Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1972 - 1973::27 February, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 27 Feabhra, 1975.

Thursday, 27th February, 1975.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí A. Mac Giobúin, Ó Goibheannaigh, Ó Gríofa, Mac Searraigh agus Ó Mórdha.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1972-73.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1972-73. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— Roinn an Taoisigh, An Chomhairle Ealaíon, Tabhartais agus Tiomnachtaí Carthanúla, Coimisiún na Státseirbhíse, Aoisliúntais agus Liúntais Scoir, Luach Saothair, Iompar agus Cumhacht.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh D. Ó Súilleabháin (Rúnaí, Roinn an Taoisigh), S. Ó Mairtín (Rúnaí, Coimisinéirí na dTabhartas agus na dTiomnachtaí Carthanúla), S. Ó Conaill (Rúnaí, Roinn na Seirbhíse Poiblí), D. Ó Ríordáin (Rúnaí, An Roinn Iompair agus Cumhachta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 12.45 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.