for Local Government in the Dáil::04 December, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

PROCEEDINGS OF THE COMMITTEE

Déardaoin, 4Nollaig, 1975.

Thursday, 4th December, 1975.

1. Tionóladh an tOchtú Cruinniú Déag den Choiste ar 11.30 a.m. i Seomra 114.


2. Bhí na Comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Ceann Comhairle (Cathaoirleach), Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí MacAindriú, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Barra Deasún, Anraí Dockrell, Easmann, Eoghan Mac Gearailt, Ó hAirt, Ó Leathlobhair, Stráinse, Fearghás Ó Briain, Seán Ó Laoghaire, Ó Máille, Seán Ó Riain, Ó Tiomáin agus de Uidheas.


3. Pribhléid (Tuarascáil ón mBinse a Ceapadh an 4 Iúil, 1975, chun Líomhaintí a rinne dhá Chomhalta in aghaidh an Aire Rialtais Áitiúil sa Dáil a scrúdú.)


De bhun Ordú an 26 Samhain, 1975 ón Dáil, bhreithnigh an Coiste an Tuarascáil ón mBinse a cheap an Taoiseach an 4 Iúil, 1975, de bhun Rúin a rith Dáil Éireann an 3 Iúil, 1975 agus Seanad Éireann an 4 Iúil, 1975.


Léadh, mar a leanas, Dréacht-Tuarascáil a thug Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh isteach:—


The Committee on Procedure and Privileges, having considered the Report dated 31st July, 1975, of the Tribunal appointed on the 4th July, 1975, pursuant to a Resolution passed on the 3rd July, 1975, by Dáil Éireann and on the 4th July, 1975, by Seanad Éireann, and referred to the Committee for consideration and report by Resolution of Dáil Éireann of 26th November, 1975, reports to Dáil Éireann that Deputies Robert Molloy and Brendan Crinion were in grave breach of privilege in making allegations against the Minister for Local Government, Deputy James Tully, in Dáil Éireann on 25th June and 2nd July, 1975.


Tairgeadh leasú (An Teachta Ó Máille):


“To delete all words after ‘26th November, 1975’ and substitute ‘takes note of the Report’.”


Cuireadh an Cheist:—Go bhfanfaidh mar chuid den Dréacht-Tuarascáil na focail a thairgtear a scriosadh: rinne an Coiste vótáil: Tá, 9; Níl, 8.


Tá:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Barra Deasún, Anraí Dockrell, Easmann, Ó hAirt, Stráinse, Fearghás Ó Briain, Seán Ó Riain agus Ó Tiomáin.


Níl:—Na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Eoghan Mac Gearailt, Ó Leathlobhair, Seán Ó Laoghaire, Ó Máille agus de Uidheas.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


Tairgeadh leasú eile (An Teachta Ó Leathlobhair):


“To add at the end ‘until their withdrawal of the allegations on 4th July, 1975’.”


Cuireadh an Cheist: rinne an Coiste vótáil: Tá, 8; Níl, 9.


Tá:—Na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Eoghan Mac Gearailt, Ó Leathlobhair, Seán Ó Laoghaire, Ó Máille agus de Uidheas.


Níl:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Barra Deasún, Anraí Dockrell, Easmann, Ó hAirt, Stráinse, Fearghás Ó Briain, Seán Ó Riain agus Ó Tiomáin.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


Tairgeadh leasú eile (An Teachta de Uidheas):


“To add the following paragraph:


‘However, in view of the withdrawal of the allegations by the two Deputies on 4th July, 1975, the Committee recommends to the House that no further action be taken in this case’.”


Cuireadh an Cheist: rinne an Coiste vótáil: Tá, 8; Níl, 9.


Tá:—Na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Eoghan Mac Gearailt, Ó Leathlobhair, Seán Ó Laoghaire, Ó Máille agus de Uidheas.


Níl:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Barra Deasún, Anraí Dockrell, Easmann, Ó hAirt, Stráinse, Fearghás Ó Briain, Seán Ó Riain agus Ó Tiomáin.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis diúltú don Cheist.


Rinneadh tairiscint (Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh):


“That the Draft Report be the Report of the Committee.”


Cuireadh an Cheist: rinne an Coiste vótáil: Tá, 9; Níl, 8.


Tá:—Rúnaí Parlaiminte an Taoisigh, na Teachtaí Barra Deasún, Anraí Dockrell, Easmann, Ó hAirt, Stráinse, Fearghás Ó Briain, Seán Ó Riain, agus Ó Tiomáin.


Níl:—Na Teachtaí Mac Aindriú, Mac Artúir, Ó Crualaoich, Eoghan Mac Gearailt, Ó Leathlobhair, Séan Ó Laoghaire, Ó Máille agus de Uidheas.


Faisnéiseadh dá réir sin go rabhthas tar éis glacadh leis an gCeist.


Ordaíodh: Tuarascáil a thabhairt dá réir sin.


5. Chuaigh an Coiste ar athló ar 1.30 p.m.