Committee Reports::Interim and Final Report - Appropriation Accounts 1972 - 1973::06 March, 1975::Proceedings of the Joint Committee

IMEACHTAÍ AN CHOISTE

Proceedings of the Committee

Déardaoin, 6 Márta, 1975.

Thursday, 6th March, 1975.

1. Chruinnigh an Coiste ar 11 a.m.


2. Comhaltaí i Láthair.


Bhí na comhaltaí seo a leanas i láthair:—


An Teachta de Valera (i gCeannas), na Teachtaí S. Mac Fheorais, A. Mac Giobúin, Mac Searraigh agus Ó Mórdha.


3. Breithniú na gCuntas Leithreasa, 1972-73.


Athchromadh ar bhreithniú na gCuntas Leithreasa i gcóir na bliana 1972-73. Críochnaíodh na Cuntais seo a leanas:— An Phríomh-Oifig Staidrimh, Dlí-Mhuirir, Poist agus Telegrafa, Cosaint, Arm-Phinsin.


4. Finnéithe a Ceistíodh.


Ceistíodh T. Ó Luineacháin (Stiúrthóir, An Phríomh-Oifig Staidrimh), D. Ó Coigligh (Cúntoir Dlí Sinsearach, Oifig an Ard-Aighne), P. L. Ó Colmáin (Rúnaí, An Roinn Poist agus Telegrafa), S. Ó Cearnaigh (Rúnaí, An Roinn Cosanta) agus an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste.


5. Athlá.


Chuaigh an Coiste ar athló ar 1 p.m. go dtí 11 a.m. Déardaoin seo chugainn.