Committee Reports::Report - Misuse of Drugs Bill, 1973 ::29 October, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE SPEISIALTA.

PROCEEDINGS OF THE SPECIAL COMMITTEE.

Dé Céadaoin, 29 Deireadh Fómhair, 1975.

Wednesday, 29th October, 1975.

1. Chruinnigh an Coiste ar 4 p.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An tAire Sláinte, na Teachtaí Brioscú, Barra Deasún, Esmonde, Ó hEochaidh, Fearghas Ó Briain, Ó Conaill agus de Uidheas.


3. Cathaoirleach a Thoghadh.


Rinneadh tairiscint (An Teachta Esmonde):


“That Deputy Barry Desmond be Chairman of the Committee.”


Cuireadh agus aontaíodh an Cheist.


Chuaigh an Teachta Barra Deasún i gCeannas an Choiste dá réir sin.


4. Fógra i dTaobh Leasuithe.


Ordaíodh: Go dtabharfar fógra i dtaobh leasuithe atá beartaithe tráth nach déanaí ná an 12 a chlog meán lae Dé Céadaoin, 12 Samhain, 1975: Ach go bhféadfar leasuithe a thairiscint gan fógra.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 4.10 p.m. go dtí 4.15 p.m., Dé Céadaoin, 26 Samhain, 1975.